Sín chugam an Ghealach !

Peadar Bairéad

.

Bóithrín na smaointe

Minic, na laethe seo, a théann m’aigne siar bóithrín na smaointe, siar thar bhlianta fada mo ré, agus mé ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol anróiteach, anacair, anásta, seo. Ar na geábhanna sin, siar thar laethe mo ré, is minic a chríochnaím an turas agus mé im ghasúirín beag, óg, ag breathnú in airde ar aghaidh gheal na gealaí gile. Chomh fada is a bhain sé liomsa, ní raibh tada riamh ar an saol a bhí chomh halainn, inmhianaithe, leis an liathróid soilseach úd, a bhí ag spréacharnaigh lei thuas ansin sa spéir réaltógach. Is cuimhin liom gur chuir mé na smaointe sin, chomh fada is a d’fhéadfainn, in iúl do m’athair. “Fan ort anois,” ar seisean, “bíodh foighid agat, agus ceann de na hoícheanta seo, nuair a bheidh an ré sin beagáinín níos ísle ar an spéir, gheobhaidh mise an seandréimire, agus gabhfaidh mé in airde, agus gheobhaidh mé greim an an mboc sin, cuirfidh mé isteach i mála mór an chapaill í, agus tógfaidh mé anuas liom í, agus bronnfaidh mé ortsa í. Anois, céard deir tú?”

Bhuel, A Thiarcais! Bhí mé chomh bródúil is dá mbronnfadh sé bó orm, agus thug caint úd mo Dhaid misneach agus sásamh domsa, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, gur ghealaigh a gheallúint laethe dorcha mo bheatha dhom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó mhúin sé dom, go bhféadfá a chreidiúint go raibh fáil ar ghile na gile fhéin, ach a bheith foighdeach, agus tabhairt faoi le creideamh agus le fonn.

Tír na nÓg

Nuair a tháinig ann dom, blianta beaga ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an dtuairim, go raibh difir mhór idir Thír na nÓg agus a raibh ar fáil i nGleann seo na nDeor, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dom, gur chóir dúinn dul ar thóir na foirfeachta i gcónaí, bíodh nach sroichfeadh muid leibhéal Útóipeach riamh. Agus, bíodh nach bhfuil fáil ar an bhfoirfeacht i gcónaí, is féidir linn, rud eicínt atá an-ghar dó a thabhairt i gcrích ar an saol seo, ach a chreidiúint go raibh sé infhaighte, agus chuile dhícheall a dhéanamh dul sa tóir orthu.

Ach ní chuige sin uilig go léir atá mé, an babhta seo, ach chuige seo…..

Anois, bíodh gur chreid mé sna féidireachtaí sin uilig, agus déarfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach céanna sin, nárbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharlaíodh sa tsaol cam, casta, céasta, a bhí thart orainn.

Geallúintí Polaitíochta!

Breathnaigh ar chúrsaí polaitíochta, i dtosach. Nuair a bhí mise óg, caithfidh mé a admháil, gur chreid mé chuile fhocal ón lucht polaitíochta! Dúradarsan linn, go gcruthódh siad saol an mhadaidh bháin dúinn ach ár vótaí a bhronnadh orthu, lá an toghcháin. Dá ndéanfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan Útóipe ar thalamh ar fáil dúinn. Bheadh obair le fáil ag chuile shaoránach, bheadh aras in áirithe do chuile chlann, bheadh scolaíocht den scoth le fáil, saor in aisce, ag chuile mhac máthar, agus iníon athar, sa tír. Ní gá dhom cur síos ar na háiseanna eile a chuirfí ar fáil dúinn, ach bheadh cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí léinn, agus chuile chineal cúrsaí eile, ar fáil, d’óg agus d’aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, dá mbronnfaimís an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanró, le cruatan, agus le gorta.

Tuar agus Tairngreacht

Agus ar tháinig an tuar faoin dtairngreacht, tráth fuair siad na vótaí agus an chumhacht?

Ag magadh fúm atá tú! Nó in áit dóibh Útóipe a chur ar fáil dúinn, is amhlaidh a chuaigh cúrsaí in olcas, ó bhliain go bliain. Sea, dá mhéad a gheall siad, is ea ba lú a dháil siad! Nó b’in mar a samhlaíodh dúinne é, ach go háirithe.

D’fhéadfá breathnú freisin ar chúrsaí léinn agus ar chúrsaí sláinte, agus thuigfeá gurb é an scéal céanna sna cúrsaí sin é. Gealladh don duine óg go mbeadh saol an mhadaidh bháin aige ach luí isteach ar na leabhair, agus staidéar dian a dhéanamh, le linn a óige. Seafóid arís! Nó is dócha nach bhfuil fáil ar shaol an mhadaidh chéanna sin ar an saol anróiteach, anacair seo, nó má tá, caithfear dul trí chruatan agus trí hanró lena bhaint amach. Agus ag caint ar chúrsaí sláinte, nach minic a ghealltar don duine óg go mbeadh chuile shórt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sláintiúla úd a ól, agus fanacht glan amach ó phóit is ó chraos.

Geallúintí nár fioraíodh

Bhuel! Ní i gcónaí a fhíoraítear na geallúintí céanna sin, ach oiread, nó nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansiúd, a dhearbhaíonn, gurbh iad an tobac agus an bhiotáille a choinnigh sa tsiúl é, trí bhlianta fada a ré.

Sea, mh’anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina luí orm fhéin, go raibh cosúlachtaí idir an ghealach agus an dréimire úd, ar dhein mo Dhaid tagairt dóibh agus mise i mo ghasúr, agus cúrsaí an tsaoil seo. Mar nuair is cúrsaí an tsaoil seo, agus cúrsaí daonna, atá idir chamáin againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mhór idir an rud atá inmhianaithe, agus an rud a bhfuil fáil air, le linn ár ré abhus. Soilsíonn Útóipe an casán dúinn, agus spreagann sé sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i ndáiríre píre, ní éireoidh linn an stádas sin a réaladh, fad is beo sinn. Ní bhfuair mé fhéin greim riamh ar an ngealach gheal soilseach úd, ach shásaigh an smaoineamh agus a fhéidireacht mé, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, ná cuireadh sé aon lagmhisneach orainn fáil amach nach bhfuil an Útóipe úd inshroichte, ar an saol seo, ach ag an am gcéanna, nár chóir go spreagfadh an choincheap chéanna sinn teacht chomh cóngarach agus is féidir linn, don Útóipe ar thalamh úd, a mheall, agus a shásaigh sinn, go háirithe le linn laethe neamhaí na hóige..

.

en_USEnglish