by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Daoine cosúil linne
.
People like us
by
Chris Binchy
.
De thaisme a tháinig mé ar an leabhar seo, “People like us”, a chéaduair, anuraidh. Ba anuraidh a foilsíodh an leabhar céanna sin, agus caithfidh mé a admháil gur thaitin sé thar cionn liom. Chris Binchy a scríobh an leabhar seo, agus geallaimse dhuit é, gur maith chuige é. Seo an dara úrscéal ó pheann cumasach an údair seo. In Ollscoil na Tríonóide a bhain sé a chéim amach, agus cuireann sé faoi i mBaile Átha Cliath, faoi láthair. Le cócaireacht is ea chuaigh i dtosach báire, ach is scríbhneoir lán-ainseartha anois é, agus ní haon ionadh é sin, nó tá cumas faoi leith ann, ar shaol ár linne, a léiriú agus a leagan, ina steillbheatha, os ár gcomhair amach. Tá an-tuiscint aige ar dhaoine, agus éiríonn leis iad a chur ar ardán a scéil, os ár gcomhair amach, faoi mar ba dhaoine a bhfuil aithne againne orthu freisin, agus fiú, nach bhfeiceann muid cuid eicínt dínn fhéin, folaithe i gcarachtar anseo is ansiúd, tríd an scéil. Éiríonn leis, na carachtair a dhathú dúinn, trí dhílseacht a gcomhrá don saol comhaimseartha, agus ní chuireann an t-údar gobán i mbéal duine ar bith dá charachtair, ach ligeann sé srian leo, agus ar an mbealach sin, cloiseann muid daoine ag labhairt, díreach faoi mar a chuala an t-údar iad, agus é ag tabhairt an tsaoil timpeall air faoi deara.
Tús an scéil
Ach, céard faoin scéal fhéin? Nach bhfuil sé thar am agam rud eicínt a rá faoi eachtraí an úrscéil chorraithigh seo?
Osclaíonn an t-údar a scéal, trí radharc a thabhairt don léitheoir ar Áth Cliath san oíche, ó ionad féachana amuigh ar imeall thiar na cathrach. Seo mar a chuireann an t-údar síos ar an radharc atá le feiceáil ón ionad féachana sin:-
“At a curve in the high road there was a viewing point with enough space for a couple of cars to park. At night the orange lights of the city spread below, north and south as far as could be seen and east to the edge of the water, the curve of the bay marked by bright white street lamps along the coast road. Planes circled above. Boats and ferries floated, islands of coloured light, towards the port.”
Amuigh ar an gcúlráid
Ach, dá mbreathnódh duine thíos faoi, ón talamh crochta, ar a raibh an t-ionad féachana sin suite, d’fheicfeadh sé páirc leath-thochailte, a raibh leoraithe agus ollscartairí, páirceáilte ina rang, taobh le Portakabin, agus fógraí ollmhóra ag fógairt tithe nua, nach raibh a ndúshraith fhéin tochailte fós! Ach taobh thall den pháirc leath-thochailte chéanna sin, bhí eastát tithíochta tógtha i leathchiorcal, timpeall ar fhaiche, a raibh carraig mhór suite ina lár, agus greamaithe den charraig chéanna sin, bhí clár adhmaid, a raibh ainm an eastáit sin deartha air i litreacha feiceálacha, gotacha. Agus an scéal seo ag tosú, tá baicle déagóir, beirt chailín agus triúr gasúr, bailithe timpeall na carraige sin, agus iad ag comhrá leo go garbh, maoíteach, béalscaoilte, eatarthu fhéin. Tháinig duine a raibh cónaí air i gceann de thithe an eastáit ar an bhfód, fear ar caitheadh buidéal lena charr, go gairid roimhe sin, agus nuair a chuir seisean an bhligeardaíocht sin i leith duine de na déagóirí, Robbie, shéan seisean glan é, agus d’ionsaigh sé Joe bocht Mitchell go míbhéasach, mailíseach, gáirsiúil.
Sin mar a chuireann an t-údar suíomh bhunús a scéil in aithne dhúinn.
Na Breathnaigh
Agus sin déanta aige, tosaíonn sé ansin ar chlann mheánaicmeach, Paul Walsh, a bhean Ruth, agus a dtriúr clainne, a bhfuil cónaí orthu i dteach atá ag éirí ró-chúng dóibh, a chur in aithne dúinn,. Triúr clainne atá orthu, Clare, an iníon is sine, atá thart ar sheacht mbliana déag d’aois, agus ansin an bheirt is óige, Fin, (sin Finbar) agus Lou, (sin Louise). Trí thús an scéil, tugann an t-údar le fios dúinn, go bhfuil spás gann go maith sa teach sin, agus go bhfuil muintir an tí ag teacht sa mbealach ar a chéile. Ansin, lá amháin, nuair a tháinig Paul abhaile óna chuid oibre. Dála an scéil, is múinteoir é Paul, a raibh air pósadh sula raibh a chuid staidéir críochnaithe aige san Ollscoil, nó bhí Ruth ag iompar, agus tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach í a phósadh. Fuair sé post mar mhúinteoir, agus fuair siad árasán dóibh fhéin, i dtosach. Ar ball, áfach, fuair siad teach, agus thosaigh orthu ag tógáil clainne. Lá amháin ansin, nuair a tháinig Paul abhaile ón scoil, bhí Ruth sa chistin ag fanacht leis.
‘Whats up?’ he asked her as he sat beside her.
‘Everything’s fine. Don’t worry. Are you all right?’
‘I’m grand.’ He looked around the kitchen for a clue. There was nothing.
‘What’s going on?’
‘I was thinking that rather than go on holiday this year, maybe we could do something else.’
‘Like what?’
‘Like moving house.’
Buail an Bóthar!
Bhuel, b’in é. Bhí an cat ligthe as an mála aice. Anois, caithfear a rá, nár mhó ná sásta a bhí Paul, ar chloisint an mhéid sin dó, nó déanta na fírinne, bheadh sé lán-tsásta fanacht mar a raibh sé. Ach ar ball, thuig sé go raibh an ceart ag a bhean, nó ar a laghad, thuig sé gur bheag eile a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ach géilleadh do mhian a mhná. Thosaigh an cuartú, agus an ransú, agus stop níor dhein siad, gur shocraigh siad ar theach a cheannacht san eastát úd, ar dheineadh tagairt dó i dtús an scéil.
Ar an gcreatlach sin a chrochann an t-údar a scéal.
Ba ghearr go bhfuair Paul amach nár chathair mar a tuairisc é an t-eastát céanna sin, bíodh go raibh na tithe ann breá, mór, fairsing, agus bíodh go raibh an praghas i bhfad níos saoire ná dá gceannódh siad teach i bhfo-bhaile meánaicmeach.
Eagsúil linne
Fuair sé amach freisin, nár dhaoine cosúil leosan a bhí sna comharsana a bhí timpeall orthu. Bhí duine de na comharsana sin, Joe Mitchell, agus de réir na ngasúr úd a bhíodh bailithe thart ar an gcarraig, i lár fhaiche an bhaile, ba ghealt amach is amuigh é. Ansin, ba ghearr gur tuigeadh do Phól, go mba ghrabairí den chéad ghrád iad na gasúir chéanna sin, a raibh Robbie mar cheannaire orthu. Ansin, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, thosaigh ag éirí idir é fhéin agus Clare, an iníon ba shine a bhí acu. Agus nuair a thosaigh an Clare chéanna sin ag éirí mór le ceannaire na ngrabairí, agus á ligint isteach sa teach s’acusan, nuair a bhíodh na tuismitheoirí amuigh, d’fhéadfá a rá go raibh an lasair sa bharrach, gan aon agó.
Nuair a thagann trioblóidí…..
Joe Mitchell a chuir Paul ar an eolas, i ndáiríre, lá dár bhuail sé bleid air, amuigh ar thaobh an bhóthair. Mhínigh sé dó, gur thug sé faoi deara, go mbíodh Robbie Whelan ar chuairt chuig a theach, trath mbíodh siad as baile, agus nuair nach mbíodh sa teach ach Clare. Ba bheag nár bhain an méid sin an chaint de Phaul:-
‘I’m sorry,’ Paus said. ‘Hang on. You’re sure you’ve seen him going into our house?’
‘Yes. Absolutely. Absolutely. I noticed because the first time he went up I thought there was no one home and I was watching because, you know, just in case. But then your daughter opened the door so I knew everything was OK. And then another couple of times. I’m here all day, you know, and I’m in the garden a lot so I see what’s going on.’
Bhuel, nach bhfuil do sháith agat ansin? Céard a rinne Paul leis an scéal a chur ina cheart? Céard a tharla do Chlare, agus don chuid eile den chlann amuigh ar an uaigneas, san eastat fiain úd, i bhfad amach ó shibhialtacht agus ó chultúr meánaicmeach na bhfo-bhailte sibhialta, a raibh siad cleachtach orthu, le blianta roimhe sin. Anois, níl fúm an scéal a mhilleadh ortsa, nó tá mé cinnte gur mhaith leat an scéal sin a léamh dhuit fhéin, Ní raibh uaimse ach creatlach an scéil a thabhairt duit, sa chaoi go músclofaí fonn a léite ionat!
An-scéal, an-iarracht, agus an-teannas sa scéal corraitheach, greamaitheach, inchreidte seo. Faigh é, agus léigh é. Ní bheidh a chathú ort, geallaimse dhuit é.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Séimí agus na Meáin
Peadar Bairéad
(This week we sketch a meeting with our old friend, Séimí a’ Droichid)
Ar ais arís
Cnag rúnda ar an ndoras tosaigh, agus fead chaol, éilitheach, trí pholl na litreach, an dá chomhartha a thug le fios dom go raibh mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, ar ais abhaile arís. D’inis mé dhaoibh, tamall ó shoin, go raibh ár seanchara, Séimí, go dona tinn, go raibh sé tar éis dul faoi scian an mhainlia agus go raibh seans ann nach bhfillfeadh sé ar a bhaile go deo arís, an fear bocht, ach caithfidh mé a rá, gur tuigeadh dom fhéin, chuile lá riamh, nach ngéillfeadh mo Shéimí breá do ghalar ar bith go ró-éasca, agus bhí mé ag ceapadh gur ghearr go mbeadh sé ar a sheanléim arís.
Ba ghearr an mhoill orm mo sheanchara a ligean isteach agus fáilte fial a chur roimhe isteach.
“Aon scéal nua agat, tar éis do chuid taistil agus do chuid eachtraí, dá bhféadfainn a leithéid a bhaisteadh orthu?” arsa mé fhéin leis, chomh luath is a bhí sé suite cois tine agus gloine ina lámh aige.
“Óra fuist! a chara, ach inseoidh mé dhuit faoi m’eachtraí, am eicínt eile, ach ag caint ar scéal nua! Diabhal scéal no scuan atá agam ach an seanscéal ar bhuail mé diallait air go minic cheana.”
“Agus cén scéal é fhéin” arsa mise, agus mé ar mo dhícheall ag iarraidh scéal eicínt a mhealladh uaidh.
“Bheul! Tharla go raibh mo dhóthain ama agam, le tamall anuas anois, le bheith ag breathnú ar an teilifís, agus ag éisteacht leis an raidió, agus dá bharr sin, bhí deis agam tionchar na meán úd a thabhairt faoi deara.”
“ Agus, a Shéimí, an é do mheas anois, go bhfuil na meáin Éireannacha díreach chomh maith, nó níos fearr, ná meáin thíortha eile?”
“Cinnte, bhí am agam leis an gcomparáid sin a dhéanamh, agus dár liomsa, ní bhainfeadh na meáin Éireannacha craobh i gcomórtas ar bith dá leithéid.”
“Agus tuige sin, a Shéimí? Nár cheap mé fhéin go mbeadh sé deacair na meáin s’againne a bhualadh.”
“An as do mheabhair atá tú? nó d’fheicfeadh duine ar bith nach bhfuil i roinnt mhaith de na cláracha a chraolann siad ach dearg aimidí agus nach bhfuil bun no barr ar roinnt mhaith eile acu, agus i dtaobh an mhéid atá fágtha, táid ann adéarfadh, nár chraith siad lámh riamh le moráltacht, nó le ciall.”
“Ach, níor cheap mé fhéin riamh go raibh cláracha dá leithéid a gcraoladh ag na stáisiúin s’againne.”
“Bhí fear tuaithe sa leaba taobh liom fhéin, san ospidéal, agus dá gcloisfeá seisean ag cur síos ar na cláracha céanna sin, thuigfeá céard tá i gceist agam.”
“Ach cén cineál cláracha atá idir chamáin agat, a Shéimí?”
“Ar bhreathnaigh tú riamh ar chláracha ar nós Tallafornia, love/hate. nó na cláracha úd a thugann leideanna faoi chúrsaí gnéis don aos óg? agus is dócha gur chuala tú an fógra úd a mhaíonn go mbeidh dream fear ag teacht chugainn, gan mhoill, dream a thiocfadh os comhair an tslua gan snáithe orthu! Go bhfóire Dia fhéin orainn. Arbh fhiú an braon fola le go mbeadh na deiseanna sin curtha ar fáil dúinn? Bhuel, tharraingíodh mo dhuine an phluid thar a cheann nuair a bhíodh a leithéid ar an scáileán, nó le clos ar an raidió, fiú! Anois, bhreathnaigh mé fhéin ar chupla ceann de na cláracha sin, ach ní d’dhonn pléisiúr a bhaint astu, an dtuigeann tú ach le go mbeadh deis agam mo chairde a chur ar an eolas agus ar a n-aire i dtaobh na gcláracha baolacha céanna sin.”
“Ach, a Shéimí, ní do dhaoine aosta, cosúil linne, a cumadh na cláracha céanna sin, ach do dhaoine óga, fuinniúla folaíocta a mbíonn goile dhoshásta acu do chláracha dá leithéid.”
“Is dócha go bhfuil cuid den cheart agat sa mhéid sin, ach minic go leor d’fhéadfa daoine aosta freisin a tharraingt chuig truflais dá leithéid ar shúgán sneachta. Ach breathnaigh ar an gclog úd thall! Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, no beidh Naipí s’againne ag súil liom. Slán go fóill.”
agus le sin ghlan sé an doras amach uaim, faoi mar ba chat scólta é. Bhuel, beidh tuilleadh agam daoibh an chéad bhabhta eile. Bígí liom ansin…….
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
E A C H T R A I G H D Ú I N N 15 .
.
(Ábhar Sagairt Bhéal an Átha Fhada sna Daichidí)
.
***************************
.
Faoi mar a d’inis mé dhaoibh, cheana féin, thaitin idir scoil agus scolaíocht liom, chuile lá riamh, agus dá chomhartha sin, d’éiríodh lioim cibé ceacht, nó cleachtadh, a tugtaí dom, a dhéanamh gan stró. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht ó dhuine de na múinteoirí, bí cinnte gur ormsa a thitfeadh sé, an gnó sin a dhéanamh dó. Thug sin deis domsa tréimhsí a chaitheamh amuigh ar bhóithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sháimhín só ar rothar breá rásaíochta an Mháistir. Théinn go dtí Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus théinn go dtí an baile mór le teachtaireacht don bPríomhoide, nó bhí a leannán ina cónaí i mBéal an Mhuirthead, agus minic a theastaíodh uaidh scéal eicínt a chur chuici i rith an lae. I gcás dá leithéid, ní raibh le déanamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar rásaíochta a thabhairt dom, agus d’fhéadfadh sé a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scríbe, ar an dá luathas. Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh Mór, sa bhlain 1939, go gcuireadh an tArdmháistir, an tUas. Seán Ó Cróinín, mé fhéin agus Proinsias Mac Eoin, go dtí teach Mhic Eoin ar an nGeata Mór, le héisteacht leis an nuacht ar an Raidió, agus scéala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige. Anois, cé go mbínn amuigh ar theachtaireachtaí, leath na gcuarta, níor chuir an ealaín chéanna sin isteach ar mo chuid scolaíochta, nó bhí ar mo chumas, cibé a bhíodh á dhéanamh acu agus mise ar fán ón seomra ranga, d’éiríodh liom an méid sin a phiocach suas, gan stró, agus cibé obair bhaile a bhí le déanamh againn, a dhéanamh gan teip, chuile oíche. Ní hé sin amháin é ach d’éiríodh liom corr scilling a shaothrú as mo scileanna léinn, nó thagadh scoláirí áirithe chugam, leis an obair bhaile chéanna sin a dhéanamh dóibh, agus iad breá sásta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar chúiteamh. Minic a d’éirigh liomsa fáil isteach ag na scannáin tostacha, tríd an nós céanna sin, scannáin a bhíodh á dteaspáint i Halla an Bhreathnaigh, i mbaile na Druime, an t-am sin.
Thart ar an am gcéanna sin, agus náisiúin mhóra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a chéile, agus rudaí á gciondáil anseo i dtír na hÉireann, thosaigh an Máistir Ó Cróinín ag iarraidh treoir ghairme eicínt a chur ormsa. Rinne sé iarracht mé a stiúradh an bealach seo, nó mé a threoradh an bealach úd eile, ach i ndeireadh na dála, ba í an tsagartacht a roghnaigh mé fhéin. Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus dá thairbhe sin, ní bheadh sé indéanta mé a chur go Mánuat, nó chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardnósacha, ach, níorbh fhál go haer é! nó bhí “Cumann Misinéirí chun na hAifrice”, nó an SMA, mar a thugtaí orthu, sásta gasúir de mo leithéidse a ghlacadh isteach ina scoileanna, ar tháille an-íseal, ag súil go leanfadh uimhir áirithe de na daltaí sin leo go ndéanfaí sagairt díobh, i ndeireadh na dála. Tuigeadh dóibh, dár ndóigh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain déag idir thús an chúrsa agus lá an oirnithe. B’fhéidir go dtógfadh siad isteach thart ar chúig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach ndéanfaí thar chúigear, nó seisear, díobh sin a oirniú, ar deireadh thiar. Ach bhí siad lán-tsásta leis na huimhreacha sin, agus bhí siad lán-tsásta freisin, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fhéin. Ach ba bheag a thuig mise faoi na cúrsaí sin, agus mé fhéin agus an Máistir ag cur cúrsaí creidimh agus sagartachta trí chéile, i Scoil Náisúnta Chill Mhór Iorrais, i ndeireadh na dtriochaidí agus i dtús na ndaichidí. Ar aon chuma, bheartaigh mé fhéin dul chun na hAifrice im’ mhisinéir. Bhí grá im chroí agam, an t-am sin, do ghormaigh na hAifrice. Ní ón ngaoth a bhailigh mé fhéin an chráifeacht, nó ba dhuine í mo Mham, a raibh an oiread sin creidimh aici is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, tógadh mé i bpobal ina raibh céad faoin gcéad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le fíricí na Críostaíochta. Sea, agus “fair play” don Mháistir, bhí seisean sásta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gasúr dem leithéid a chur chun an Choláiste úd i mBéal an Átha Fhada, i ngiorracht roinnt mílte do Bhall Álainn, i gContae Mhaigh Eo.
Ba ghearr go raibh an scéal i mbéal gach éinne.
“Ar chuala tú an nuacht?” adéarfadh duine.
“Cén nuacht atá i gceist agat?”
“Cén nuacht, an ea? Go bhfuil Peadar Mhichael Mhicí ag dul sna sagairt!”
“Ag magadh fúm atá tú? mar nach bhfuil níos mó ná a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar céanna sin, bail is beannú air!”.
“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach sin an scéal a chuala mé fhéin, anois díreach, ó Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom céanna sin an-mhór le Bairéadaigh na Druime?”
“Ó, bhuel! má bhí an scéal ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bunús eicínt leis. Bhuel anois! cé chreidfeadh go raghadh an diabhailín céanna sin le sagartacht? “ “Nach ait an mac an saol? agus nach fánach an áit a bhfaighfeá breac?”
B’in mar a bhí i measc na gcomharsan, na laethe úd, i lár na bliana 1940, agus mise ag fáil réidh le bealach úr a threabhadh dom fhéin, nó níor ghnáth-rud é, an t-am sin, buachaill óg dem leithéidse, Cliarscoil a thabhairt air fhéin.
Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh. Ach de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim linn, bhí ag dul ina luí ormsa, méid na céime a bhí á tógáil agam. Ach dá fhaid an lá tagann tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é. Ar deireadh thiar thall, tháinig an lá mór. An oíche roimh re, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s’againne, le slán agus beannacht a chur liomsa, nó ba é sin nós an muintire thiar, ag an am sin.
Faoi’n am sin, bhí chuile shórt, a bheadh ag teastáil uaim sa Choláiste, ceannaithe, pacáilte, i gcás breá, nua, taistil, domsa. Mo Mham agus mo dheirfiúracha ba mhó a rinne an gnó sin, nó ba bheag scil a bhí agamsa sna cúrsaí céanna sin, ag an am, murab ionann is anois.
Ar maidin, bhuaileamar bóthar. An t-am sin, ní gá a rá, nach raibh carr, nó cairt, le síob a thabhairt dom go Béal an Mhuirthead, mar ní théadh an bus thar an mbaile sin siar, ag an am sin. Deiridís go raibh an droichead ró-chúng, ró-lag, nó nó-rud-eicínt eile, agus sa tslí sin, fágadh muintir na leithinse lena mbealach fhéin a dhéanamh go Béal an Mhuirthead, dá mbuailfeadh fonn taistil iad. Mar sin, ar rothar is ea chuaigh mé fhéin go Béal an Mhuirthead, an mhaidin spriocáilte sin. Chuaigh mo dheartháir Seán, Grásta ó Dhia air, in éineacht liom, leis an gcás breá, donn, nua sin, a iompar, nó bhí Seán níos sine agus níos foirfe na mé. B’eisean an duine ba shine den ál, agus meas dá réir againne air. Chuir Seán ar an mbus mé, thug mo chás don tiománaí, do “Láchaí Clarke”, agus d’fhág slán liom.
Bhí mé liom fhéin ar deireadh, agus geallaimse dhuit é, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcnámh isteach ionam. D’fhág mé Béal an Mhuirthead faoi ghradam, mé gléasta in éide ábhar sagairt, agus níos mó airgid i mo phóca, ná mar a bhí agam riamh roimhe sin. “Láchaí Clarke” ag tiomáint agus “George Ormsby” ina stiúrthóir againn. Ba nuacht chuile shórt domsa, nó ní raibh mé fhéin níos faide ó bhaile ná Béal an Mhuirthead, riamh roimhe sin. Nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé crainn den chéad uair riamh, ba bheag nár bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na súl díom. Ar deireadh thiar, shroicheamar Béal an Átha, ach ní raibh ar mo chumas dul níos fuide, an lá sin, nó ní raibh ach traein amháin ag fágáil Béal an Átha, in aghaidh an lae, an tráth sin, agus d’imíodh sén sin ar maidin. Éinne ar theastaigh uaidh dul níos faide ná Béal an Átha, bhuel, d’fhéadfah sé fanacht go dtí an lá arna mhárach. Chuir mé fhéin fúm, an oíche sin, in “Óstán an Néfin”, agus bhí mé ar mo chois go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ar ball, rinne mé mo shlí go Stáisiún na Treanach. Ó, a Thiarna! nár mhór idir sin agus tada dá bhfaca mé fhéin riamh roimhe sin! Cheannaigh mé mo thicéad agus isteach liom ar an ardán, le fanacht leis an traein. Ní raibh mé im aonar ansin, ach oiread, nó bhí slua mór daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein úd na maidine, nó ní bheadh traein eile ag fágáil an stáisiúin sin go dtí an mhaidin dár gcionn. Ba nuacht chuile shórt domsa, agus mar sin, bhí mé ag siúl liom síos suas ar an ardán, agus mo thicéad greamaithe go teann im ghlaic agam, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna agamsa agus an ticéad draíochta sin é, nó cibé útamáil a bhí ar siúl agam, thit an ticéad síos uaim, idir an traein agus an ardán. Ó, a Thiarcais! conas a gheobhainn greim ar mo thicéad draíochta arís, agus mura bhfaighinn greim ar an dticéad céanna sin, is dócha nach ligfí ar bord na traenach chor ar bith mé. Bhuel, ar ámharaí an tsaoil mhóir, bhí fear breá, scafánta, óg, ó Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir Uí Mhurchú, ar an bhfód, agus d’fhág seisean a mhála taistil ar leataobh, agus síos leis, idir an traein agus an ardán, agus i bpreab na súl, bhí mo thicéad caillte slán sábháilte ina ghlaic aige. Thug sé ar ais dom é. Ghabh mé mo bhuíochas ó chroí leis, agus sa chomhrá a lean an eachtra sin, d’inis sé dom, go mba bhall de Aerfhórsa Shasana é, agus go raibh sé tar éis saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais. D’fhiafraigh mé fhéin de, ar ghlac sé aon pháirt fós sa Chogadh Mór. “Abhair é,” ar seisean, “nó is beag lá nach dtéim fhéin, is mo bhuíon trodairí, ar aer-ruathair, thar chríocha na Gearmáine isteach, ag buamáil, ag troid, ag spiaireacht.”
“Agus an bhfuil sé contúirteach bheith i mbun na hoibre sin?” arsa mé fhéin.
“Bhuel,” ar seisean, “is beag lá nach gcailleann muid comrádaí amháin, ar a laghad, agus níl ann ach cluiche gill, mar adéarfá. Bhí an t-ádh i mo chaipínse, go nuige seo, ach go háirithe, agus tá súil le Dia agam, go dtiocfaidh mé slán abhaile ón gcogadh millteach, uafásach, seo”.
Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphléascach, na traenach, agus í réidh chun bóthair. Chuamar ar bord. D’fhágas fhéin slán le mo chara nua, an fear breá, ard, rua, dathúil sin, ó Bheannchor Iorrais, agus muid ag súil go gcasfaí ar a chéile sinn arís, amach anseo, ach tá faitíos orm, nár chasadh Mac úd Uí Mhurchú arís orm, ó shoin i leith, agus níl fhios agam ó thalamh an domhain, ar tháinig sé slán ón mbearna bhaoil, nó ar cailleadh é ar mhisean, nó ar ruathar eicínt, isteach thar theorainn na Gearmáine isteach. Cibé faoi sin, ba é an Mac Uí Mhurchú úd mo chéad laoch, agus bronnaim anois an curadhmhír air, bíodh sé beo, nó bíodh sé marbh.
Ar ball, d’ardaiagh an traein a seolta, agus as go brách lei, go torannach, ardghlórach, agus mise á sciobadh aici lei, ó dhúthaí mo mhuintire, agus ó nead teolaí na hóige. Nach orm a bhí an t-ionadh, agus an traein sin ag réabadh lei trí ghoirt is trí mhóinéir, trí bhailte is trí choillte, go dtí gur stop si sa deireadh i mBall Álainn, agus nár cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an stáisiún sin? Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de rúid as an traein úd, an chéad traein dár leag mise súil riamh uirthi, agus chomh luath is a bhí mise bailithe liom amach aisti, lig sí fead ghéar, chluasphléascach, mhagúil, aisti, agus as go brách lei arís, go torannach, gaileach, rothach, amach as stáisiún úd Bhall Álainn. Bhreathnaigh mé timpeall orm fhéin, nó dúradh liom go mbeadh duine eicínt ansin romham, le treoir a dhéanamh dom. Tháinig fear bunaosta im threo i leith. “An tusa an Bairéadach?” ar seisean liom. “Is mé,” arsa mé fhéin á fhreagairt. “Tar liomsa, má sea,” ar seisean, “tá cóir iompair anseo amuigh agam, le tú a thabhairt go dtí Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada.”
Lean mé amach as an stáisiún é, agus do bharúil, cén gléas iompair a bhí aige ansin faoi mo chomhair? Céard eile a bheadh aige ann, ach carr cliathánach? Go breá ar fad, arsa mise liom fhéin, beidh “jaunt “ breá agam ón stáisiún traenach seo go dtí an Coláiste.
Ach déarfainn gur leor sin don bhabhta seo. Beidh mé chugat arís, sa chéad ghála eile, le cur síos a dhéanamh ar an gColáiste fhéin, agus ar na gasúir eile a casadh orm ansin. Go dtí sin…Slán…..
.
**********************
Peadar Bairéad.
**********************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
fiontar, undertaking; bhí breall orm, I was mistaken; ag pocléimnigh le háthas, jumping for joy; féidearthachta, possibilities; ar an dá luathas, as soon as possible; fadcheannach, far-seeing; athláimhe, secondhand; cábóg, clodhopper.
.
.
Eachtraigh Dúinn
.
Peadar Bairéad
.
“Marian” Days
Mar a mhínigh mé cheana dhuit, chuaigh mé i mbun oibre i gColáiste Mhuire Cois Abhann (Marian College), tús Mheán Fómhair na bliana 1958, tar éis dúinn crá croí agus céasadh a fhulaingt, agus muid ar thóir tí san Ardchathair, i rith an tSamhraidh chéanna sin. Ba bheag é m’eolas-sa ar chúrsaí tithíochta, nó limistéir, in Áth Cliath ag an am, agus bheinn ag súil go gcabhródh lucht na Scoile liom as bhfiontar sin. Tharla, gur theastaigh múinteoir uathusan, agus dá thúisce a ndéanfaí an fhadhb sin a réiteach, gurbh amhlaidh ab fhearr dóibhsean freisin é. Bhí breall orm áfach, agus bhí orm míonna fada a chaitheamh ar bhusanna, agus ag coisíocht, ar fud na cathrach, sára bhfuair mé teach, ar deireadh thiar thall, amuigh i gCluain Tarbh, aistear fada go leor ón áit a mbeinn i mbun oibre inti, ó lá go lá, feasta. Nuair a thug mé an dea-scéal sin d’údaráis na Scoile, ba é freagra a fuair mé nó “Bhuel, níl muid ag pocléimhnigh le háthas dá bharr, ach déanfaidh sé cúis.” “An bhail chéanna oraibhse” arsa mé fhéin faoi m’fhiacail, agus tonn aiféala ag scuabadh tharam faoi gur fhág mé Coláiste Mhuireadhaigh a chéaduair, áit a raibh mé faoi mheas, agus faoi chion, i measc mo mhuintir fhéin.
Níor mhair sin i bhfad, áfach, agus ba ghearr gur tuigeadh dom, go raibh féidearthachta sa phost nua seo, agus gur ormsa a bhí, chuile bhuntáiste a bhaint as na féidearthachta céanna sin.
A Different World
Luigh mé isteach ar an obair faoi mar a bheadh Dia á rá liom, ach ag an am gcéanna, thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh difir, agus difir mhór, idir mhuintir an Iarthair agus lucht na hArdchathrach. Ar an gcéad dul síos, bhí i bhfad níos mó daltaí ag freastal ar mo Scoil nua, agus déarfainn nach raibh sé chomh héasca acu an Ghaeilge a fhoghlaim, is a bhí thiar. Chomh maith le sin, is dócha gur lú a meas ar, idir theanga agus chultúr. Dá n’iarrfá orthu ár gcluichí Náisiúnta a ainmniú, chuile sheans gur Rugar agus Sacar a gheofá mar fhreagra, agus an tráth úd, níorbh é sin an leagan amach a bhí ar chúrsaí i measc Gael, murab ionann is faoi mar atá cúrsaí sa lá atá inniu ann. Sea, agus bí ag caint ar a meas ar mhuintir na tuaithe! B’fhíor bheag é, dá mba ann in aon chor dó! Ní raibh ann, dár leosan, ach an chathair, agus a muintir, agus éinne a mhair taobh amuigh de theorainneacha na cathrach, níorbh fhiú trácht orthu, nó ní raibh iontusan ach lucth na bportach. Anois, nuair a chuireann tú an cúlra sin san áireamh, nach gceapfá go mbeadh fonn orm an chathair sin is a raibh inti a thréigint, ar an dá luathas, ach ní mar sin a bhí, nó thug mé faoi’n ngnó a bhí idir lámha agam, le flosc is le fuadar, agus, déarfainn fhéin, fiú sa lá atá inniú ann, gur éirigh liom dul i gcionn ar bhunús na ndaltaí a tháinig faoi mo chúram, agus nuair a d’fhág mé an scoil sin, tar éis na seacht mbliana úd a chaitheamh inti, chreidfinn fhéin go mba Ghaelaí an dearcadh a bhí ag na scoláirí a raibh baint agamsa leo. Agus fiú, nár mheallas Donncha Ó Súilleabháin fhéin isteach chugainn le fáinní óir a bhronnadh ar shlám maith daltaí a shroich caighdeán ard sa Ghaeilge labhartha, ag an am. Dála an scéil, nach raibh Ardeaspag Átha Cliath, an Dochtúir Diarmaid Ó Máirtín fhéin, ar dhuine de na daltaí céimiúla a bhí againn, i Marian, ag an am sin, sea mh’anam, agus nárbh é an gasúr éirimiúil, cliste, fadcheannach é fiu, i rith na mblianta sin, fadó, i gcaogaidí na haoise seo caite.
Wheels at Last.
Tar éis dom cupla bliain, nó trí, a chaiteamh ag baint úsáide as Córas Iompair Éireann mar chóir taistil, agus tar éis dom bheith tuirseach traochta ó bheith ag iarraidh an scoil a bhaint amach in am, chuile mhaidin, d’éirigh liom seanghluaisteán athláimhe a cheannacht, leis an ngnó ceanna sin a dhéanamh dom feasta. Ó, a Thiarcais! nárbh uafásach an gnó é gluaisteán a thiomáint ar shréideanna naofa Átha Cliath? Chaith mé roinnt mhaith ama, ar dtús, ag cleachtadh ar na bóithre, agus ar na sráideanna, thart ar mo chomharsanacht fhéin, i gCluain Tairbh. Tar éis roinnt ama, bhí de mhisneach agam tiomáint chomh fada le Baile na gCorr, agus fiú, chomh fada ó bhaile le Binn Éadair fhéin. Ansin, ar deireadh thiar thall, tharla go raibh lá saoire ón scoil agam, agus shocraíomar ar dhul ar sheilg chomh fada le Dún Laoghaire! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an aistear sin go deo na ndeor. Ní raibh cúrsaí chomh dona sin ar fad, chomh fada is a bhí mé ag tiomáint ar bhóithre a raibh aithne, nó breacaithne fhéin fiú, agam orthu, ach nuair a chuaigh mé trasna na Life go dufair dheisceart na cathrach, agus nuair a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí shráideanna nach bhfaca mé riamh roimhe sin, ba bheag nár thit an t-anam asam. Stop an gluaistean ina staic i lár na sráide, cupla babhta, agus ní bheadh sin chomh dona sin ar fad, ach bhí bus ollmhór dhá stór taobh thiar díom, agus an maistín sin de thiománaí ag luí ar adharc an bhus, feadh an ama, ag iarraidh an chábóg coille sin, a bhí os a chomhair amach, a scuabadh as a shlí. Ó! dá bhfeicfeá m’aghaidh ag an am sin! bhí sí lasta suas go bun na gcluas. Ach, más fada an lá tagann an tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é, agus ar deireadh thiar, tar éis chuile dheacracht a shárú, shroich mé Dún Laoghaire, agus bhaineamar sásamh agus sult as an lá sin a chaitheamh ag guairdeall timpeall an bhaile cuain sin. Ach, dár ndóigh, bhí an aistear fada ó Dhún Laoghaire ar ais go Cluain Tairbh le tiomáint agam fós, ach, tar éis a raibh fulaingte agam ar maidin, bhí cineál misnigh agam ansin, agus d’éirigh liom mo bhealach a dhéanamh abhaile, gan stró ar bith, agus ón lá sin amach, ní raibh faitíos ar bith orm an gluaisteán a thiomáint áit ar bith sa chathair, nó faoin tuath fhéin, ar choiníoll go raibh staidéar déanta agam ar léarscáil na dúiche sin, agus mo bhealach pioctha amach go cúramach agam, roimh ré.
Not all plain sailing
Ón lá sin amach, ní raibh mé ag brath feasta ar Chóras Iompar Éireann le mo chuid tiomána a dhéanamh dom, nó go gairid ina dhiaidh sin, ní raghainn thar cupla céad slat slí ó mo dhoras fhéin, gan mo ghluaisteán a thabhairt liom. Anois, cheap mé nach mbeadh stró ar bith orm feasta, bheith in am do mo chuid oibre, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus ba é an dála céanna agamsa é. Cinnte, ní bheadh stró ar bith orm an t-aistear sin a dhéanamh, taobh istigh d’am áirithe, ach ní tharlódh a leithéid, dá dtiocfadh tada sa mbealach, le moill a chur orm, agus an tráth úd, bhíodh capaill fós ag tarraingt cairteacha ollmhóra trí shráideanna plódaithe na cathrach, agus dá dtarlódh fear acusan romhat ar maidin, bheadh sé chomh maith duit dul ag feadaíl, nó ní bheadh seans ar bith agat bheith ag an scoil in am. Ba ansin a thuig mé, den chéad uair, go raibh seans i bhfad níos fearr ag lucht taisteal Chóras Iompar Éireann, a gceann scríbe a shroichint in am, ná mar a bhí ag lucht na gcarranna príobháideacha. Ach tríd is tríd, bhí mé sásta go maith lem’ chuidse den mhargadh sin, agus leis na deacrachtaí úd a shárú, ní raibh le déanamh agam ach an teach a fhágáil beagáinín níos luaithe ar maidin.
Time for a Change
Le himeacht na mblianta áfach, thug mé faoi deara, go raibh faid ag teacht san am a thógadh sé orm an t-aistear trasna na cathrach a dhéanamh, maidin is tráthnóna, agus bíodh go mbínn ábalta, i dtosach báire, teacht abhaile don lón, i lár an lae, de réir mar a chuaigh an trácht i méad, chuireadh sin go mór leis an am sin, agus ba é an chéad rud a rinne mé, nó lón a thógáil liom chun na scoile, ionas nach mbeadh orm an turas sin abhaile a dhéanamh i lár an lae, agus níos déanaí fós, tug mé faoi deara, go dtógadh sé thart ar chuig nóimead sa bhreis, leis an turas sin a dhéanamh, ó bhliain go chéile, agus tháinig an lá, mar sin, nuair a dúirt mé liom fhéin, go raibh an iomarca ama á chaitheamh agam ag taisteal, agus ó tharla go raibh cúiseanna eile sa treis freisin, shocraigh muid, mar chlann, go raibh an t-am tagtha leis an gcathair a thréigint, agus post eicínt a lorg thíos faoin dtuath.
Tharla sin i dtús na scoilbhliana 1966/67, agus b’in an t-am a chonaic mé an fógra ó Choláiste Chiaráin, i gCill Chainnigh, san Independent, á rá go raibh múinteoir Gaeilge uathu. Chuir mé isteach ar an bpost sin agus fuair.
Bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a thosóidh mé ag cur síos ar mo laethe anseo sa Chathair Álainn, cois Feoire.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Sceanadh, mugáil, agus marú 1
Peadar Bairéad
(This week we take a look at violent behaviour)
Éigean agus Slad!
Is dócha gur thug tú faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal “éigean” i mbéal gach éinne, i bhfad Éireann níos minicí ná mar a bhíodh. Ní hionann sin is a rá, nach raibh an t-earra céanna sin i mbéal gach éinne roimhe seo, nó bhí, agus cúis acu leis, ach is dócha nach bréag ar bith é a rá, go bhfuil an foréigean céanna sin imithe chun an donais ar fad, le mám blianta anuas. Tá daoine ann adeir, gurb iad na drugaí agus an t-ól is cúis leis an ndíobháil seo uilig, agus is dócha go bhfuil sláimín eicínt den cheart acu sa mhéid sin, ach, i ndáiríre, níor chóir dúinn glacadh le leithscéal dá leithéid, nó má dhéanann, is ionann sin is a rá, nach mbeadh duine freagrach, as a ghníomhartha i gcás dá leithéid feasta, toisc gur féidir leis an milleán a leagan ar chúis eicínt taobh amuigh dá bheith fhéin. Bhíodh leithscéalta dá leithéid á dtabhairt sna cúirteanna, i gcás an óil, tamall de bhlianta ó shoin, ach ar deireadh, is dócha gur shocraigh na breithiúna, nár chóir glacadh lena leithéid feasta, nó tuigeadh dóibh, go raibh an meisceoir ciontach ina mheisce, ar an gcéad dul síos, agus dá bharr sin, go raibh sé ciontach freisin sna gníomharatha a rinne sé le linn a mheisce. B’fhéidir go ndéarfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, dí-aignithe, ag cumhacht na ndrugaí, ach ag an am gcéanna, nach é an dá mhar a chéile é, nó i ngach cás acu, tá cumas an duine guaim a choinneáil air fhéin, bearnaithe nó millte. Ach an ionann sin is a rá, nach bhfuil duine ciontach sna gníomharatha a rinne sé, i gcás dá leithéid? Ní dóigh liom gurb ea, nó dá ndéarfaí a leithéid, ansin, is dócha go mbeadh sé de dhualgas ar na húdaráis an té sin a choinneáil i ngéibheann, nó faoi smacht, go dtí go bhféadfaí a rá arís nár bhaol don phobal é, agus nach ‘in é díreach a theastaíonn ón gcuid is mó de na daoine sin, a bhfuil andúil acu sna drugaí diobhálacha céanna sin?.
Bhí mé ag caint faoi na cúrsaí sin le Mártan an Tairbh, seanchara liom, an lá cheana, agus bhfuil fhios agat céard adúirt seisean liom?
Níl, ná a fhios, is dócha!
Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, dea–dhéanta, foirfe. Agus ar seisean ansin, an mbeifeása sásta uisce na bhfataí a chur isteach ann, in áit artola, nó peitril? Nó an gcaithfeá mám siúicre isteach ann, ag súil go raibh beadaíocht ag roinnt leis, agus tú ansin ag súil, i ndiaidh an iomláin, go mbeadh a rith agus a léim aige, ina dhiaidh sin? Ní dóigh liom go ndéanfá, arsa mo chara, agus é ag scaoileadh gáilleog den stuif crua siar le fána! Ó, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fhéin. Agus nach bhfuil sé deas éasca dlithe a leagan síos do dhaoine bochta eile, chomh fada is nach gcuireann siad as dúinn fhéin, sea, mh’anam, tá sé éasca go maith bheith fial le stiall de chraiceann duine eile!
Tar éis na cainte sin go léir, caithfear a admháil, is dócha, go bhfuil tionchar do-áirithe ag drugaí ar fhás an fhoréigin sráide sin, a thugtar faoi deara, ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le roinnt blianta anuas.
Ach an bhfuil leigheas ar an scéal, má sea?
Bí cinnte nach bhfuil ‘leigheas ar an toirt’ le fáil ar fhadhb chasta dá leithéid, a bhfuil an domhan mór cráite, céasta, aici, le cupla scór bliain anuas, nó dá mbeadh a leithéid de leigheas ar fáil, bí cinnte go mbeadh úsáid bainte as, ag na tíortha móra saibhre, a bhfuil na milliúin á gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinneáil ar dhéanamh, ar úsáid, ar dhíol agus ar leathadh, na ndrugaí díobhálacha céanna sin.
Ach, fágaimis an fhadhb sin ar leataobh, go fóill, agus tugaimis aghaidh arís ar an bhforéigean sráide sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.
Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath úd a bhíodh ar bhéala daoine, roinnt blianta ó shoin, nó ní bhíodh i mbéal an uile dhuine, an tráth sin, ach “Zero Tolerance”. Is dócha gurbh iad na Puncáin a chuir tús leis an téarma céanna sin, agus ba é ciall a bhí, agus atá, leis, nó nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith, dá mbrisfeadh sé dlí nó riail ar bith, agus dá mbéarfaí air agus an beart sin á dhéanamh aige, cuma cén cineál dlí a bheadh i gceist, marú duine, nó ag caitheamh bun toitín ar an tsráid, chuirfí an dlí i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, i ngach uile chás. Rinneadh iarracht ar sin a dhéanamh ar shráideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur tháinig an-fheabhas ar chúrsaí ansin dá bharr. Ba ghearr go raibh an mana céanna á úsáid anseo i dTír na hÉireann freisin, ach ní dóigh liom, go raibh toradh céadtach air anseo, faoi mar a bhí thall, agus in áit feabhas a theacht ar chúrsaí anseo, is amhlaidh atá cúrsaí ag dul in olcas, ó lá go lá.
.
.
.
.
.
Níl le déanamh agat ach breathnú ar nuachtán ar bith, na laethe seo, agus feicfidh tú, gur beag oíche a théann thart, nach ndéantar duine eicínt a sceanadh nó a robáil anseo; a mhugáil nó a bhatráil ansiúd, nó faraoir, a bhascadh agus a mharú fiú san áit úd eile. In ainm Chroim! Cén cineál sochaí atá againn anseo? Nach gceapfá nach mbeadh tada dá leithéid ag tarlú anseo, toisc go bhfuil an tír s’againne chomh beag sin, agus toisc go bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar a chéile, geall leis.
B’fhéidir go gceapfá sin, ach dá gceapfá, bheadh breall ort, nó nuair a éiríonn idir chairde, sin an áit a mbíonn an feannadh, agus nach minic, na laethe seo, a léann muid faoi chairde a chaith an oíche amuigh ar an drabhlás, le chéile, agus ansin, ar a mbealach abhaile, toisc, b’fhéidir go sciorrfadh focal ó dhuine acu, go mbeadh an lasair sa bharrach láithreach bonn, agus diabhal stopadh a bheadh orthu go mbeadh duine acu sínte tréith ar lár. Anois, tá sin dona go leor, ach i gcás dá leithéid, ní raibh cloch sa mhainchille ag duine ar bith de na cairde céanna sin dá chéile, nó ní raibh aon drochfhuil eatarthu, ach is amhlaidh a tharla an chaismhirt sin eatarthu, de thaisme. Cad is féidir linn a rá faoi chás dá leithéid, ach nár chóir go dtarlódh sé, olc, maith, nó dona, agus arís, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gur toisc go raibh an iomarca óil ar bord ag na cairde céanna sin, a tharla an scliúchas marfach sin eatarthu.
An bhfuil leigheas ar an scéal, an gceapann tú?
Tá, cinnte. Níor chóir an oiread sin dí a dhíol leo, i dteach ósta ar bith, agus i gcás dá leithéid, bheadh cuid den mhilleán ar únéir an tí ósta inar thóg siad an lasta sin ar bord.
Scéal eile ar fad é, nuair a théann dream ruifíní amach ar ar sráideanna, agus gan d’aidhm acu, ach teacht ar dhuine neamhurchóideach eicínt, d’fhonn léasadh maith a bhuaileadh air. De ghnáth, ní bhíonn aithne ná eolas ar bith faoin spéir acu ar an nduine bocht sin. Is amhlaidh a mheallann siad chucu é, trí chipín solais, nó toitín, a iarraidh air, nó rud eicínt dá leithéid, agus ansin, nuair atá sé ina gcóngar, iompaíonn siad air, agus ionsaíonn é, le buidéal, b’fhéidir, nó le scian, nó le ciceanna fiú, go dtí nach mbíonn fágtha ann ach an dé, agus ansin, ritheann siad leo, mar a dhéanfadh cladhairí, gan iarracht ar bith a dhéanamh ar chóir leighis a chur ar fáil dó, nó cúnamh dá laghadh a thabhairt dó. Nach deacair cur suas le hiompar dá leithéid? Agus dá gcuirfeá ceist orm, an raibh leigheas ar bith le fáil ar an gcineál sin barbarthachta, is dócha go mbeadh orm a rá, nach raibh leigheas i ndán d’iompar dá leithéid, ach amháin na coirpigh sin a chaitheamh isteach i gcarcar, sa chaoi nach mbeadh ar a gcumas, a leithéid a dhéanamh d’éinne eile, feasta. Sea, agus níorbh aon mhaith é cupla seachtain príosúntachta a ghearradh orthu, nó thiocfaidís amach, agus dhéanfaidís a leithéid céanna arís, ach dá ngearrfaí seal fada príosúntachta orthu, ansin bheadh seans ann go bhfoghlaimeodh siad fios a mbéas, don todhchaí, agus nach ndéanfadh siad a leithéid arís, agus chomh maith le sin, mhúinfeadh sin ceacht do mhaistíní óga eile, gan iompar dá leithéid a chleachtadh amuigh ar ár sráideanna, ar eagla go ndéanfaí an rud céanna leosan. Sea, mh’anam, is beag rud a thuigeann coirpigh chomh maith le príosúntacht fhada!
Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha go gcaithfidh an tsochaí s’againne, chuile iarracht a dhéanamh ar thimpeallacht an phhobail a fheabhsú, sa chaoi nach mbeidh fonn ar ógánaigh, feasta, daoine a ionsaí, nó a bhualadh, in aon chor. Sna seanlaethe, bhuailtí daoine freisin, ach an tráth úd, ní bhuailfí gan chúis iad, murab ionann is an lá atá inniu ann. Céard a tharla, má sea, a d’athraigh cúrsaí an oiread sin, le cupla scór bliain anuas? Níl dabht ar domhan, ach gur tharla a lán rudaí, a raibh páirt eicínt acu san athrú sin.
• Tharla cogaí iomadúla ó cheann ceann na cruinne, agus tá’s ag an lá go gcothaíonn cogaí foréigean, agus fíoch fola, i measc daoine. Íslíonn siad freisin, an luach a leagann daoine ar bheatha an daonnaí.
• Trí leathadh chumhacht na meán, d’éirigh le fórsaí áirithe dul i gcionn ar an bpobal, agus chuir ar a súile dóibh, gur rud ionmholta é, tuilleadh agus tuilleadh saoirse fós, a thabhairt don duine Agus cé gur maith an rud é saoirse a bheith ag duine, ag an am gcéanna, mura bhfuil sé sásta bheith freagrach as a ghníomhartha fhéin, agus géilleadh do chearta a chomhdhaoine, bhuel, ansin millfidh an tsaoirse sin cumas tháithe an phobail, sa chaoi go loitfí, agus go millfí é, ón dtaobh istigh.
• Tá’s ag an lá, go bhfuil i bhfad Éireann níos mó airgid i bpócaí na ndaoine óga, sa lá atá inniu ann, thar mar a bhíodh, agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile go gcaitear roinnt mhaith den airgead sin ar ól agus ar ragairne, agus nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh.
• Féach freisin, mar a ghlóirtear gnéas, foréigean, agus póit, ar na meáin, sa lá atá inniu ann, go háirithe ar an teilifís, agus nach músclaíonn na scannáin agus na físeáin sin fiosracht na hóige, sa chaoi go mbíonn fonn orthu aithris a dhéanamh ar laochra na scannán.
• Is dócha, chomh maith le sin, go raibh tionchar eicínt ag na trioblóidí a réab leo i dTuaisceart na tíre seo ar feadh thart ar thriocha bliain, agus a chuir thar maoil thrí Dheisceart na tíre seo freisin, is dócha gur dhein siadsan a gcion fhéin le foréigean a chothú agus le moráltacht a lagú inár measc.
• Níl dabht ach gur chuir na cúiseanna uilig sin le chéile, le cumas comhtháite an phobail a fheo, agus a mhilleadh, agus mura bhfuil pobal comhtháite agat, fásann leithleachas agus mé-féineachas ina measc, sa chaoi nach bhfuil pobal feasta agat, ach tréad de dhaoine aonaracha, gan chonradh sóisialta ar bith eatarthu. Fásann foréigean in ithir dá leithéid.
Tá mé cinnte, go bhfuil cúiseanna eile leis an gclaonadh chun an fhoréigin atá le sonrú in óige an lae inniu freisin, agus más uainn an claonadh sin a chur ar ceal, caithfear srian agus smacht a chur ar na fórsaí atá cionntach i bhforéigean agus i ndrochbhéasa an lae inniu. B’fhéidir fiú, go mbeadh orainn dul siar ar na dlithe a ritheadh, ar na mallaibh, ag cur faid le huaireannta oscailte na dtithe ósta, agus b’fhéidir, nárbh olc an smaoineamah é freisin, iachall a chur ar thithe mear-bhianna a ndoirse a dhúnadh níos luaithe san oíche, nó níl dabht ar domhan ach go dtosaíonn troid agus scliúchas, go minic, thart ar na tithe céanna sin.
Déarfainn go bhfuil an iomarca ráite agam faoin ábhar seo, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, caithfear srian a chur leis an bhforéigean seo a tharlaíonn ar shráideanna ár mbailte, agus ar gcathracha, nó mura ndéanann, bhuel, ansin, millfear agus bascfar an tsibhialtacht seo, ar caitheadh na mílte agus na mílte bliain á tógail, agus á cothú, agus gan de rogha fágtha againn ansin ach filleadh ar an mbarbarthacht.
Go dtí an chéad uair eile…..
Slán………
.
******************
Peadar Bairéad.
******************
.
.