An Saol as Alt

An Saol as Alt

An saol as alt

Peadar Bairéad

(This week we take a look at... Law and Order… here and there)

Riail agus Reacht

theastaíonn uainn saol sona, sásúil, sibhialta, a chaitheamh lenár ré, ní foláir dúinn maireachtaint de réir dlithe agus prionsabail áirithe. Ní foláir smaoineamh ar an nduine eile, agus ceart dom, ceart duit, a chur in áirithe do chách. Is bocht an saol a bheadh againn dá nglacfadh muid le prionsabal an bhullaí adeir, gurb é an neart a bhronann ceart, treise lámh a thugann bua, dár leosan. Ach ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo.

An ‘Sudetenland’

Ag breathnú ar an saol thart orainn, sa lá atá inniu ann, nach beag ugach a thugann sé dúinn go bhfuil muid ag druidim i dtreo Útóipe ar thalamh. Agus scéalta móra scanrúla á seoladh chugainn ó Oirthear na hEorpa, le roinnt laethe anuas, chuaigh mo chuimhní fhéin ar fán uaim, siar go dtí na laethe roimh an Dara Cogadh Domhanda. An tráth úd nuair a bhí ráflaí ag eitilt timpeall, chomh flúirseach le faoileáin roimh aimsir stoirmiúil. Ba é Hitler, an fear dubh ag cuid againn, an t-am sin. Céard a bhí idir chamáin aige? Cé an chéad tír eile a d’ionsódh sé. Rinne sé ionradh ar limistéir áirithe toisc go raibh Gearmáinis á labhairt ag tromlach na ndaoine ann, nó toisc go mba de bhunadh Gearmáineach iad, agus theastaigh uaidh Iath na nGearmáineach a athaontú, agus a choimeád slán, trí Anchluss nó eile. I ndáiríre, nach gceapfá, gur beag an difir idir na geáitsí sin agus geaitsí na Rúise i láthair na huaire seo. Nach bhfuil cosúlachtaí idir an Chrimé agus an Sudetenland nó an Ostair? An amhlaidh go bhfuil dlí an bhullaí ag teacht chun tosaigh arís? Treise lámh a bhronann ceart, is a bheireann bua! An ea?

Dlí an Bhullaí

Dár ndóigh, ní bheadh aon bhaint ag ár muintir fhéin le céapair dá leithéid. Ní bheadh dlí an bhullaí inghlactha i gCríocha Fodhla! Ag magadh fúm atá tú, an ea? Breathnaigh thart ort, agus éist le ceol na gaoithe! Nach beag lá a théann thart gan scéalta uafáis agus bullaíochta i mbéal an phobail. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach iad riail nó reacht na Féinne a bhíonn sa treis sna scéalta céanna. Beag aird a thugann siad ar mhana úd na Féinne adeir gur chóir Troid le Tan agus Taise le Trua. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, ní hamháin go bhfuil an cineál sin iompair le fáil in ár mbailte, is in ár gcathracha, ach faoin am seo, tá an cineál céanna iompair le fáil amuigh faoin dtuaith freisin, mar a ndéantar ionsaithe rialta ar shean is ar óg, a bhuíochas sin do na bóithre breátha, móra, a d’fhág anogar Ceilteach le huacht againn, nó is féidir anois taisteal ó cheann ceann na tíre seo i ngearraimsir, agus iad beag beann ar riail nó ar reacht, ar phóilín nó ar shaighdiúir, ina ngluaisteáin shlíoctha. Breathnaigh ar an gcaoi a ndéantar seandaoine laga, soghortaithe, a bhualadh, is a bhascadh, agus ansin a robáil, agus b’sheo an tír ina mbíodh meas thar barr ar an sean agus ar an lag! Ó bhail! d’imigh sin is tháinig seo.

Dlí an bhithiúnaigh

Nár chóir dúinn freisin súil a chaitheamh ar na buíonta bithiúnach, agus ar an gcaoi a oibríonn siadsan, beagbeann ar dhlíthe na tíre seo. Déanann siad a ndlíthe fhéin agus feidhmíonn siad faoi mar ba phoblacht, taobh istigh de phoblacht iad, agus glacann siad leis an bprionsabal go bhfuil chuile cheart acusan earraí dhaoine eile a thógáil, agus a choinneáil, mura bhfuiltear in ann iad a chosaint le láimh láidir.

ard faoin Social Contract úd, feasta? Nach ngeallann an Stát go ndéanfadh siad an saoránach a chosaint, dá dtabharfadh seisean a dhílseacht dó? Deacair sin a chreidiúint, mura ndéanann an Stát iarracht níos fearr riail agus reacht a chur i bhfeidhm feasta.

.

An Saol as Alt

Ár bhfís san Aonú hAois Fichead

Ár bhfís don Aonú hAois Fichead?

Peadar Bairéad

il siar agus an tsúil eile romhainn amach.

(Anois, agus muid tagtha go deireadh bhliain choradh céid Éirí Amach na Cásca 1916, nár chóir dúinn súil a chaitheamh siar, le breith a thabhairt ar a bhFís agus ar a Saothar, agus an til eile a chaitheamh romhainn amach, féachaint céard tá le déanamh againne, le feoil a chur ar chnámha ár bhFíse náisiúnta fhéin )

Bhuaileadar cos air!

odh go raibh cuimhne mhaith ag daoine fós ar eachtraí an Éirí Amach agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, in óige na haoise seo caite, ag an am gcéanna, ba bheag fonn a bhí orthusan labhairt linne, páistí, faoin Éirí Amach céanna sin. Bhuaileadar cos air. ‘Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir? Nach fusa ceist a chur na ceist a fhreagairt, ach seans go bhfacthas do chuid acu, gur bheag baint a bhí ag an Éirí Amach céanna sin leosan fhéin, nó linne. Nár rud é a bhain leis an gCathair? agus bíodh go raibh roinnt áirithe daoine a bhí báidhiúil lena bhfís, agus lena ndearcadh, níor mhothaíomarna, páistí, bladhairí ón dtine chéanna sin ag téamh anam nó spiorad an phobail thart orainn. Ach faoin am a raibh muid ag dul ar scoil, ba scéal eile ar fad é, nó d’fheicfeadh duine ar bith, ansin, go raibh fís agus spiorad na Cásca sin, dulta go smior na gcnámh sna múinteoirí a bhí dár dteagasc.

Ar scáileán na cuimhne

Feicim fós, ar scáileán na cuimhne, an Máistir Ó Cróinín, agus é faoi lán tseol, ag eachtraíinne, scoláirí, faoi mhisneach agus gal na Laoch úd a d’éirigh amach, le cath a cur ar Impireacht Shasana, seachtain na Cásca 1916. Ba ghearr go ndeachaigh an fhís agus an spiorad céanna sin i bhfeidhm orainne freisin, go dtí gur taibhríodh dúinne fís náisiúnta an Phiarsaigh agus a lucht leanúna. Bhí tine an náisiúnachais fós beo, i measc bhunús an phobail, ach le himeacht aimsire áfach, agus de réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe agus sna blianta, chuaigh an fhís sin i ndoiléire, agus ba ghearr nach raibh ann, do roinnt mhaith daoine, ach fís Útóipeach a ndéantaí óráidíocht fúithi laethe toghchánaíochta agus a leithéid, ach fágadh ansin gan choimhlíonadh í, ag fanacht leis an lá nuair a thiocfadh an tuar faoi thairingreacht úd an Phiarsaigh, mar adéarfá. Ach dár lena lán, ni raibh sa mhéid sin ach súil Uí Dhubhda le hArd na Ríogh. Ag an am gcéanna, níor chóir dúinn bheith ró-dhian orainn fhéin, nó ar ár Rialtais thar na blianta fada, san idirlinn, nó ní ró-éasca an          t-éacht é fís na Cásca a chur i ngníomh, go háirithe nuair a ligeadh faill a dhéanta sin tharainn, faill le feoil a chur ar chnámha na físe úd, in óige an Stáit, nuair a bhí tine na físe náisiúnta fós beo i gcúrsaí a saoil laethúil, seachas bheith ar thóir físe na Cásca a réaladh, tráth a raibh coraí crua an tsaoil á gcrá, agus á gcéasadh, Domhnach agus Dálach, bliain i ndiaidh bliana. Anois, bíodh gur mar sin a bhí, ag an am gcéanna, ní dheachaigh an tine choigilte úd as, ar fad, i rith na mblianta fada sin, agus anois tá deis eile againn leis an dtine sin a adhaint arís tar eis chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916.

Toradh an Éirí Amach?

Nach mbíonn fonn ar dhuine, faoin am seo freisin, ceist a chur faoin Éirí Amachanna sin? Cén toradh, i ndáiríre, a bhí ar Éirí Amach sin na Cásca? An mbeadh na daoine a chuaigh amach seachtain na Cásca 1916 sásta leis an gcaoi ar baineadh úsáid as toradh a n-íobartha? Tríd is tríd, déarfainn go mbeadh, nó is dócha gurbh é a theastaigh uathusan nó Poblacht a bhunú ina mbeadh ar chumas Gaeil a n-iomaire fhéin a bhaslú feasta, b’fhéidir nárbh é – The noble house of their dreams – é, ach d’fhéadfaí é a athrú le himeacht aimsire. Ní dócha gur samhlaíodh riamh dóibh an cineál Poblachta a tógadh ar dhúshraith a n-iarrachtaí, agus a bhfíse, ach b’in scéal eile do ghlún eile. Anois, áfach, tá deis againne, breathnú, as an nua, ar an bPoblacht a fuaireamarna mar oidhreacht uathu, agus cibé athrú atá inmhianaithe, dár linne, a chur i gcrích feasta. Ní fís fichiú aoise a oirfidh anois, b’fhéidir, ach fís a d’oirfeadh don aonú haois fichead. Anois an t-am le súil a chaitheamh siar uainn, ach ag an am gcéanna, is tráth é leis an tsúil ghéar eile a chaitheamh ar ár ndán san aois a shíneann amach romhainn sa todhchaí.

.

An Saol as Alt

Athchuimhne.

Athchuimhne

Cath Charraig Seabhac

.

Ag léamh píosa faoi Chath Charriag Seabhac 1831, (nó Carraig Seac, faoi mar a chuireann Amhlaoibh Ó Súilleabháin, dialannaí, é,) a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a thánaig mé ar an gcuntas sin faoin ollchruinniú a bhí acu, thart ar an tráth úd, i mBaile Héil,

“ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill”

faoi mar a chuireann an Dialannaí cáiliúil é. Féach mar a scríobh sé, faoi’n dáta,

8ú Iúil, 1832…

“Lá breá. Gealáin is scáilíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.”

Nár chorraithe an tráth é i stair na tíre seo, nó ba ghearr roimhe sin a tharla an marú úd i gCath Charraig Seac.

Óráid i nGaeilge

Féach an iontráil sa Dialann don,

15ú Nollaig 1831…

“Bhí marú mór ar Shliabh Breathnach láimh le Baile Hugúin inné. Deirtear gur maraíodh ocht nduine dhéag de na píléirí noch do bhí i bhfochair an Bhuitléarach ag friothálamh citations go cúirt an easpaig, mar gheall ar dheachú noch atá amuigh ag Hamilton, ministéir Chnoc an Tóchair. Tá dhá dhuine dhéag acu sínte marbh i gCill Mogeanna.”

Ach le filleadh ar an ollchruinniú úd i mBaile Héil, ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó go ndeireann an Dialannaí, Amhlaoibh Ó Súilleabháin fhéin linn, gur labhair sé leis an ollchruinniú sin i nGaeilge. Cé cheapfadh go raibh an Ghaeilge chomh beo sin sa dúiche sin an tráth úd, sa chaoi go bhféadfadh an Dialannaí óráid i nGaeilge a thabhairt don slua ollmhór sin i nGaeilge, agus nach féidir linn a bheith cinnte, nach ndéanfadh sé a leithéid, mura mbeadh a fhios go maith aige, go dtuigfeadh bunús a lucht éisteachta é? Sea, agus cuir le sin go raibh daoine i láthair ó cheithre Chontae, ó Chill Chainnigh fhéin, ó Thiobraid Árann, agus ó Loch Garman freisin.

Choinnigh an tír an teanga

Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaethe sin, san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic nó na gleannta; na haibhneacha nó na locha; na páirceanna nó na dúichí; dearmad ar an dteanga as ar ainmníodh iad le sinsearacht. Nuair a chloiseann tú duine ag labhairt faoi Bhóthar na Manach, tuigeann tú láithreach, go bhfuil sé ag labhairt faoin mbóthar áirithe sin, faoi mar a labhraíodh fadó ’riamh faoi. Sea, agus an baile ar deineadh tagairt dó thuas, Cnoc an Tóchair, nó i mBéarla Knocktopher, an-chóngarach dá chéile arís. Níl dabht ar domhan, ach go mba uafásach an feall é, ár logainmneacha a bhascadh agus a bhearnadh, faoi mar a deineadh leo.

Leabhar Owen Kelly

Arís, má thógann tú leabhar cosúil le “The Place-Names of County Kilkenny” le Owen Kelly, feicfidh tú ansin, cé mar a coinníodh an teanga fhéin sna logainmneacha. Nach minic a thagann duine thar logainm ina bhfuil focail cosúil le….garraí; gráig clais; bán; bóithrín; gort; poll; goirtín; páirc; droim; tobar; log; doire; rath, sceach, agus tuilleadh dá leithéid, agus ansin, ag gabháil leis na focail sin, le hainm iomlán a bhaisteach ar an áit, gheobhaidh tú focail eile, sa chaoi go ndéanann an péire focal sin carachtar leithleach áite a leagan os ár gcomhair, faoi mar a tharlaíonn sna hainmneacha seo ….Goirtín na mBó, Poll a’ Chapaill, Gort na Móna, An Gleann Mór, Fíodh Ard, Garraí na Cruaiche, Cill Chiaráin, Gráig na Manach, Bóisín na gCloch, agus tuilleadh. Chuir mé spéis ar leith san ainm, Bóithrín na gCloch, mar nach é a ghlaoitear air, de ghnáth, nó Bóisín na gCloch, agus nach suimiúil mar a dhéantar “s” den “r” caol, sa chomhthéacs sin, Tharlaíonn an rud céanna i gcás an fhocail “Máire”, agus tuilleadh. Déantar an cleas teanga céanna sin díreach, thíos i gContae Mhaigh Eo, thart ar an áit in a raibh an trioblóid go léir sin idir Iorrasaigh agus Muintir Shell.

Feasta, mar sin, eistimis leis an taobh tíre agus í ag labhairt linn i nGaeilge agus muid ag gabháil thar bráid, éistimis lei, agus tugaimis freagra uirthi ina teanga dhúchais fhéin.…………………….

      .

.

.

An Saol as Alt

Bliain an Phapa

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Loyal Readers

Tharla ar na mallaibh, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, go ndeachaigh an scéal amach i measc ár léitheoirí, go rabhthas le críoch obann a chur leis an gcolún seo, “I mBéal an Phobail”. Ní call dom a rá, gur thóg sé mo chroí, nuair a fuair mé amach, go raibh daoine amuigh ansin nár theastaigh a leithéid de chinneadh uathu! Bhí mé an-bhuíoch de Mhicheál Ó Diarmada, as an litir bhreá uaidh, a cuireadh i gcló sa Pháipéar seo, agus mo bhuíochas freisin dóibh siúd a labhair liom faoi na cúrsaí sin, ag an am, ach faoi mar a tharlaíonn sé, níl an colún i mbaol a thuilleadh, agus beidh deis ag ár léitheoirí dílse pléisiúr agus taitneamh a bhaint as an gcolún seo, go ceann i bhfad fós!! Ar aon nós, chuir na smaointe sin uilig siar bóithrín na smaointe mé, siar thar na blianta fada atá caite agam i mbun pinn, siar go dtí an tús, nuair a ghéaraigh mé gob mo phinn, a chéaduair, le mo smaointe a bhreacadh ar phár, agus an chaoi ar roghnaigh mé an chéad teanga oifigiúil, mar mheán, le sin a chur i gcrích.

The Year of the Pope

.

Bíodh go bhfuilim ag gabháil do cheird seo na scríbhneoireachta, agus na hiriseoireachta, le breis agus leathchéad bliain anois, níor thosaigh mé ar cholún rialta a shaothrú do nuachtán go dtí bliain an Phápa, sé sin, sa bhliain 1979, nó seacht mbliana is fiche ó shoin, anois. I rith na mblianta uilig san idirlinn, rinne mé tagairt d’imeachtaí na Gaeilge, thall is abhus, is ar fud na tíre. Rinne mé iarracht freisin, ar cholún rialta léitheoireachta a chur ar fáil dóibh siúd ar theastaigh a leithéid uathu, agus bíodh go bhfuil sé deacair a chreidiúint anois, ach chuireadh sé iontas an domhain ormsa, nuair a chloisinn ó dhuine eicínt, ar an dtaobh eile den domhan, a léadh an colún céanna sin, agus a bhaineadh taitneamh agus pléisiúr as! Chomh maith leis na seirbhísí sin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, thuig mé freisin, go raibh scoileanna áirithe a bhaineadh úsáid as an gcolún seo, ar bhonn rialta, le hábhar comhrá, agus diospóireachta, a chur ar fáil don rang Gaeilge, uair sa tseachtain, agus ní gá dhom a rá leat, go gcuireadh an scéal sin gliondar ar mo chroí. Agus taobh amuigh de na dualgaisí sin a choimhlíonadh dom’ phobal léitheoirí, thug an colún sin deis dom freisin mo scéal fhéin a chur i mbéal an phobail, Ar éirigh liom sin a dhéanamh, an ea?

D’éirigh cinnte, agus b’fhéidir, amach anseo, go ndéanfainn fhéin, nó duine eicínt eile, thar mo cheann, iarracht ar na hailt sin uilig a ghaibhniú le chéile i bhfoirm leabhair. Nár bhreá an toradh é sin ar an gcolún seo ‘gainne, I mBéal an Phobail?

A Weekly Column

.

Anois, bhí cleachtadh eicínt faighte agam ar an iriseoireacht, sular thosaigh mé ag scríobh don Kilkenny People, nó bhíodh píosaí agam ar Inniu, Amárach, Anois, agus chomh maith leis na píosaí sin, bhíodh ailt agam go rialta, freisin, sna hirisí Ghaeilge, i bhFeasta, san Ultach, agus i gComhar, gan tagairt a dhéanamh in aon chor do, An Sagart, nó An Timire. Ach má sea fhéin, thug an nuachtán, an Kilkenny People deis dom, scil na cumadóireachta, na hiriseoireachtaa, agus na scríbhneoireachta a chleachtadh go rialta, i gcolún seachtainiúil, agus b’iontach go deo an smacht intinne a bhí sa chleachtadh sin, mar, cuma cén scéal é, bíodh fonn oibre orm, nó ná bíodh, bhíodh orm suí ansin, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus alt a ghaibhniú as abhras na bhfocal a ritheadh liom ag an am. Taithí a dhéanann máistreacht, adeireadh an seandream fadó, agus bíodh nár éirí liom riamh máistreacht a fháil ar an gceird chéanna sin, ag an am gcéanna, shroich mé pointe, nuair a d’fhéadfainn alt, míle focal nó mar sin, a scríobh faoi ábhar ar bith ar domhan, sea, agus déarfainn go bhfuil an cumas sin ionnam fós!, agus is féidir leat a bheith cinnte, dearfa, go ndéanfaidh mé mo shaindhícheall, chuile phíosa a shilfidh ó mo pheann, a shnasú, a chíoradh agus a phiocadh, sa tslí, go dtuigfidh an léitheoir, nárbh aon amadán, nó gobán, a ghaibhnigh, nó a chuir i dtoll a chéile iad!

.

.

An Saol as Alt

Caillte i gConamara.

Scéalta Aniar

.

Caillte i gConamara…..……....Céadchló…2014

Scéalta Aniar…....arna roghnú ag….... Brian Ó Conchubhair

.

Peadar Bairéad

Díolaim Gearrscéalta

Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na gearrscéalta sa diolaim seo agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé fhéin suim sna gearrscéalta a roghnaigh sé, toisc gur thug mé faoi deara, go raibh suíomh na scéalta sin an-chosúil leis an dúiche inar tógadh mé fhéin, agus go raibh, idir dhaoine agus crsaí a mbeatha an-chosúil leis an saol a chaití in Iorras agus mise ag fás aníos. Roghnú faoi leith atá anseo againn, nó bhailigh Brian cúig cinn de scéalta le húdair cháiliúla arbh as Conamara dóibh. Tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach ndéanann na húdair roghnaithe aon iarracht ar ghléas a chur ar an gcineál saoil a chaith daoine sna bólaí sin, nó tugann siad léiriú dúinn ar chruatan agus anró a saoil agus a saothair thiar, sa bhfichiú, agus san aonú haois fichead fiú. Is iad na húdair a roghnaigh sé nó Pádraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Breathnach, Joe Steve Ó Neachtain, agus Micheál Ó Conghaile. údair ar de dhlúth is d’inneach na dúiche thiar an cúigear acu, agus níl dabht ar domhan ach go bhfuil an t-údar seo cáilithe don gnó seo, nó is fear é a bhfuil an-tuiscint aige ar shaol agus ar chultúr na dúiche sin.

Saol crua, céasta, anróiteach

saol na cathrach, nó saol an bhaile mhóir fhéin a léirítear sna gearrscéalta a roghnaigh sé don díolaim seo. Ní hea muis! ach an saol crua, céasta, anróiteach, faoi mar a cleachtaíodh é sa dúiche thiar ó thús na haoise seo caite. Breathnaigh ar an gcéad scéal a roghnaíodh, sé sin, Páidín Mháire, scéal a léiríonn go glas, soiléir, saol na mbocht, i limistéir gan mórán gustail, in óige na haoise seo caite. Scéal é seo ar chuir mé fhéin suim ann, ón uair a léigh mé é a chéaduair, breis mhaith is thrí scór bliain ó shoin. Thaitin an scéal liom ó thús, agus bíodh go mba dhuine ann fhéin é Páidín Mháire, ag an am gcéanna, d’éirigh leis an údar, trua dhó a mhúscailt sa chroí istigh ionainn. Éiríonn leis an údar na carachtair a chur ina steille bheatha ar ardán na samhlaíochta os ár gcomhair amach. Feiceann muid na hoibrithe ag obair ar chroí a ndíchill ag tógáil an bhóthair sin idir Chaladh Éamoinn agus Oileán na Trá. Feiceann muid iad, agus cloiseann muid a gcomhrá, agus áthas ar a mbunús go bhfuair siad saothrú ar na hoibreacha Poiblí sin. Ach bhí fear amháin nach raibh ró-shásta leis an saothrú céanna sin, nó iascaire agus bádóir ba ea é, agus b’fhearr leis bheith ag gabil don cheird sin, dá bhféadfadh sé. Cloiseann muid torann na n-ord agus na fir ag tolladh na gcarraigreacha le púdar pléascach a dhingeadh isteach iontu. Ansin téann na fir ar foscadh, ag fanacht don phléasc, agus nuair a tuigeadh dóibh go mba loic a bhí ann, d’fhág siad an foscadh sin agus tháinig amach leis an bpúdar a chartadh, le lán eile a chur ina áit, agus ansin cloiseann muid an phléasc. Gortaíodh Páidín bocht agus chaill sé leath-shúil. D’éirigh leis leathchéad punt cuitimh a fháil, ach ba ghearr a sheas an lab céanna sin, nó chaith Páidín go fánach é, agus ansin, le cabhair eicínt a chur ar fáil dá thuistí, b’éigean dósan dul isteach i dTeach na mBocht.

I dTeach na mBocht

Ba ghearr go raibh sé dall ar fad, agus i ndeireadh na dála, chuaigh sé ar fán ón dTeach agus chaith oíche amuigh, oíche a chriog é, nó ba ghearr a sheas sé ina dhiaidh sin. Ansin bhí sé sa mbéaloideas go mbíodh sé amuigh oícheanta stoirme ag cabhrú le bádóirí teacht i dtír ón mbaol a bhí thart orthu. Bochtaineacht, cruatan, anró, ach ag an am gcéanna, grá, caradas, agus comharsanúlacht, craite mar rísíní trí chiste a mbeatha thiar. Chuaigh an scéal sin chomh mór sin i bhfeidhm orm, gur shocraigh mé ar na scéalta eile a fhágáil fút fhéin le hadhmad a bhaint astu. agus tá mé cinnte go n-éireoidh le chuile scéal acu greim scóige a bhreith ar an gcroí istigh ionat. Fútsa atá sé, mar sin, an leabhar seo a fháil is a léamh, más uait aithne cheart a chur, agus eolas cruinn a fháil, ar shaol agus ar chultúr na ndaoine sa dúiche thiar.    

.

.

en_USEnglish