by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Iníon altrama ar thóir a hOidhreachta
(Iníon Rúnda)
.
.
Secret Daughter…………..céadchló……………2010
by
Shilpi Somaya Gowda……….……………USA $17.99
.
Peadar Bairéad.
Ní thuigeann an sách don seang
Rugadh agus tógadh an t-údar seo i Toronto Cheanada, agus tharla le linn a hOllscolaíochta sa tír sin, gur chaith sí seal ag obair mar dheonach in Uchtlann san India, agus is dócha gur ghlac sí, ar fhoghlaim sí i rith na tréimhse sin, mar chúlra don leabhar cáiliúil seo, ‘Secret Daughter’. Ní haon ionadh, mar sin, gur chuir sí spéis ar leith i bhfadhbanna na n-imirceach Indiach, agus i ndeacrachtaí ghaolta idirchiníocha. Ba leabhar mór-ráchairte é ‘Secret Daughter’, ar díoladh thart ar mhilliún cóip de i dtriocha teanga.
Sí Asha an príomhcharachtar san úrscéal seo, agus í mar dhroichead idir dhá chlann, agus idir dhá chultúr, ach leis an gceann a bhaint den scéal seo, tosóimid san India, áit a bhfuil cónaí ar Kavita agus Jasu, lánúin phósta, nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil seo acu, agus cónaí orthu i mbaile tuaithe, Dhanau. Rugadh iníon don lánúin seo, agus ó tharla nach raibh mórán measa ar iníonacha sa dúiche sin, agus ó tharla freisin, go raibh faitíos ar Kavita go maródh Jasu an iníon sin, thóg sí fhéin is a deirfiúr an leanbh go dtí Uchtlann i Mumbai, lena sábháil ó bhás, Usha an t-ainm a thug siad ar an leanbh sin. Daoine bochta ba ea muintir na dúiche sin, agus ba é cúis nár theastaigh iníonacha uathu nó nach mbeadh mórán ratha orthu mar chúntóirí feirme, agus chomh maith le sin, bheadh ar na tuistí spré a chur ar fáil dóibh, ar ball, agus ar an dtaobh eile den scéal, bheadh mac ábalta cabhair a thabhairt dóibh ar an bhfeirm agus ní bheadh spré ag dul dó, ar ball, nuair a phósfadh sé, agus ó tharla nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag Kavita agus Jasu, tuigeadh do Kavita, go raibh an baol ann, go maródh Jasu an iníon óg sin a rugadh di. Ar ball, d’fhág an lánúin sin a n-áit dhúchais agus thug Mumbai orthu fhéin, ag iarraidh saol níos fearr a chur ar fáil dóibh fhéin is dá mac.
Theastaigh uathu leanbh a uchtú.
Anois, thart ar an am gcéanna sin, thall i Meiricea, tharla go raibh lánúin eile, Somer agus Krishnan, ar theastaigh uathu clann a thosú, ach a fuair amach ansin, nach mbeadh ar a gcumas sin a dhéanamh. Bhíodar an–bhuartha dá bharr sin, agus ar deireadh, shocraigh siad ar leanbh a uchtú, agus ó tharla gur de phór Indiach é Krishnan, bheartaigh siad ar leanbh Indiach a uchtú. Sea, agus do bharúil cé d’uchtaigh siad? Sea! cé eile ach Usha, iníon Kavita agus Jasu? ‘Bhí go maith is ní raibh go holc’, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ach ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí sa chás áirithe seo. Ní go ró-mhaith a chuaigh cúrsaí idir Asha, – faoi mar a thugtaí uirthi faoin am sin -, agus a máthair altroma, rud a chuir leathmhaing ar phósadh ‘Somer agus Krishnan’.
Chuaigh Asha le hiriseoireacht, agus d’éirigh go maith lei sa bhfiontar sin, agus ar ball, fuair sí ‘internship’ le ceann de mhór-nuachtáin na hIndia. Chuaigh sí chun oibre ansin sa tír inar rugadh í, rud a chuir ar a cumas dul i dteangmháil le clann Krishnan, agus ghlac siadsan lei mar bhall dá gclann fhéin. Chuir a seanmháthair, nó ‘Dadima’, mar a thugtaí uirthi, chuir sise an-suim go deo inti, agus ghlac sí faoina sciathán fhéin í. D’éirigh go seoigh le hAsha ina cuid oibre don Nuachtán Indiach sin, agus rinne sí a lán taighde dá saothar i measc na mbocht, i gceantar bocht, scoite, i Mumbai.
Ar thóir a fréamhacha
Ag pointe áirithe, chuir sí ceist ar ‘Dadima’, a seanmháthair, faoi mhuintir a máthar fhéin, agus í ag iarraidh fáil amach, ar cheap sise gur chóir di dul ar a dtóir. Mhol sise di sin a dhéanamh, má cheap sí fhéin gur chóir di a leithéid a dhéanamh. Ba é toradh a bhí ar an gcomhrá sin, nó gur dhírigh Asha ar sin a dhéanamh, agus d’éirigh lei roinnt mhaith a fháil amach futhu.
Ar éirigh lei casadh leo i ndeireadh na dála, agus ar éirigh le Somer agus Kristnan an scoilt a bhi eatarthu fhéin agus a n-iníon a leigheas, agus cén chaoi ar chuir an t-údar críoch lena scéal? B’fhéidir gur mhaith leatsa fios fátha ‘chuile scéal acu sin a fháil. Chuige sin, níl le déanamh agat ach an leabhar breá, suimiúil, seo a fháil is a léamh……………
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Inné agus inniu
.
Saolta athraithe
Is é an rud is mó a théann i gcionn ar dhuine, de reir mar a théann sé anonn sna blianta, nó an chaoi a leanann cúrsaí an tsaoil seo ag síor-athrú, ó bhliain go bliain, agus ó ré go ré. Ní haon ionadh mar sin, go mbíonn an port sin a sheinm agamsa chomh rialta sin, sa cholún seo, nó nach bhfuil lear maith blianta carnaithe ar an gclog ama agamsa, faoin am seo. Mar sin, nuair a théim siar ar bhóithrín na smaointe, siar chuig an gcineál saoil a bhí ann, le linn ré ghlórmhar, draíochta, m’óige, bíonn sé deacair agam a chreidiúint, amannta, nach ag brionglóidigh a bhím, agus nach raibh a leithéid de shaol ann riamh! Ach b’fhéidir gur chóir dom craiceann eicínt a chur ar an scéal atá idir chamáin agam, an babhta seo.
Siaraigí libh liomsa
Leis an difir idir an dá chineál saoil, b’fhéidir go dtiocfá liom, ar chuairt, siar chuig dúthaigh fhiain, scoite, iargúlta, neamhaí, m’óige. Deireadh thriochaidí an ocrais atá ann, agus muid ag gluaiseacht linn siar an bóthar fada, bán, a shíneadh, an t-am sin, idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh. Bóthar bán, a thug mé ar an mbóthar sin, nó ag an am sin, ní raibh fiú braon tearra fhéin, leata ar bhóithre an Mhuirthead. Lá breá atá ann, agus grian gheal ag sméideadh anuas orainn as spéir gan scamall.
Gan mórán tráchta!
Thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach raibh mórán tráchta ag gabháil an bhóthair chéanna sin. Diabhal carr nó leoraí, bus nó tarracóir, a bhí le feiceáil ag an tsúil ba ghéire. Tithe néata, bána, ceann tuí, neadaithe go deas teolai fan na slí. Níl crann nó tor le feiceáil, áit ar bith, ach an taobh tíre sin uilig chomh lom le croí do bhoise. Daoine le feiceáil amuigh sna páirceanna ag obair leo ar a ndícheall, ach tabhair faoi deara, nach bhfuil meaisín ar bith sa timpeall, le cabhair a thabhairt dóibh i saothrú na talún sin. Mura bhfuil meaisíní acu leis an obair sin a dhéanamh, cad iad na gléasanna oibre atá á n-úsáid acu, agus iad i mbun na hoibre sin? Tá, an spáid, an tsluasaid, an speal, sea agus anseo is ansiúd, bheadh capall, faoi úim, le feiceáil agat, agus é ag déanamh cibé gnó a bhí ar a chumas a dhéanamh. Sea, agus níos flúirsí ná na capaill, nó ní bhíodh capall ach ag an gcorrdhuine, bhí na hasail á n-úsáid faoi phárdóga, nó le cairt bheag asail a tharraingt.
Ní bhíodh rainsí nó tréada ann!
Ach céard faoi na beithigh a bhíodh le feiceáil sna páirceanna? Bhuel, ní bhíodh an oiread sin díobh sa timpeall, an tráth úd, nó ní raibh Uachtarlann ar bith sa taobh sin tíre, ag an am, agus mar sin, ní raibh le déanamh leis an mbainne, ach é a mhaistriú, le pingneacha a shaothrú as an im a dhíol sa siopa áitiúil, sea, agus dár ndóigh, d’fhéadfaí an t-im a stóráil i bprócaí, le bheith acu le cur ar a gcuid aráin le linn shéasúr an Gheimhridh. Chomh maith le sin, bhíodh ealtaí éan timpeall ar chuile theach, géanna, cearca, agus lachain, mar nach mbeadh díol ar a n-uibheacha sna siopaí? sea, agus nach mbeadh díol freisin ar na héanacha, iad fhéin, ag margadh Bhéal an Mhuirthead, dá mbeadh pingneacha ag teastáil, le tobac a choinneáil le fear an tí, nó le tae agus siúicre a cheannach, le dúil mhallaithe na cosmhuintire sa chupán tae a shásamh?
Ní bhíodh ann ach an turasóir fánach!
Tá rud eile a raghadh i gcionn ar an taistealaí ar an mbóthar sin, ag an am sin, freisin, agus ba chóir dom a rá, gur bheag rud i bhfoirm turasóir a d’fheicfeá in Iorras, na laethe úd, ach, faoi mar adúirt mé, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt d’fheisteas na ndaoine a chasfaí ort, fan an bhóthair. Is féidir leat a bheith cinnte, nach mbeadh siad gléasta chomh faiseanta leis na daoine a d’fheicfeá sa taobh sin tíre, sa lá atá inniu ann. Sciortaí fada, go talamh, agus seálta deasa, ildaite, scothógacha, á gcaitheamh ag na mná. Báinín, agus bríste baile, á gcaitheamh ag cuid de na fir fhásta. I gcás na ndaoine beaga, bhuel, ní fheicfeá bríste fada ar ghasúr ar bith, nó chaitheadh chuile dhuine acu bríste giortach, agus geansaí olla baile. Gúnaí agus bibeanna ar na cailíní, agus ní call dom a rá, go mbíodh roinnt mhaith de na daoine óga céanna sin cosnochtaithe.
Leor sin don bhabhta seo!
Ach, déarfainn go bhfuil mo sháith den tseansaol nochtaithe agam don turas seo, ach bí cinnte, go bhfillfidh mé ar na cúrsaí seo, am eicínt eile amach anseo, nuair a bhuailfidh an fonn athchuimhnimh arís mé.
.
.
Peadar Bairéad
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Laochas, calmacht, agus dáiríreacht, i gcroí na n-imreoirí
(Iománaí ar an gClaí ?)
.
Peadar Barrett
(This week let us bask in the glow of a great hurling experience)
Domhnach a’ Bháire
Anois, agus muid ag fanacht go foighdeach le cluichí iomána na bliana seo chugainn, ba mhaith liom súil a chaitheamh siar ar chluiche a chorraigh mo chroí……
A leithéid de chluiche! A leithéid de chomórtas! Annamh a chonaic mé cluiche chomh corraitheach, chomh spreagúil leis. Ar an deichiú lá de Lúnasa 2014 a tharla an cluiche sin, i mbabhta Leathcheannais san Iomáint, do bhliain sin ár dTiarna 2014. Iománaithe Luimnigh agus iománaithe Chill Chainnigh a rinne an lascadh agus an léasadh, an lá cinniúnach sin. Bí ag caint ar chluiche! Bí ag caint ar aimsir! Bí ag caint ar chalmacht! An bhfuil an dara cluiche á imirt ag daoine, áit ar bith faoi’n mbith bhán, a d’fhéadfadh an craiceann a chorraí ar chúl do mhuinéil, faoi mar a dhéanann cluiche iomána dá leithéid? Bhí mé fhéin ag seanmóireacht liom sa cholún seo, le blianta beaga anuas, faoi mhacántacht an spóirt inár gcluichí, mé ag moladh ghlaineacht an spóirt agus cead a thabhairt don imreoir a scil iontach a léiriú don lucht féachana, ach sílim nár réitigh cluiche an Domhnaigh seo caite leis an dearcadh a bhí agam ar chluichí, agus ar spórt amaitéireach. Caithfidh mé a admháil áfach, gur chuir an Cluiche Leathcheannais, atá idir chamáin agam anseo, gur chuir sé deireadh le mo dhearcadh ar an iomaint, nó níor ghnáthchluiche iománaíochta a imríodh os ár gcomhair an lá sin, ach báire na fola, imeartha idir dhá fhoireann laochra. Thaitin an cluiche sin thar na bearta liom fhéin, bíodh go ndeachaigh an imirt agus an iompar thar theorainneacha an spóirt, corruair, faoi mar a chonacthas domsa é. Ligeadh srian le chuile orlach calmachta a bhí cuachta suas i gcroí agus i meanmna na n-imreoirí. Léim siad isteach go neamheaglach, misniúil, i mbearnaí an bhaoil, gan eagla, gan faitíos, sa chaoi gur léirigh siad don lucht féachana, spiorad agus anam iontach an Ghaeil, faoi mar a thug a gcluichí deis dóibh sin a chleachtadh. B’fhéidir nár mhaith liom bheith ag breathnú ar chluiche dá leithéid chuile lá, ach gan dabht ar domhan, ba mhór an tógáil croí dom cluiche dá leithéid a fheiceáil, corruair, le spiorad agus anam an Ghaeil a chur ag rince ar lic os mo chomhair amach.
Cúchulainn Óg
Agus mé ag breathnú ar an gCluiche Leathcheannais úd, ar Dhomhnach a’ Bháire, d’éalaigh mo smaointe siar thar na blianta, siar go dtí an saol a léiríodh dúinn sna seanscéalta, a tháinig anuas chugainn trí scéalta na Rúraíochta agus trí eachtraí na Fiannaíochta. Chonaic mé Cúchulainn óg ar a bhealach go dtí Dún Chonchúir Mhic Neassa agus a Chraobh Rua, fadó, fadó, a chamán is a shliotar á oibriú aige le scileanna corraitheacha an iománaí shnasta, agus ansin nuair a shroich sé Eamhain, áit a raibh ógra na Craoibhe Rua ag imirt leo, agus ghlac an Chú óg páirt sa chluiche sin, agus is féidir a bheith cinnte nár mar dhuine-uasailín a d’imir sé, ach mar a d’oir do laoch óg. Ní dóigh liom, ach oiread, gur chuir rialacha ar bith laincis ar a dhúil, nó ar a mheanmna, agus é ag lascadh agus ag bualadh roimhe agus ina dhiaidh, go dtí go raibh bua bainte.
B’in iad na híomhánna a chonaic mé ar scáileán mo shamhlaíochta, agus cluiche an Domhnaigh sin á imirt. Bhí laochas, calmacht, dáiríreacht, agus macántacht, ag baint na sál da chéile san imirt, fad a bhi na laochra úd ag scaoileadh srian lena scileanna iománaíochta, lena Rí agus a Lucht leanúna, a chur faoi gheasa, lena máistreacht ar scileanna an chamáin chaim, agus lena misneach dochloíte, a léiriú dóibh.
Fillimis ar chluiche an lae inniu.
Ní gá tuilleadh a thochrais ar an gceirtlín sin. Leor a rá, gur chuir an Cluiche Leathcheannais úd mise faoi gheasa, sa chaoi gur dhein mé dearmad glan de rialacha an chluiche nua-aoisigh, agus ar choimhlíonadh cruinn na rialacha céanna sin, ar pháirc ghlórmhar na himeartha. Níl dabht ar domhan ach gur chabhraigh fíochmhaireacht na haimsire agus géire nimhneach na sceana gréasaí a scaoil an doineann leis na himreoirí calma, gur chuir sin uilig le draíocht doilfe na hócáide. Ach sin uilig raite, tuigthe, agam, ba mhaith liom a dhearbhu gur chóir filleadh ar an saol mar atá, agus deireadh a chur le brionglóidí tarraingteacha, a bhfuil a seal tugtha le fada an lá. Caithfimid imirt feasta de réir rialacha an chluiche, faoi mar atá leagtha amach, sa lá atá inniu ann.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Ionad nua Pharóiste Phádraig
Beag duine i nDeoise Osraí nár chuala trácht ar Ionad Paróiste Phádraig Naofa, mar táthar ag pleanáil don Ionad céanna seo ó tógadh Séipéal Fhiachra ar an Loch Buí, suim de bhlianta ó shoin. Bhí suíomh den scoth thart ar an Séipéal céanna sin, ach ní rabhthas cinnte, ag an am, cén cineál Ionaid go díreach a d’fheilfeadh d’éilimh an Pharóiste seo. Theastaigh seomraí cruinnithe uathu Theastaigh Hallaí le freastal ar riachtanais an phobail uathu. Theastaigh áit uathu freisin, le freastal ar óige an pharóiste, mar a mbeadh deis acu teacht le chéile, le cruinnithe, le cluichí, le caitheamh aimsire agus a leithéid, a reachtáil dóibh fhéin, ionas go mbeadh seans acu seal taitneamhach a chaitheamh i lár a bpobail fhéin. Sea, agus nár mhaith an smaoineamh é Áras na Sagart a thógáil ar an láthair chéanna, istigh i gcroílár a bpobail, agus b’fhéidir, go bhféadfaí fiú, freastal ar riachtanais na n-aostach freisin trí thithe a chur ar fáil dóibhsean ar an láthair chéanna sin, rud a chuirfeadh ar a gcumas Fómhar a laethe a chaitheamh faoi dhíon, istigh i lár a bpobail dhílis fhéin, mar a dtabharfaí togha na haire dóibh i ndeireadh a laethe thiar.
Fíorú na Físe
Ba é a beartaíodh a dhéanamh nó Ionad Paróiste a thógáil, le freastal ar riachtanais an Pharóiste, agus socraíodh ar áiseanna breise a chur ar fáil thart ar Ionad nua seo an Pharóiste, agus ó tharla go raibh spás acu do naoi gcinn de thithe speisialta do sheandaoine, tuigeadh dóibh, gur chóir iad sin a thógáil ar an suíomh sin, agus ansin, bheartaigh siad ar Áras na Sagart a thógáil ansin freisin.
Sea, agus tá acu anois san Ionad Paróiste nua seo, Oifig an Pharóiste, agus foireann seomraí, le freastal ar riachanais an phobail, Beidh deiseanna ar fáil ann do dhaoine a mbeadh suim acu i gcluichí, i gcaithimh aimsire, i ndamhsaí, i ríomhairí, nó in imeachtaí oiriúnacha eile, faoi mar a theastódh ón bpobal. Tá chuile eolas faoi na cúrsaí sin le fáil ó Oifig an Pharóiste. Ach ní saor in aisce a d’fhéadfaí na háiseanna sin a thógáil nó d’fhéadfá a rá, gur beag briseadh a bheadh fágtha agat as Cúig Mhilliún Eoró, tar éis duit na háiseanna sin uilig a chur ar fáil. Ní call dom a rá, dár ndóigh, go bhfuair siad breis mhaith is milliún Euró mar dheontais airgid ó na hÚdaráis leis na tithe do sheandaoine a thógáil, agus chomh maith le sin, díoladh Áras na Sagart, i mBóthar Urmhumhan, ar phraghas sásúil. Agus ina dhiaidh sin, tháinig an pobal i gcabhair ar lucht eagraithe an tionscadail, agus trí dheontais a bhronnadh, trí Crannchur míosúil a reachtáil, trí chomórtais gailf a eagrú, agus trí bhealach ar bith eile, a d’fhéadfaí smaoineamh air, le pingneacha a bhailiú, chuireadar le chéile agus rinneadar chuile iarracht ar fhiacha an Pharóiste a ghlanadh, ar an dá luathas.
Mar bhuille scoir guímis Rath Dé ar chuile dhuine a bhainfidh leas as Ionad nua Pharóiste seo Phadraig, sna laethe atá romhainn amach.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Iris Chomórtha
Peadar Bairéad
***********************************
Marian College…1954-2004……… ………..Golden Jubilee Special
************************************
.
My Marian Years
Tharla, ar an 28ú Aibreán, 2008, gur bhuail mé le Ned Prendergast, in Oifigí “CEIST” i Má Nuat, mar a bhfuil sé ag obair anois, mar fheidhmeannach leis an eagraíocht chéanna sin. M’iníon a réitigh an talamh don ócáid, nó tharla go bhfuil sise ag obair sna hOifigí céanna sin. Bhí deis agam, freisin, bualadh le baill na Foirne breátha, cairdiúla, atá ag saothrú leo sna hOifigí céanna sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom dul siar, beagáinín, i dtosach, leis an teacht le chéile sin a shuíomh ina ionad ceart féin.
Thosaigh mé fhéin mo shaol múinteoireachta i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, agus tar éis dom seacht mbliana, nó mar sin, a chaitheamh ag saothrú na Gaeilge sa Choláiste sin, ghlac mé le post i gColáiste Mhuire Cois Abhann, nó i “Marian College”, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Tháinig mé go Marian College i Meán Fómhair na bliana 1958. Caithfidh mé a admháil anois, go mbeadh sé deacair daltaí na scoile sin a shárú, an tráth úd, agus shaothraigh mé liom ansin ar feadh seacht mbliana, nó mar sin, ach ag deireadh na tréimhse sin, mhothaigh mé, ar chúinsí áirithe, go raibh sé in am agam bóthar a bhualadh arís, agus mo sheolta a ardú. Shocraigh mé ar Choláiste Chiaráin Chill Chainnigh, a thabhairt orm fhéin. Rud a rinne. Ní raibh aiféala orm riamh ó shoin gur chinn mé ar sin a dhéanamh an tráth úd, nó réitigh an t-athrú sin go seoigh liom.
Ag Saothrú ar Bhruacha na Dothra
Ní chuige sin atá mé áfach, ach le filleadh ar an gcruinniú a bhí agam le Ned Prendergast. Chuir mé suim ar leith sa chruinniú sin, nó chaith Ned seal ag múineadh i gColáiste Mhuire Cois Abhann, agus d’fhág sin go raibh deis againn ár gcomhrá, agus ár seanchas, a dhéanamh, faoin saol a bhí sa treis agus muid i mbun múinteoireachta ansin, blianta fada ó shoin. Luaigh mé thuas, gur bunaíodh an Coláiste sin sa bhliain 1954, rud a d’fhág go raibh Iubhaile Órga an Choláiste á cheiliúradh acu ansin, sa bhliain 2004, agus leis an ócáid chinniúnach sin a cheiliúradh mar ba chóir, d’fhoilsigh siad Iris bhreá, shuimiúil, Chomórtha, don Iubhaile chéanna sin. Anois, ó tharla go raibh chuile shnaidhm a cheangail mé leis an gColáiste céanna sin scaoilte le blianta fada, agus ó tharla nach bhfaca mé an Iris Chomórtha sin, nach orm a bhí an t-áthas nuair a bhronn Ned cóip de orm, ar an ócáid sin i Má Nuat.
Tar éis dom filleadh ar Chill Chainnigh, bhí deis agam an Iris sin a scrúdú, agus a chíoradh. Chuir mé suim, agus dhá shuim, in a raibh le léamh, agus le feiceáil, agam san Iris chéanna sin.
Seacht mbliana ag fás……..
Chaith mé fhéin seacht mbliana ag saothrú na Gaeilge ansin, ón mbliain 1958, go dtí Samhain na bliana 1966, agus is dócha gur leagadh dúshraith na scolaíochta agus an léinn sa Choláiste i rith na mblianta céanna sin. Tháinig RTE i dtíos linn, i dtús na seascaidí, nó ní raibh a n-áit fhéin amuigh i nDomhnach Broc réidh dóibh ag an am, agus dá bharr sin, bhain siad úsáid as Amharclann an Choláiste lena scileanna a chleachtadh ann, agus nár bhreá an caitheamh aimsire dúinne é, tráth a chaitheamh ag breathnú orthu ag cleachtadh a gceirde thíos fúinn, san Amharclann, agus muidinne ag breathnú orthu tríd an bhfuinneoigín úd i Seomra na Múinteoirí. Cuimhní ag filleadh orm freisin faoi Chlós na Scoile, mar a thionóltaí na daltaí chuile mhaidin, roimh ranganna na maidine, b’in an “Assembly”, mar a thugtaí ar an dteacht le chéile sin, agus bhíodh ar chuile mhúinteoir bheith sa láthair, lena rang fhéin a thionlacan chuig a sheomra ranga, i ndiaidh an tionóil, ach nach gcuirtí fainic na bhfainic ar chuile dhalta acu, gan spág fiú, a leagan ar an bpaistín féarach úd a rith ó cheann ceann an Chlóis! B’iontach ciúin an áit í, ansin cois Dothra, agus í fada go leor isteach ó na sráideanna torannacha, sa chaoi nach gcuirfeadh gleadhradh bodhar an tráchta isteach orainn, a bheag nó a mhór. Sea, dhúisigh an Iris Chomórtha cuimhní iomadúla i gcistin na cuimhne, agus d’fhill scaoth cuimhní orm le chuile leathanach dár iompaigh mé.
Comhghairdeas !
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Eagarthóir, nó rinne sé éacht agus na cuimhní sin uilig a bhailiú, a rangú, agus a choimeád faoi smacht, taobh istigh de chlúdaigh ornáideacha na hIrise léannta ildaite seo. Ba spéisiúil freisin iad na grianghrafanna a bailíodh don ócáid, ach b’fhéidir go gcuirfeadh ainmneacha na ndaoine uilig sna grianghrafanna sin go mór leis an sásamh a bhainfeadh duine mar mise astu. Ach ansin, nuair a smaoiním gurbh é Pat Mór McDonagh fhéin a rinne eagarthóireacht ar an saothar seo, ní chuireann sé ionadh ar bith orm, nó chuir mé aithne ar an Pat céanna sin, sa bhliain 1958, nuair a tháinig sé aduaidh chugainn, le dul i gcomhar linn mar mhúinteoir, i Marian College. Ba chara dílis é Pat, i rith na mblianta a chaitheamar ag treabhadh linn i bhfochair a chéile ansin, cois Dothra. Is féidir liom an Pat céanna sin a fheiceáil anois fhéin, trí shúile na cuimhne, Fear breá, óg, scafánta, laidir, ag siúl roimhe go rábach, é ag slíocadh a chuid gruaige siar thar a mhalainn, agus a ghúna léannta, acadúil, á shéideadh san aer taobh thiar de. Cuimhní freisin ag filleadh orm ón lá úd ar thugamar cuairt ar Bhéal Feirste na long, ar an bhfáilte chroíúil a cuireadh romhainn i Stormont fhéin, áit ar ligeadh isteach sinn, le spléachadh a fháil ar Pharlaimint an Tuaiscirt i mbun oibre! Chonaiceamar freisin, an lá céanna sin, na sluaite ollmhóra ag filleadh abhaile, tráthnóna, go tostach, dúr, óna gcuid oibre sna longchlósanna. leor sin faoi na cuimhní úd, ach is féidir leat a bheith cinnte, go leanfaidh cuairt na gcuimhní céanna sin, go ceann i bhfad.
Filleann scaoth cuimhní
Chuir mé spéis sna grianghrafanna freisin, nó léirigh roinnt acu dom neamhbhuaine an tsaoil seo, mar nach bhfuil roinnt áirithe de na daoine ar chuir mé fhéin aithne orthu, sna caogaidí agus sna seascaidí, nach bhfuil siad ag tabhairt an fhéir faoi seo. Solas na Soilse, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh acu anois agus i dtólamh.
Tá grianghraf san Iris, ar leathanach 24, ina bhfeicimid Foireann múinte na Scoile agus Rang na Sinsear, tógtha le chéile, san aon phictiúr amháin, mise an dara duine ar chlé den dream atá suite. Sea, agus luaitear m’ainm cupla babhta freisin, tríd an Iris. Mór an onóir dom a leithéid. Sea, agus nár dheas freisin ó Ned Prendergast a rá, go raibh mo chuimhne fós beo sa scoil, tráth a raibh seisean ag múineadh ann, i Seachtóidí na haoise seo caite.
Ní bréag a rá gur thóg an cruinniú úd le Ned siar thar na blianta mé, go dtí “My Marian Years” agus gur músclaíodh ionnam athuair, cuimhní a bhí folaithe ar ghrinneal Loch na gCuimhní, le fada an lá. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo.