by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Hi! Mary,
I notice that the Irish Column is not in the Kilkenny People this week, so I wonder if you got my last offering? But, just in case, I’ll forward a copy right away. Pity it missed this weeks edition. So, here goes……….
Regards,
Peter Barrett.
.
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cairde caillte.
Denis Philpott
Ar na mallaibh a chuala mé an scéal, drochscéal gan choinne, chomh fada is a bhain sé liom fhéin, nó bíodh go raibh aithne agam ar Denis thar bhlianta fada, ón tráth ar tháinig sé go Cill Chainnigh a chéaduair, i dtús na seachtóidí, mar nach raibh muid beirt i mbun múinteoireachta i gColáiste Chiaráin anseo sa Chathair Álainn feadh cuid mhaith den am sin, ach mar sin fhéin, ba bheag an teangmháil a bhí eadrainn ó d’éirigh mé fhéin as an múinteoireacht, roinnt blianta ó shoin. Ach ní hionann sin is a rá, nár áirigh mé Denis ar dhuine dem chairde, agus dem chomhleacaithe, duine a raibh meas, agus dhá mheas, agam air, mar dhuine agus mar mhúinteoir díograiseach, dúthrachtach, dáiríreach. Ach, céard is féidir liom a rá faoin laoch seo anois, agus mé ag iarraidh cloch a chur ina leacht? Mar tuigtear dom, go bhfuil a leithéid tuillte aige, agus mar sin, seo chuige mé….
Fear breá eile sciobtha uainn ag an mbás bradach. Caithfidh mé a admháil dhuit nach raibh mé ag súil lena bhás, nó b’fhear breá, scafánta, óigeanta ab ea Denis, fear ar chaith mé blianta fada i mbun oibre in éindigh leis, agus fear a d’fhéadfá bheith ag brath ar a chúnamh, agus a chomhoibriú, chuile lá riamh, nó ba dhuine uasal, díograiseach, macánta, é, agus Gael dílis, ionraic, den chéad scoth. Ba mhór é a spéis i gcluichí agus i gcultúr an Ghaeil, agus ba mhúinteoir é a bhí réidh agus sásta, i gcónaí, a dhúthracht a chaitheamh ar mhaithe lena dhaltaí. Sea, ní chuile lá a chasfadh a leithéid ort, nó faoi mar adúirt, an tú adúirt, seans nach mbeidh a leithéid arís ann. Méala mór a bhás dá bhean, Catherine, agus dá chlann, agus is mór linn uilig a mbris.
Solas na Soilse, agus ionad i measc na Naomh Éireannach, go raibh aige anois agus i dtólamh.
Slán le Denis….
.
A Dhonncha gealgháireach mothóimid uainn thú,
Do chomhairle gaoise, is do chúnamh caoin, Do neart, do dhearcadh, is do chluas le héisteacht,
Bheith ’na n-éaghmais feasta, is buille dian.
.
Dáileadh an chré leat i Mí na Marbh,
Is fágadh do mhuintir i mbuairt ‘s i mbrón ,
Ach duitse, a chara, guím solas na soilse
I dTeaghlach an Rí, anois is go deo.
.
Mothóimid uainn thú, anois is feasta,
Agus sinn i sáinn nó i bhfadhb gan bhrí,
Ach beidh do chuimhne mar mhéar an eolais
Dár stiúradh fós trí bhuairt an tsaoil.
.
Codladh sámh dhuit i dteaghlach Chiaráin,
I bhfad ód’ dhúthaigh ar bhruach na Laoi,
Mar tá d’áit in áirithe ag Bord an Tiarna,
Is fáilteofar romhatsa i measc na Naomh.
.
**********************************************************
.
.
Laoch eile ar lár
John Glynn
Dáileadh an chré le laoch eile, anseo sa Chathair Álainn, ar na mallaibh freisin. Deoraí eile atá i gceist agam anseo, agus fear mór spóirt freisin, nó ba Ghaillimheach é, a d’imir ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe, ina lá, agus fear a chaith blianta fada freisin, mar ghalfóir díograiseach, anseo i gClub Ghailf Chill Chainnigh.
Cé tá i gceist agam, an ea?
Cé eile, ach an duine uasal sin, John Glynn. Fear macánta, díograiseach, dúthrachtach, ab ea John, agus bíodh go raibh sé imithe anonn sna blianta, nuair a chuir mé fhéin aithne air, a chéaduair, ag an am gcéanna, bhí ar a chumas cluiche breá gailf a imirt, agus geallaimse dhuit é, nach go héasca a gheofaí an lámh in uachtar air, sa chluiche céanna sin. Thuigfeá láithreach, go raibh tú ag imirt le curadh, a chaith a dhúthracht le linn a óige, ag imirt peile ag an leibhéal ab airde, lena Chontae, i nGaillimh thiar.
Bhí aithne mhaith freisin ag pobal Eaglais Fhiachra ar John, anseo sa Chathair Álainn, agus ba é an scéal céanna é ag John, bíodh sé san Eaglais, nó amuigh ar pháirc na himeartha, ní dhéanadh sé riamh dhá leath dá dhícheall. B’éasca a thuiscint uaidh, go mba fhear creidimh, amach is amuigh é. Mothóimid uainn thú, a Sheáin na gile, ach guímis solas na soilse, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh agat anocht agus i dtólamh.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Cáisc nua chugainn
(This week we think of re-birth and renewal)
Peadar Bairéad
.
A Season of Hope
Níl le déanamh againn, an tráth seo bliana, ach súil a chaitheamh ar mhíorúiltí an tsaoil thart orainn, le go dtuigfeadh muid an ceacht atá á mhúineadh dúinn, agus an rún atá á scaoileadh dúinn, ag Rí an Dúlra fhéin. Tá athmhúscailt ag tarlú chuile áit a gcaitheann muid súil. Na plandaí, a tuigeadh dúinn a bheith mín, marbh, roinnt míosa ó shoin, tá siad ag teacht chucu fhéin arís, tar éis chodladh fada an Gheimhridh. Mar an gcéanna le duilleoga na gcrann is na dtor. Cailleadh iad i ndeireadh an Fhómhair, ach seo chugainn arís iad ag péacadh go beoga dóibh fhéin. Sea, agus na h-éin a bhí imithe uainn le linn séasúr an fhuachta, tá siad chugainn arís anois agus iad lán croí agus dóchais, agus fiú na h-éin a d’fhan dílis dúinn le linn na drochaimsire, tá fonn ceoil ag teacht orthu arís. Mar sin, ní haon leasainm é séasúr an dóchais agus na hathbheochana a thabhairt ar an tráth seo bliana. Ritheann focail Raifterí linn agus muid ag smaoineamh ar na cúrsaí seo…
“Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
Is tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasa mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.
Féach mar a chuir, teacht an Earraigh, spioradh agus spreacach i gcroí an fhile agus é ar deoraíocht, ag an am, i gContae na Gaillimhe. Músclaíodh fonn taistil, agus fonn abhaile, i gcroí an fhile bhoicht daill, bíodh nach raibh ann ach fonn gan fíoradh fhéin!
Fís an Dóchais
Níl le déanamh againne ach féachaint ar stair ár dtíre fhéin le go dtuigfimid gur músclaíodh spiorad agus fonn na saoirse inár muintir fhéin, teacht na Cásca, tarraingt ar chéad bliain ó shoin anois. Sea, agus nár roghnaigh Mac Dé fhéin an tráth seo bliana, le fís an dóchais a phlandáil arís i gcroí an daonnaí, agus nár chuir sé an chloch phréacháin ar an bhfiontar sin trína aiséirí fhéin ó mhairbh ar Dhomhnach Mór na Cásca?
Mar sméar mhullaigh ar an scéal seo ar fad, féach mar a roghnaigh an Pápa Benedict XVI fhéin, an tráth seo bliana, le Pápa nua a chur ar fáil don Eaglais Chaitliceach, trína éirí fhéin as oifig, go luath sa Charghas. Sea, agus féach ar an gcineál Pápa a roghnaíodh dúinn, teacht na Cásca, i mbliain seo 2013? An Pápa Proinsias fhéin, Pápa a bhfuil sé ar aigne aige, an Eaglais fhéin a athbheochan agus a athnuachan. Níl ach roinnt laethanta ó toghadh é, agus cheana fhéin, tá sé imithe i gcionn go mór ar lucht na meán, agus ar lucht an chreidimh freisin, i gcéin is i gcóngar. Cheana féin, tá an saol mór ag súil le hathruithe móra, i spiorad, agus in anam, na Críostaíochta. Táthar ag éisteacht le chuile fhocal a shileann óna bhéal, faoi mar ba phéarla lómhar chuile cheann acu. agus ag breathnú ar chuile bheart dá ndéanann sé, á meá agus á meas. Tá mé ag ceapadh, agus ag dúil, go mbeidh fás agus borradh ag teacht ar dhearcadh agus ar nósmhaireacht na hEaglaise Caitlicí i ré seo an Phápa Proinsias. Go bhfága Dia an tsláinte, agus an cumas aigne agus coirp aige, le sin a chur i gcrích, lena linn.
Agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, níl le déanamh agamsa anois ach a fhiafraí de’n léitheoir, an raibh gá níos mó riamh le lámh chúnta ón bhFear Thuas, le bád Pheadair a chur ar bhealach a tharrthála, nó ar bhealach a leasa fiú? Súil agam, nach fonn gan fíoradh atá le léamh againn i leabhar dian diamhair an dúlra, an babhta seo.
Cáisc shona, shéanmhar, dhaoibh go léir.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Chamchuairt úd 1
Peadar Bairéad
(This week we start a reveiw of that Scottish visit.)
…..Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain…..
Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair, 1992. Cé nach raibh aon ró-bhrú orainn bheith inár suí le giolc an ghealhain, an mhaidin bheannaithe sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon ró-fhonn orainn codladh go headra, agus mar sin, bhíomar ar ár gcois, tarraingt ar a hocht a chlog ar maidin. Bhíomar pioctha, bearrtha, agus an bricfeasta ite againn, ag a naoi. Ag an bpointe sin, bhí fear an tí, Alec Welstead, réidh lena mhadraí a aclú. Chuamar, mé fhéin agus an Cornal Eoghan Ó Néill amach in éineacht leis, Ba thaitneamhach an uair an chloig a chaitheamar ag siúl linn trí choill, in aice an bhaile, muid ag comhrá agus ag seanchas, fad is a bhí na madraí ag rith is ag rás leo fhéin, ar a sástacht. Ba le hÓstán an Crieff Hydro an choill úd, ach go raibh cead ag an bpobal í a úsáid, am ar bith ar mhian leo.
Thart ar a haondhéag, thóg lanúin an tí, Wendy agus Alec, ina gcarr muid, go dtí Teach Stiléireachta Ghlenturret, nó bhí socraithe ag Gaeil Chrieff, go mbeadh deis againn turas tionlactha na Drioglainne is sine in Albain, a thabhairt. Rinneadar sin, agus bhlaiseamarna toradh a saothair, ag deireadh an turais, agus geallaimse dhuit é, nár den díogha é an Glenturrwet Whisky céanna sin! Bhí Ionad Oidhreachta ansin acu freisin, agus chríochnigh an turas tionlactha le scannán ‘The Water of Life,’ a léiríodh dúinn i bpictiúrlann bheag, ghleoite, na Drioglainne. Tarraingt ar mheán lae, tháinig an bhuíon Éireannach, agus Morag MacLeod, ár dtreoraí lách, oirirc, mar aon le Gaeil Chrieff, le chéile i mBialann na Drioglainne, le lón a chaitheamh i bhfochair a chéile.
A leithéid de lón níor bhlais mé le fada an lá, nua gach bia agus sean gacha dí ar chlár romhainn amach; comhluadar lách, geanúil, Gaelach; agus comhrá spreagúil, tuisceanach, cairdiúil.
Slán le Crieff!
Ar deireadh thiar, áfach, b’éigean dúinn slán a fhágáil ag ár gcairde nua i gCrieff. Déanta na fírinne, bhí uaigneas orainn, agus muid ag buaileadh bóthair, ach bhíomar ag ceapadh, go mbfhéidir go bhfillfeadh muid ar Chrieff, am éigin, amach anseo! Thugamar cúl an ghluaisteáin ar Chrieff agus a aghaidh ar Ghlaschú aerach na nGael, agus ní haithristear ár n-imeachtaí gur shroicheamar teach agus áras ár lóistín don oíche sin, an Babbity Bowster, ag Uimhir 15 Sráid Blackfriars. Tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, bhíomar suite chun boird arís, ag a leath i ndiaidh a sé, le béile eile a chaitheamh ar ár sáimhín só, i dTeach Ósta an Bhabbity. Ní gá dhom an béile sin a mholadh, nó bhí sé thar mholadh beirte, cheana féin.
Sráid Stairiúil
Ar ball, agus muid sách, suaimhneach, sásta. Thugamar aghaidh an mhionbhus ar ‘The Centre for Contemporary Arts’, in Uimhir 350 Sauchiehall Street, nó ba san ionad oirirc sin a bheadh seó na hoíche sin againn. Agus cé go raibh treoraí maith againn i Morag, ní raibh sé éasca áit pháirceála a fháil dár mionbhus galánta i ngiorracht scread asail don ionad oirirc céanna sin. Ar deireadh thiar, d’éirigh le Morag áitín feiliúnach a fháil i gcúlshráidín ciúin, cúng, agus ba ghearr go rabhamar ag déanamh ár slí síos an tsráid cháiliúil sin, Sauchiehall.
……………….Tuilleadh le teacht an chéad bhabhta eile………………..
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Chamchuairt úd 2
Peadar Bairéad
.
(This week we continue to review the memories of that Scottish visit.)
.
Cuimhní na Cuairte
.
Is filleann orm cuimhní mo Chuairte,
Mar fháinleoga beoga aneas,
Lem chroí bocht traochta a théamh
Le grian gheal, le díograis, le teas.
.
.
Ar Oileán Thíríodh, gona thránna,
Is a phobal caoin, carthannach, fial,
A pháistí, a dhaltaí, ’s a mhuintir,
Chuir caoinfháilte romhainne ó chroí.
.
.
Na sléibhte, na cnoic, is na beanna,
A rianaigh a n-áilleeacht ar spéir,
Iad cruachta, carntha, crochta,
Snoite, is sníofa faoi’n ngréin.
.
Sraid Sauchiehall
Ní raibh ar mo chumas fhéin srian a choinneáil ar mo chuimhní corraithe, agus muid ag siúl linn síos feadh na sráide fada sin. Siar liom bóithrín casta na smaointe, go dtí garraí cluainteach na hóige, agus na hoícheantaa fada geimhridh úd, nuair a chloisinn m’athair agus a chomrádaithe ag cur síos agus ag seanchas ar ‘Sockeyhall Street’ mar a thugaidís uirthi.
Smaoinigh mé ar na daoine sin, ina bhfir óga, ag an am, agus iad ag siúl leo go misniúil, rábach, cróga, ar an dtaobhchasán céanna sin, a raibh mise ag siúl air, an oíche bheannaithe sin. Nach ar m’athair agus a chomrádaithe a bheadh an bród agus an t-áthas, dá bhfeicidís an tIorrasach seo ar a bhealach chuig Ionad gradamach cosúil leis an Centre for Contremporary Arts, le mám dánta a aithris ansin, i dteanga ársa na nGael? Ar bhealach éigin, is dócha go raibh na hIorrasaigh chuideachtúla sin mar lucht éisteachta agamsa, an oíche iontach sin, i Sráid úd Sauchiehall Ghlaschú. Bhí slua an-mhór romhainn istigh, iad suite ag boirdíní, scaipthe ar fud an halla. D’éirigh thar barr le seó na hoíche sin, agus ghlac filí, ceoltóirí, agus amhránaithe Albanacha, páirt san agallamh freisin. Mo chuidse de, tá mé ag ceapadh go mbeadh na cairde úd, ó laethanta m’óige, breá sásta leis na dánta a d’aithris mé fhéin dóibh i Sockeyhall Street, an oíche sin.
Féile na nGael
I ndiaidh an tseó, mar a tharla go minic i rith na seachtaine, fuaireamar cuireadh chun a tí ó Flora MacNeill, amhránaí clúiteach, traidisiúnta. Ghlacamar go fonnmhar leis an gcuireadh céanna, agus geallaimse dhuit é, nár fágadh ocras, nó tart, ar aon duine againn, i dteach úd na féile, an oíche sin. Chomh maith le sin, bhí ceol, amhráin, agus seanchas den scoth, againn, go dtí a trí a chlog ar maidin! Go fiú, nár chan mé fhéin amhrán! tráth éigin, i rith na hoíche ! Deireanas na huaire, nó brí an fhuiscí, ba chúis leis, ní foláir! Cibé faoi sin, bhíomar ar ár gcois go breá luath maidin Dé Domhnaigh, agus tar éis dúinn bricfeasta Sasanach eile a chaitheamh, thugamar na sráideanna orainn féin arís, muid ag fanaíocht timpeall, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, tamall anseo, is tamall ansiúd. Chonaiceamar an teach is sine n nGlaschú, teach a tógadh sa bhlaiin 1471. thugamar cuairt freisin ar The Barras, na margaí ollmhóra úd, atá amuigh faoin aer acu, sa chathair sin, margaí a raibh tarraingt na mílte orthu. Ag a haon a chlog, bhíomar ar ár nglúna in Eaglais Naoimh Alphonsus, i Sráid Londain, nó theastaigh uainn Aifreann a éisteacht i nGlaschú, an mhaidin Domhniagh sin. Thaitin an ceiliúradh sin go breá linn. Rud amháin eile, a thug mé fhéin faoi deara, in Eaglais Alphonsus, nó gur choinnigh siadsan thall na dealbha uile, ar fud na heaglaise, Taitníonn dealbha liomsa, agus ní dóigh liom, gur chóir iad a dhíbirt as ár séipéil. Folamh séipéal gan dealbha!
Turas abhaile
Arais go dtí an Babbity linn i ndiaidh an Aifrinn, lenár gcip is ár meanaithe a bhailiú, nó bhíomar tagtha go deireadh na camchuairte iontaí seo in Albain, agus bhí orainn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Ghlaschú, agus an turas ar ais go hÉirinn. Ní dhéanfaidh muid dearmad go luath ar an tseachtain spreagúil a chaitheamar ag taisteal ó cheann ceann na hAlban, nó ar na Gaeil chairdiúla, lácha, flaithiúla, Albanacha, a casadh orainn thall sa bhliain úd, 1992.
Nár laga an Rí riamh iad.
.
.