D_imigh sin is thainig seo

D_imigh sin is thainig seo

D’imigh sin is tháinig seo

.

Nuair a bhreathnaím thart orm, sa lá atá inniu ann, agus nuair a thugaim faoi deara, na hathruithe ollmhóra uilig atá tagtha ar an saol, ó bhí mise im’ ghasúr agus mé ag fás suas in Iorras na nIontas, samhlaítear dhom, gur beag duine a tháinig trí athruithe chomh mór sin lena linn.

“Tuige sin?” adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc go raibh an saol as ar fáisceadh mise gar go maith do shaol na meánaoiseanna, agus ar an ábhar sin, bhí turas na gcéadta bliain le taisteal agamsa, le bogadh isteach i ndomhan iontach, draíochta, na ré seo ina mairimid anois.

“B’fhéidir gur mhaith leat spléachadh a thabhairt dúinn ar an gcineál saoil a bhí i dtreis, tráth raibh tú id’ bhunóc, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin anois?”

Ní raibh mé ach ag fanacht le gaoth an fhocail! nó, mar is eol do chách, is breá go deo le mo leithéidse bheith ag insint, agus ag snasú scéalta a óige.

Saol eile ar fad

Saol difriúil ar fad a bhí ann an tráth sin, agus tá sé beagnach dodhéanta comparáid ar bith a dhéanamh idir an dá shaol sin, nó bhí saontacht, simplíocht, agus soineanntacht, ag baint le pobal na ré sin. Bhí siad bocht, ó thaobh gustail de, i gcomparáid le pobal an lae inniu, ach ó tharla go raibh chuile dhuine chomh bocht lena chéile, níor thug éinne a bhochtaineacht fhéin faoi deara! Ba bheag a bhí uathu le blas a chur ar chúrsaí a saoil. Braoinín tae, gráinnín siúicre, agus ruainnín tobac! agus d’fhéadfaidís iad siúd a cheannach le toradh na feirme; sicíní, uibheacha, nó párdóg prátaí; agus gan le déanamh acu ach a leithéid a dhíol le fear an tsiopa, nó ar sráid an mhargaidh sa mbaile mór. Ní raibh innealra le cabhrú leo amuigh sna goirt ach ag an gcorrdhuine, agus má bhí sclábhaíocht le déanamh, dhéanaidís fhéin é, leis an spád, leis an speal, leis an sleán, nó leis an sluasaid. Ní call dom a rá, go mbíodh asail acu, agus capall, fiú, ag an gcorr dhuine, agus bhainfí úsáid as na créatúir chéanna sin, le móin agus féar a tharraingt chun na hiothlainne, agus le treabhadh nó fuirse a dhéanamh, agus ar deireadh thiar, nárbh é an capall a tharraingíodh na cónraí ar chairt chun na reilge dóibh.

Leas Farraige

Ó tharla go raibh cónaí ormsa in aice na farraige, bhí dlúth-bhaint againne leis an bhfarraige chéanna sin. Bhaintí leas ar na carraigreacha cois trá, le linn rabhartaí móra an Earraigh, sea, agus uaireannta, thagadh an leas farraige céanna sin isteach le tonn, agus ní bhíodh le déanamh ag daoine ansin, ach dul agus é a tharlú leo abhaile, le cur ar phrátaí, nó ar mhóinéir, agus ba dheacair an leas farraige céanna sin a bhualadh sa chré ghainmheach, a bhí coitianta sa dúiche s’againne. Tráth eile, dhéanfaí faochóga, báirneacha, cluisíní agus a leithéid a phiocadh cois trá, len iad a dhíol, sea, agus sleabhac agus carraigín mar a gcéanna, nó b’fheamainn inite iad na hearraí sin, a raibh an-ghlaoch orthu sna bailte móra timpeall, ag an am.

Ceilp freisin!

Sea, agus cá bhfágfainn an cheilp? Nó san Earrach, nuair a chaití slata mara agus agus leathach, ina bpoirt, isteach ar na tránna sa timpeall, thagadh daoine, leis na hearraí sin a chur ar bruach, agus a chur in airde ar fhallaí ísle, a thógadh siad in aice na duirlinge, len iad a thriomú, agus ar ball ansin, i dtús an tSamhraidh, dhéanaidís na hearraí céanna sin a dhó ansin os cionn na mara móire. Nach againne, gasúir, a bhíodh an spórt agus an spraoi ansin, agus muid ag tabhairt lóin chuig na daideanna a bhíodh ansin, i mbun na dtinte, agus muidinne ag rith tríd na múrtha toite agus deataigh, mar thaitníodh an boladh iontach sláintiúil a thagadh ó na tinte céanna sin thar barr linne. Ach ní ar mhaithe le spórt nó spraoi a chur ar fáil dúinne a dhéantaí an cheilp sin a dhó, níorbh ea muis! ach lena dhíol leis na Francaigh, a thagadh go hIorras, chuile bhliain, leis an earra sin a cheannach, nó bhí an-ghlaoch air thall, le híodaín a dhéanamh as.

Tithe agus eile

Sea, agus céard faoi na tithe a bhí ag daoine an tráth úd, in Iorras thiar?

Tithe ceann tuí, den chuid ba mhó, a bhí in úsáid i measc phobal Iorrais, na laethe úd, agus ní call dom a rá, nár thithe ró-mhóra, nó ró-ghalánta, a bhí iontu. Bhí iontu, seomra ollmhór, a d’fheidhmíodh mar sheomra suí, mar sheomra bia, mar phárlús, agus mar chistin ag an am gcéanna, agus chomh maith le sin, bhíodh seomra codlata nó dhó iontu freisin. De ghnáth, chodlaíodh na tuismitheoirí i gcailleach shúgáin sa chistin, cóngarach don tine. Aoldaite ar an dtaobh amuigh agus ar an dtaobh istigh a bhídís, agus de ghnáth, ní bhíodh iontu ach fuinneoga an-bheaga, agus d’dhéadfá a rá, gurbh é córas na dtiarnaí talaimh a d’fhág tithe dá leithéid ag pobal Iorrais an tráth sin.

B’fhéidir go dtugann sin spléachadh eicínt dúinn ar an gcineál saoil a bhí sa treis, an tráth úd, agus nuair a bhreathnaím ar shaol an lae inniu, feictear dom go mba iontach iad na hathruithe atá tagtha ar an saol, le mo linnse, agus ní chuireann cúlú eacnamaíochta an lae inniu as dom in aon chor, nó is mór an dul chun cinn atá déanta ag an dtírín s’againne ó bhí mise i mo ghasúr, agus gan dabht ar domhan, éireoidh linn teacht i dtír arís, i ndiaidh dúinn na ndeacrachtaí seo uilig a chloí.

.

.

Peadar Bairéad

.

D_imigh sin is thainig seo

Dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine..1

“Dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartr mo dhaoine 1

*********************

(Ag ardú seolta)

Peadar Bairéad

An tráth sin den bhliain arís!

Nach deas,idh, a shleamhnaíonn an t-am thart orainn, na laethe seo. Chomh luath is a bhíonn an Nollaig curtha dínn againn, tosaíonn na laethe ag sleamhnú uainn ar chosa inairde, agus an chéad rud eile a thugann muid faoi deara nó go bhfuil an lá is faide sa bhliain éalaithe uainn isteach faoi dhroichead an ama, agus is ansin a thuigtear dom fhéin, go bhfuil tráth na laethe saoire tagtha an doras isteach chugam, agus go bhfuil sé thar am agam laethe saoire na bliana reatha a eagrú agus a leagan amach go cúramach. B’in mar a tharla dom fhéin tamall ó shoin, agus tar éis chuile shocrú a dhéanamh, d’ardaíomar ár seolta agus as go brách linn siar, agus é d’aidhm againn, gan srian a tharraingt, go gcloisfeadh muid guth slóchtach, bodhrúil, an Atlantaigh arís, ach fan ort anois tamall, le seans a thabhairt dúinn taitneamh a bhaint as chuile shórt fan an bhealaigh siar.

Bhí an ghrian ag doirteadh anuas orainn

Bhí an aimsir mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus í ag taitneamh anuas orainn as spéir gan scamall, agus d’inis an teasmhéadar dúinn go raibh 23 chéim Ceilsius de theas san aer timpeall orainn.

Cé bhí sa charr in éindigh liom, an ea?

Bhuel! bhi mo bhean, agus mac agus iníon linn, sa charr freisin. Mo mhac, Micheál, a bhí ag tiomáint. Bhuaileamar bóthar thart ar mheán lae, ar an Máirt, an 4ú Iúil, 2017, agus ba ghearr go raibh muid ag lascadh linn siar. Bhí na bóithre ar fheabhas, agus an taobh tíre agus an radharcra thar mholadh beirte. Ní dóigh liom go bhféadfadh radharcra, nó aimsir, bheith níos fearr ná mar a bhíodar an lá beannaithe sin, agus dá ndéarfainn é, ní dóigh liom go bhféadfá mórán locht a fháil ar na bailte móra, fan na slí, ach oiread. Ach le filleadh ar an taobh tíre arís, nó ba uirthi a bhí mo shúil dírithe, bunús an ama. Thug mé faoi deara, go raibh a chuma air, go raibh sé ligthe chun fiántais, cuid mhaith. Mór idir an taobh tíre sin agus an taobh tíre s’againne, nó an taobh tíre idir Chill Chainnigh agus Áth Cliath. Ba bheag rud i bhfoirm curadóireachta a bhí le tabhairt faoi deara ón mbóthar siar. Bhí beithigh ag iníor leo go sásta anseo is ansiúd agus bhí cead fáis tugtha do ghiosadáin agus do luachair anseo is ansiúd freisin. Ar an dtaobh eile den scéal, breathnaigh ar pháirceanna agus ar ghoirt an Oirthir, agus léifidh tú scéal eile ar fad ansin. Sa taobh sin tíre sin d’fheicfeá páirceanna ag cur thar maoil le ba agus le beithigh, agus taobh leo, tá goirt mhóra saothraithe, ina bhfuil féar ag fás go buacach anseo, arbhar ansiúd, agus barraí éagsúla eile ag fás go spleodrach in áit eile.

Trasna na Sionainne

Ach tar éis dúinn an tSionnain a thrasnú, bhí scéal eile le léamh againn ansin. Cheapfá go ndeachaigh na goirt is na páirceanna i laghad, agus arís, ní raibh an talamh chomh saothruithe is a bhí thoir. Beithigh anseo is ba ansiúd, ach arís tuigeadh dom, go raibh cuma na faillí ar na tailte thiar. Ach,thar aon rud eile, ní fhéadfá gan aird a dhíriú ar an fallaí cloiche a bhí leagtha mar eangach cloiche anuas ar dhromcla na dúiche. Ba bheag rian de chéachta, nó de bhráca, nó fiú de spáid’ a bhí le léamh ar an dromchla céanna sin, ach sin uilig ráite, tuigeadh dom go raibh greim dofheicthe acu ar shreanga mo chroí istigh, chuireadh siad na línte úd as an amhrán i gcuimhne dhom..

But those limestone walls of Connaught

They mean far, far, more to me,

Than the Lilies of Killarney,

Or the Roses of Tralee.

Chaitheamar lón taitneamhach i dTuilsc, i lár na tíre, agus chun tosaigh linn ansin agus níor luíodh go trom ar na coscáin arís gur shroicheamar ceann ar scríbe, an Ballina Manor Hotel, agus déarfainn gur leor sin don bhabhta seo, ach bí linn anseo arís an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá againn faoinár saoire thiar.

.

.

.

.

D_imigh sin is thainig seo

Da mbeinnse im sheasamh i gceartlar mo dhaoine 4

Dá mbeinnse ’mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine….4

(Saoire Thiar Thart)

Tréad Cuimhní

Tar éis dúinn spórt agus taitneamh a bhaint as na laethe a chaitheamar thiar, i ndeireadh na dála, tháinig an lá le slán a fhágail ag an Manor Hotel Ballina’, agus le filleadh abhaile athuair. Ní gá a rá, go raibh an dúiche thoir ag glaoch abhaile orainn, agus caithfear a rá, go raibh fonn ar chuile dhuine againn an glaoch sin a fhreagairt, ach ag an am gcéanna, ní hionann sin is a rá, nach mbeadh cumha orainn uilig, i ndiaidh an Iarthair Fhiáin. Ní dhéanfadh muid dearmad go luath ar a bhfacamar, nó ar ar chualamar, le linn na laethe breátha a chaitheamar thiar. Cé dhéanfadh dearmad ar an lá breá, gréine úd a chaitheamar thart ar Lissadell, i gContae suaimhneach Shligigh, nó ar an lá iontach sin a chaitheamar ag guairdeall thart in Iorras na nIontas, agus muid ag baint taitneamh as a raibh le feiceáil againn thiar ansin i ndúiche mo mhuintire, – an talamh, an tír, na farraigí fiáine thart ar chosta na Leithinse, agus na hoileáin draíochta úd ina luí mar bhraisléad thart ar chósta na dúiche áille sin. Ach, mar adeir an seanfhocal, s fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna’ agus ba é an scéal céanna againne anois é, agus chaithfeadh muid filleadh ar ár ndúiche fhéin, ar deireadh thiar.

Soir a chuamar

   Bhíomar inár suí go breá luath an mhaidin deiridh sin, agus tar éis dúinn chuile ullmhúchán a dhéanamh don turas fada soir, chaitheamar bricfeasta ríoga, i mBialann fial, flaithiúil, an Manor Hotel, mar ar roinneadh gan dochma, gan ghorta orainn, fad a bhíomar ag cur fúinn faoi dhíon fáilteach an Ostáin nua-aoisigh, sin. Bhailíomar ár gcip is ár meanaithe, agus go haiféileach, agus go brónach, líonamar isteach sa charr arís. Fad is a bhíomar ansin ar ár marana, dúirt duine eicínt nárbh olc an smaoineamh é cuairt a thabhairt ar an Beleek Castle Hotel, amuigh ar imeall an bhaile,, roimh dhul abhaile dúinn. Níor chuir einne i gcoinne na comhairle sin agus bíodh gur chaith mé fhéin seacht mbliana i mo mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Atha, i gcaogaidí na haoise seo caite, caithfidh mé a admháil, nár thug mé cuairt riamh ar an ionad stairiúil sin, nó thart ar an am sin, ba Ospidéal é an Caisleán céanna sin in iarrachtaí na tíre seo an lámh in uachtar a fháil ar an Eitinn.

D’fhágamar an Manor Hotel Ballina inár ndiaidh, agus thugamar aghaidh ar an Belleek Castle Hotel, ar imeall an bhaile sin. Tá Belleek Castle Hotel píosa amach ón mbaile mór fhéin, ach i ndeireadh na dála, fuairemar radharc ar an bhfoirgneamh stairiúil fhéin, agus ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, nó sheas sé ansin go ríoga, státúil, agus faichí áille, glan-bhearrtha, os a chomhair amach, agus timpeall air. Níor leasainm ar bith caisleán ríoga a bhaisteadh air. Tógadh an caisleán úd Bhelleek idir 1825 agus 1831, agus tógadh é ar shuíomh mhainistreach mheánaoiseach, ceann de na ceithre mhainistir a suíodh ar bhruach thiar na Muaidhe, fadó. Ba é Sir Arthur Francis Knox-Gore, a shocraigh ar a fhoirgneamh a thógáil ar an suíomh sin, agus thaitin a chuma meánaoiseach le daoine, sa ré sin. Mhair muintir Knox-Gore sa Mhanor House sin go dtí daichaidí na haoise seo caite.

Deisiú agus athnuachan

Bhí drochbhail ar an gCaisleán faoin mbliain 1961 nuair a fuair Marshall Doran, mairnealach trádála, seilbh ar an áit, agus chaith sé seal á athnuachan, agus á dheisiú, go dtí gur oscail sé mar Óstán é, sa bhliain 1970, agus is é mac Marshall atá i mbun an Chaisleáin, faoi láthair, le cabhair ó Ms. Maya Nikolaeva. Bhí an-spéis ag Marshall fhéin i gcúrsaí mara, ach go hairithe, agus tá a chuma sin fós le léamh ar fheisteas agus ar throscán an Chaisleáin, agus chomh maith le sin, ba bhailitheoir airm agus seandachtaí é, sa chaoi gur iarsmalann neamhghnách é Belleek Castle, sa lá atá inniu fhéin ann. Chaithemar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, ach i ndeireadh na dála, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn an bóthar abhaile a bhuaileadh, agus d’fhágamar slán ag Belleek Castle Hotel ar bhruacha maorga na Muaidhe, agus le Béal an Átha freisin, ach gheallamar filleadh ar an áit arís, an bhliain seo chugainn, má fhágann Dia an tsláinte againn, agus, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ní haitristear ár n-imeachtaí gur bhuaileamar ceann ar scríbe i má mith Mha Nuat.   

.

D_imigh sin is thainig seo

Dá mbeinnse im sheasamh i gceartlar mo dhaoine 2

‘Dá mbeinnse ‘mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine’……2

.

(Cuairt ar Lissadell)

Peadar Bairéad

.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas,

Bhíomar inár suí go breá luath ar an Déardaoin, an 6ú lá d’Iúil, 2017, agus nuair a bhíomar réidh chuige, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Ballina Manor Hotel le bricfeasta galánta a chaitheamh ansin ar ár suaimhneas. Ní bhacfaidh mé le liosta de na deasa deasa a chaitheamar dár mbricfeasta ansin, ach leor a rá, gur éirigh linn an ruaig a chur ar ocras agus ar thart, ar an ócáid, agus tar éis dúinn sinn féin a fháil réidh le seal a chaitheamh ag fámaireacht sa dúthaigh stairiúil sin, d’ardaíomar ar seolta….

Cá ndeachaigh muid ag fámaireacht, an ea?

Bhuel! b’fhada an lá muid ag éisteacht le scéalta faoi’n Teach Mór úd i gContae Shligigh, Lissadell.

Solas an tráthnóna i Lissadell.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas

Ar áilleacht tíre is trá.

Beirt bhan gléasta go glégeal,

Iad araon álainn,

ach duine acu ina Gazelle.

agus ó tharla anois, go raibh sé gar go leor inn, shocraíomar ar chuairt a thabhairt air. Ní gá a rá go raibh na línte úd as dán an Yeatsaigh de ghlanmheabhair againn

The light of evening, Lissadell,

Great windows open to the south,

Two girls in silk kimonos, both

beautiful, one a gazelle.

Ar Lissadell a tharraing mé an scéal

Agus bíodh gur bhaineamar taitneamh r bheag, as an aistear chuige, agus as an radharc neamhaí, a bhí le fáil againn ar shliabh, is ar ghleann, ar mhuir is ar thrá, ar bhailte is ar thuath, níl fúm tada a rá fúthu sin, an babhta seo, nó ní orthu a tharraing mé an scéal, ach ar an Teach Mór úd, Lissadell, a sheas go ríoga ansin, ar thalamh ard os cionn na mara, agus mar sin, gan a thuilleadh moille, bhíomar ar ár slí isteach sa Teach Mór Ríoga sin, Lissadell.

Ba é Sir Robert Gore-Booth a thóg an Teach sin, sa bhliain 1833. Bhí sparán teann ag an bhfear céanna sin, ag an am, agus is dócha gur theastaigh uaidh sin a chur in iúl, trí mhéid, agus trí shuíomh a Thigh. Bhain garchlann Sir Robert cáil agus clú amach dóibh fhéin, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine faoi, Constance, Countess Markievicz, agus an cháil a bhain sise amach di fhéin i stair chorraithe a tíre, ina lá. Bhí gariníon eile aige freisin, Eva, agus bhain sise cáil amach di fhéin mar fhile, mar shíochánaí agus mar shufragóir. Bhain a gharmhac, Sir Josslyn Gore-Booth, cáil amach dó fhéin, freisin, mar gharnóir.

Ach faoi’n am seo, tá muid bailithe sa porte-cochere agus muid ag fanacht ar ár dtreoraí, le sinn a stiúradh timpeall an Tí Mhóir seo, Lissadell. Seo an áit a dtagadh na cóistí fadó, le deis a thabhairt do na maithe móra fáil isteach, gan bhaol ó ghaoth nó ó fhearthainn. Ar ball, tháinig fear breá, óg, chugainn, agus d’iarr orainn é a leanacht isteach. Rinneamar rud air, agus isteach linn i dtosach sa Halla mór, ornáideach, é ard, maorga, is ag cur thar maoil le troscán álainn, ársa, agus le pictiúir mhóra, suntasacha, ealaíonta, crochta ar na fallaí. Labhair an treorai linn go breá soiléir, faoi chuile srt a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair. Leanamar linn ansin ar ár dturas trí na sheomraí a bhí suite ar an urlár talún. Chuaigh an Bialann i gcionn go r orainn, trí áilleacht, agus trí fheabhas a leagan amach, agus trí fhoirfeacht a cuid troscáin.

.

Thíos Staighre

SIos linn ansin go dtí an chistin agus trí bhialann an lucht freastail, agus caithfidh mé a admháil anseo, nach ndeachaigh leagan amach, treallamh, nó troscán, na n-ionad sin, i bhfeidhm orm fhéin, in aon chor, nó thug sé le fios dom, an meas a bhí ag aicme amháin ar aicme eile, agus iad ag maireachtáil faoin díon céanna. Ach sin mar a bhí, an tráth sin, ach nár chóir dúinn sa ghlún seo, féachaint chuige, nach mar sin a bheas sa Phoblach s’againne, feasta. Ach leis an meas sin a chur abhaile orainn, i ndáiríre, seoladh amach as an Teach Mór sin trí thollán na n-oibrithe, a tógadh ansin, sa chaoi nach mbeadh radharc ag lucht an tí, nó ag a gcuairteoirí, ar oibrithe gioblacha ar a mbealach isteach chuig, ar a mbealach amach as, an Teach Mór sin. Lissadell. Ach sin uilig ráite, agus tuigthe, caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh an Teach céanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, agus ar na cuairteoirí a bhí in éindigh linn, ar ár dturas staitriúil go Lissadell.

.

.

.

.

.

D_imigh sin is thainig seo

Dá mbeinnse im_ sheasamh i gceartlár mo dhaoine 3

Dá mbeinnse im’ sheasamh i gceartlár mo dhaoine 3

(Cuairt ar Iorras na nIontas)

Peadar Bairéad

Ar Fhód mo Dhúchais arís

Bhí fúinns, cuairt a thabhairt ar Iorras na nIontas, sára mbeadh ár saoire thiar thart, agus dá bharr sin, nuair a tharla go raibh cuma mhaith ar an Aoine, an seachtú lá d’Iúil, agus nuair a bhí chuile shórt socraithe againn sa Ballina Manor Hotel, i mBeal an Átha, bhuaileamar an bóthar siar go breá luath an lá sin, nó theastaigh uainn lán na súl a bhaint as chuile shórt, thiar sa tsean-áit. Sheas Néifin Mór go ríoga ar thaobh na ciotóige agus chuir sé fhéin agus na sléibhte eile fáilte romhainn, chomh maith. Tri Chros Uí Mhaoilíona linn agus chun tosaigh ansin i dtreo Bheannchor Iorrais. Mhothaíomar uainn Túr Bhord na Móna fan an bhealaigh, thar Dhroichead an Cheoil linn ar luas, nó níor stopamar le ceol a bhaint as a shlat droichid, trí Bheannchor linn agus muid ag déanamh iontais den bhfeabhas a bhí tagtha ar an mbaile sin le himeacht na mblianta, agus ar deireadh thiar shroicheamar Béal an Mhuirthead.

Chaitheamar lón breá sásúil sa Broadhaven Bay Hotel agus radharc álainn againn ar Chuan an Inbhir agus ar an taobh tíre ina thimpeall.

Ag taisteal sa Mhuirthead

Nuair a bhí cúl curtha againn ar idir ocras agus tart, bhuaileamar bóthar arís, agus tar éis cuairt a thabhairt ar an tseanáit thiar, leanamar linn trí thailte méithe an Mhuirthead. Thugamar aghaidh ar dtús ar Ionad Deirbhile, ach ar an droch uair, bhí an tIonad dúnta ag an am sin, ach bheartaíomar filleadh ar an áit, ar ball, agus srian níor tharraingíomar ansin nó gur shroicheamar an Fód Dubh fhéin ar ghob theas na Leithinse, agus ó tharla go raibh an lá go breá, grianmhar, bhí radharc thar na bearta againn ar thír is ar thrá, ar shliabh is ar mhá, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar lán na súl as chuile radharc acu. Ar ball, bhuaileamar bóthar arís, agus an turas seo, chuamar siar i dtreo an Fháil Mhóir agus tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar Thobar Dheirbhile, bhuaileamar siar Bóthar a’ Chongo, le radharc a fháil ar Naicil, agus ar Ghlais, mar ar tógadh tithe sna triochaidí, do phobail Inis Cé, tráth ar aistríodh ó na hoileáin iad, i ndiaidh Bháthadh mór Inis Cé, sa bhliain 1927. Chaitheamar seal ansin ag breathnú uainn ar na hOileáin, a bhí mar bhraisléad thart le cósta, os ár gcomhair ansin.

Ar ár mbealach ar ais

D’fhilleamar ar an Eachléim ansin agus bhuaileamar isteach ar Ionad Deirbhile arís, ach, faraoir! ba é an scéal céanna arís é, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach bóthar a bhuaileadh arís. Shroicheamar baile na Druime ar ball, agus thug mé cuairt ar an tseanáit, mar ar tógadh mé, i bhfichidí na haoise seo caite, ach, mo bhrón! ba é an scéal céanna arís é , nó ní raibh duine ar bith ag baile, ag an am, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach cuairt a thabhairt ar Reilg Nua na Croise, mar a bhfuil roinnt mhaith de mo mhuintir curtha. Thug sin deis dúinn paidir a chur lena n-anamnacha, agus arís thugamar faoi deara an bhail álainn a bhí curtha ar an Reilg chéanna sin le blianta anuas. bhí an áit deas leibhéalta, an féar lomtha sa timpeall, agus bail deas néata curtha ar na huaigheanna. Agus ó tharla san áit sin muid, shocraíomar ar dhul siar píosa beag eile go bhfeicfeadh muid Seanmhainistir na Croise fhéin. Rinneamar sin, agus chaitheamar seal ag guairdeall thart, ag breathnú ar na huaigheanna agus ar fhothracha na Seanmhainistreach fhéin, a sheasann go bródúil, calma, os cionn na mara móire ansin, agus í ag breathnú amach thar cuan ar Oileán álainn, ársa, Inis Gluaire. Ansin, bhíomar ar ár mbealach ar ais go dtí an Manor Hotel, i mBéal an Átha, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar taitneamh as an dinnéar breá, blasta, a leagadh os ár gcomhair, sa Teach Ósta sin, agus muid ag breathnú anuas ar iascairí stuama ag iascaireacht go foighdeach in uiscí iascmhara na Muaidhe móire ansin os ár gcomhair amach. Ba lá dár saoil é!   

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge