I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Chathair Álainn

.

(This week, I mBeal an Phobail casts a kindly eye on our Faire Citie.)

.

Ba í an chéad uair a leag mé fhéin súil ar an gCathair Álainn s’againne nó i nDeireadh Fómhair na bliana 1966. Bhí mé ag obair i mBaile Átha Cliath, agus tharla go raibh seacht mbliana caite agam ag obair san Ardchathair faoi’n am sin, agus bhí mo dhóthain dubh faighte agam di. Bhí fógra sna nuachtáin an tráth sin, ag cur in iúl go raibh múinteoir uathu i gColáiste Chiaráin, agus tuigeadh dom, go ndéanfadh post sa Choláiste sin an beart go seoigh dhom dá ndéanfaí a leithéid a thairiscint dom. Chuir mé isteach ar an bpost sin, agus tar éis mé a chur faoi agallamh, glacadh liom mar mhúinteoir san institiúid ársa, céanna, sin. Ba ar lá an agallaimh a fuair mé an chéad spléachadh ar an Faire Citie seo, agus chuaigh áilleacht na cathrach i gcionn chomh mór sin orm, gur dhúirt mé liom fhéin, go mbeadh sé deacair áit níos feiliúnaí a fháil, le fréamhacha a chur síos, agus le cathróireaht a bhaint amach, ná an chathair ársa seo. Tairgeadh an post sin dom, ar ball, agus ní call dom a rá, gur ghlac mé go fonnmhar leis an dtairiscint sin. Sin mar a tharla gur tháinig mé chun cónaithe, agus chun oibre, anseo cois Feoire.

Mór idir Inné agus Inniu

Ní gá dhom a rá, gur mór go deo an difríocht idir an chathair, faoi mar a bhí in eireaball na bliana, 1966, agus an chathair chéanna faoi mar atá sí in eireaball na bliana seo, 2011, cúig bliana is dhá scór ó shoin anois! Cathair den tseandéanamh a bhí inti an tráth úd, agus ba bheag rud i bfoirm athnuachana, a bhí le feiceáil ó cheann ceann na cathrach, ag an am, ach ag an am gcéanna, bhí pearsantacht stairiúil, ársa, Gaelach, le tabhairt faoi deara ar shráideanna agus ar fhoirgnimh na Cathrach seo. Ní call a rá, go ndeachaigh an Caisleán, na hEaglaisí, Coláiste Chiaráin, Teach an Rútaigh, An Tholsel, agus tuilleadh, ar liosta le háireamh iad, go ndeachaigh siad i gcionn go mór orm. Thaitin leagan amach na cathrach liom freisin, í tógtha thart ar abhainn na Feorach, a shníomhann a slí, go síorai, sásta, sleamhain, trí chroí an phobail, sea, agus na sráideanna a théann ag fánaíocht thart, ag cuartaíocht ar chuile chomharsanacht sa timpeall. Chuir Sráid Mhaudlin faoi gheasa mé, nó bhí rian láimh na staire le feiceáil go soiléir ansin. agus í mar cheangal idir an Mhór Roinn agus Sráid Eoin. Sea, agus nár dheacair foirgneamh níos suimiúla a fháil, áit ar bith, ná Coláiste Chill Chainnigh, ar bhruach álainn na Feoire, agus é suite ansin ar an gcúlráid, ach radharc aice ar Chaisleán niamhrach, álainn, na mBuitléarach. Ionad oiriúnach d’aos léinn, d’aos fionachtana, sea, agus d’aos eagna freisin.

Coláiste cianaosta Chiaráin

Ach bíodh go ndeachaigh na hionaid sin uilig, agus tuilleadh, i bhfeidhm go mór orm, ba mhó fós a chuaigh Coláiste Chiaráin fhéin i bhfeidhm orm, nó ba í seo an chéad uair a raibh deis agam súil seabhaic a dhíriú uirthi. Chuaigh mé isteach trí Gheata Bhóthar Chalainne, agus ba bheag nár bhain an chéad spléachadh sin a fuair mé ar an suíomh ársa, álainn, sin, ba bheag nár bhain sé radharc na súl díom. An Fhaiche ghlanbhearrtha, na faichí imeartha, na cúirteanna liathróid láimhe, agus ansin dínit agus draíocht aghaidh chlasaiceach an fhoirgnimh ghotaigh sin, ag éirí go clochach, neamhaí, os mo chomhair amach. Ba dheacair a shárú de radharc a fháil i do shiúl lae. Chuaigh an radharc sin i bhfeidhm go mór orm, agus caithfidh mé a admháil, gur mar sin atá, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

Ach, bíodh gur thóg siad siúd uilig mo chroí, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil, gur mó fós a théann Sráidíní caola, cúnga, casta, na cathrach áille seo i bhfeidhm orm. D’éirigh leis na Sráidíní céanna dáinín a bhaint asam, agus mé i bhfad ar shiúl uathu, nó tharla go raibh mé ar saoire sna hOileáin Chanáireacha ag an am. I Maspalomas, faoi mar a tharla…

B’fhéidir nár dhochar ar bith é, athlua a dhéanamh air, ag an bpointe seo. ‘Sráidíní Cúnga’ a bhaist mé air, agus seo chugaibh anois é……

.

SRÁIDÍNÍ CÚNGA

.

Mothaím uaim sibh,

A shráidíní cúnga,

A shráidíní ársa Chill Chainnigh.

.

Sráidíní naofa,

A sméideann go rúnda

Ar dheoraithe céasta

Chill Chainnigh.

.

Sráidíní áille,

Ag brúchtadh go sásta

Le sult is le gáire

Chill Chainnigh.

.

.

Anocht is mo throithe

Ar shráid Mhaspalómas,

Filleann mo chroí

Ar Chill Chainnigh.

.

Is feicim go soiléir,

Trí shúile na cuimhne,

Sráidíní dílse

Chill Chainnigh.

.

A shráidíní cúnga an cheana,

Snasta ag bróga na gcianta,

Chugaibh, trí cheo bog na mílte,

Seolaim gan seachrán mo bheannacht.

en_USEnglish