I  mBéal  an  Phobail Teacher Man.

I mBéal an Phobail Teacher Man.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Teacher Man

by

Frank McCourt

————————————

Méaróg ar a charn

a fhios ag an Saol Gaelach, faoi seo, gur bhásaigh an t-údar cáiliúil, Frank McCourt, ar na mallaibh, agus mar mhéaróg ar a charn, ba mhaith liom píosa beag a scríobh sa cholún seo, faoin leabhar deiridh a shil óna pheann líofa. Níl mé ag tagairt anseo do, Angela’s Ashes, nó do, ’Tis, an dá leabhar ba cháiliúla uaidh, ach tá mé ag tagairt don leabhar deiridh dá chuid, sé sin, do Teacher Man, leabhar a scríobh sé, le cur síos a dhéanamh ar ar bhain dó, agus é i mbun a cheird mar mhúinteoir, i Scoileanna éagsúla i gCathair mhór Nua Eabhrac. Tá sé soiléir ó thús, go bhfuil muid ag plé le duine umhal, carthannach, fiosrach, agus le duine a raibh tine ina bholg, de shíor á thiomáint i dtreo na foirfeachta i gceird na múinteoireachta.

Clú agus Cáil

Tá’s ag madraí an bhaile anois, faoi mar a d’éirigh leis dul i gcionn ar an saol mór, lena dháiríreacht, agus lena mhacántacht in Angela’s Ashes. Táid ann adeir, nach bhfuil sa leabhar sin ach cumadóireacht agus fiannaíocht, agus gur scríobhadh é le freastal ar bhrionglóidí Ghael Mheiriceá, ach ní mar sin atá, in aon chor, nó sa leabhar sin, déanann an t-údar cur síos ar an saol, faoi mar a bhí i measc a mhuintire, le linn a óige-sean i gcathair Luimní. Ní hamháin go raibh siad bocht, ach bhí siad an-bhocht. Thug sé faoi deara, faoi mar a diúltaiodh dó fhéin is dá mhuintir, nuair a rinne a athair iarracht ar áit a fháil dó mar chléireach Aifrinn. Agus arís, thug sé faoi deara, an chaoi a raibh ar a mháthair déirc a lorg ó shagairt, le goblach a choinneáil lena hál. Ach taobh ar taobh leis an mbochtaineacht uilíoch sin, feicimid mar a chabhraigh daoine lena chéile, agus an chaoi ar theastaigh ón údar fhéin a bhealach a dhéanamh chun tosaigh. Tuigtear dó fhéin gur mhill an bhochtaineacht chéanna sin a mhisneach agus a spiorad, agus gur leag sí é i mbogach an easpa muiníne, agus d’fhéadfadh cuidín eicínt den cheart a bheith aige sa mheid sin, ach le filleadh ar Teacher Man…bíodh nach bhfuil ann ach thart ar cheithre scór leathanach, ó thús deireadh, caithfidh mé a rá, go ndeachaigh na leathanaigh chéanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, nó tá dáiríreacht, macántacht, agus neamhurchóid, le feiceáil go soiléir tríd na scéilíní uilig, ó thús deireadh. An Máistir ag plé lena ranganna, a chéaduair, agus ansin, lena dhaltaí mar dhaoine daonna, atá á chur os ár gcomhair ag an údar, sa leabhar seo.

That Irish Childhood !

Breathnaigh ar an gcaoi a chuireann sé tús leis an scéal, sa chéad chaibidil…

“If I knew anything about psychology, I’d be able to blame all my troubles on my miserable childhood in Ireland. That terrible childhood took away my confidence and filled me with self-pity; it made me afraid of my emotions, jealous of other people, unable to obey orders, and frightened of the opposite sex…..So, it’s surprising that I ever managed to become a teacher.

Sea, mh’anam! Ach ní dóigh liom go gcreidfeadh mórán daoine go raibh an t-údar lom dáiríre sa ráiteas sin, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh, gur chaith an fear céanna sin triocha bliain dá shaol i mbun na múinteoireachta céanna sin, i gcathair mhór Nua Eabhrac, áit a chuirfeadh sceon i gcroí múinteora ar bith! Sea, agus i rith na mblianta sin freisin, bhí de mhisneach aige, tuilleadh staidéir Ollscoile a dhéanamh, staidéar a chuirfeadh ar a chumas dul chun cinn a dhéanamh sa chóras scolaíochta, agus sa tslí sin, go n-éireodh leis dul i gcionn níos fearr ar a dhaltaí.

Ach ag tagairt dá ráiteas thuas, go ndeachaigh a thabhairt suas agus a scolaíocht fhéin go mór ina choinne, nuair a chuaigh sé i gcionn oibre thall, nach luíofadh sé le réasún, gurb é a mhalairt ar fad a bheadh fíor, nó nár chuir a thabhairt suas fhéin ar a chumas, an daltaí bochta ó chúlshráideanna Nua Eabhrac a thuiscint níos fearr ná mar a dhéanfadh a chomhmhúinteoirí thall?

“Angela’s Ashes”

Tugann muid faoi deara freisin, an t-ionad gradamach a thuill a chéad-leabhar, Angela’s Ashes dó, agus an chaoi ar tugadh aird domhanda air, as ucht an leabhar sin amháin sin a scríobh, agus ar an dtaobh eile den scéal, níor thug éinne aird ar bith air as an triocha bliain a chaith sé mar mhúinteoir i gcathair mhór Nua Eabhrac!

B’iontach mar a bhain Frank McCourt úsáid as an scéalaíocht mar uirlis oideachais i measc na ndaltaí sin. Agus níos iontaí ná sin fhéin, gur chuir na daltaí stóinsithe sin aird ar a scéalta, ó thús. Ní raibh siad cinnte riamh céard a dhéanfadh an tÉireannach buile sin, a bhí acusan mar mhúinteoir, agus dá bhrí sin, bhídís ag faire amach i gcónaí, féachaint cén toradh a bheadh ar a mbligeardaíocht i rang Mhic Cuarta.

Tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus toit as an leabhar beag seo, nó tá slua iontach carachtar ann, carachtair a bhainfidh gáire as anois, agus a bhainfidh deoir asat ar ball, nó bíodh go bhfuil siad stóinsithe, seanaimseartha, ag an am gcéanna, tá siad macánta, neamhurchóideach, dáiríreach.

Críoch Chuí ?

Breathnaith mar a chuireann an t-údar críoch leis an leabharán seo. Tá sé ag éirí as an múinteoireacht, agus seo a rang deiridh críochnaithe aige. Buaileann an clog, agus……………

“The bell rang, and they all said goodbye to me. I was told to have a good life. I wished them, the same. As I left the classroom for the last time, a voice called out to me.

‘Hey, Mr. McCourt, you should write a book.’

I’ll try.”

Críoch chuí, oiriúnach, le triocha bliain múinteoireachta, agus comhairle chuí ó dhuine anaithnid dá dhaltaí. Níor bronnadh fiú uaireadóir óir air, tar éis a shaothair go léir!

Ach, nach ’in an saol agat, a mhiceo?

.

I  mBéal  an  Phobail Teacher Man.

I mBeal an Phobail. My Marian Days

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Marian College…1954-2004……… ………..Golden Jubilee Special

.

My Marian Years

Tharla, ar an 28ú Aibreán, 2008, gur bhuail mé le Ned Prendergast, in Oifigí “CEIST” i Má Nuat, mar a bhfuil sé ag obair anois, mar fheidhmeannach leis an eagraíocht chéanna sin. M’iníon a réitigh an talamh don ócáid, nó tharla go bhfuil sise ag obair sna hOifigí céanna sin. Bhí deis agam, freisin, bualadh le baill na Foirne breátha, cairdiúla, atá ag saothrú leo sna hOifigí céanna sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom dul siar, beagáinín, i dtosach, leis an teacht le chéile sin a shuíomh ina ionad ceart féin.

Thosaigh mé fhéin mo shaol múinteoireachta i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, agus tar éis dom seacht mbliana, nó mar sin, a chaitheamh ag saothrú na Gaeilge sa Choláiste sin, ghlac mé le post i gColáiste Mhuire Cois Abhann, nó i “Marian College”, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Tháinig mé go Marian College i Meán Fómhair na bliana 1958. Caithfidh mé a admháil anois, go mbeadh sé deacair daltaí na scoile sin a shárú, an tráth úd, agus shaothraigh mé liom ansin ar feadh seacht mbliana, nó mar sin, ach ag deireadh na tréimhse sin, mhothaigh mé, ar chúinsí áirithe, go raibh sé in am agam bóthar a bhualadh arís, agus mo sheolta a ardú. Shocraigh mé ar Choláiste Chiaráin Chill Chainnigh, a thabhairt orm fhéin. Rud a rinne. Ní raibh aiféala orm riamh ó shoin gur chinn mé ar sin a dhéanamh an tráth úd, nó réitigh an t-athrú sin go seoigh liom.

We taught by Dodder’s Banks

Ní chuige sin atá mé áfach, ach le filleadh ar an gcruinniú a bhí agam le Ned Prendergast. Chuir mé suim ar leith sa chruinniú sin, nó chaith Ned seal ag múineadh i gColáiste Mhuire Cois Abhann, agus d’fhág sin go raibh deis againn ár gcomhrá, agus ár seanchas, a dhéanamh, faoin saol a bhí sa treis agus muid i mbun múinteoireachta ansin, blianta fada ó shoin. Luaigh mé thuas, gur bunaíodh an Coláiste sin sa bhliain 1954, rud a d’fhág go raibh Iubhaile Órga an Choláiste á cheiliúradh acu ansin, sa bhliain 2004, agus leis an ócáid chinniúnach sin a cheiliúradh mar ba chóir, d’fhoilsigh siad Iris bhreá, shuimiúil, Chomórtha, don Iubhaile chéanna sin. Anois, ó tharla go raibh chuile shnaidhm a cheangail mé leis an gColáiste céanna sin scaoilte le blianta fada, agus ó tharla nach bhfaca mé an Iris Chomórtha sin, nach orm a bhí an t-áthas nuair a bhronn Ned cóip de orm, ar an ócáid sin i Má Nuat.

Tar éis dom filleadh ar Chill Chainnigh, bhí deis agam an Iris sin a scrúdú, agus a chíoradh. Chuir mé suim, agus dhá shuim, in a raibh le léamh, agus le feiceáil, agam san Iris chéanna sin.

Seven Years of…………..

Chaith mé fhéin seacht mbliana ag saothrú na Gaeilge ansin, ón mbliain 1958, go dtí Samhain na bliana 1966, agus is dócha gur leagadh dúshraith na scolaíochta agus an léinn sa Choláiste i rith na mblianta céanna sin. Tháinig RTE i dtíos linn, i dtús na seascaidí, nó ní raibh a n-áit fhéin amuigh i nDomhnach Broc réidh dóibh ag an am, agus dá bharr sin, bhain siad úsáid as Amharclann an Choláiste lena scileanna a chleachtadh ann, agus nár bhreá an caitheamh aimsire dúinne é, tráth a chaitheamh ag breathnú orthu ag cleachtadh a gceirde thíos fúinn, san Amharclann, agus muidinne ag breathnú orthu tríd an bhfuinneoigín úd i Seomra na Múinteoirí. Cuimhní ag filleadh orm freisin faoi Chlós na Scoile, mar a thionóltaí na daltaí chuile mhaidin, roimh ranganna na maidine, b’in an “Assembly”, mar a thugtaí ar an dteacht le chéile sin, agus bhíodh ar chuile mhúinteoir bheith sa láthair, lena rang fhéin a thionlacan chuig a sheomra ranga, i ndiaidh an tionóil, ach nach gcuirtí fainic na bhfainic ar chuile dhalta acu, gan spág fiú, a leagan ar an bpaistín féarach úd a rith ó cheann ceann an Chlóis! B’iontach ciúin an áit í, ansin cois Dothra, agus í fada go leor isteach ó na sráideanna torannacha, sa chaoi nach gcuirfeadh gleadhradh bodhar an tráchta isteach orainn, a bheag nó a mhór. Sea, dhúisigh an Iris Chomórtha cuimhní iomadúla i gcistin na cuimhne, agus d’fhill scaoth cuimhní orm le chuile leathanach dár iompaigh mé.

Congratulations to the Editor

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Eagarthóir, nó rinne sé éacht agus na cuimhní sin uilig a bhailiú, a rangú, agus a choimeád faoi smacht, taobh istigh de chlúdaigh ornáideacha na hIrise léannta ildaite seo. Ba spéisiúil freisin iad na grianghrafanna a bailíodh don ócáid, ach b’fhéidir go gcuirfeadh ainmneacha na ndaoine uilig sna grianghrafanna sin go mór leis an sásamh a bhainfeadh duine mar mise astu. Ach ansin, nuair a smaoiním gurbh é Pat Mór McDonagh fhéin a rinne eagarthóireacht ar an saothar seo, ní chuireann sé ionadh ar bith orm, nó chuir mé aithne ar an Pat céanna sin, sa bhliain 1958, nuair a tháinig sé aduaidh chugainn, le dul i gcomhar linn mar mhúinteoir, i Marian College. Ba chara dílis é Pat, i rith na mblianta a chaitheamar ag treabhadh linn i bhfochair a chéile ansin, cois Dothra. Is féidir liom an Pat céanna sin a fheiceáil anois fhéin, trí shúile na cuimhne, Fear breá, óg, scafánta, laidir, ag siúl roimhe go rábach, é ag slíocadh a chuid gruaige siar thar a mhalainn, agus a ghúna léannta, acadúil, á shéideadh san aer taobh thiar de. Cuimhní freisin ag filleadh orm ón lá úd ar thugamar cuairt ar Bhéal Feirste na long, ar an bhfáilte chroíúil a cuireadh romhainn i Stormont fhéin, áit ar ligeadh isteach sinn, le spléachadh a fháil ar Pharlaimint an Tuaiscirt i mbun oibre! Chonaiceamar freisin, an lá céanna sin, na sluaite ollmhóra ag filleadh abhaile, tráthnóna, go tostach, dúr, óna gcuid oibre sna longchlósanna. leor sin faoi na cuimhní úd, ach is féidir leat a bheith cinnte, go leanfaidh cuairt na gcuimhní céanna sin, go ceann i bhfad.

Memories Recalled

Chuir mé spéis sna grianghrafanna freisin, nó léirigh roinnt acu dom neamhbhuaine an tsaoil seo, mar nach bhfuil roinnt áirithe de na daoine ar chuir mé fhéin aithne orthu, sna caogaidí agus sna seascaidí, nach bhfuil siad ag tabhairt an fhéir faoi seo. Solas na Soilse, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh acu anois agus i dtólamh.

Tá grianghraf san Iris, ar leathanach 24, ina bhfeicimid Foireann múinte na Scoile agus Rang na Sinsear, tógtha le chéile, san aon phictiúr amháin, mise an dara duine ar chlé den dream atá suite. Sea, agus luaitear m’ainm cupla babhta freisin, tríd an Iris. Mór an onóir dom a leithéid. Sea, agus nár dheas freisin ó Ned Prendergast a rá, go raibh mo chuimhne fós beo sa scoil, tráth a raibh seisean ag múineadh ann, i Seachtóidí na haoise seo caite.

Ní bréag a rá gur thóg an cruinniú úd le Ned siar thar na blianta mé, go dtí “My Marian Years” agus gur músclaíodh ionnam athuair, cuimhní a bhí folaithe ar ghrinneal Loch na gCuimhní, le fada an lá. B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo.

I  mBéal  an  Phobail Teacher Man.

I mBéal an Phobail..An mhaith is an tOlc…

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Mhaith is an tOlc

Creid iontu, nó ná creid, ach caithfear a ghéilleadh go gcaitheann an duine daonna roinnt mhaith ama, i rith a shaoil, ag smaoineamh ar an dá earra céanna sin. Sea, ag smaoineamh, agus ag argóint fúthu, á meá, agus á meas, agus i ndeireadh na dála, ag iarraidh an mhaith a roghnú thar an olc, chuile bhabhta, sea, agus caithfear a admháil, nach gan stró, nó gan dua, a éiríonn leis caol-chasán sin na maithe a leanúint. Ní gá dhom a rá, nach bhfuil sé éasca nó simplí an mhaith chéanna sin a aithint fiú, corrruair, gan trácht in aonchor ar í a dhéanamh, ach is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil a choinsias ag an duine, lena chur ar an eolas, sna cúrsaí sin, agus ní gá a rá, go bhfuil ceangal idir an coinsias sin agus moráltacht, nó leagann an coinsias na rialacha síos don duine aonair, agus baineann an reasún agus an mhoráltacht leis an nduine céanna sin, a chéaduair, agus ansin leis an gceangal idir an duine aonair sin agus an pobal frí chéile.

Léann an tSagairt

Mo chuidse de, ó tharla gur cuireadh léann an tsagairt ormsa, ní call dom a rá, gur chaith mé blianta fada ag déanamh staidéir ar mhoráltacht, ar choinsias, ar Dhiacht, ar shaothrú na maithe, agus ar shéanadh an oilc. Ach, ag gabháil do staidéar dá leithéid, bíonn an baol ann i gcónaí, go ndíreodh duine a aire iomlán ar choinsias agus ar mhoráltacht an phobail, in ionad a dhíriú ar shlánú a bheithe fhéin, a chéaduair, agus ansin, go mbeadh ar a chumas dul ar thóir chaoirigh chaillte an tréada? Ach ní cúrsaí sagartóireachta, nó aoireachta, atá idir chamáin agam sa phíosa seo, ach ba mhaith liom an tóirse a dhíriú ar iompar an chathróra mar dhuine aonair, i dtosach báire, agus ansin mar bhall dá phobal. Tá’s againn go léir gur créatúr cuideachtúil é an duine daonna, créatúr nach bhféadfadh teacht i bhfoirfeacht i ndáiríre fiú, mura mbeadh páirt aige i gcuideachta tréadach daonna. Dá thairbhe sin, caithfidh sé deighleáil lena chomhluadar, ar bhealach cóir, ceart, morálta, díreach mar a bheadh seisean ag súil go ndeighleáilfeadh siadsan leis-sean. Agus leis an iompar ceart sin a rialú go hoifigiúil, cumtar córas éifeachtach dlithe, agus córas dleathach leis na dlithe sin a chur i bhfeidhm.

Tionchar ár ndlíthe

Má theastaíonn uainn breathnú ar éifeacht an chórais sin, níl le déanamh againn ach súil a chaitheamh ar ghnó ár bpóilíní, agus ar éifeacht ár gcúirteanna. Tar éis spléachadh a fháil ar na córais chéanna sin, is gearr go gcuirtear ar ár súile dúinn, chomh casta, céasta, cantalach, is atá feidhmiú na rialacha sin uilig. Feictear freisin, go gcumtar na dlithe sin, a chéaduair, mar chabbhair don daonnaí bealach na maithe a lorg agus a leanúint, agus nuair a tharlaíonn sé nach n-éiríonn leis san éileamh sin, ansin tógtar an cúisí os comhair na Cúirte, le fáil amach, an raibh sé ciontach i mbriseadh na rialacha úd, a cumadh ar mhaithe le leas an phobail. Má thuigtear go raibh sé neamhchiontach sna cúrsaí sin, scaoiltear leis, ach, má shocraítear go raibh sé ciontach, bhuel, ansin, daortar é, agus gearrtar pionós air, pionós a ghearrtar, leis an gcúisí, agus baill eile an phobail, a sheoladh feasta ar bhóthar a leasa.

Rialacha an Bhóthair

Breathnaigh ar rialacha an bhóthair, mar shampla, agus ar na dlithe a cumadh ar mhaithe le sábháilteacht an phobail a chothú. An dtugtar aird ar na rialacha agus ar na dlithe céanna sin? Ag magadh fúm atá tú? Comh fada is a bhaineann sé leis an ngnáth shaoránach, tá sé sásta na dlithe sin a bhriseadh, más dóigh leis, nach mbéarfaí air, agus déanfaidh sé de réir na rialacha sin, má cheapann sé go bhfuil baol láidir ann go mbéarfaí air dá dtabharfadh sé neamhaird ar na dlithe tráchta céanna sin. Má bhreathnaíonn tú ar iompar an duine sna cúrsaí sin, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil bunús dá ndéanann sé neodrach go maith, ó thaobh móráltachta de. D’fhéadfadh duine tiomáint síos príomhshráid an bhaile ag céad Ciliméadar san uair, agus mura mbeadh éinne eile ar an saol, ní bheadh olc nó maith á dhéanamh aige, ach chomh luath is a chuireann tú daoine eile sa phictiúr, bhuel, ansin, ó tharla go bhfuil cearta ag na daoine eile sin, caithfear laincisí a chur ar shaoirse mo dhuine, sa chaoi nach mbeadh ar a chumas ansin olc a dhéanamh dá chomh-dhaoine. Sin an áit a thagann móráltacht agus consias isteach sa scéal, le gníomhartha an tsaoránaigh a shrianú, sa chaoi nach ndéanfadh sé dochar, nó olc, dó fhéin nó dá chomharsa. Sa chás sin, tagann an daonnaí faoi údarás dhá chumhacht, agus faoi dhlínse dhá chóras dlí, sé sin, faoi dhlí an Stáit agus faoi dhlí Dé, leirithe dó thrína choinsias.

An dá ‘b’Fhéidir!’

Ach b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam san alt seo faoi na cúrsaí céanna sin, nó tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin, a déarfadh go bhfuil sé in am agam dul ag feadaíl………….Ach, ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir go bhfuil daoine amuigh ansin a thuigeann a bhfuil á láimhseáil agam anseo, níos fearr ná mar a thuigimse é!

I  mBéal  an  Phobail Teacher Man.

I nGaineamh Bhog Bhan Caoineadh Chait – Copy

Gaineamh Bhog Bhán

.

D’íslíomar a cónra chláir

I gciúineas caoin a huaighe,

Is ghuíomar dá hanam dil

Grásta is síocháin neimhe.

.

onadh isteach an uaigh sin

Le gaineamh bhog bhán Iorrais,

A thit mar chálóga grásta,

Gan trup, lá úd na Leice.

.

Is d’fhanamarna sa timpeall,

Mearaithe ag rún na beatha,

Ag seanchas is ag comhrá

Ar stair is ar ábhair reatha.

.

Taobh linn bhí tonnta na mara

Ag briseadh go cumhach cois trá,

In ómós do Cháit bhocht na gile,

Is ag guí uirthi suaimhneas gan chrá.

.

Mothóimid uainn thú, a dheirfiur,

Do chomhluadar caoin is do bhrí,

Go raibh tíos agat feasta sna Flaithis,

Faoi shíocháin is suaimhneas gan chríoch.

.

.

.

.

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail Teacher Man.

I mBeal an Phobail….Faire Kilkenny….f

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Faire Kilkenny

Nárbh é Edmund Spenser fhéin a bhaist an teideal “Faire Kilkenny” ar an gcathair s’againne, a chéaduair? nuair a scríobh sé sa “Faerie Queene” :-

“The next, the stubborne Newre, whose waters gray

By faire Kilkenny and Rosseponte boord.”

Ach ní gá dhom a rá, go dtéann scéal Chill Chainnigh i bhfad níos fuide siar sa stair na ré Spenser. Siar go dtí an tráth úd nuair a thóg Cainneach a Chill san ionad sin, Níltear ró-chinnte faoi dháta a bhreithe, ach deirtear, gur i bhfichidí an séú haois a saolaíodh é. Is é an scéal céanna é dála a bháis. Deirtear, gur sa bhliain 599, nó sa bhliain 600, a d’éag sé. B’fhéidir nach bhfuiltear cinnte faoi na dátaí sin, ach níl dabht ar domhan ach, gur i nDoire a rugadh é, agus gur uaidh a ainmníodh an Chathair Álainn s’againne.

Is cuimhin liom bheith in Albain, sa bhliain 1992, ar Chuairt na bhFilí, agus tharla gur thugamar cuairt ar Oileán scéirdiuil Thíríodh. Thugamar cuairt ar scoil ansin, agus tharla go raibh sruth lánGhaedhlice sa scoil sin. Rinneamar ár ndícheall píosa spraoi a chur ar fáil dóibh. Ansin deineadh na daltaí a chur in aithne dúinn, agus do bharúil, cén t-ainm a bhí ar an gcéad malrach a sheas ansin os ár gcomhair? Sea, an ceart agat! Cainneach, a bhí air, agus chomh maith le sin, tar éis domsa a mhíniú don lucht éisteachta, gur tháinig mé fhéin ó Chathair ársa a bhí ainmnithe ó Chainneach Naofa freisin, bhuel, ar siadsan, tá fothrach ar an oileán s’againne anseo, ar a dtugaimid Cill Chainnich! B’fhéidir gur chóir a chuimhneamh go bhfuil Oileán Thíríodh an-chóngarach d’Oileán Í, Oileán Cholmchille, comhthíreach Chainnigh s’againne. Ní gá anois gurbh é an Cainneach céanna atá i gceist sa dá longainm. Sea, ach nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac?

A Preacher of Note

Deirtear go mba iontach go deo an seanmóirí é Cainneach s’againne, agus deirtí go mbainfeadh sé deora as croí cloiche fhéin lena sheanmóirí. D’fhiafraigh Colmcille de uair, cá bhfuair sé an t-eolas uilig a bhí aige faoi na scrioptúir, agus ba é an freagra a fuair sé nó gurbh é an Tiarna fhéin a d’fhoilsigh sin dó. B’fhear é freisin, a rinne míorúiltí, trí dheonú Dé, agus chuaigh an cháil sin amach air lena linn fhéin fiú. Bhunaigh sé mainistreacha agus cealla, thall is abhus, ach ba í an mhainistir mhór a bhunaigh sé in Achadh Bó, an ceann ba cháiliúla díobh uilig, agus ba í a thóg áit Seighir Chiaráin mar phríomh ionad na Críostaíochta i measc na nOsraíoch, agus nuair a bhí ré Achadh Bó thart, ba fhundúireacht eile le Cainneach, Cill Chainnigh fhéin, a roghnaíodh mar phríomh ionad eaglasta Osraí, agus ba í an fhundúireacht chéanna, a thug a hainm don chathair álainn, a tógadh thart ar an mainistir a thóg Chainneach ar bhruacha tuilteacha na Bréagaí. Le himeacht aimsire, tógadh Cloigtheach cosantach ar an láthair, Cloigtheach álainn a sheasann go bródúil go dtí an lá atá inniu ann, a chosa socraithe thios ar fhothracha na cille úd a thóg Cainneach, agus é ina sheasamh taobh le hArdeaglais Chainnigh, agus a mhéar ag síneadh fós i dtreo na bhFlaitheas, baile agus ceann scríbe Theaghlach Chainnigh.

Ciarán Chléire.

Ach má thug an Naomh aduaidh sin, Cainneach Achadh Bó, ainm na Cathrach Áille seo dúinn, níorbh é a thug an Chríostaíocht, a chéaduair, chuig na hOsraigh, níorbh ea muis! Ba é Ciarán Chléire fhéin a rinne an beart sin. Rugadh Ciarán ar Oileán Cléire, i ndeireadh an cheathrú, nó i dtús an chúigiú haois, rud a fhágann go mba chomhaoiseach le Pádraig Naofa fhéin é. Fuair sé a chuid Críostaíochta ó mhisinéirí réamhphádraigiúla, nó b’fhéidir fiú, ó thrádálaithe, a raibh teangmháil acu leis an Mór-Roinn, áit ar deineadh iad fhéin a bhaisteadh. Deirtear go ndeachaigh sé chun na Róimhe agus é ina fhear óg, áit ar deineadh sagart de, agus deirtear freisin gur casadh le Pádraig fhéin é, le linn dó bheith thar lear. Oirníodh ina easpag thall é. Ar ball, tar éis dó scór bliain a chaitheamh i gcéin, d’fhill sé ar Éirinn, agus tar éis dó an dúiche a thaisteal, shroich sé Uarán, áit ar thóg sé Mainistir, Mainistir ar baisteadh “Seighir Chiaráin” uirthi, mainistir a d’fhás, is a d’fhorbair, mar lárionad na Críostaíochta i Ríocht Osraí. Thaistil sé mórán agus bhunaigh ionaid chrábhaidh, bheannaigh toibreacha, rinne othair a leigheas, agus d’oirnigh sagairt agus easpaig, leis an dea-scéal a leathadh i measc na nOsraíoch. Ba mhisinéir é, a bhfuil a chuimhne coinnithe glé, glas, glan, anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus is uaidh a ainmníodh Coláiste cáiliúil Chiaráin, a bhláthaigh i measc na gCainneach le breis is dhá chéad bliain anois, le léann agus oideachas a chur ar óige Ríocht ársa seo Osraí.

Mother knew

Ba bhreá óg a bhí mé fhéin nuair a chuala mé faoi na naoimh chéanna sin, a chéaduair, mar bhíodh de nós ag Mam s’againne scéalta na Naomh a léamh dúinn agus muid inár ngasúir, agus ba uaithisi a chéadchuala mé faoi Chainneach Achadh Bó, agus faoi Chiarán Chléire, an bheirt úd a bhunaigh agus a d’fhorbair Eaglais Dé i measc na nOsraíoch, cine a bhfuil leathchéad bliain caite agam fhéin ina measc, faoin am seo, agus cine atá molta agus mise i mo thost.

.

en_USEnglish