by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Leabhar mór-ráchairte
.
The Girl on the Train……le……Paula Hawkins
Céadchló…….2015
(This week we review Paula Hawkins’s first Thriller)
.
A céad Scéinséir
Is breá liom fhéin teacht ar shaothar le húdar úrnua, agus mé ag súil i gcónaí le nuaíocht eicínt a fháil ina shaothar, agus caithfidh mé a admháil, nach raibh aon dul amú orm sa chás áirithe seo. nó leagann an t-údar nua seo stíl, cur chuige, agus tuiscint úrnua ar a cuid carachtair, os ár gcomhair ina céad scéinséir.. Anois, dúirt, mé go mba scríbhneoir úrnua í an bhean seo Paula Hawkins, ach is dócha gur chóir a lua, go raibh saothar curtha ar fáil aici cheana, faoi’n ainm, Amy Silver, ach ‘genre’ eile ar fad a bhí idir chamáin aici sa saothar sin, saothar ar a mbaistear ‘Chicklit’ air, de ghnáth.
Ach cérbh í an t-údar úrnua seo? Bhuel, rugadh Paula Hawkins i Zimbabwe, breis is dhá scór bliain ó shoin, agus cé gur rugadh agus gur tógadh í sa tír sin d’athraigh sí go Londain, sa bhliain 1989, agus is ann a mhaireann sí fós. Chuaigh sí le hiriseoireacht i dtosach, agus tar éis cúig bliana déag a chaitheamh leis an gceird sin rinne sí iarracht iompó ar an scríbhneoireacht, go lán aimseartha. Bhí an t-ádh ina caipín, nó seo a céad iarracht, agus cheana féin glactar leis go bhfuil an ciste gróite aici, nó tá ráchairt an-mhór ar an saothar úrnua seo.
‘The Girl on the Train’.
Ach, le filleadh ar an leabhar fhéin. Caithfidh mé a rá, gur thaithin idir leagan amach agus chur-chuige an údair sa saothar seo go mór liom, Triúr ban a leagann an scéal seo os ár gcomhair amach, agus tá difir eile anseo freisin, sa chaoi go bhfuil cuma Dialainne ar an modh ina n-instear a scéal dúinn, Tugtar an Dáta dúinn i dtosach, agus ansin, tugtar an tráth den lá dúinn, cé acu Maidin, Iarnóin, nó Tráthnóna, atá i gceist, agus chomh maith le sin, tugtar dúinn ainm na mná áirithe sin atá ag labhairt linn. Tosaíonn Rachel scéal na Dialainne ar maidin Dé hAoine, an 5ú Iúil, 2013, agus í ar bord an 8.04 ó Ashbury go Euston, í tuirseach, traochta, tar éis a seachtain oibre a bheith críochnaithe aici, agus í ag súil le faoiseamh, agus deoch, mar chuiteamh. Ba bhean í a raibh dúil, agus dhá dhúil, aici san ól, agus chomh maith le sin, agus b’fhéidir dá bharr sin, bhí sí dearmadach, agus níorbh aon réalt scannáin í, ach oiread, agus ó tharla go mbíodh sí ag taisteal isteach sa chathair chuile mhaidin, agus ag filleadh abhaile chuile thráthnóna, théadh sí thar gháirdíní cúil na dtithe fan an bhóthar iarainn, agus chuireadh sí suim faoi leith i dteach amháin, nó ba le lánúin dathúil é, lánúin ar bhaist sí Jess agus Jason orthu. Minic a bhídis siúd amuigh sa chúlgháirdín. Lá amháin áfach, thug sí faoi deara, go raibh ceataí eicínt sa scéal sin, agus ar ball, d’fhoghlaim sí go raibh Jess ar iarraidh. Ní Jess a hainm, i ndáiríre, ach Megan, agus ní Jason a bhí ar a céile, ach Scott. Déanann Megan roinnt iontrála sa Dialann freisin, sular imigh sí as radharc, mar adéarfá, rud a chabhraíonn go mór le gluaiseacht an scéil chun tosaigh. Tosaíonn Rachel ag smaoineamh ar an oíche sular maraíodh Megan, ach ba bheag dá chuimhneamh a bhí fanta, nó bhí sí dallta ar meisce an oíche sin.
An Tríú Bean
Tagann bean eile isteach sa scéal freisin, agus sin í Anna, bean atá pósta anois le h-iarchéile Rachel, nó tá sí fhéin agus a céile, Tom, céasta, cráite, ag Rachel, agus cuireann Anna corr-iontráil isteach sa Dialann freisin. Go deas réidh, trí úsáid a bhaint as fianaise na Dialainne, éiríonn leis an údar fírinní an scéil a leagan os comhair an léitheora, ar bhealach spreagúil, inchreidte, corraitheach.
Ní gá a rá, gur leabhar é, ar deacair é a chur uait go dtí go mbíonn an deoir dheiridh dá chorraitheacht diúgtha, slogtha, alptha, tuigthe, agat.
Tá mé ag ceapadh go mbainfeá fhéin taitneamh as freisin.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Leabhar neamhghnách
.
The Blue Guitar le John Banville.…£12.99
céadchló…………………………………....2015
Peadar Bairéad
.
“Call me Autolycus.”
Sin é go díreach mar a chuireann an t-údar tús leis an úrscéal neamhghnách seo, agus féach mar a théann sé ar aghaidh ón tús céanna sin….
“Call me Autolycus. Well, no, don’t. Although I am, like that unfunny clown, a picker-up of unconsidered trifles. Which is a fancy way of saying I steal things. Always did, as far back as I can remember. I may claim to have been a child prodigy in the fine art of thieving. ”
Nach ait an bealach é sin le tús a chur le h-úrscéal? Ach is dócha go bhfuil cuid de rún an úrscéil seo á léiriú aige sa tús céanna sin. Tá snáithe na héiginteachta á léiriú aige sa tús sin.
…Call me Autolycus. Well, no, don’t, Although I am….” Admhaíonn sé freisin, go mba ghadaí é, bíodh nach bhfuil náire ar bith air faoi sin, nó ní le haghaidh sochair a ghoideann sé, agus ní bhíonn i gceist sa ghoid chéanna sin ach earraí neamhluachmhara, earraí a ghoideann sé óna lucht aitheantais, nó teastaíonn uaidh go bhfeicfeadh sé tionchar a ghadaíochta ar aghaidhthe na ndaoine sin.
Ní gá a rá, go raibh bua na gadaíochta ag Autolycus, bua a fuair sé ,de réir an tseanchais, óna athair, Hermes….
Ach céard faoin údar fhéin?
John Banville an t-údar, fear a bhfuil aithne, agus dhá aithne, air mar úrscéalaí thall is abhus, agus údar a bhfuil ualach asail de dhuaiseanna, ó cheann ceann na cruinne, bainte aige, cheana féin . Éireannach é, a rugadh i gContae Loch gCarman, sa bhliain 1945 a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige mar úrscéalaí cheana féin. Is dócha go bfuair sé an t-ainm don úrscéal seo i ndán fada le Wallace Stevens, ‘The Man with the Blue Guitar’, dán a cuireadh i gcló sna triochaidí.
Is é Oliver Otway Orme, O.O.O, príomhcharactar an úrscéil seo. Ba dheacair ‘laoch an scéil’ a bhaisteadh air, nó, dár leis fhéin, ní caractar é, a bhfuil clú nó cáil tuillte aige lena thréithe nó lena scileanna. Seo duine a d’éirigh as a scil mar phéintéir, ar chúis eicínt, duine freisin, a admhaíonn gur gadaí é, bíodh go ndeir sé nach ngoideann sé ach earraí neamhluachmara, earraí a ghoideann sé óna lucht aitheantais. Duine freisin, a ‘ghoideann’ Polly Pettit, bean a charad, Marcus, agus duine é, ag an am gcéanna, a thréigeann, ar feadh tréimhse, a bhean ‘dhílis’ fhéin, Gloria. Fear is ea Oliver Orme, ar mhaith leis bheith ina laoch ina scéal fhéin, ach teipeann air cur lena mhian, nó lena fhís. Tréigeann a thallann péintéireachta é, agus fiú teipeann air freisin croí a ‘leannáin’, Polly, a ghoid, go fadtéarmach. Éiríonn leis an sár-údar seo a scéal a chrochadh ar na tairní sin, agus agus caithfear a admháil nach chuile údar a d’fhéadfadh éacht dá leithéid a chur i gcrích.
Ach breathnaigh mar a éiríonn leis an údar seo críoch fheiliúnach a chur le scéal seo Ollie an mhí-áidh. D’éirigh idir é fhéin agus Polly, agus i ngan fhios do Ollie maol, d’éirigh a bhean, Gloria, agus Marcas, mór le chéile, sea! agus leis an sméar mhullaigh a chur ar an scéal, d’imigh Polly le Freddie Hyland. Bí ag caint ar chríoch an scéil a bheith mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith! Ina áit sin, sé atá agat nó críoch ina bhfuil chuile shórt ag iompú béal faoi! ach é uilig ag tarlú faoi bhaitín an údair sciliúil, cliste, seantriailte, John Banville. Agus ag deireadh an scéil, agus chuile shórt léite agat, tuigtear duit go bhfuil an t-údar ar a dhícheall ag iarraidh greim a bhreith ar ruball an tsaoil chasta, do-thuigthe seo, agus gur leag sé os ár gcomhair, foireann carachtar atá ag iarraidh toit a bhaint as an saol, ach nach raibh fágtha acu i ndeireadh na dála ach cuid Pháidín den mheacan, an rubaillín caol!!
An-leabhar, an–scéal, an-léamh. Stíl leithleach, plota casta, leabhar neamhghnách, a dhéanann iarracht na sramaí a bhaint dár súile, b’fhéidir!
Bain taitneamh as.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Leabhar spéisiúil
The Things We Know Now..by..Catherine Dunne
Seo leabhar ar tháinig mé air de thaisme, ar na mallaibh. Ní hé seo an chéad leabhar ón údar cáiliúil, Áth Cliathach, seo, Catherine Dunne, nó tá naoi n-úrscéal curtha ar fáil aice, agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aice lena saothar, cheana fein. Úrscéal, bunaithe ar shaol clainne, atá againn anseo, clann atá scoilte ag easaontais, agus atá, ag an am gcéanna, aontaithe ag coraí crua an tsaoil anróitigh seo. Thaitin an scéal go mór liom, agus thaitin cur chuige agus stíl an údair liom freisin. Is dócha gurb é, Patrick Grant, príomhcharactar an scéil seo. Féach mar a chuireann an t-údar in aithne dhúinn é, agus mar a chuireann sí tús lena scéal, ag an am gcéanna :-
Today, Thursday 21st March, 2013, is my seventy-fourth birthday. Three and a half years have passed since Daniel left us. Three years and six months, almost to the day.
Cuimhní cráite
Sea, nach glas fós é cuimhne Phádraig ar bhás a mhic, Daniel, agus sin an fáth go músclaítear ár bhfiosracht i dtús an scéil, agus nádúrtha go leor, teastaíonn uainn a fháil amach, tuige a bhfuil a chuimhne chomh glas sin? agus céard a tharla dá mhac? Ach le fios fátha an scéil sin a fháil amach, tá orainn dul siar ar chúrsaí saoil Phatrick. Mar a fheiceann muid san athlua sin, tá Patrick anois imithe anonn go maith sna blianta, nó tá ceithre bliana is seachtó ar an gclog aige. Phós sé Cecilia, agus bhí triúr iníon mar chúram orthu, ach tar éis blianta fada a bheith caite acu i bhfochair a chéile, thosaigh Patrick ag breathnú ar na cnoic i bhad uaidh, agus tuigeadh dó, go mba ghlaise iad ná na cnoic abhus. Ar Janet a chaith sé súil, agus chaith seal faoi gheasa aice. Fuair Cecilia amach gur mar sin a bhí, agus níor thaitin sin lei, nó lena n-iníon, Rebecca, ach d’éirigh leis an t-easaontas sin a leigheas, agus chuaigh cúrsaí i bhfeabhas, ar feadh tamaill, ach ansin, mar bharr ar gach anachain, fuair Cecilia bás agus fágadh Patrick leis fhéin. Bhí droch bhail air ar feadh scathaimh, ach chabhraigh, Ella, saineolaí sna cúrsaí sin, go mór leis, Ar ball, phós sé Ella, agus bíodh go raibh Rebecca go mór i gcoinne an phósta sin, go háirithe ó tharla go raibh scór bliain ag Patrick ar Ella. Ar ball áfach, nuair a rugadh mac, Daniel, dóibh, tuigeadh dóibh go raibh an saol ar a dtoil acu.
Faltanas curtha ar gcúl
D’éirigh go seoigh leo, ar feadh roinnt ama, ach nuair a bhí Daniel ceithre bliana déag d’aois, chuir sé lámh ina bhás fhéin, agus fágadh a mhuintir croíbhriste, buartha, brónach. Is dócha go bhféadfá a rá, gur chuir an bhuairt sin go léir cúl le faltanas Rebecca freisin, mar ní tráth faltanais é tráth géibhinn. Bhí ceist le scaoileadh ag Patrick agus ag a mhuintir faoi chúis bháis Daniel, agus chaith Patrick agus a bhean, Ella, a ndúthracht ag iarraidh teacht ar fhreagra na ceiste céanna sin. Anois, níl fúmsa fuascailt na faidhbe sin a chur ar phár dhuit anseo, ach b’fhéidir go maithfí dhom é, dá dtabharfainn leide don léitheoir anseo, agus dá gcaithfinn an focal ‘bullaíocht’ isteach sa mheascán anseo, tá mé cinnte, go dtuigfeadh fear léinn leathfocal, agus gur leor nod don eolach. Thuig Patrick fhéin an scéal go maith, nó chuir seisean aithne ar bhullaithe agus ar bhullaíocht, le linn dósan bheith ag dul ar scoil, leathchéad bliain roimhe sin.
Bain triail as, agus tuigfidh tú fhéin céard tá idir chamáin agam.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Úrscéal Spéisiúil
.
Leaving Ardglass…………..Céadchló…2008
le
William King…………………….12.50 Euro
An tríú húrscéal
Seo an tríú húrscéal ó pheann an údair eaglasta seo. Insítear dúinn ar chlúdach cúil an leabhair, gur rugadh an t-údar seo, William King, i gCiarraí, gur dhein sé a chuid staidéir i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath agus i gColáiste na Croise Naofa, i gCluain Life. Tá sé ina shagart pobail i nDroim Chonrach faoi láthair. Péire úrscéal mór-ráchairte i gcló uaidh, cheana féin, agus ní call a rá go mbeidh an-ráchairt ar an úrscéal seo freisin, amach anseo. Is iad cúrsaí creidimh, agus cúrsaí eaglasta, príomhábhair an úrscéil seo, agus dár ndóigh, cé eile ach sagart, a thuigfeadh ina iomláine, saol agus saothair, caimiléireacht agus camastaíl, dáiríreacht agus ionraiceas, lucht caite éide na n-eaglaiseach, cé eile, ach sagart, nó nach ndeirtí i gcónaí go dtuigfeadh Tadhg Taidhgín lá ar bith den bhliain. Sea, dár ndóigh, agus d’fhéadfadh an té a fuair oiliúint an tsagairt, buille faoi thuairim a thabhairt fúthu, freisin!
Tom Galvin
Ach le filleadh ar an leabhar spéisiúil seo. Is é Tom Galvin an príomhcharactar sa scéal, agus is trína shúile-sean a fheiceann muid an saol, mar a léirítear dúinn é, san úrscéal seo. Tosaíonn an t-údar ag deireadh an scéil, geall leis, d’fhéadfá a rá. Breathnaigh mar a chuireann sé é sa chéad chaibidil…
‘Time to ring the bell,’ I remind the sacristan as I settle the green chasuble over my shoulders.
In the mirror beside the vesting bench, I can see him grip his walking stick and shuffle to the back door of the church, his shadow stretches out over the ancient flagstones. ‘For whom the bell tolls, Monsignor.’
adeir sé…
Sin an Monsignor Tom Galvin ag labhairt lena shacraisteoir, in eaglais Pharáiste Chill a’ Dúin, roimh an Aifrinn, maidin amháin.
Iardhearcadh
Tá an Monsignor Tom ina shagart pobail sa pharáiste sin anois, dá dheoin fhéin, bíodh go raibh súil aige fhéin, agus ag roinnt mhaith eile freisin, lá dá raibh, go gcaithfeadh sé mítéar an easpaig, in áit bhairéad an tsagairt phobail, sár a leagfaí na hordóga air. Ach nach ‘in é an saol agat! Rugadh ár bpríomhcharachtar in Ardglass, i gCiarraí. Ní raibh móran fáltais ag a mhuintir, ach d’imigh deartháir leis go Londain, áit ar chnuasaigh sé fhortún, agus ar ball, nuair a bhí a chuid meánscolaíochta críochnaithe ag Tom, chuir an deartháir sin, M.J. fios air, agus chuir i mbun oibre thall i Londain é, agus é ag súil, go mbainfeadh Tom Céim Ollscoile amach, ar ball, agus go raghadh an bheirt acu i bpáirtíocht mar Chonraitheoirí Foirgníochta thall. Chuaigh Tom i mbun oibre, agus ba ghearr go bhfaca sé chomh cleasach, agus chomh cam, is a bhí gnó na Tógála thall. B’iomaí cuairt a thug sé ar an Halla Rince, an Galtymore, agus d’admhódh sé fhéin gur thaitin na céapair sin uilig leis. Fuair sé chuile dheis le saol Shasana a bhlaiseadh ina iomláine, rud a dhein, ach ar deireadh thiar, bhí air rogha a dhéanamh, nó bhí dhá rogha ar an bpláta roimhe amach. D’fhéadfadh sé céim a bhaint amach agus dul i bpáirtíocht lena dheartháir, nó d’fhéadfadh sé dul le sagartóireacht.
Chuaigh sé le Sagartóireacht
Chuaigh sé le sagartóireacht, agus d’éirigh thar barr leis i mbun na ceirde sin. Oirníodh ina shagart é, agus chaith blianta thall sa Róimh ag cur an chloch phréacháin ar a chuid léinn.
Ní gá a rá gur sciob sé an chraobh leis, thall ansin. Deineadh Monsignor de, agus bhíothas cinnte go mbainfeadh sé céim ard amach sa saol eaglasta.
Ar ball, tháinig sé abhaile go hÉirinn, agus níor dhein sé dearmad riamh ar a ndúirt an sagart óg leis sa Róimh. Bhuail sé forrán ar Tom, agus mar aguisín leis an bhforrán sin, scaoil sé an rún seo leis…
‘never forget, Tom, that when a man is sent to Rome to study, his bishop has him in mind for higher things. We’re the Coldstream Guards. None of us here are pack animals. We’d be wasted in a parish or on the missions’….That’s for the pass B.A. men’
Bhain Tom s’againne níos mó ná an Pass B.A. amach, nó tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag Propaganda Fide, bhain sé a Dhochtúireacht amach sa Diacht.
An Bachall tuillte aige
Chaith sé blianta ina dhiaidh sin ag cabhrú leis an Easpag Boylan in obair a dheoise siúd. I ndáiríre, bhí gnó an Easpaig sin á dhéanamh aige, agus sin go críochnúil, nó bhí a fhios ag fia is ag fiolar go raibh dúil ag an Easpag céanna sa mbraoinín. Tuigeadh i bhfad agus i ngearr go mbeadh an Monsignor Tom ina chomharba ar an Easpag Boylan, ar ball. Ach bhí sagairt eile sa dheoise chéanna sin, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, d’éirigh le duine acu an bhearna a bhaint den Monsignor ar deireadh thiar, agus fágadh Tom bocht mar thánaiste ag an bhfear céanna sin.
Fís an Mhítéir caillte
Níor éirigh leis, áfach, an t-iomaire sin a threabhadh díreach, agus i ndeireadh na dála, d’iarr sé ar an Easpag nua sin, paráiste iargúlta a thabhairt dó. Rinne an tEaspag rud air, agus sin mar a thosaíonn an scéal seo agus an Monsignor Tom i mbun oibre, mar shagart pobail, i gCill a’ Dúin, agus fís an mhítéir caillte aige, faoi mar a chaill sé gus agus gaisce laethe a óige.
An-scéal, an-stíl, an-insint. B’fhéidir gur mhaith leat triail a bhaint as?
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Léim an dá Mhíle 1
Peadar Bairéad
(An babhta seo, agus mar chloch ar a charn, caithimis súil siar ar léirmheas a rinneadh anseo ar leabhar Phádraig Uí Fhiannachta, tarraingt ar ocht mbliana ó shoin )
Léim an Dá Mhíle……………….Céadchló………………2009
Le
Pádraig Ó Fiannachta……………………………………€10.00
.
Trí ghloine shioctha
Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, a bhí an sagart cráifeach, dáiríreach, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, chaith sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire, agus ar ghlaise, an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúcháir bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear Ghailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin úd nó…
“Rugadh Íosa in Áth Dara.
Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”
Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is ceithre scór bliain ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.
Dhá Mhíle Bliain
Léim an dá mhíle bliain, ó thús na mílaoise seo, siar go dtí laethe Chríost, (Nó is mar cheiliúradh ar an Mílaois a cumadh an saothar seo a chéaduair.) Níl sa léim sin i ndáiríre ach cupla truslóg, adeir an tAthair Pádraig linn.
Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe Gaeilge a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.
Turas chun an Tobair
Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán dearg a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?
Ach b’fhéidir gur chóir dom, i dtosach báire, tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.
I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraig ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo é.
Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.
“Ní os comhair an tsáipéil
A bhí Críost ag caint an lá úd
Ach thiar ag Bun Calaidh
Agus amuigh ar Cheann an Ché….”
B’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo……………
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.