I  mBéal  an  Phobail …. Preas Raiteas

I mBéal an Phobail …. Preas Raiteas

Bord Snip agus an Ghaeilge

.

Níor ghnóthaigh an Bord Snip Nua mórán “Brownie Points” ó lucht na Gaeilge, ar na mallaibh, lena dTuarascáil ar Uimhreacha agus ar Chaiteachas san Earnáil Phoiblí. Bhí sé dona go leor, tamall ó shoin, nuair a fógraíodh, ón Roinn Oideachais agus Eolaiochta, nach mbeadh cead ag Gaelscoileanna tumoideachas sa Ghaeilge a chleachtadh feasta. Ach bhí sé i bhfad níos measa, nuair a moladh i dTuarascáil úd Bhord Snip, go smaoineofaí ar Roinn na Gaeltachta a chur ar ceal, scun scan, agus go n-aistreofaí graithí na Roinne sin go Roinn eicínt eile, nó go Ranna eile, fiú. Tuigtear gur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thitfeadh an crann sin, rud nach sásódh lucht na nGaelscoileanna, nó lucht na Gaeilge, ach oiread, nó tuigtear nach mbeadh ar chumas na Roinne sin an gnó úd a chur i gcrích, faoi mar ba chóir, toisc nach bhfuil sa Roinn sin ach thart ar 3% den bhfoireann a bheadh inniúil ar an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

De réir Phreasráitis, ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, tá le tuigbheáil, go bhfuil cinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keefe, TD., deireadh a chur leis an Ionad Oideachais don nGaeilge, a bhí beartaithe do Bhaile Bhúirne, cáinte go géar ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus dealraíonn sé, ón dTuarascáil thuasluaite, go bhfuiltear meáite ar COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna) a chealú freisin, bíodh gur bunaíodh an Chomhairle sin faoi fhorálacha an Acht Oideachais, 1998, tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge , Gaelscoilanna Teoranta, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, ar bun, le go mbeadh sainstruchtúr ann, le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na Scoileanna lán-Ghaeilge. Tá chuile chosúlacht ar an scéal mar sin, nach bhfuiltear sásta, nó leath-shásta fhéin, le moltaí an Bhoird Snip i leith na Gaelige.

Cúlú

Ach is dócha go ndéarfadh roinnt mhaith daoine nach mbeidís fhéin ag súil lena mhalairt, nó cathain a dhein an Stát s’againne, adeiridís, aon chinneadh dearfach i leith na teanga céanna sin? Breathnaigh siar ar pholasaithe an Stáit i leith na chéad teanga oifigiúla le blianta fada anois. Céard tá le feiceáil againn trí bhunús na mblianta sin uilig? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, nach raibh i gceist i rith an achair sin ach cúlú, neamart, agus faillí. Sea, agus cén toradh a bhí ar an obair sin go léir? Cúngú na Gaeltachta, agus laghdú ar uimhreacha na gcainteoirí dúchais.

Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, céard faoi fhás na nGaelscoileanna, agus úsáid na Gaeilge, frí chéile, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí gnó, sea, agus céard faoi fhás na litríochta, idir phrós agus fhilíocht, síos tríd na blianta céanna sin?

Mian an Phobail is cúis leis an bhfás a tháinig ar na tionscnaimh sin, thar na blianta. Níl le déanamh agat ach cupla ceist a chur ort fhéin, le fírinne a bhfuil á dhearbhú anseo, a chruthú.

Arbh é an Stát s’againne a bhunaigh na Gaelscoileanna? Tá’s ag an lá fhéin nárbh é! Baill den phobal, a chonaic nach raibh aon ró-dháiríreacht ag baint le polasaí an Stáit i leith na hathbheochana, a thuig gur fúthu fhéin a bhí sé tús a chur le polasaí cinnte i leith na Gaeilge, nó tuigeadh dóibh, go mbeadh aithbheochan do-dhéanta, geall leis, mura n-éireodh leo an teanga a chur ar ais ar bhéal na n-óg, i dtosach. D’fhéadfaí í a choinneáil, mar theanga marbh, b’fhéidir, ach le teanga bheo a dhéanamh di, bheadh gá le cabhair, cúnamh, agus díograis, na n-óg chuige sin. Shocraíodar, mar sin, ar scoileanna speisialta Gaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dóibh, trí thumoideachas, an teanga a athphréamhú arís ar bheola páistí. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh an ceart acu, agus nach raibh ag teastáil ón Stát ach go dtabharfadh sé cabhair agus cúnamh dóibh sa bhfiontar sin, agus caithfear a admháil anseo gur deineadh sin, i dtosach, ar aon nós.

Toil an Phobail

Agus céard faoin méid Gaeilge a chloistear á labhairt ar shráideanna agus ar bhóithre; i siopaí agus in oifigí; i dtithe agus in árais, ó cheann ceann na tíre seo?

Eagraíochtaí deonacha, eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, agus tuilleadh dá leithéid, sea, agus cúnamh na nIrisí, agus na Nuachtán Gaeilge, gan trácht in aon chor ar Raidió agus Teilifís le Gaeilge, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as an dteanga, le gnáth-chúrsaí an tsaoil a láimhseáil. Caithfear a admháil, go dtugann an Rialtas s’againne cúnamh airgid do eagraíochtaí dá leithéid, agus ba chóir dúinn an t-áth sin a mholadh mar a bhfaightear, ach ní bhíonn i gceist sna cúrsaí sin, i ndáiríre, ach pingneacha beaga, agus nuair a chuirtear tábhacht na Teanga i saol an náisiúin sa mheá, tuigtear go bhfuil dualgas ar an Rialtas spiorad an náisiúin a chosaint, a chothú, agus a spreagadh, trí pholasaithe cuí, agus trí mhaoiniú fial, flaithiúil. Dá mba iasc, nó ainmhí, nó fiú seilide púcaí, a bhí i mbaol a bhasctha, thiocfadh an Stát i gcabhair air, sna bealaí céanna sin. Sea, agus dhéanfaidís a leithéid gan dochma, gan sprionlaitheacht, agus dá mbeidís sásta a leithéid a dhéanamh do sheilide púcaí, tuige nach mbeidís sásta sin, agus níos mó, a dhéanamh, le spiorad an náisiúin a shlánú?

s don Todhchaí

Cá bhfuil fís an Rialtais i leith na teanga, agus i leith an náisiúin?

Más uainn an teanga a shlánú feasta, caithfimid polasaithe cuí a dhréachtú, agus a mhaoiniú chuige sin,

agus mura bhfuil….Bhail! tugaimis aghaidh mhacánta ar an ndán sin………..

.

I  mBéal  an  Phobail …. Preas Raiteas

I mBéal an Phobail Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Happy New Year!

“Ring our wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die”

Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2008, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú lei i lár na hoíche , mar sin clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imecht. Sea, ligigí di séathlú, nó tá a hoilithreacht críochnaithe aice. B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí. Ní dhéanfar dearmad go luath ar an Samhradh fuar, fliuch, míthaitneamhach, nó ar an nGeimhreadh fliuch, oighreata, preachtach, a scaoil sí chugainn, agus bíodh go bhféadfadh daoine dearmad a dhéanamh de na féiríní sin a bhronn sí orainn, is fada a chuimhneofar ar an gcúlú tubaisteach eacnamaíoch, agus ar an meath scanraitheach sa saol tionscaíoch, a thug sí mar phaltóg faoin smig dúinn, tráth raibh muidinne ag réabadh linn, go mustarach, ar dhroim an Tíogair Cheiltigh, agus muid ag ceapadh go mba Bhoicíní Móra chuile dhiabhal mac máthar dínn.

De Mortuis nil nisi bonum

Anois, ní maith liom bheith ag tromaíocht an iomarca ar an té atá ag saothrú an bháis, cheana féin, nó nach raibh sé de nath ag na Rómhánaigh fadó…De mortuis nil nisi bonum…..

Ach ag an am gcéanna, nach deacair gan bheith ag sciolladóireacht ar bhliain a rinne an oireadh sin de mhífhortún a dhumpáil anuas sa mhullach orainn?

Síocháin Dé chugainn

“Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace”

Sea, mh’anam! sílim go dtugann mífhortún 2008 deis dúinn uilig, ár marana a dhéanamh ar ár n-oilithreacht fhéin, i nGleann seo na nDeor agus iarracht eicínt a dhéanamh ar rún na beatha daonna a thuiscint, agus ansin, déanamh de réir ár dtuiscint ar an rúin sin feasta. Is dócha go bhfuil sé thar am againn uilig, an dúil mhallaithe a cothaíodh ionainn, le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh, a chaitheamh i dtraipisí, agus aghaidh a thabhairt ansin ar bhealach nua, ina mbeidh ár n-aire dírithe againn ar leas an phobail uilig, sa tslí nach bhfágfar éinne feasta, ar an imeall, ach go mbeidh deis curtha ar fáil againn do chuile shaoránach, ar shaol sásúil, úsáideach, taitneamhach, a bhaint amach.

Cuirimis Deireadh leis an Seanré

Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.

.

Tá faitíos orm nach bhfuil ré na síochána domhanda buailte linn fós, nó tá an cogadh idir an Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta ar thaobh amháin, agus Meiriceá agus a comhghuallaithe ar an dtaobh eile, ag réabadh leis fós ina loscadh sléibhe,

Is dócha gur chóir dúinn fís Isáiah, fáidh, a thabhairt chun cuimhne anseo. Nárbh é an fáidh céanna sin a chan go fileata faoi laethe úd na síochána a bhí tuartha aige don chine s’againne?

Agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic-chéachta,

    Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,

Ná ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.

Nach álainn an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis an tseanghuí…

Glóir do Dhia sna hArda, agus ar thalamh

síocháin do lucht a pháirte”

.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail …. Preas Raiteas

I mBéal an Phobail Iordanach Mna

Leabhar Neamhghnách

.

Forbidden Love

by

Norma Khouri

Tháinig mé ar leabhar an-neamhghnách, ar na mallaibh. Cara liom a mhol dom é a léamh, agus rinne mé rud air. Iordánach mná, Norma Khouri, a scríobh, agus “Forbidden Love” a bhaist sí ar an saothar neamhghnách seo. Ionad na mban i sochaí na Iordáine, atá idir chamáin ag údar an leabhair, agus sa scéal dírbheathaisnéiseach seo, leagann sí béim, go háirithe, ar bhású oinigh, no honour killing, faoi mar a chleachtaítear é i measc na nArabach.

Leis an leabhar seo a scríobh, b’éigean don údar a tír agus a muintir a thréigint, agus cur fúithi thar lear. Chaith sí tréimhse sa Ghréig, ach ag am scríofa an leabhair seo, bhí sí ag cur fúithi san Astráil, agus níl aon chosúlacht ar an scéal, go mbeidh ar a cumas filleadh ar a dúchas go deo arís.

Sa Iordán

Bhí cónaí ar an mbean óg seo, ar Norma Khouri, i gcathair Amman, sa Iordán. Críostaí i dteaghlach Críostaí ba ea í, ach má sea fhéin, mhaireadar de réir nósanna na nArabach. Bhí Norma cairdiúil le Dalia, cailín Muslamach, ba chomhaois lei. Bhí an bheirt seo mór le chéile óna n-óige, agus nuair a bhí siad in aois chuige, thug a muintir cead dóibh “Salon Aonghnéasach M&D” a bhunú sa chathair. Ní gá a rá nach mbeadh cead acu dul chun an Salon sin, mura mbeadh fear eicínt dá muintir ar fáil, len iad a thionlacan ann, ar maidin, agus ar ais abhaile arís, sa tráthnóna, agus ní gá ach oiread, a rá, nach mbeadh cead ag Dalia baint nó páirt a bheith aici le Salon a dhéanfadh freastal ar fhir, muna ndéanfaí coimhdeacht ceart orthu, agus iad i mbun na hoibre sin, ach tugadh cead dóibh Salon úd M&D, a choinneáil sa tsiúl ar feadh na mblianta. Thug an socrú sin cead agus deis don bheirt bhan úd, blaiseadh den tsaoirse sin a bhí coitianta ar fáil agus á cleachtadh ag mná i dtíortha an Iarthair. Ar ball, áfach, rinneadar athchóiriú ar an Salon, agus iontas na n-iontas, tugadh cead dóibh Salon Déghnéasach a dhéanamh de.

Grá Crosta

Bhí go maith, nó deineadh chuile shórt mar ba chóir, ar feadh scathaimh, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, áfach, agus ba é an cás céanna sa scéal seo é, nó, ar ócáid amháin, tháinig fear breá óg isteach chun an Salon, agus thit Dalia i ngrá leis, agus eisean lei. Anois, bíodh gur tuigeadh do Norma agus do Dalia go mba Úll na hAithne dóibhsean an grá céanna, sa chás áirithe sin, nó bhí suirí, nó pósadh, idir bheirt dá leithéid, crosta, amach is amuigh, sa Iordáin. Micheál ab ainm don bhfear breá óg seo. Saighdiúir ba ea é, agus lena chois sin, ba Chríostaí é. Anois, ní gá a rá go mbeadh Dalia i mbaol a báis, dá bhfaighfí amach, go raibh sí mór le Micheál, críostaí. Ach faoi mar adeir an t-amhrán, aicíd gan leigheas is ea an grá agus:-

nuair a théann sé fá’n chroi,

cha scaoiltear as é go brách”

agus lena chois sin, deirtear go bhfuil an grá céanna sin dall freisin! Níor chuir Micheál agus Dalia deireadh lena gcairdeas, áfach, dá bharr sin, ach diaidh ar ndiaidh, trí dhallamullóg a chur ar a muintir, d’éirigh leo deiseanna a chruthú, a chuir ar a gcumas dul chuig ócáidí sóisialta, amuigh a chathair. Ní call a rá, go raibh Norma ansin le chuile chabhair a thabhairt dá cara Muslamach.

Cat as an Mála

Ba é críoch na mbeart é, nó go bhfuair muintir Dalia amach, go raibh an gaol crosta seo idir í fhéin agus Micheál. Go gairid ina dhiaidh sin, chuir a muintir chun báis í, nó b’in an nós a chleachtaítí i measc na nArabach, leis na cianta. Féach mar a mhínigh máthair Norma di faoi na cúrsaí sin…….

Dalia is only one of thousands of women this happens to every year. I’m sure the others had mothers sisters and friends who were just as upset as you are now, but they realised, as you will in time that nothing can be done about it. They suffer the loss in silence and then find a way to move on, as you will.”

Ní gá dhom a rá, nach raibh Norma sásta le socrú dá leithéid, agus ba é deireadh an scéil é, nó go ndeachaigh sí thar lear, nó tuigeadh di, go raibh sí fhéin i mbaol a báis freisin, toisc gur chuidigh sí lena cara, smál a chur ar oineach a clainne siúd.

Fútsa Atá

Ach, fágfaidh mé fút fhéin é fios fátha an scéil a fháil amach duit fhéin, nó bíodh gur léigh mé fhéin an scéal neamhghnách seo, ó thús deireadh, ag an am gcéanna, nach bhfuil sé deacair a chreidiúint, go bhféadfadh a leithéid a thitim amach, san aonú haois fichead seo? Tuigtear ón scéal freisin, nach toisc gur Mhuslamach ab ea Dalia a cuireadh chun báis í, ach toisc go mba Arabach í.

Bíodh an focal deiridh agatsa!

.

Peadar Bairéad

I  mBéal  an  Phobail …. Preas Raiteas

I mBéal an Phobail Scealta Sheimi an Droichid

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ag Clamhsán arís!

Istigh i seoimrín beag príobháideach saSmugairle Róin an oíche faoi dheireadh, mé ag comhaireamh buidéal taibhseach, mealltach, ar sheilf ghlégeal os mo chomhair amach, agus ag cur cúrsaí casta an tsaoil trí chéile sea bhí mé, nuair a baineadh stangadh nár bheag asam. Nuair a tháinig mé chugam fhéin, thuig mé go raibh duine eicínt ag cnagadh ar dhoras na Caillí (sin an seomra beag príobháideach a luaigh mé, anois beag,) ag iarraidh teacht isteach chugam. Ón gcineál torainn a deineadh, thuig mé, ar an dtoirt, gurbh é mo sheanchara, Séimí an Droichid, a bhí chugam.

“Tar isteach” arsa mé fhéin, go deas fáilteach.

Osclaíodh an doras, agus nocht mo Shéimí breá chugam isteach. B’fhurasta a aithint air go raibh an fear bocht préachta leis an bhfuacht, agus ar an ábhar sin, d’iarr mé air feoil a chur ar an stól a bhí os mo chomhair amach, taobh leis an raiditheoir, agus chuir mé fios láithreach ar ghiolla an leanna, agus d’iarr air, taoscán maith den stuif crua a chur ar fáil láithreach dom’ chara. Rinne sé rud orm, agus caithfidh mé a admháil nár dhein an fear céanna aon dá leath dá dhícheall freastal orainn. Rug Séimí ar a ghloine. D’ardaigh os comhair a shúl amach í, agus ansin, gan a thuilleadh moille, scaoil siar le fána a raibh inti. Leag a ghloine fholamh ar an mboirdín os a chomhair amach, réitigh a sceadamán, chuir gotha cainte air fhéin, agus gan aon “Aindriú Martins”, d’fhiafraigh díom, an raibh scéal nó duan agam, tar éis na seachtaine?

Any news?

“Dheamhan scéal nó duan agam fhéin,” arsa mise, “ ach déarfainn nach gan scéal, nó duan, a déirigh tú fhéin amach an bealach seo anocht. B’fhéidir go bhféadfá scéal eicínt a scaoileadh amach as do mhála scéalaíochta ?”

“Cinnte, ní gan scéal, nó seanchas, a tháinig mé amach as an teach s’againne anocht, nó bheadh sé deacair a leithéid a dhéanamh, na laethe seo, agus an oiread sin scéalta á fhí, is á shníomh, as abhras an tsaoil mhóir thart orainn.”

“Scaoil chugainn, mar sin, cuid den seanchas a bhailigh tú, ar na mallaibh”.

“Ach, nár chóir dúinn uilig aird a thabhairt ar chúrsaí, nó cuireann sin in iúl dúinn, cé chomh tapaidh is a thagann mí-ádh, nó mí-fhortún, anuas sa mhullach orainn, tráth nach mbíonn muid ag súil lena leithéid. Tá fórsaí áirithe ag obair leo sna cúrsaí seo, fórsaí nach bhfuil smacht ar bith againne orthu, agus fórsaí freisin, a bhfuil neart agus cumhacht iontu, a théann go smior na gcnámh ionainne.”

“Ach is dócha, go raibh tarlúintí eile ag cur as dúinn, ar na mallaibh?”

“Bí cinnte go raibh, nó nuair a smaoiníonn tú air, nach mór an t-athrú atá tagtha ar an saol, ó bhíomar inár ngasúir, fadó? An tráth sin, nárbh iad an Eaglais, agus na Bainc, agus na póilíní, colúna teanna cosanta an Stáit seo, iad ansin buanseasmhach, éifeachtach, doscriosta, faoi mar a tuigeadh dúinne é, ach go háirithe. Ach breathnaigh ar chúrsaí faoi mar atá siad anois? Faitíos orm gur léiríodh don tsaol mór nár chathair mar a dtuairisc iad, ach ina ionad sin, tugadh le fios dúinn go mba lag, lúbach, daonna, iad, na colúna teanna céanna sin, ar a rabhamar uilig ag brath.”

The Impermanence of Life

“Ach, a Shéimí, nach ’in é an saol agat? Níl tada buan ar an saol seo ach grásta Dé.”

“Tagaim leat sa mhéid sin, nó faoi mar a chuireadh Mártan an Tairbh é fadó, ‘Níl cinnteacht ar bith ag baint le tada ar an saol seo ach, le bás, le cáineacha, agus le neamhbhuaine an tsaoil seo’. Sea, agus is dócha go raibh cuid mhaith den cheart aige sa mhéid sin. Ach, déarfainn anois, go bhfuil sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom ahaile, agus mar sin, caithfidh muid an t-ábhar seo a fhágail páirceáilte go dtí an chéad bhabhta eile. Idir an dá linn, bí ag smaoineamh leat ar ‘Chothrom na Féinne’ sa Phoblacht a bunaíodh anseo i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, 1916. Agus fágfaidh mé slán agat, go fóill.”

And with that, my lovely Sémí, with blazing speed, cleared out of the Caillí at the Smugairle Róin.

“Slán abhaile” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, bíodh go raibh chuile sheans ann, go raibh sé imithe as éisteacht uaim, faoin am sin. Ach bí cinnte go mbeidh muid ag filleadh ar an ábhar sin arís go luath.

I  mBéal  an  Phobail …. Preas Raiteas

I mBéal an Phobail Titles of Honour. (2)

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Irish Honours List ?

Is dócha gur chuala muid uilig an seanfhocal úd i nGaeilge, adeir, nach ndéanfadh an saol capall rása d’asal, agus cé dearfadh nach bhfuil lomlán na fírinne sa tseanfhocal céanna sin… Ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an tseachtain seo, nó an chaint uilig úd a bhí acu i nDáil Éireann, ar na mallaibh, faoi theidil uaisleachta a bhronnadh ar dhaoine áirithe, sa Stát s’againne.

Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, a’ gcuireann siad a gcuid ama amú ag cur cúrsaí dá leithéid i mbéal an phobail, nó, ar an gcéad dul síos, Poblacht atá againne anseo, agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fiú, nach mbronntar teidil dá leithéid ar shaoránaigh Poblachta, nó nach é bunphrionsabal an phoblachtachais nó gurb ionann céimiocht do chuile shaoránach, os comhair an Stáit, agus os comhair an dlí.

Keeping up with…….

Sách fada a chaith cuid áirithe dár muintir, ag sodar i ndiaidh na n-uasal, ag umhlú rompu, agus ag iarraidh coinneáil suas leo! Tá córas dá leithéid fóirstineach go maith do thír a bhfuil rí nó banríon neadaithe sa chóras rialaithe acu, nó bíonn gá i gcónaí acusan, i leagan amach dá leithéid, le scaoth uaisle le freastal orthu, agus le dallamullóg a chur ar an bpobal, frí chéile, go bhfuil na huaisle seo ar chéim beatha níos airde ná an gnáthdhuine.

They have their uses !

Conas a deintear a leithéid, an ea?

Trí theidil a bhronnadh orthu! agus trí iachall a chur ar bhaill an phobail úsáid a bhaint as na teidil sin, agus iad ag dul i dteangmháil leis na daoine céimiúla sin. Níl le déanamh agat ach breathnú ar an gcóras onóra atá oibrithe amach ag ár gcomharsain bhéal dorais, agus tuigfidh tú céard tá idir chamáin agam. Má ghlaonn tú Diúc, nó Iarla, nó Barún, ar dhuine, caithfidh tú glacadh leis, go bhfuil céimíocht uasal eicínt ag baint leis. Sea, agus nuair a bhaineann tú úsáid as téarma cosúil le, A Thiarna! nó Sir! agus tú ag dul ‘un cainte le duine acu sin, nach beag nach gceapfá gurb é Dia fhéin a bhí os do chomhair amach, bhuel, dia beag, ar a laghad b’fhéidir!

Anois, tá Poblachtaí ann, a bhfuil teidil onóra á n-úsáid acu, le blianta fada, ach, ní bhíonn i gceist sna teidil sin, ach go mbronntar bonn, nó ribín, nó a leithéid, ar dhuine, le teaspáint don tsaol mór, go ndearna mo dhuine éacht, nó gaisce de chineál eicínt, a chruthaigh don phobal, gurbh fhiú a leithéid a bhronnadh air, ach ní dóigh liom, go dtéann daoine timpeall ag tabhairt teidil dóibh ina saol laethúil. Sampla maith den chineál sin ruda isea an Fhrainc, mar a bhronntar an Légion d’Honneur, ar dhaoine a dhéanann seirbhís luachmhar don Stát Francach. Sea, agus bronntar an onóir sin ar lear mór daoine ansin, idir Fhrancaigh agus Eachtrannaigh.

Liberty, Equality…………

Níor chóir dúinn, ach oiread, dearmad a dhéanamh ar na Stáit úd, a rinne chuile iarracht ar ionannas a chothú i measc daoine, agus an chaoi ar shocraigh siadsan an cheist sin. Smaoinigh arís ar an bhFrainc i ndiaidh na Réabhlóide. Ba é a ghair siadsan ar ghnath-shaoránaigh nó Citoyen, nó cathróir, chuireaedarsan críoch le teidil uaisleachta don uasaicme, agus chuireadar tús le teidil úrnua, teidil a bhronnfaí feasta ar shaoránach, nó ar eachtrannach, ar bith, a shaothródh a leithéid. Agus arís breathnaigh ar an Rúis, i ndiaidh a réabhlóide-sean. Ba é an teideal a bhronn siadsan ar chuile shaoránach nó Comrádaí, nó teideal eicínt dá leithéid. chuireadarsan críoch freisin le teidil uaisleachta nach mbronnfaí roimhe sin ach ar an uasaicme. Is dócha go raibh cuid mhaith den cheart ag na Réabhlóidigh chéanna sin.

How about us?

Ach, céard fúinne anseo i bPoblacht seo na hÉireann?

Is dócha go bhfuil a chuma ar an scéal go bhfuil polaiteoirí inár measc, ar mhaith leo córas dá leithéid a bheith againn anseo. Dá mbeadh, bhuel! ansin d’fhéadfaidís teidil dá leithéid a bhronnadh ar an gcairde, nó níos measa fós, ar a chéile! mar is dócha gurb é an Rialtas a bheadh i mbun na dteideal onóra úd a bhronnadh!

Ní dóigh liom, gur chóir dúinn baint dá laghad a bheith againn le córas onóra, nó uaisleachta, dá leithéid, olc, maith, nó dona. Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, gur maith an rud é, dá mbeadh teideal onóra againn, le bronnadh ar eachtrannach ar bith a dhéanfadh éacht, nó gaisce, don Stát s’againne. Bhuel! nach féidir linn Céim Onórach, ó Ollscail eicínt, a bhronnadh air, nó nach féidir linn saoirse cathrach, nó contae faoi leith, a bhronnadh air, agus nach fearr sin i bhfad Éireann nó bheith ag bronnadh teideal gan chiall air.

“Nuff Sed” !

Caithimis uainn “na hAindriú Martins” sin uilig, agus bíodh trí splaideog céille againn, mar nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, feicfidh tú nach bhfuil maitheas an diabhail i dteidil fholmha onóra dá leithéid. Má tá gaisce, nó éacht, déanta ag saoránach ar bith, bhuel, beidh meas ag a phobal air, agus beidh urraim acu dó. Sin an onóir is mó a d’fhéadfadh duine ar bith a fháil óna phobal, nó tá dáiríreacht agus macántacht, ag baint leis, agus ní bhíonn aon chur i gcéill, nó plamás, ag baint leis. Mar sin, na bronnaimis ar shaoránach ar bith ach an onóir a thuilleann sé as a chonlán fhéin, agus diúltaimis glan dóibh siúd a chreideann, gurbh fhearrde sinn, teidil mar Diúc, nó Iarla, nó Ridire Phádraig fiú, a bheith bronnta orainn ag an Stát. Nach leor mar íocaíocht do dhuine ar bith, a fhios a bheith aige, go ndearna sé éacht, nó gaisce, ar son a phobail, agus go n-admhaíonn an pobal é sin. Is dócha go raibh an ceart ag an Uachtarán, J.F. Kennedy, nuair adúirt sé:-

Ask not what your country can do for you,

But ask rather what you can do for your country.

Sea, agus sin i dtír nach ngairtear Sir nó Iarla ar shaoránach ar bith dá gcuid. Agus bíodh go mbronann Sasana teidil ar eachtrannaigh fiú, ní bhíonn cead acusan teidil mar, Sir, nó a leithéid, a úsáid ina saol laethúil, sin mura saoránaigh Bhriotanacha iad.

en_USEnglish