by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolaíodh Áilleacht Uafar 5
Peadar Bairéad
.
Tús maith
Nach minic a dhéantar dearmad ar chumas an Phiarsaigh mar óráidí, faoi mar nár den tábhacht é a scil san ealaín sin a scrúdú agus a mheas. Caithfear a chur san áireamh, go mbíonn ar an óráidí a óráid a scríobh, agus a athscríobh, a shnasú, a bhearradh, agus a chur in oiriúint do chluas a lucht éisteachta. Chuir an Piarsach tús lena scil san ealaín seo le linn a óige, nó ba iad a chlann fhéin a chéad lucht éisteachta. Ba dhia beag ag a dheartháir Willie é, agus bhí meas an domhain ag a dheirfiúr óg, Mary Bridget, air, agus bíodh gur choinnigh a dheirfiúr eile, Margaret, faoi smacht é, ag an am gcéanna, mhisnigh sí, agus ghríosaigh sí é.
Má bhreathnaíonn tú ar a dhrámaí, tabharfaidh tú faoi deara, gur mhinic úsáid á bhaint aige as óráidí, faoi mar a bheadh sé ag iarraidh a scil san óráidíocht a shnasú. Tá samplaí dá leithéid le fail in “An Rí” agus arís in “The Singer”. Agus fiú i ndánta cosúil le “The Fool” feicimid go bhfuil an claonadh chun óráidíochta, le tabhairt faoi deara ann.
Cruthaíonn an ocáid an fear
Ach gan aon dabht, ba í an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, buaic a cheirde mar óráidí Le sin a mheas, caithfidh tú an óráid sin a léamh athuair. Tharla an tsochraid sin Lá Lúnasa na bliana 1915. Tugann muid faoi deara, go mbaineann sé úsáid as roinnt áirithe Gaeilge, le tús a chur lena adhmholadh. Feiceann muid go bhfuil 905 focal san óráid ar fad, agus gur thart ar 165 focal díobh sin atá i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil 740 focal de i mBéarla aige. Anois, bíodh nach ró-fhada an óráid í, ag an am gcéanna ní foláir nó chaith sé an-chuid ama ag scríobh, ag snasú, ag athscríobh, agus ag cleachtadh na hóráide céanna sin. Tá thart ar 39 bhfocal i nGaeilge, san óráid, a bhfuil iontaofacht an dúchais le fáil iontu, focail atá ar chomhchéim leis an ócáid sollúnta inar úsáideadh iad.
Blas an Dúchais
Breathnaigh mar a d’iompaigh an Piarsach ar an nDonnabhánach, agus mar a labhair sé go díreach leis an té sin, a raibh an chré á roinnt leis, ar an ócáid speisialta sin……..
“Ba chalma an fear thú a Dhiarmaid…….”
Féach mar a úsáideann sé a ainm baiste. Baineann an nós sin go dlúth le nós an Chaointe fhéin, agus b’in mar a labhradh na mná caointe, fadó, le linn dóibh a gcaoineadh a chanadh. – Is cuimhin liom fhéin gur chuala mé mná caointe i mbun oibre ag torramh, agus gan ionnam ach ‘leaidín óg’ ag an am. Fanann a chuimhne sin liom go dtí an lá atá inniu ann, nó rug sé ghreim ar chraiceann mo dhroma ag an am. – Tá sé snasta, gearrtha siar, bearrtha, feannta go dti an cnámh, beoga, lán fuinnimh, agus é chomh teann le sprionga.
In aon abairt amháin !
Má dhéanaim athlua ar chuid d’abairt as, tuigfidh tú céard é go díreach atá i gceist agam….
“It has seemed right, before we turn away from this place in which we have laid the mortal remains of O’Donovan Rossa, that one among us should in the name of all speak the praise of that valient man and endeavour to formulate the thought and the hope that are in us as we stand around his grave,…”
Abairt réasúnta fada atá ansin againn! ach abairt a shileann go héasca ón dteanga, agus a shásaíonn ár ndúil i rithim agus i gceol, ach abairt atá bearrtha, slíoctha, snasta, ó thús deireadh. B’fhéidir gur chomhoibrigh a chomhleacaí, Tomás Mac Donnchú leis, sa bhfiontar sin, nó ba sciliúil, ildánach é an fear céanna sin i mbun gnó dá leithéid.
Ba mháistriúil an t-adhmholadh é, snasta, gonta, éifeachtach, agus ón nóiméad sin amach, tuigtear gur glacadh leis, gurbh é an Piarsach príomhóráidí an traidisiúin phoblachtánaigh. Thug an t-adhmholadh céanna sin ardú céime dó, i measc an dreama úd, ar mhór acu oidhreacht agus neamhspleáchas an náisiúin Ghaelaigh. Ba mhór é meas an Ghaeil, chuile lá riamh, ar an óráidí, ar an bhfile, ar an saoi, agus ar an ndraoi focal.
Tuilleadh le teacht.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolaíodh Áilleacht Uafar 2
.
(Thoughts of the Rising, and of its leaders, are beginning go come to the fore as we approach the centenary of that Easter Week 1916)
.
Áilleacht an tSaoil seo
.
‘Áilleacht an tsaoil seo’ a bhaist mé ar shraith altanna a scríobh mé, blianta ó shoin anois, agus mé ag smaoineamh ar dhán úd an Phiarsaigh …”The Wayfarer”, faoi Áilleacht an tSaoil seo.
“The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass.
Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun”
Sea, nár chumasach an file i mbun pinn é? agus nár leochaileach é luí a smaointe ar iontaisí an dúlra? I laethe an Phiarsaigh, bhí an tír seo fós faoi smacht Shasana, agus bíodh go raibh roinnt dár bpobal oilte agus sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, agus riaracháin, ag an am gcéanna, ní raibh cleachtadh faighte fós ag éinne acu ar rialú tíre, An tráth sin freisin, ó bhunú eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthcheas Gael, agus Sinn Féin, lean spiorad an náisiúnachais ag fás is ag forbairt i measc mhuintir na tíre ársa seo, Ní call dom a rá, go raibh an Piarsach fhéin páirteach sna gluaiseachtaí nua sin, tharla go raibh sé bainteach le hiriseoireacht, le múinteoireacht, agus le litríocht, tráth a raibh na fórsaí réabhlóideacha sin ag múnlú, agus ag dul i bhfeidhm, ar phobail na tíre. Breathnaigh ar an tír, faoi mar a bhí, an tráth úd, agus faoi mar atá sí inniu, agus tabharfaidh tú faoi deara, an fás ollmhór a tháinig ar shaol eacnamaíochta, agus ar stíl bheatha na muintire, san idirlinn, agus feicfidh tú freisin, gur tháinig fás as cuimse ar fhís, agus ar aisling, mhuintir na hÉireann, sa tréimhse chéanna sin.
“The Fool” .
Chreid an Piarsach go raibh seans ann, go bhfíorófaí a fhís, agus go dtiocfadh an ‘Éire Gaelach’ úd i réim, ar ball.
“O wise men riddle me this
What if my dream comes true?
What if my dream comes true
And if millions unborn should dwell
In the house I have shaped in my heart
The noble house of my thought.”
Thuig an Piarsach ina chroí istigh, céard a bhí uaidh, agus chuaigh sé i mbun oibre, go luath ina shaol, le sin a chur i gcrích. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge, agus in éineacht le spiorad na teanga sin, shlog sé siar neamhspleáchas fiáin an Ghaeil. Sea, agus d’fhoghlaim sé freisin ceird na saighdiúrachta. Ná ceap anois, go mba ghaeilgeoir buile, amach is amuigh é, nó níorbh ea, nó ba é an chuspóir a chuir sé roimhe sa scoil sin, nó córas dhátheangach a bhunú, sa chaoi go mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag daltaí Scoil Éanna. Ba sa Bheilg a chonaic sé mar a d’oibrigh córas dá leithéid sin go seoigh. B’in an chuspóir a chuir sé roimhe mar oideachasóir i Scoil Éanna. Breathnaigh freisin ar a chuid iriseoireachta, agus ar a chuid scríbhneoireachta. Bhí meas aige ar an dá theanga, agus gan fuath aige do cheachtar acu. Déarfainn go bhfuil sin le feiceáil go soiléir, sna focail seo, óna pheann fhéin….
…”and he who would segregate Irish history, and Irish men, into two sections…..Irish-speaking and English-speaking is not helping towards achieving Ireland a Nation…”
.
Caolaigeantach ?
.
Déarfainn go bhfuil sé soiléir go maith ón méid sin, nach raibh aon chaolaigeantacht ag baint leis an bPiarsach, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí teanga. Ach céard faoi’n ráiteas úd….
“Not free merely but Gaelic as well,
Not Gaelic merely but free as well.”
Nach sásódh an dátheangachas forálacha na fise sin? Agus tabhair faoi deara freisin, chomh cóngarach is a thagann an dearcadh sin do fhís Mhic Dhiarmada, ach shásófaí eisean dá mbeadh Gaeltacht agus Galltacht i réim sa tír, rud nárbh ionann is dátheangachas. B’fhearr é fís an Phiarsaigh, agus seans aige teacht i dtír, ar feadh tréimhse, ar aon nós.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolta ag athrú
Is iomaí seanfhocal a bhí ag ár sinsear, le neamhbhuaine an tsaoil seo a chur in iúl. “Is buaine gach rud na an duine”, adeireadh siad, agus iad ag iarraidh giorra an tsaoil seo a chur ar a shúile do dhuine, sea, agus arís nach minic a bhainidís leas as “Ní bhíonn in aon rud ach seal” le cur i dtuiscint do dhuine, go mbíonn na saolta ag athrú de shíor. Sea, mh’anam, tuigeadh dóibh go raibh chuile shórt thart orthu ag fógairt dóibh nach raibh cathair bhuan acu abhus. “Más fada an lá tiocfaidh an tráthnóna,” agus sa tslí chéanna, más fada fhéin réim an daonnaí i ngné áirithe den saol, níl buaine i ndán dó abhus, ach oiread.
Ag dul ar scor
B’in iad na smaointe a rith liom, ar na mallaibh, nuair a thug mé faoi deara, go raibh curaidh áirithe dem chuid, ag smaoineamh ar dhul amach ar scor. Caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chúis bhróin dom a leitheid a chlos, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh mé a admháil, go bhfuil a sos tuillte ag na curaidh chéanna sin, agus caithfidh mé “ad multos annos” a ghuí orhtu, agus mé ag súil go mbainfidh siad sult agus sásamh as a laethe ar scor.
Cé hiad na curaidh atá i gceist agam anseo, an ea?
Easpag
Bhuel! tosóidh mé leis an Easpag fhéin, an Dochtúir Ró-Oir. Laurence Foristal. Chuala, agus léigh mé sa nuachtán, go raibh beartaithe ag an Easpag céanna éirí as oifig go luath, agus ba í cúis a luadh leis an gcinneadh seo, nó go raibh an aois scoir sroichte, geall leis, aige. Caithfidh mé a admháil go mothóidh muid uainn é, nó ba Aoire tuisceanach, díograiseach, cineálta, carthannach é, an fear céanna sin, agus Eaglaiseach gradamach, céimiúil, údarásach. Níl le déanamh againn anois ach fad saoil, agus sláinte an bhradáin, a ghuí air, sna blianta atá romhainn amach. Ach, dár ndóigh, ní hionann sin go léir is a rá go n-éireoidh an t-easpag s’againne as oifig, láithreach bonn baill, nó deirtear liom, go bhfanfaidh sé ina phost go gceapfar a chomharba, agus chuile sheans go dtógfaidh sé píosa le sin a dhéanamh. Mar sin, d’fhéadfadh sé, le cúnamh Dé, go mbeadh an Dochtúir Laurence Foristal linn, mar easpag, go ceann scathaimh mhaith eile, agus thabharfadh sin deis don Eaglais comharba oiriúnach a lorg, a fháil, is a cheapadh, san idirlinn.
Iománaí
Agus cé eile atá ag éirí as a phost, an ea?
Bhuel, b’fhéidir nach dtabharfá post ar a raibh á dhéanamh ag an bhfear seo dúinn, le mám maith blianta anois, ach mura dtabharfá fhéin, ba chosúil le post é, a bhí á dhéanamh aige, go deonach, ina chuid saor-am fhéin. Sea, agus geallaimse dhuit é, nárbh aon iománaí ar an gclaí a bhí sa bhfear cáiliúil seo, níorbh ea mh’anam, ach iománaí a chuir an tír uilig seo faoi dhraíocht, agus faoi gheasa, lena scil agus lena ealaín, leis an gcamán fuinseoige. Ní gá a ainm uilig a lua ach oiread, i ndáiríre, níl le déanamh agam ach D.J. a lua, le go n-aithneodh madraí an bhaile, nó fiú na cait fhéin! cé dó a bhfuilim ag tagairt. Sea, agus gan deacracht ar bith, bronnaim an curadh mhír ar D.J. s’againne, nó glactar leis anois, gurbh é an t-iománaí ab fhearr sa ghlún seo é an D.J. Carey céanna sin, agus tá roinnt mhaith saineolaithe sa chluiche seo, a déarfadh, gurbh é an t-iománaí ab fherr riamh é. Ba sa bhliain 1970 a rugadh é, agus tharla go raibh mé fhéin im mhúinteoir anseo i gColáiste Chiaráin ag an am, agus bhí mé im’ mhuinteoir fós sa Choláiste céanna sin, thart ar dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, nuair a roghnaigh D.J. agus a mhuintir an Coláiste céanna sin mar Alma Mater don iománaí óg. Sea, agus tháinig sé go dtí an Coláiste, agus é cheana féin ina iománaí déanta. Is cuimhin liom ag an am, an scéal a chlos ó dhuine dem’ chomhleacaithe, nach bhfaca sé fhéin ógánach dá aois riamh, a raibh an leibhéal céanna scileanna, agus cleasa, leis an gcamán, ar a dheis aige, cheana fein.
Cén cineál scoláire a bhí i D.J. an ea?
Bhuel, bheadh sé deacair locht a fháil air, mar mhac léinn, nó bhí sé cineálta, díograiseach, lách, carthannach, comhoibritheach, agus é sásta, i gcónaí, rud a dhéanamh ort. Is féidir liom an gasúr óg sin a fheiceáil, anois fhéin, i scathán na cuimhne, é lách, gealgháiritheach, dáiríreach. Ní raibh sé chomh mór, nó chomh láidir le roinnt mhaith dá chomhscoláirí, ach mura raibh fhéin, is dócha gur thuig sé an seanfhocal sin, “an té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic”, agus nárbh é an Dodger fhéin a bhí cleasach ar Pháirc a’ Bháire? Is cuimhin liom fós, é a fheiceáil, le linn cluiche amháin. Tháinig an sliotar ina threo. D’ardaigh go sciliúil. Tháinig duine ón bhfoireann eile ina threo, agus drochfhuadar faoi. Tharraing sé go tréan, dícheallach, trasna ar loirgne D.J. Thuig seisean go seoigh a raibh ag tarlú, agus níor dhein sé ach léim a ghearradh thar an gcamán namhadach sin, cupla céim chun tosaigh ansin, agus bhuail an sliotar go cruinn gleoite thar an trasnán. Fanann an chuimhne sin im aigne fós, tar éis na mblianta a chuaigh isteach i muileann an ama, san idirlinn. Ach ní raibh san eachtra beag sin ach an tús, nó ón am sin i leith, choinnigh mé súil ghéar ar an iománaí sciliúil sin, agus chuile bhabhta, d’éirigh leis mé a chur faoi gheasa, lena scil, agus lena dhraíocht. Fanann a chuimhne liom fós, agus i gcónaí, is é an gasúr óg gáiritheach sin, a casadh orm i gColáiste Chiaráin i dtús na n-ochtóidí, a fheicim ar scáileán na cuimhne, nuair a smaoiním ar D.J. s’againne. Nár laga an Rí fhéin é, agus go maire sé an céad.
Agus Dochtúir
Ó tharla ag caint ar dhaoine ag dul ar scor mé, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar dhuine amháin eile, a bhfuil socraithe aige éirí as chleachtadh a cheirde, ceann de na laethe seo.
Cé hé fhéin, an ea?
An Dochtúir Frank Bradbury atá i gceist agam anseo. Anois, tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh, thart ar dhá scór bliain ó shoin anois, agus déarfainn gur shocraigh mé ar an Dochtúir Bradbury a roghnú mar dhochtuir don teaghlach, breis is scór bliain ó shoin anois. Ní raibh a chathú sin riamh orm ó shoin, nó ba é an dochtúir ab fhearr a casadh ormsa riamh é. Bhí sé lách, cabhraitheach, sciliúil, gairmiúil, agus stíl oibre aige, a chuirfeadh duine ar a shuaimhneas, chuile bhabhta. Ach thar aon thréith dá chuid, ba é an ceann ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó a fhoighid. Bhí sé sásta, i gcónaí, a chuid ama a roinnt go fial, flaithiúil, ort. Mothóidh mé uaim é, gan dabht ar domhan, ach ag an am gcéanna, nach bhfuil a shos tuillte aige, nach bhfuil a sheal caite aige ag freastal ar an bpobal s’againne, agus anois, níl le déanamh againne, ach fad saoil, agus scor faoin dtor, a ghuí air fhéin is ar a chúram. Nár laga an Rí é, agus gura seacht fearr a bheidh sé bliain ó anocht.
Leanann an Roth ag casadh
Bhuel, sin iad mo thriúr curadh agat anois, don tseachtain seo, agus iad uilig dom thréigean! Fear acu a thug aire do m’anam, fear eile a thog cúram mo cholainne air fhéin, agus an tríú duine, a chuir caitheamh aimsire taitneamhach, spreagúil, corraitheach, ar fáil dom, thar thréimhse bhreis is scór bliain, óna laethe i gColáiste Chiaráin i leith. Ach, mar adúirt an fear fadó, caithfear bheith dá n-éagmhais sin uilig feasta, nó nach ‘in an saol agat, a mhiceo? Leanann Roth mór an tsaoil ag casadh de shíor, sa chaoi go mbíonn chuile dhuine, thíos seal, agus thuas seal.
.
Peadar Bairéad.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolta ag athrú 1
Peadar Bairéad
Córais Rialaithe ag athrú
Dár ndóigh, ní haon rud nua é sin, mar bhí an Daonlathas fhéin faoi bhagairt, ó thús, agus ag amannta áirithe, tuigeadh do bhunús na ndaoine, go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin, agus nach raibh an dara rogha acu, ach iompú ar chóras éifeachtach eicínt eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar éinne, agus gan cur isteach ó éinne. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Domhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe, agus do ghrúpaí áirithe, sna tíortha sin, go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.
L’Etat c’est Moi !
Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachtacha freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát ...”L’Etat c’est moi”… I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag éinne cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht seisean bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire fhéin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an dtuiscint, gurbh ‘in an Reacht Diaga.
Saolta ag athrú
D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, dheamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach éinne, na laethe seo. Ní fhágann sin go bhfuil an córas céanna sin gan locht, nó thar mholadh beirte, mar, nuair a thagann an crú ar an táirne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlithe dragánta (draconian) a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an ndaonra, – ar mhaithe le leas an phobail – . Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh, faoi shúile an Stáit fhéin, mar adéarfá, agus tagann sé dian go maith ar an gcóras sin deighleáil leo, nó caithfidh siad feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlithe céanna sin, ach ag an am gcéanna, déanann siadsan chuile iarracht, féachaint chuige, nach mbriseann an Stát na dlithe céanna sin, a bhfuilidsean beag beann orthu. Ach i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, an tseachtain seo, in aon chor, ach chuige seo.
Toghchán cinniúnach
Thugamar uilig faoi deara nach bhfuair aon cheann dár bPáirtithe Polaitíochta móramh iomlán sa toghchán a bhí againn níos luaithe sa bhliain seo, agus ní hé sin amháin é, mar ó tharla nach raibh an dá phríomhpháirtí sásta dul i gcomhar le chéile le Rialtas a bhunú, theip ar na Páirtithe uilig Comhrialtas, a mbeadh móramh aige sa Dáil, theip orthu a leithéid a bhunú. Céard a bhí le déanamh acu ansin? Bhuel! chaitheadar breis is dhá mhí ar a maranna, ag iarraidh an fhadhb sin a fhuascailt, agus ba é a rinneadar i ndeireadh na dála, nó Rialtas Mionlaigh a bhunú, sin Rialtas faoi stiúir cheann de na Páirtithe móra, ach nach mbeadh móramh na dTeachtaí Dála dílis dó, ach ar gheall an ceann eile de na Páirtithe móra, cead rialaithe a thabhairt dóibh, chomh fada is a leanfaidís polasaí, a bheadh gualainn ar ghualainn lena bhfealsúnacht fhéin. Ar an gcéad amharc, cheapfadh duine nach mbeadh ar chumas Rialtais dá leithéid feidhmiú, olc, maith, nó dona, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó nuair a thagann an crú ar an táirne, tuigtear do na Teachtaí, nó do bhunús na dTeachtai, ar a laghad, tuigtear dóibh, nach bhfuil an dara rogha acu ach an gnó a thug na vótóirí dóibh a chur i gcrích, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, sin nó dul ar ais chuig na vótóirí arís, le sainordú nua a fháil uathusan, agus a fhios go maith a bheith acu, nach mbeadh le fáil, ag cuid acu, ó na vótóirí céanna sin, ach bata agus bóthar.
(Tuilleadh le teacht…)
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolta ag Athrú 2
Peadar Bairéad
(This week we consider our attempts to operate a Minority Government)
.
Rialtas Mionlaigh
Chonaic muid, an tseachtain seo caite, faoi mar a tharla i ndiaidh an toghcháin deiridh, nach raibh an dara rogha ag ár dTeachtaí Dála ach Rialtas Mionlaigh a bhunú, sin nó dul ar ais chuig na vótóirí, ag iarraidh orthu sainordú nua thabhairt dóibh, le Rialtas nua a bhunú, agus nár maith a thuig siad nach mbeadh an pobal céanna ró-shásta le socrú dá leithéid, tar éis dá dTeachtaí dhá mhí a chaitheamh ag iarraidh toil na vótóirí a chur i gcrích, agus gan de thoradh ar a n-iarrachtaí uilig, ach an teip. Nuair a cuireradh chuile shórt sa mheá, ba é a shocraigh siad, i ndeireadh na dála nó go ligfí do Fhine Gael Rialtas a chumadh, agus gheall Fianna Fáil go nglacfaidís fhéin leis an socru sin, ar choinníoll go leanfadh an Rialtas sin polasaí a bheadh inghlactha dóibhsean.
Nuair a léamar faoin socrú sin a chéaduair, ba é a cheapamar nó nach mbeadh Rialtas dá leithéid inmharthana, agus nach mbeadh aige ach saol fata i mbéal muice! Bhí breall orainn áfach, agus bíodh nár aontaigh siad faoi chuile shórt, ag an am gcéanna, níor deineadh aon cheo fós a phléascfadh an socrú a rinneadh in am an ghátair, agus nuair a smaoiníonn tú air, tá ualach asail de bhuntáistí ag baint leis an socrú úd a bhunaigh ár Rialtas Mionlaigh.
Buntáistí…
Buntáistí! adeir tú? Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le socrú ciotach dá leithéid?
Bhuel! ar an gcéad dul síos, is iarracht é, ar dheacracht in ár gcóras daonlathach a leigheas, agus caithfear a admháil, go raibh thart ar dhá mhí caite ag ár dTeachtaí nuatofa Dála, ag iarraidh Rialtas Móraimh a bhunú, agus é ag teip glan orthu a leithéid a dhéanamh, agus thuigfeadh duine ar bith nach raibh ach dhá rogha fanta acu ansin, agus sin Toghchán nua a eagrú, nó Rialtas Mionlaigh a bhunú, agus bíodh nach rabhthas ró-shásta a leithéid de Rialtas a bhunú, ag an am gcéanna, b’fhearr sin, dár leo, ná dul ar ais chuig na vótóirí le sainordú nua a lorg.
Agus ar an dara dul síos, b’fhéidir go bhfuil muid tar éis teacht, de thimpiste, ar eiseamláir nua Rialtais, agus má oibríonn sé, bhuel, b’fhéidir go nglacfaí leis feasta, mar réalt eolais a threoireodh i dtreo Thír Tairngire sinn. Anuas go dtí seo, ní raibh ach sampla amháin againn de Rialtas Mionlaigh, agus sa chás sin, ní raibh ach Páirtí amháin ag feidhmiú mar Rialtas, agus an dara Páirtí mór sásta cead a gcos a thabhairt dóibh, chomh fada is a leanfaidís polasaí a bheadh ag teacht lena ndearcadh siúd ar leas an phobail. Mar sin, socraíodh ar chineál nua Rialtais a bhunú mar thoradh ar a gcainteanna agus a margaíocht. Ach, le filleadh ar na buntáistí a bheidh ag Rialtas dá leithéid a bhunú, caithfidh muid a chur san áireamh, ar dtús, nach mbíodh i gceist, go nuige seo, ach Rialtais AonPháirtí, sin nó Comhrialtas, ach go dtí seo ní bhíodh glacadh ar bith le Neamhspleáigh mar bhaill de Rialtas, ach an babhta seo, tharla go raibh na Neamhspleáigh eagraithe mar mhionpháirtithe, ar mhaithe lena leas fhéin, agus leas a bpobail, a bhaint amach, tharla anois go rabhthas sásta Aireachtaí a bhronnadh orthu, ar choinníoll go ngeallfadh siad dílseacht, mar Pháirtí, don Rialtas nuabhunaithe. I ndeireadh na dála, tar éis breis is dhá mhí a chaitheamh i mbun margaíochta, bhíothas sásta Rialtas a bhunú faoi stiúir Fhine Gael, ach le hAirí Neamhspleácha mar Airí Rialtais ag iomradh bhád an Stáit ar aonbhuille leosan. Sea, ar deireadh thiar, bhí cineál nua Rialtais againn le gnó an Stáit a riar dúinn.
Ag glaoch sa bhFásach!
San am atá thart, nár mhinic a bhíodh Teachtaí Neamhspleácha ag glaoch leo fhéin sa bhfásach, agus gan aon ró-aird ag éinne orthu, sea, agus nár mhinic fís bhreá, chiallmhar, ag na daoine céanna sin, ach anois, bheadh Aireacht ag cuid de na Teachtaí éirimiúla seo, agus é ar a gcumas, a bhfís a leagan ar bhord an Rialtais, agus iarracht a dhéanamh le feoil a chur ar chnámha na físe sin, ar mhaithe le leas an phobail. Ní féidir a shéanadh, gur le leas an phobail socrú dá leithéid.
Anois, tá ráflaí ag dul sa timpeall, nach mbeidh ar chumas ar Rialtas Mhionlaigh buiséad a dhréachtadh agus a achtú don bhliain seo chugainn, agus muna mbeidh, beidh a bport seinte, Tiúrfaidh an aimsir freagra na ceiste sin dúinn. Ach, céard a déarfar má éiríonn leo an gnó sin a chur i gcrích?