I  mBéal  an  Phobail An duais don Dathuil

I mBéal an Phobail An duais don Dathuil

An Duais don Dathúil ?

.

Níl dabht ar domhan ach gur thóg Chluichí Oilimpeacha Beijing croí agus meanman an tsaoil mhóir, níos luaithe i mbliain seo 2008, nó ní hamháin gur deineadh na Cluichí céanna sin a reachtáil go cruinn, cúramach, sásúil, ach d’éirigh leis na Sínigh, ag an am gcéanna, clú agus cáil a thuilleadh dóibh fhéin ó cheann ceann na cruinne, lena scileanna, lena gcumas, agus lena leithleachas. Cé dhéanfadh dearmad ar an tsearmanas taibhsiúil, sciliúil, do-bhuailte, a láithrigh siad, ar ócáid oscailte na gCluichí? Sea, agus cá bhfágfá an tsearmanas a leag siad os ár gcomhair mar chúl-chlúdach ar leabhar do-dhearmadta a mbaiste mar chumhacht do-sháraithe na haoise seo? Agus sin uilig, gan trácht a dhéanamh in aon chor, don chathair neamhaí a thóg siad le seoid na gcluichí a leabú inti, gona bhfaichí, gona locha, gona seastán fiú, a raibh cuma nide air, le deis a thabhairt don lucht féachana radharc an fhiolair a fháil ar lúithirní an domhain ag glacadh páirte, go cróga, misniúil, i gcluichí, i gcomhlanna, agus i gcoimhlintí, agus iad uilig ag iarraidh dul níos mire, níos airde, nó níos sia, ná mar a deineadh riamh, go nuige seo.

Leatrom ?

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh an tseandream fadó, agus bhain daonra an domhain mhóir an-taitneamh as an spléachadh sin a fuair siad ar an saol, mar a chaitear é, i gcríocha ollmhóra na Síne. Níor fágadh fuíoll molta ar an dtír, nó ar a muintir, ach nuair a bhí chuile shórt faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, chuala an saol mór an scéal faoin bhfógraíocht úd a deineadh agus girseach óg ag glacadh páirte ann, ach toisc nach raibh sí dóighiúil go leor, caitheadh ar leataobh í, agus ina háit, bhain an lucht fógraíochta leas as girseach óg eile, girseach ar bhronn a máthair baistí sí, bua na dathúlachta uirthi. Nuair a leath an scéal sin i measc daoine, ba é an toradh a bhí air nó déistean a mhúscailt i gcroí daoine, toisc gur deineadh leatrom dá leithéid ar an ngirseach bhocht úd, agus gan tada déanta as an mbealach aici. Tuigeadh dóibh, nach raibh sé ceart, cóir, nó feiliúnach, beart dá leithéid a dhéanamh, agus go raibh náire shaolta tuillte an na Sínigh as a leithéid a dhéanamh… Fobún orthu! más fíor a hinsíodh dúinn sna meáin.

Ná déan mar a dhéanaim………

Ach ansin, nuair a chuirtear an bhreith sin faoin tóirse, feictear dúinn nár dhein na Sínigh ach an rud a dhéantar chuile lá, anseo in Oileán na Naomh is na nOllamh!

Ag magadh atá mé, an ea?

Geallaimse dhuit nach ea! Mar nuair a bhreathnaíonn tú ar an teilifís, agus nuair a dhíríonn tú tóirse na fiosrachta ar aighthe na ndaoine a phioctar, le teacht ar an scáileán os comhair daoine, le nuacht a léamh, le réamhaisnéis na haimsire a chur i láthair, le cláracha a láithriú, nó fiú le páirt a ghlacadh i gcomórtas talainne, nó i dtionscnamh ar bith dá leithéid, feicfidh tú, gan aon ró-stró, go mbaintear úsáid as cleas úd na Síneach, agus go bpioctar an té a bhfuil bua na dathúlachta ag roinnt leis, nó lei. Anois, níl dabht ar domhan, ach go mbaineann daoine pléisiúr as bheith ag breathnú ar dhaoine dathúla, bíodh siad fireann nó baineann, ach ar an morgóir, is ar áilleacht ban a bhíonn ár n-aire dírithe.

“De gustibus……”

Anois, nuair a théann sé go croí an ábhair, cé déarfadh go bhfuil an duine seo dathúil, nó an duine úd eile míofar? “De gustibus non est disputandum”, faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó! Nó nach bhfuil a áilleacht fhéin ag chuile dhuine daonna? Ar an ábhar sin, nach bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine, a scathaimhín fhéin faoin ngréin a éileamh? Sé sin, má tá an talann, agus na scileanna cuí aige. Ná bíodh againn feasta, mar sin, mar shlat tomhais ach cumas an iarrthóra ach a ábaltacht ar ghnóthaí an phoist a choimhlíonadh. Má leantar an treoir sin, seans go mbeidh deis againn feasta, chuile chineál duine a fheiceáil ar ár scáileáin, nó bíodh go bhfuil sé éasca ar na súile breathnú ar dhuine dóighiúil, ní hionann sin is a rá, nár chóir go mbeadh a dheis fhéin ag chuile dhuine –bíodh sé dóighiúil nó bíodh sé míofar – teacht os ár gcomhair ar an scáileán sí. Ní hionann dathúlacht agus ábaltacht, nó ní hionann míofaireacht agus éagumas.

.

Peadar Bairéad

I  mBéal  an  Phobail An duais don Dathuil

I mBéal an Phobail I gCeartlar mo dhaoine

.

“I gceartlár mo dhaoine”

.

Thug mé cuairt ar an Iarthar, le déanaí. Bheadh ar dhuine a admháil don saol mór nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am, nó maidin Domhnaigh, agus muid ag fágáil an bhaile anseo i gCill Chainnigh, bhí sé ag cur sceana gréasaí. Ní dóigh liom, go bhfaca mé báisteach chomh trom leis, leis na cianta, agus dá chomhartha sin, bhí orainn tiomáint trí locháin uisce, a bhí ag trasnú an bhóthair anseo is ansiúd. Cuir le sin, go raibh na spéartha gruama leagtha anuas orainn, geall leis ach níor bhréag ar bith a rá, gur oir gruamacht na haimsire don ngruamacht gránna a bhí cuachta ina scamall dlúth múchtach, sa chroí istigh ionnam.

Turas na Trócaire

Tuige a’ raibh an croí istigh ionnam chomh trom, gruama, dubhach, sin, An ea?

Toisc nach siar ar aeraíocht, nó ar saoire a bhí mé ag bogadh, an mhaidin bhroghach sin. Níorbh ea, mh’anam, mar ba ar shochraid a bhí mé ag dul, sochraid mo dheirféar Cáit, an duine deiridh den ál, taobh amuigh díom fhéin, a bhí fanta os cionn talaimh fós. Tuigfidh tú, mar sin, nach raibh aon ró-dheifir orm, agus mé i mbun an aistir chéanna sin, nó ní le fonn a thug mé faoi i dtosach báire, ach gur tuigeadh dom, go raibh sé de dhualgas orm bheith ar an bhfód, don ócáid sin.

Chun bóthair linn go breá luath, ar eagla go gcuirfeadh an doineann moill orainn, ach tar éis dúinn dul trí chupla linn uisce, anseo is ansiúd, fan an bhóthair, rinneamar an tslí a chur dínn go héasca, agus chomh maith le sin, chomh luath is a thrasnaigh muid an tSionainn, bhí sé ina thuradh ansin, go tráthnóna.

Siar a chuamar

Chuireamar an oíche sin tharainn i mBéal an Átha, agus an mhaidin dár gcionn, thugamar an bóthar siar go Béal an Mhuirthead orainn fhéin. Shroicheamar an Teach Ósta nua sin, ar imeall Bhéal an Mhuirthead go breá luath, agus bhí deis againn scathamh a chaitheamh ansin, lenar scíth a ligint, roimh an chuid deiridh den aistear go dtí an Geata Mór a chur dínn.

Nuair a shroicheamar an Geata Mór, tamall roimh mheánlae, bíodh gur ar shochraid a bhíomar ag dul, ag an am gcéanna, ba thógáil croí domsa bualadh leis an oiread sin seanchairde. Ag buille an mheánlae, cuireadh tús leis an Aifreann. Bhí triúr sagart ar an altóir, sagairt a raibh aithne acu ar Cháit, nó ba mhinic í ag obair ansin i Séipéal álainn Naomh Sheosaimh sa Gheata Mhóir. Ba mhór go deo an chabhair iad, an tAifreann fhéin, na hiomainn ón gCór, an seanóir ón Sagart Paráiste, agus tacaíocht an phobail mhóir a bhí bailithe ar an bhfód, lena gcomhbhrón a chur in iúl, le meáchan ár gcumha a laghdú, lenar mbuairt a mhaolú, agus lenár gcaoinchuimhne a threisiú.

Deireadh an Aistir

I ndiaidh an Aifrinn, shnigh an tsochraid a slí anacair i dtreo Reilg na Croise, Reilg atá i ngiorracht urchar méaróige do Sheanmhainistir na Croise, mar a bhfuil an file, Riocard Bairéad fhéin, ag tabhairt an fhéir. Ach fillimis ar an Reilg Nua, mar a raibh uaigh tochailte go doimhin i ngaineamh bhog gheal an Mhuirthead. Uaigh a thochail gaolta agus cairde Cháit. Deineadh an uaigh a choisreacan. Íslíodh an chónra. Dúradh na paidreacha cuí, agus ansin, fad is a bhí deichniúr den Phaidrín á rá, bhí na gaolta agus na cairde céanna sin, ag líonadh na huaighe le gaineamh bhog bhán, a thit anuas gan trup ar chlár na cónra. Tráth raibh an deichniúr ráite, bhí an uaigh líonta, agus an farasbarr baslaithe ina iomaire deas, néata os a cionn. Sea, agus nárbh oiriúnach an chomhartha chéanna sin, ar ár ndúil uilig san aiséirí, san athfhás sin, a luaitear sa véarsa….

Ó bhás to críoch,

Nach críoch ach athfhás,

I bParrthas na nGrást

Go rabhaimid.

Agus an méid sin déanta againn, d’fhanamar uilig ar an bhfód go ceann tamaill, muid ag caint is ag comhrá, ag seanchas is ag síor-rá. Muid ag rúscadh aibhleoga na cuimhne, ach thar aon rud eile, muid ag misniú a chéile, le tabhairt faoin chuid eile dár n-oilithreacht fhéin.

Áit ag Bord an Tiarna, go raibh ag Cáit bhocht s’againne anocht agus i dtólamh.

Gaineamh Bhog Bhán

D’íslíomar a cónra chláir

I gciúineas caoin a huaighe,

Is ghuíomar dá hanam dil

Grásta is síocháin neimhe.

.

Líonadh isteach an uaigh

Le gaineamh bhog bhán Iorrais,

A thit mar chálóga grásta,

Gan trup, lá úd na Leice.

.

Is d’fhanamarna sa timpeall,

Mearaithe ag rún na beatha,

Ag seanchas is ag comhrá

Ar stair is ar ábhair reatha.

.

Taobh linn, bhí na tonnta mara

Ag briseadh go cumhach cois trá,

In ómós do Cháit bhocht na gile,

Is ag guí uirthi suaimhneas gan chrá.

.

Mothóimid uainn thú, a dheirfiúr,

Do chomhluadar caoin is do chiall,

Go raibh tíos agat feasta sna Flaithis,

Faoi shíocháin is suaimhneas gan chríoch.

.

.

Peadar Bairéad

.

***********************************

.

.

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail An duais don Dathuil

I mBéal an Phobail Ruin athbhliana

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Rúin athbhliana

Tá an tráth sin bliana tagtha arís! Na Gearróga dubha curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go cúramach i dtreo na Féile Bríde. Seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh. Seo an t-am le seolta a ardú arís, le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a ní is a scóladh, le bainne úr milis na beatha a scaoileadh isteach iontu, ar eagla a mhillte. Sea, gan dabht ar domhan, seo an tráth le claíocha bearnaithe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamh ar fhiaile shantach, bharrphlúchtach ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoin ábhar thuasluaite.

A Thriochadú breithlá

Bliain faoi leith domsa isea bliain seo ár dTiarna, 2009, nó triocha bliain ó shoin go díreach, sea a thosaigh mé ar an gcéad alt den Cholún seo, I mBéal an Phobail a scríobh. Is maith is cuimhin liom an ócáid, nó b’in í bliain an Phápa, an bliain 1979, nuair a cuireadh tús leis an gColún seo. Tharla cupla uair, san idirlinn, gur cheap mé fhéin go gcuirfí deireadh leis an gColún céanna sin, ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, tháinig sé slán, agus beidh sé ag ceiliúradh a triochadú breithlá, am eicínt, amach anseo, ag deireadh na bliana seo. Bí cinnte go gcuirfidh mé an ócáid sin i gcuimhne dhaoibh, ag an am ceart, ach ar eagla na heagla, bígí ag faire amach don ócáid, sibh fhéin. Is dócha gur chóir dom tagairt a dhéanamh do rud amháin eile anseo freisin, agus sin, go dtarlaíonn sé corruair, nach mbíonn fáil ar an gcolún seo, in eagrán, nó dhó, den Kilkenny People, agus ar ócáid dá leithéid, b’fhéidir go gceapfadh duine go raibh deireadh leis an gcolún feasta! Bhuel, beag an baol! Ní bhíonn i gceist ach nach mbíonn spás le fáil don cholún, san eagrán, nó sna heagráin, áirithe sin.

Ach le filleadh ar na rúin athbhliana sin………..

Deireadh leis an Mustar!

Tugann an bhliain áirithe seo deis faoi leith dúinn breathnú athuair ar chúrsaí an tsaoil s’againne. Is dócha go dtuigtear do chuile mhac a’ pheata againn anois, go bhfuil deireadh leis an mustar! nó bhailigh an Tíogar Ceilteach a chip is a mheanaithe leis anuraidh, agus thug Críocha Coimhthíocha Grianmhara Dofhála air fhéin, agus caithfidh muidinne tuiscint athuair, nach bhfuil Cathair bhuan ar bith againn ar an saol seo, agus nach bhfuil buaine ar bith ag baint le saol, le saibhreas, nó le gradam. Bliain ó shoin, bhíomar uilig ar dhroim na muice, agus féach orainn anois! Nár thapaidh a leagadh sa mhoirt sinn? Tá laethe anróiteacha romhainn amach, laethe an anró, agus an chruatain, nuair a bheidh dífhostaíocht forleathan go maith, inár measc arís, agus nuair a bheidh ganntanas airgid ag cur as do roinnt mhaith daoine. Ach, faoi mar adeireadh an tseandream fadó, “an rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é,” agus b’fhéidir gurbh acusan a bhí an chiall, nó ní tagann olc i dtír nach fearrde duine eicínt é! agus mar sin, is é is lú is gann dúinn a dhéanamh, nó leas a bhaint as an anachain. Sea, ach conas is féidir le duine a leithéid a dhéanamh? Bhail! caithfidh sé dul ar a mharana agus leas a bhaint as na coinníollacha nua beatha a scaoiltear chuige. caithfidh muid breathnú ar na botúin a rinneamar, agus atá á ndéanamh fós againn, agus fáil réidh leo feasta. Níl dabht ar domhan, ach go raibh airgead agus am á gcaitheamh go diomailteach againn, in áit iad a dhíriú ar an ngad ba ghiorra don scornach. Bhail! feasta, is féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó na dearmaid a rinneamar le linn laethe na flúirse, nuair a bhí saol na bhfuíoll á chaitheamh, ag íseal is ag uasal. Caithfidh muid cúbadh chugainn feasta, agus deireadh a chur le diomailt, le fábhraíocht, agus leis an teanga liom leat.

Athbhreithniú

Tabharfaidh na laethe seo deis dúinn freisin, féachaint ar na bealaí éagsúla a úsáidtear inár measc, le pá, teacht isteach, agus tuarastal, a mheas, agus a shocrú, sea, agus nár chóir breathnú freisin ar na liúntais éagsúla, a íoctar le hoibrithe áirithe, nó nach liúntais saor ó cháin a leitheid, gur fiú mórán d’oibrí ar bith iad, bíodh sé ina dhochtúir, ina theachta dála, nó ina iascaire. Nár chóir, ag an am áirithe seo freisin, breathnú arís ar na pinsin a íoctar do dhreamanna áirithe sa Stát s’againne, nó níl dabht ar domhan, ach go n-éiríonn le dreamanna áirithe an córas úd a chrú, ar mhaithe leo fhéin.

B’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, agus gur leor é, le daoine a chur ag cur is cúiteamh faoi na cúrsaí céanna sin. Má d’éirigh liom sin a dhéanamh, beidh mé breá sásta liom fhéin. Agus fillfidh mé, amach anseo, ar chúrsaí coirpeachta, agus ar na bealaí is fearr le deighleáil leo.

I  mBéal  an  Phobail An duais don Dathuil

I mBéal an Phobail The GPO Renewal Plans

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

The GPO Renewal Plans

Is dócha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuachtáin, ar na mallaibh, faoi na pleananna uilig, i dtaobh thodhchaí an GPO, atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo,

ag an Rialtas s’againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairiúil sin a dhúnadh mar ArdOifig an Phoist, agus ar chostas dhá chéad go leith milliún Euro, é a athnuachan, agus a athfhorbairt, mar ionad ollmhór pobail. Tá socraithe acu díon gloine a chur os cionn an fhoirgnimh ar fad, sa chaoi go mbeadh ar chumas daoine, cruinniú istigh ansin, beag beann ar an aimsir. Agus ó tharla go bhfuil ArdOifig an Phoist tógtha ar shuíomh breá, fairsing, mar a bhfuil foirgnimh agus clóis leata amach ó Shráid Uí Chonaill siar go dtí an Stuara. Anois, ó tharla gur leagadh roinnt mhaith den bhfoirgneamh sin le pléascáin, agus le tine, le linn Éirí Amach na Cásca, táthar den tuairim, nár mhór an chailliúint é, a mbunús sin a leagan, le spás a chruthú don dtionscadal nua seo.

Commemoration Plans

Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, a bhfuil an Rialtas s’againne meáite ar an oiread sin airgid a chaitheamh ar thionscnamh ollmhór athnuachana mar seo?

Cúis amháin, adeirtear linn, agus sé sin go bhfuiltear ag ullmhú do cheiliúradh céad an Éirí Amach, a tharla um Cháisc, sa bhliain 1916. Sea, agus tugtar le tuiscint dúinn, go bhfuil na pleananna athnuachana á n-ullmhú cheana féin, ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Comhlacht Sasanach Ailtirí, sa chaoi go gcreidtear, go bhfuiltear ar aon fhocal, ar bhundhréacht don athnuachan. N’fheadar céard adéarfadh Francis Johnston, an té a dhear an GPO céanna a chéaduair, sa bhliain 1818, dá bhfeicfeadh sé na pleananna athnuachana atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo, lena fhís álainn ailtireachta a mhilleadh? B’fhéidir go mbeadh ceiliúradh eile eagraithe don bhliain 1818, leis an dara céad den bhfoirgneamh a cheiliúradh? Ach b’fhéidir arís nach mbeadh!

Drop-in Shop

Ach céard a bheadh ar fáil sa bhfoirgneamh athnuaithe?

Deirtear linn, go mbeadh cead ag an bpobal siúl isteach ann ó chuile shráid sa timpeall, agus go mbeadh ar fáil istigh ansin, iarsmalanna. tithe bia, siopaí, áiléir, agus a leithéid. Is dócha gurb é atá uathu nó tuilleadh daoine a mhealladh go dtí an taobh ó thuaidh den Ardchathair, agus ní hé amháin i lár an lae ghil, ach go déanach san oíche freisin. Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh, go bhfuil sé deacair go leor smacht de chineál eicínt a choinneáil ar an méid daoine a bhíonn le fáil istigh sa limistéar sin, i láthair na huaire seo, gan na céadta, agus na ceadta eile, a mhealladh isteach ann.

Sea, agus rud eile, cé dúirt gurb é sin a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann? Caithfidh mé a rá, nárbh é sin a theastaigh ó bhunús na ndaoine a casadh ormsa, le seachtain anuas. A mhalairt ar fad a bhí uathu. Dár leosan, foirgneamh speisialta isea an GPO, foirgneamh a fheidhmíonn mar Shanctóir Náisiúnta. Foirgneamh ar chóir dúinn é a choinneáil, agus a chosaint, trí ordú caomhnaithe, in ionad ollmhargadh a cheadú do shuíomh chomh choisricthe, chomh tábhachtach, chomh gar sin do chroí agus do bhreith an Náisiúin s’againne. Is é mo thuairim freisin, gur chóir an GPO a choinneáil mar ArdOifig Poist na tíre seo, in ionad oifigín poist a dhéanamh aisti.

An Interpretative Centre ?

Ach, an bhfuil fiúntas ar bith sna pleananna freacnairce seo, atá a dhréachtadh ag Oifig na nOibreacha Poibli, i láthair na huaire seo?

Cinnte, tá, agus an-fhiúntas, ach is é mo thuairim, gur féidir linn an dá thrá a fhreastal ar an ócáid seo.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, seo. An GPO a choinneáil mar atá faoi láthair, ar an ionad stairiúil ceanna, mar a raibh sé, nuair a mháirseáil na hÓglaigh isteach inti, um Cháisc, 1916. Cinnte, d’fhéadfaí é a athchóiriú, a athnuachan, agus a thabhairt suas chun dáta. Agus nuair a bheadh sin déanta, ansin d’fhéadfaí an chuid eile den suíomh a fhorbairt trí “Ionad Mínithe” taibhseach, álainn, spreagúil, a thógáil ar an suíomh, maraon le Proinntithe, agus siopaí díolta chuimhneachán. Ná bac leis an díon gloine, nó ba chóir go mbeadh gnó an phoist scartha ón “Ionad Mínithe” agus na gnóthaí eile.

Cherish all citizens equally

Más uainn an Éirí Amach a cheiliúradh, faoi mar ba chóir, cuirimis Stát ar bun anseo ina ndéanfar chuile shaoránach a chumhdach, a chaomhnú, agus a chosaint, faoi mar a ghealltar i bhForógra na Poblachta, a léadh os comhair an GPO, um Cháisc, 1916. Sílim nár chóir dom a thuilleadh a rá faoin ábhar seo, ach céard fútsa? An gcoraíonn na pleananna seo thú?

I  mBéal  an  Phobail An duais don Dathuil

I mBéal an Phobail.. ..Coisir san Ionad nua.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cóisir san Ionad Paróiste nua

Nach againn a bhí an spraoi anseo in Ionad Paróiste Phádraig, ar an gCéadaoin, an 25ú Márta na bliana seo, nó ar an maidin chéanna sin, fuair pobal Aifrinn 10.30 a.m. in Eaglais Fhiachra cuireadh chuig cóisir speisialta, a d’eagraigh Rang Idirbhliana Chlochar Loreto, le hobair is le spiorad aostaigh an Pharóiste seo, a cheiliúradh.

Anois, ní haon rud nua é, do phobal an Aifrinn chéanna sin, a theacht le chéile san Ionad Paróiste nua, le cupán tae agus brioscaí a chaitheamh i bhfochair a chéile, rud a thugann deis dóibh a gcomhrá agus a seanchas a dhéanamh ansin, ar a suaimhneas, ach go hiondúil, tharlaíonn sin chuile mhaidin Mháirt. Ní gá a rá, gur nós nua é seo, a d’fhás as féidireachtaí an Ionaid bhreá nua atá againn anois sa Pharóiste seo. Rud speisialta a bhí sa chóisir seo a d’eagraigh Teaghlach Loreto dúinn áfach, agus ní call dom a rá, go raibh slua breá mór ar an bhfód don ócáid, nó bíonn pobal líonmhar ar an láthair don Aifreann sin ag a 10.30 a.m., chuile mhaidin.

San Ionad Nua

I ndiaidh an Aifrinn, bhuaileamar isteach san Ionad nua, agus isteach linn sa Halla breá fairsing atá acu ansin. Bhí boird agus cathaoireacha leagtha amach ansin romhainn, sea, agus bhí brioscaí, agus sólaistí de chuile shaghas ansin freisin, deasa deasa a rinne na cailíní as an Rang Idirbhlianach a ullmhú don ócáid. Bhí cailíní an Ranga sin ar an bhfód, agus potaí tae, agus potaí caifé, á láimhseáil acu, go cliste, ealaíonta, agus geallaimse dhuit e, gur ghearr an mhoill orthu freastal ar an slua a bhí sa láthair.

Ach ní hé amháin go raibh na sólaistí sin uilig curtha ar fáil acu dúinn, nó chomh maith le sin, bhí féasta ceoil agus amhránaíochta ullamh acu dúinn freisin. Ó! Mo dhearmad! Ba bheag nár dhein mé dearmad ar na daimhseoirí, nó bhí rinceoirí den scoth ansin acu freisin.

Ceathairéad a chuir tús leis na himeachtaí, agus nárbh iad a chuir fonn damhsa ar a lucht éisteachta, le binneas agus le rithim a gceoil. Ba ghearr go raibh, bosa á mbualadh, bróga á mbogadh, agus coirp á luascadh, le gile agus le rithim an cheoil. Ina ndiaidh siúd, tháinig beirt amhránaí os ár gcomhair lena nAllelúia, agus arís, rinne an bheirt seo comhcheol le chéile, go binn, corraitheach, leochaileach. Bhain an lucht éisteachta an-taitneamh as a scil, agus as a gceol, agus ba ghearr go raibh siad ag comhcheol in éindigh leis na hamhránaithe.

Buailigi cos air !

Rinceoirí a tháinig os ár gcomhair ansin, agus geallaimse dhuit é, gur bhain na cailíní seo ceol agus fuaim as an urlár, le rithim, agus le haclaíocht cos. Sea, agus nárbh iad a bhí gléasta go glé-geal, ildathach, ina bhfeisteas speisialta rince? Fuair siad an-bhualadh-bos ón lucht éisteachta.

Caithfear a rá, go raibh an chóisir chomh spreagúil, suimiúil, corraitheach, go bhfuil chuile sheans ann, go ndearna roinnt mhaith againn dearmad ar an gCarghas, agus bíodh go raibh cuid mhaith againn éirithe as sólaistí áirithe, feadh an Charghais, thug mé fhéin faoi deara, gur bheag de na deasa deasa a bhí fanta ar na boird i ndiaidh na cóisire! Ó bhail! Nach annamh a bhíonn cóisir dá leithéid againn, tráth ar bith den bhliain, gan caint in aon chor ar Shéasúr an Carghais?

Tuilleadh !

Lean na cailíní lena gcoirm cheoil, le tuilleadh ceoil, amhráin, agus rince, ach más fada an lá tagann an tráthnóna, agus ba é an dála céanna é leis an gcóisir s’againne, agus ar deireadh thiar, bhí an spórt thart, ach ba mhór a bhí an pobal s’againne faoi chomaoin ag Teaghlach Loreto, agus ag cailíní an Ranga Idirmheánaigh, agus ba é guí gach éinne a bhí ar an bhfód, an mhaidin sin, nó go m’bhféidir go dtiocfadh na cailíní céanna ar athchuairt chugainn, am eicínt, roimh dheireadh na bliana.

Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheidh siad bliain ó inniu.

en_USEnglish