by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
‘Thin Air’..……by..……Michelle Paver
( Scéal é seo faoi bhuíon shléibhteoir a thug faoi bharr shliabh Kangchunjunga a bhaint amach, sa bhliain 1935, ach buíon a raibh fórsaí an tsaoil mhóir ina gcoinne.)
Peadar Bairéad
Taibhseoireacht?
Tosaíonn an scéal seo i ‘Darjeeling’, i ‘West Bengal’, in Aibreán na bliana 1935, áit a bhfuil ár bpríomhcharactar agus ár scéalaí, An Dr. Steven Pearce, i gcomhrá le, Millicent, iníon Charles Tennant, sléibhteoir.
Ach i dtosach báire, cérbh í an t-údar, an Michelle Paver seo? Bhuel! fuair mé amach, go mba údar cáiliúil í a rugadh i Malawi, sa bhliain 1960. Ba Bheilgeach mná í a máthair, agus bhí a hathair i mbun an nuachtáin, ‘The Nyasaland Times’. Níor fhan sí i Malawi áfach, nó thug siad Sasana orthu fhéin nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Chuaigh sí le Dlí, i dtosach baire, ach ar ball, chuaigh sí le Scríobhnóireacht, agus ba ghearr go raibh a hainm in airde mar údar cáiliúil. Ba dhraoi í i mbun scéalta don Aos Óg, ach ba ghearr gur éirigh lei dul i gcionn ar léitheoirí oilte, seanchleachta, an tsaoil mhóir freisin, agus anois, tá clú agus cáil bainte amach aici, i bhfad agus i ngearr, lena scil, go háirithe, i genre na Taibhseoireachta.
Buíon le Kangchenjunga a dhreapadh.
Ach le filleadh ar thús an scéil seo atá idir chamáin agam:- an ‘Thin Air’ seo… Mar adúirt mé thuas, bhí an Dochtúir Steven Pearce i Darjeeling, áit a raibh socruithe aige buaileadh suas le sléibhteoirí eile, agus é de chuspóir acu Kangchenjunga a dhreapadh. Sin an tríú sliabh is airde ar domhan, agus lena chois sin, táid ann a cheapann, gurb é an ceann is deacra agus is contúirtí amuigh é. Níorbh iad an chéad bhuíon iad a thug faoi bharr an tsléibhe sin a bhaint amach, nó nár lean siad lorg an bhuíon sléibhteoirí úd a thug faoin éacht sin a dhéanamh, sa bhliain 1907, faoi cheannas Charles Lyell, buíon ar theip orthu binn Kangchenjunga a bhaint amach, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, cailleadar cúigear sléibhteoir sa iarracht sin. Suas go dtí an pointe sin, sa bhliain 1935, níor éirigh le dream ar bith sléibhteoirí barr an tslélibhe sin a bhaint amach. Bhí deartháir an Dochtúra Pearce sa bhuíon roghnaithe seo, agus Kits a bhí air. McLeellan, a bhí i gceannas na buíne, agus in éineacht leo sin, bhí beirt eile, Cotterell agus Garrard. Cúigear ar fad a bhí sa bhuíon.
Leis an ‘Heavy Lifting’ a dhéanamh.
Ní gá dhom a rá, go raibh buíon ‘Cúlaithe’ (Coolies) mar chúltaca ag an mbuíon ‘Sahib’ sin, le freastal orthu agus leis an ‘heavy lifting’ a dhéanamh dóibh.
Tar éis chuile ullmhúchán a dhéanamh, agus tar éis dóibh iad fhéin a ghléasadh mar ba chóir, bhuaileadar bóthar, bhuel! b’fhéidir gur chóra a rá gur thug siad aghaidh ar Kangchenjunga, agus é d’aidhm acu a mhullach a bhaint amach, rud a theip ar Charles Lyell a dhéanamh, ocht mbliana is fiche roimhe sin. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht na scéalta fadó. Le cabhair ó na dúchasaigh sciliúla, bhí ag éirí go maith leo, ar feadh tréimhse, ach diaidh ar ndiaidh, bhí fórsaí eile, seachas an aimsir, ag iarraidh laincís a chur ar an n-iarrachtaí. Cuir leis na fórsaí sin, bhí ag neadú in intinn an Dochtúra Pearce, ach go hairithe, agus in aigne na ndúchasach freisin, bhí fórsa, a thug le tuiscint dóibh, go raibh taibhsí bhuíon Lyell in éad leo, agus iad ag iarraidh, b’fhéidir, buairín an amhrais a cheangal dá gcosa. Tá cuma ar an scéal gur luigh na fórsaí seo, go háirithe, ar aigne an Dochtúra Pearce, nó b’fhéidir go bhfeictear sin dúinn, toisc gurbh é an Dochtúir atá i mbun an scéil. Ach, ba é deireadh na mbeart é, nó gur cailleadh Kits, a dheartháir, agus gur éirigh an bhuíon ar fad as a dturas chun na binne. B’éigean dóibh géilleadh do na fórsaí a bhí ina gcoinne, an aimsir, an sioc, an sneachta, caoile an aeir, (an ‘Thin Air’) ach, thar aon rud eile, a bhfaitíos roimh chumhacht an tsaoil dofheicthe.
Scéal atá inchreidte, Ach…..
Scéal é seo a imríonn a dhraoícht fhéin ar an léitheoir, agus mo chuidse de, ba dheacair dom an leabhar seo a chur uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha agam. Ach, i ndeireadh na dála, nár dheacair a chreidiúint, nach raibh ann, i ndáiríre, ach cumadóireacht!
B’fhéidir gur mhaith leat fhéin tabhairt faoi? Tá mé ag ceapadh nach mbeidh a chathú ort.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Hi! Natasha,
Here is the revised version of my New Year’s piece. It is now suitable for publication in the next edition of the Kilkenny People (18th January 2006)……..
Sincerely
Peter.
.
cumhach, nostalgic; umar, trough; Ave atque Vale, hail and farewell; ag síothlú, dying; sciolladóireacht, scolding,; caismirtí, conflicts; faoi anáil Dé, by Divine inspiration; Réalta Eolais, guiding star; Tír Tairngire, the Promised Land
.
Na Cloig Bhuile Arís !
Peadar Bairéad
Annual Lament
.
Tá tráth na gclog buile úd tagtha agus imithe uainn arís.
Cad iad na cloig atá i gceist agam anseo, an ea?
Na cloig a bhuailtear le bás bliana amháin a chaoineadh, agus le breith bliana úire a chomóradh, agus ní gá dhom a chur i gcuimhne dom léitheoirí go mbainimse úsáid, bliain i ndiaidh bliana, as línte oiriúnacha as an gcaoineadh breá cumhach, úd, a chum Alfred Lord Tennyson, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, le bás bliana a chaoineadh, mar sa dán sin, tharla go bhfuil ceathrúna breátha, ag fágáil slán leis na mbliain a bhí ag sleamhnú isteach in umar na staire, agus ag an am gcéanna, ag failtiú roimh an bhliain úr, agus roimh an saol sona séimh a chuirfeadh an bhliain úr chéanna sin ar fáil don chine daonna. Agus ó tharla go mbeadh sé deacair véarsaí an dain chéanna sin a shárú le “Ave atque Vale” a chur in iúl, ar an ócáid chumhach seo, shocraigh mé, mar sin, ar úsáid a bhaint as na véarsaí céanna sin, uair amháin eile, leis na ngnó sin a dhéanamh dom.
Atmosphere
Mar sin, breathnaigh mar a chruthaíonn Tennyson atmosféar oiriúnach don ócáid, le bualadh na gclog buile céanna sin……..
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sea, clingigí libh a chloig chaointe, nó tá an bliain ag síothlú i lár na hoíche seo, clingigí libh, agus lig di bás d’fháil. Sin í an teachtaireacht a sheolann an file chugainn, síos thar áirsí na mblianta.
B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa fós í, an bhliain sin a d’imigh uainn, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an bhliain úr a bheith i bhfad níos fearr fós. Níl dabht ar domhan, ach gur tharla roinnt mhaith rudaí i rith na bliana sin 2005, arbh fhearr an saol dá n-uireasa, rudai ar nós an chrith talún úd a tharla i gcríocha na na Caismíre Pacastánaí. Sea, agus níorbh fhearrde an saol cuairt na Spéirlinge úd, Catrina, ar dhúiche New Orleans, ach oiread, nó buamáil Londain. Ní gá dhom tagairt a dhéanamh do na tuilte, don ngorta, do na creathanna talún, do na chogaí, do na hionsaithe gnéis, do na drugaí, don mhugáil, don bhforéigean, ná do na hoilc eile uilig, a chráigh an cine daonna i rith na bliana atá anois seolta isteach i muileann an ama, bliain sin ár dTiarna, dhá mhíle is a cúig.
The Tailor’s farewell !
Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin síothlaithe anois, is féidir linn sciolladóireacht a dhéanamh uirthi, agus ná cuireadh nath úd na Rómhánach “De Mortuis Nil Nisi Bonum”, ná cuireadh sin bac ar bith orainn ár rogha rud a rá fúithi, sea, agus is féidir linn beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur lei.
Ring out the want, the care, the sin,
The faithless coldness of the times;
Ring out, ring out my mournful rhymes,
But ring the fuller minstrel in.
Bíodh sin mar atá, ach is dócha go bhfuil a liosta fhéin ag chuile dhuine againn de na buanna, agus de na buntáistí, a bhaineamar fhéin as an mbliain atá anois imithe uainn, nó nach mbíonn dhá thaobh ar chuile scéal. Nach féidir linn uilig smaoineamh ar na caismirtí a socraíodh, ar na fadhbanna a scaoileadh, ar an ocras a sásaíodh, ar an tart a múchadh, ar an bhfaoiseamh a tugadh, agus ar na coireanna a maitheadh le linn 2005.
The Thousand Years Of Peace
Ach sin uilig ráite, nach bhfuil chuile dhuine againn ag guí Dé, go mbeidh an bhliain ur seo 2006, i bhfad Éireann níos fearr fós dúinn, ná an fear atá ag éalithe uainn.
Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.
Sea, nach bhfuil chuile dhaonnaí, geall leis, ar thóir na síochána? Agus nach cuimhin linn uilig fís álainn, chorraitheach, Ísáia fáidh, agus nárbh é a chan go fileata faoi laethe úd na síochána a bhí le teacht. Caithfidh gur mhair sé fhéin i ré a bhí corraithe go leor, ach faoi anáil Dé, d’éirigh leis féidireacht eile a leagan os ár gcomhair, mar chine, ré nuair a chuirfí deireadh go deo le troid, agus le cogaiocht; le hár agus le heasaontas; sea agus le trioblóid agus le foréigean. Ní bheadh cogaí, nó fiú a ráflaí ann a thuilleadh, dhéanfaí dearmad de scileanna cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine feasta…
“And they shall beat their swords into plowshares,
And their spears into billhooks,
Races shall not raise the sword against each other hereafter,
Ná ní chleadhtóidís cogadh arís go brách .”
Isn’t that vision beautiful, shining down upon us through the darkness of the night of human history? That is the desire of the human heart, and at this time of year, we pray again the ancient prayer, that prayer of the Angels...
“Glory to God in the highest, and on earth peace to those on whom his favor rests.”
Utopia not here yet
Ach níl an ré sin buailte linn fós. Níl deireadh fós le cogaí, nó le ráflaí cogaidh, nó níl an ruaig curtha againn ar an ngorta, nó ar na plánna uilig a chéasann, agus a chránn an cine s’againne, ach má sea fhéin, tá an Réalta Eolais úd ar an spéir, le sinn a threorú, agus a bhrostú, i dtreo Fhís Ísiáia fáidh. Sin an ród atá rómhainn, sin an bóthar atá le bualadh againn sa bhliain seo 2006, agus nach é sin an bóthar a thabharfaidh go Tír Táirngire sinn?
Agus muid anois ag seoladh linn isteach sa bhliain úr sin, níl le déanamh agamsa ach athbhliain faoi bhláth, is faoi mhaise, a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht.
Ring our the old, ring in the new,
Ring happy bells across the snow,
The year is going, let him go;
Ring out the false, ring in the true.
Many happy returns!
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I m B é a l a n P h o b a i l .
.
Peadar Bairéad
(This week I mBeal an Phobail recalls memories of a magazine that has survived the tides of time.)
“An Timire”
“Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac.” B’in an smaoineamh a rith liom, an lá cheana, nuair a tháinig “An Timire”, de thuairt, isteach trí pholl na litreach, i ndoras tosaigh an tí s’againne. Anois, mar is eol duit, is ionann “Timire” agus “Messenger”, agus ar an ábhar sin, ba ar an tseanMhessenger a thosaigh mé fhéin ag smaoineamh, tráth raibh mé ag breathnú ar an leabhrán breá, néata, nua sin, a tháinig ar chuairt chugam.
Cén Messenger atá i gceist agam, an ea?
Iris bheag a chuireadh, agus a chuireann, na hÍosánaigh i gcló. Cúrsaí creidimh a bhíodh, agus a bhíonn, idir chamáin acu san Iris sin. Tá fáil ar an Iris chéanna sin fós sa lá atá inniu fhéin ann.
The Messenger…..
Cén chaoi ar chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, a chéaduair, an ea?
Bhuel, dháiltí chuile eagrán de, ar Chaitlicigh, i ndiaidh an Aifrinn, im’ pharáiste thiar, an tráth úd, mar léitheoireacht spioradálta, agus b’earra é sin, a bhí sách gann, ag an am sin, agus mar sin, ba mhór an fháilte a chuirtí roimpi mar léitheoireacht Domhnaigh, sular tháinig na Nuachtáin Domhnaigh ar an bhfód thiar, le sinn a mhearú is a bhodhrú, agus le béadán a leathadh, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.
Bhuel, ar ball, is dóigh gur tuigeadh do na hÍosánaigh go mba mhaith an smaoineamh é “Messenger” i nGaeilge, a chur ar fáil do na pobail le Gaeilge agus b’in é díreach a dhein siad, sa chaoi gurbh é an leagan Gaeilge sin, “An Timire”, a thagann ar chuairt chugamsa, ceann in aghaidh na ráithe, agus geallaimse dhuit é, go mbíonn fáilte agam fhéin roimhe, chuile bhabhta. Agus faoi mar a tharlaíonn, chuile bhabhta, bíonn saibhreas thar na bearta taobh istigh de chlúdaigh na hIrise smaointí seo
Eagrán an Fhómhair seo
In eagrán seo an Fhómhair, 2012, tá a lán altanna spreagúla le léamh, freisin. Molann an t-eagarthóir, Frainc Mac Brádaigh SJ dúinn, san eagarfhocal, ‘Tinteáin’ a bhunú do lucht na Gaeilge, le go bhféadfaidís teacht le chéile in atmosféar Críostúil, cairdiúil, carthannach, le go bhféadfadh Críostaithe teacht thart air, agus le go bhféadfaidís freisin, scéal a mbeatha a insint, gan náire, gan chúthaileacht. Tuigtear dó, gurb ‘in croílár na Críostaíochta, é a bheith ar ár gcumas teacht le chéile mar Phobal Dé, i gcreideamh, i gcairdeas, agus i ngrá. D’fhéadfadh duine tamall maith a chaitheamh ag déanamh a mharana faoin dearcadh céanna sin.
Tá alt ann freisin leis an tSiúr Eilís Ní Thiarnaigh, faoi Aifreann i nGaeilge a ceiliúradh mar chuid de cheiliúradh an Chaogadú Comhdháil Eochairiseach. Aifreann a cheiliúir an tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, agus ba iad an Cairdinéal Seán Mac Brádaigh, an Cairdinéal Keith O’Brien, agus an tAthair Pádraig Ó Cochláin, a chomhcheiliúraithe sa cheiliúr sin.
Alt suimiúil, spreagúil, eile, isea an píosa leis an Athair Oilibhéar Ó Croiligh faoi Chrosa Móra na hÉireann, alt ina ndéanann sé trácht ar scil agus ealaíon na ndealbhóirí a rinne na dealbha stairiúla sin a ghreanadh, i bpainéil ornáideacha, fan stoic agus géag na gcros mór sin. Nárbh iad na dealbhóirí céanna sin a thuig a gceird go hálainn, agus lena chois sin, nárbh iontach an cumas a bhí iontu a dtuiscint ar a gcreideamh a ghreanadh ar chloch.
Más duine thú ar spéis leis síolta a chreidimh a bheathú, agus píosa breá Gaeilge a léamh ag an am gcéanna, b’fhéidir nárbh olc an tseift í, greim a fháil ar ‘Thimire’ an Fhómhair 2012. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir thaitneamh agus thairbhe as.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Timire an Chroí Ró-naofa
Peadar Bairéad
An Foilseachán Gaeilge is sine ar domhan?
Le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir a admháil i dtosach báire nach aon sicín lae é an Iris Chaitliceach seo, an Timire, nó cuireadh i gcló é, a chéaduair, sa bhliain 1911, breis mhaith is céad bliain ó shoin anois, agus ó tharla go bhfuiltear ag ceiliúradh chuimhne céad Éirí Amach na Cásca, sa bhliain seo 1916, tugann muid faoi deara, go raibh an Timire á fhoilsiú le roinnt blianta roimh an am sin. Ní call dom a rá, gur chosúil gur shíolraigh an Iris seo ón Iris Chaitliceach eile sin, The Sacred Heart Messenger, nó ‘The Messenger’ faoi mar a thugtar uirthi, de ghnáth, nó nach é Timire an Ghaeilge ar Messenger? agus nach iad na hÍosánaigh atá i mbun an dá Iris cháiliúil sin? Tabhair faoi deara, gur foilsíodh an ‘Messenger’ a chéaduair, in Eanair na bliana 1888, rud a fhágann nach aon bhunóc bliana a thuilleadh ise, ach oiread. Thart ar 9,000 léitheoir a bhí ag an ‘Messenger’ ar dtús, agus faoi láthair, maítear go bhfuil thart ar 70,000 léitheoir aici, rud a fhágann gur bheag iris, idir Bhéarla nó Ghaeilge, a sháraíonn an díol sin!
‘The Messenger’.
Ar an ‘Messenger’ a chuir mé fhéin aithne i dtosach, nó bhíodh an Iris bheag sin á díol sa Séipéal s’againne, chuile mhí, agus bhíodh an-ghlaoch uirthi, ag an am, agus ní call dom a rá, go gceannaíodh mo Mham cóip di, chuile bhabhta. B’in mar a chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, tráth nach raibh teacht againne, gasúir, ar aon rud i bhfoirm greannáin, nó Irisí, dírithe ar an óige, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann. Ar ball, nuair a chuir mé aithne ar an Timire, an Iris nua Chaitliceach i nGaeilge, ní call dom a rá, gur chuir mé dhá shuim ann, ó thús. ‘Sí an ceann a bhí os mo chomhair, agus an píosa seo á scríobh agam, ná Eagrán an Gheimhridh, 2015, agus ní call dom a rá, go raibh mé tar éis a leite, faoin am sin. Tá eagarfocal spéisiúil ón eagarthóir fhéin, an tAth. Frainc Mac Brádaigh, S.J. ann, Tá píosa breá ag Marie Whelton, ‘An doras ar oscailt’, a bhaist sí air, agus í ag cur síos ar an mBliain Iúbhaile Neamhchoitianta, ón 8ú Nollaig 2015, go dtí an 20u Samhain, 2016, a d’fhógair an Pápa Proinsias don saol mór, le déanaí, ina gcuireann sí síos ar Dhoirse na Trócaire, a osclófar sa Róimh don bhliain speisialta seo, agus an turas seo, iarann an Pápa fhéin ar chuile easpag, doras faoi leith, doras na Trócaire, a oscailt ina Ard-eaglais fhéin. Seo mar a chuireann Marie fhéin é…
“Beidh an doras oscailte ina chomhartha ar an gcuireadh, saor inaisce, a thugann Dia do gach duine dul thar an tairseach isteach chun blaiseadh dá thrócaire, agus dá réir, d’iomláine na beatha.”
Cuireadh
Tá an cuireadh, saor in aisce, ansin dúinn, agus gan le déanamh againne ach siúl isteach, le Trócaire Dé a bhlaiseadh, ach beifear ag súil go ndéanfaidh an té a théann isteach ar an doras sin, go ndéanfaidh sé iarracht faoi leith ar bheatha Críostaí a chaitheamh feasta.
Alt eile inar chuir mé fhéin suim ba ea “Cuimhní Cinn ar Mhaigh Nuad ’66” leis an scríbhneoir cáiliúil sin, Pádraig Standún, ina gcuireann sé síos ar eachtraí na bliana 1966, nuair a deineadh an caogadú bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. Féach ar chuid de na cuimhní a fhanann fós ag Pádraig….
“Bhí Éamon de Valera ina Uachtarán, Seán Lemass ina Thaoiseach, Pius XII ina Phápa, na Beatles in ard a réime, foireann trí sa ró na Gaillimhe le bheith buacach arís…..”
Scór bliain d’aois a bhí Pádraig ag an am, agus é ag staidéar le bheith ina shagart i Má Nuad. “Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht le Tomás Ó Fiaich….an léachtoir is fearr a chuala mé ariamh….”. An-alt, cosúil leis na hailt eile san eagrán Geimhridh sin.
Tá Súil agam go mbainfidh tú an-taitneamh as.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
an t-eiteachas, refusal; Ag ligint orainn, pretending; Teach na Scoile, the schoolhouse; sna preaba tintrí, like lightning; bhí se fánach aige, he failed; trácht, traffic; fianaise, evidence; tranglam tráchta, traffic tangle
.
I m B é a l a n P h o b a i l
.
Timpiste a chonaic mé
Peadar Bairéad
“The Mocks”
Ó tharla go raibh na mílte gasúir ag déanamh na “Mocks”, cupla seachtain ó shoin, agus ó tharla gur iarr gasúr amháin orm fhéin, cabhrú leis píosa a scríobh faoi thimpiste a chonaic sé. Bhuel! ní fhéadainn an t-eiteachas a thabhairt dó, agus dá bharr sin, seo chugaibh anois an píosa a chuireamar beirt le chéile, ar an ócáid sin, agus muid ag ligint orainn, go raibh muid ar an bhfód, nuair a tharla an timpiste, sa chaoi go mbeadh sé mar chabhair ag éinne eile a theastódh a leithéid uaidh, nó uaithi, amach anseo………….
.
Timpiste a chonaic mé
.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo na ndeor ar an dtimpiste a chonaic mé, agus mé ar mo bhealach abhaile ón scoil, tráthnóna inné. Thíos ag cúinne an bhóthair, cóngarach do Theach na Scoile a bhí mé, nuair a tharla sé. Chonaic mé fhéin gluaisteán mór dubh ag gluaiseacht sna preaba tintrí amach Bóthar an Phiarsaigh, ach má chonaic, ní fhaca an ghirseach seo nó a comrádaí é, nó bhí an péire acu ag siúl leo go socair sásta trasna an bhóthair, díreach ag an am gcéanna sin.
Too Late
Nuair a bhí sé ró-dhéanach, chonaic tiománaí an Jaguar mór dubh iad. Luigh sé ar na coscáin, ach bhí sé fánach aige, nó bhí sé ró-chóngarach do na girseacha ag an am. Phléasc scréach na hadhairce, agus sianaíl chaointeach na gcoscán ciúnas na maidine agus d’éirigh scamall toite ó ruibéar dóite na mbonn. Chuala mé fhéin scread scannraithe, chluas-phléascach, na gcailíní, agus ag an nóiméad céanna beagnach, chonaic mé an péire acu á gcaitheamh in airde san aer, faoi mar ba bhréagáin éadaigh iad.
Everything stopped still
Stop an gluaisteán, i ndeireadh na preibe. Bhailigh slua daoine timpeall. Stopadh an trácht. Cuireadh fios ar na gardaí agus ar an otharchárr, agus ba ghearr go raibh carr na ngardaí ar an bhfód, agus ní raibh moill ar bith orthusan dul i mbun a gcuid oibre. Triúr acu a bhí ann. Chuaigh duine acu le haire a thabhairt don bheirt a gortaíodh, agus thosaigh an bheirt eile ag tógáil toisí ansin ar an mbóthar, agus ag fáil fianaise ón lucht féachana.
Ag an bpointe sin, chualamar sianaíl ghéar, léanmhar, an otharchairr, ag teacht in ár dtreo le luas lasrach. Stop siad san áit a raibh an garda i mbun na ndaoine gortaithe. Beirt acu a bhí ann, agus geallaimse dhuit é, nár chuir siad aon am amú, ach iad ag brostú leo ina dtreo, ar a míle dhícheall. Scrúdaigh siad an bheirt a bhí sínte, lag, ar thaobh an bhóthair, thug siad instealladh an duine dóibh, lena bpian a mhaolú, agus ba ghearr go raibh an bheirt chéanna sin ar bord an othair cháirr agus iad ar a mbealach go dtí Ospidéal an Chontae, sna preaba, sea, agus garda ar ghluaisrothar os a gcomhair amach, ag déanamh slí dóibh trí thranglam trachta an tráthnóna.
Rumours spread
Cuireadh an Jaguar mór dubh isteach ar thaobh an bhóthair, agus nuair a bhí chuile shórt, ag ionad na tionóisce, socruithe ag na gardaí, thógadar tiománaí an ghluaisteáin duibh leo, i gcarr na ngardaí. Bhí ráfla ag dul sa timpeall, go raibh tiománaí an chairr dhuibh dallta le hól, agus imithe as a mheabhair le drugaí, ag an am gcéanna bhi ráfla eile adúirt nár leis an Jaguar in aon chor, ach gurbh amhlaidh a ghoid sé é i gcarrchlos lárchathrach, agus má bhí aon fhírinne sna ráflaí sin, chuile sheans nach mbeidh seisean ag tiomáint aon chairr go ceann tamaill mhaith arís, nó seans go gcaithfidh sé cupla bliain ag déanamh málaí poist don Stát, agus é faoi ghlas istigh i bpríosún eicínt.
Nobody died
Chuala mé, an tráthnóna sin, go dtiocfadh na girseacha as, agus cé go raibh cosa duine acu briste, agus cé go raibh easnacha an chailín eile brúite, basctha, briste, tuigeadh ag an am gcéanna, nach mbeadh clóic orthu, amach anseo, cé go mbeidh orthu, gan dabht ar domhan, tamall maith a chaitheamh sínte ar fhleasc a ndroma in Ospidéal an Chontae.
Mo chuidse de, tá súil agam, nach bhfeicfidh mé tionóise dá leithéid arís go leagfar na hordóga orm, agus tá súil agam, nach amárach, nó amanathar, a tharlóidh a leithéid! Nó déanata na fírinne, níl mé tagtha chugam fhéin fós, agus déarfainn go dtógfaidh sé scathamh maith eile le cuimhne na tionóisce sin a dhearmad, ach ag an am gcéanna, tuigtear dom nach bhfuil le déanamh agamsa ach ceirín na díchuimhne a chur leis, agus treabhadh liom trí choraí crua an tsaoil anróitigh seo, mar nach bhfuil an scéal i bhfad Éireann níos measa ag tiománaí an ghluaisteáin duibh, agus ag an mbeirt úd a gortaíodh chomh dona sin sa timpiste úd? Ní dócha go ndéanfaidh duine ar bith acusan dearmad ar an lá cinniúnach sin go brách na breithe. Ba é adúirt an seanfhear a bhí ina sheasamh im’ aicese, ag láthair na tionóisee, nó,
“Buíochas mór le Dia nach bhfuair éinne bás ar an ócáid, mar níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis.”
.
.