by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Inné agus inniu
.
Saolta athraithe
Is é an rud is mó a théann i gcionn ar dhuine, de reir mar a théann sé anonn sna blianta, nó an chaoi a leanann cúrsaí an tsaoil seo ag síor-athrú, ó bhliain go bliain, agus ó ré go ré. Ní haon ionadh mar sin, go mbíonn an port sin a sheinm agamsa chomh rialta sin, sa cholún seo, nó nach bhfuil lear maith blianta carnaithe ar an gclog ama agamsa, faoin am seo. Mar sin, nuair a théim siar ar bhóithrín na smaointe, siar chuig an gcineál saoil a bhí ann, le linn ré ghlórmhar, draíochta, m’óige, bíonn sé deacair agam a chreidiúint, amannta, nach ag brionglóidigh a bhím, agus nach raibh a leithéid de shaol ann riamh! Ach b’fhéidir gur chóir dom craiceann eicínt a chur ar an scéal atá idir chamáin agam, an babhta seo.
Siaraigí libh liomsa
Leis an difir idir an dá chineál saoil, b’fhéidir go dtiocfá liom, ar chuairt, siar chuig dúthaigh fhiain, scoite, iargúlta, neamhaí, m’óige. Deireadh thriochaidí an ocrais atá ann, agus muid ag gluaiseacht linn siar an bóthar fada, bán, a shíneadh, an t-am sin, idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh. Bóthar bán, a thug mé ar an mbóthar sin, nó ag an am sin, ní raibh fiú braon tearra fhéin, leata ar bhóithre an Mhuirthead. Lá breá atá ann, agus grian gheal ag sméideadh anuas orainn as spéir gan scamall.
Gan mórán tráchta!
Thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach raibh mórán tráchta ag gabháil an bhóthair chéanna sin. Diabhal carr nó leoraí, bus nó tarracóir, a bhí le feiceáil ag an tsúil ba ghéire. Tithe néata, bána, ceann tuí, neadaithe go deas teolai fan na slí. Níl crann nó tor le feiceáil, áit ar bith, ach an taobh tíre sin uilig chomh lom le croí do bhoise. Daoine le feiceáil amuigh sna páirceanna ag obair leo ar a ndícheall, ach tabhair faoi deara, nach bhfuil meaisín ar bith sa timpeall, le cabhair a thabhairt dóibh i saothrú na talún sin. Mura bhfuil meaisíní acu leis an obair sin a dhéanamh, cad iad na gléasanna oibre atá á n-úsáid acu, agus iad i mbun na hoibre sin? Tá, an spáid, an tsluasaid, an speal, sea agus anseo is ansiúd, bheadh capall, faoi úim, le feiceáil agat, agus é ag déanamh cibé gnó a bhí ar a chumas a dhéanamh. Sea, agus níos flúirsí ná na capaill, nó ní bhíodh capall ach ag an gcorrdhuine, bhí na hasail á n-úsáid faoi phárdóga, nó le cairt bheag asail a tharraingt.
Ní bhíodh rainsí nó tréada ann!
Ach céard faoi na beithigh a bhíodh le feiceáil sna páirceanna? Bhuel, ní bhíodh an oiread sin díobh sa timpeall, an tráth úd, nó ní raibh Uachtarlann ar bith sa taobh sin tíre, ag an am, agus mar sin, ní raibh le déanamh leis an mbainne, ach é a mhaistriú, le pingneacha a shaothrú as an im a dhíol sa siopa áitiúil, sea, agus dár ndóigh, d’fhéadfaí an t-im a stóráil i bprócaí, le bheith acu le cur ar a gcuid aráin le linn shéasúr an Gheimhridh. Chomh maith le sin, bhíodh ealtaí éan timpeall ar chuile theach, géanna, cearca, agus lachain, mar nach mbeadh díol ar a n-uibheacha sna siopaí? sea, agus nach mbeadh díol freisin ar na héanacha, iad fhéin, ag margadh Bhéal an Mhuirthead, dá mbeadh pingneacha ag teastáil, le tobac a choinneáil le fear an tí, nó le tae agus siúicre a cheannach, le dúil mhallaithe na cosmhuintire sa chupán tae a shásamh?
Ní bhíodh ann ach an turasóir fánach!
Tá rud eile a raghadh i gcionn ar an taistealaí ar an mbóthar sin, ag an am sin, freisin, agus ba chóir dom a rá, gur bheag rud i bhfoirm turasóir a d’fheicfeá in Iorras, na laethe úd, ach, faoi mar adúirt mé, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt d’fheisteas na ndaoine a chasfaí ort, fan an bhóthair. Is féidir leat a bheith cinnte, nach mbeadh siad gléasta chomh faiseanta leis na daoine a d’fheicfeá sa taobh sin tíre, sa lá atá inniu ann. Sciortaí fada, go talamh, agus seálta deasa, ildaite, scothógacha, á gcaitheamh ag na mná. Báinín, agus bríste baile, á gcaitheamh ag cuid de na fir fhásta. I gcás na ndaoine beaga, bhuel, ní fheicfeá bríste fada ar ghasúr ar bith, nó chaitheadh chuile dhuine acu bríste giortach, agus geansaí olla baile. Gúnaí agus bibeanna ar na cailíní, agus ní call dom a rá, go mbíodh roinnt mhaith de na daoine óga céanna sin cosnochtaithe.
Leor sin don bhabhta seo!
Ach, déarfainn go bhfuil mo sháith den tseansaol nochtaithe agam don turas seo, ach bí cinnte, go bhfillfidh mé ar na cúrsaí seo, am eicínt eile amach anseo, nuair a bhuailfidh an fonn athchuimhnimh arís mé.
.
.
Peadar Bairéad
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Béasa Bóthair 2
Peadar Bairéad
(This week we continue to look again at road behaviour)
Bata nó Mil ?
Conas is féidir linn iompar na dtiománaithe a fheabhsú d’fhonn sábháilteacht ar bhóithre a chothú?
Cibé rud is féidir linn a dhéanamh leis an scéal seo a leigheas, caithfear a admháil nach bhfuil ag éirí le cibé rialacha atá i bhfeidhm againn i láthair na huaire seo, an gnó sin a dhéanamh. Agus ó tharla gur mar sin atá, caithfear úsáid a bhaint as an mbata, in áit na meala, i gcás dá leithéid.
Cén bata, an ea?
Bhuel, caithfear an cór speisialta tráchta a athbhunú agus a neartú, leis an ngnó tábbhachtach sin a dhéanamh, agus ó tharla nach bhfuil a ndóthain ama, nó ball, ag an nGarda Síochána, leis an mbeart sin, agus dualgaisí iomadúla eile an Gharda a dhéanamh dúinn, caithfear Cór Tráchta an Gharda a athbhunú agus a neartú. D’fhéadfadh an cór sin cúram a dhéanamh de thrácht na tíre seo ar fad, D’fhéadfadh siad úsáid a bhaint as chuile ghléas is nua-aimseartha ná a chéile, chuige sin. Geallaimse dhuit é, gur gearr go mbeadh cúrsaí faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhein iad a bheith, dá gcuirfí beart dá leithéid i gcrích. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní féidir leis na gardaí bheith i ngach áit ar fud na tíre, i mbun an ghnó sin, nuair atá orthu a n-aird a dhíriú ar dhlithe uile na tíre a chur i bhfeidhm. Agus arís, cad is fiú ceamara a shuíomh anseo is ansiúd le teacht ar lucht briste rialacha an bhóthair? Go háirithe, má chuireann tú fógra suas, ag insint don saol mór, go bhfuil an ceamara sin suite ag an bpointe áirithe seo, nó ag an ionad áirithe úd eile! Ní dóigh liom gur chóir dúinn clog a chur ar an gcat bocht, ach is amhlaidh a chaithfimid úsáid a bhaint as ceamaraí ceilte. Sin iad na “leaids” a chuirfidh stop le srianta scaoilte, geallaimse dhuit é!
Nós na Rampaí
Ar thug tú faoi deara, go bhfuil rampaí ag fás chomh tapaidh le miosarúin ar bhóithre ár mbailte, agus ár gcathracha, na laethe seo?
Thug! Bhuel, geallaimse dhuit é, nach dtaitníonn na rampaí céanna liom, olc maith nó dona.
Ach nach n-éirionn leo srian a chur ar luas na ngluaisteánaithe, thart ar ár sráideanna? Agus nach maith an rud é sin. Ó, tagaim leat sa mhéid sin, éiríonn leo teorainn luais a chur i bhfeidhm, agus chaithfeadh duine a admháil, gur maith an toradh é sin ar na rampaí úd, ach má bhreathnaíonn tú ar an dtaobh eile den scéal, feicfidh tú nach bhfuil ann ach an bealach leisciúil le dlí a chur i bhfeidhm.
Conas a dhéanann tú sin amach?
Bhuel, ritheadh an dlí le teorainneacha áirithe luais a chur i bhfeidhm. Anois, ar thiomáin na gluaisteánaithe taobh istigh de na teorainneacha sin? Bí cinnte nár thiomáin cuid acu, ach go háirithe. Agus ar deineadh chuile iarracht ansin, iachall a chur orthu, glacadh leis na rialacha sin? Rinne na gardaí a ndícheall, ach nuair a tugadh lucht briste na dteorainneacha céanna sin os comhair na cúirte, níor gearradh ach fíneáil beag orthu, sa chaoi gur tuigeadh do lucht briste na rialacha sin, nárbh fhál go haer é, dá mbéarfaí orthu, nó gurbh fhiú an tairbhe an pionós I ndáiríre, nach bhféadfadh duine a rá, nach raibh sa teorainn luais, a chéaduair, ach fastaím, agus fastaím gan chúis, nó dá gcuirfí na rampaí ansin, a chéaduair, ní bheadh gá leis an dteorainn luais in aon chor, má thuigeann tú leat mé! Agus má bhreathnaíonn tú air, ó thaobh eile fós, feicfidh tú nach bhfuil ann ach pionós a ghearradh ar chuile ghluaisteánaí, toisc go bhfuil mionlach beag ag briseadh an teorainn luais, agus caithfidh tú a admháil, gur baolach ar fad an beithíoch é an rampa céanna sin, agus dá dtiocfá ar cheann acu gan choinne. Geallaimse dhuit é, go mbainfeadh sé stangadh asat fhéin, agus as do ghluaisteán bocht, ag an am gcéanna.
Nós na gClampaí
Rud amháin eile a thagann idir mé fhéin agus codladh na hoíche isea na clampaí úd, a fháisctear ar rothaí na ngluaisteán a fhaightear páirceáilte, in áit a bhfuil páirceáil crosta orthu. Ach, fillfidh mé ar an scéal céanna sin, amach anseo.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Leabhar mór-ráchairte
.
The Girl on the Train……le……Paula Hawkins
Céadchló…….2015
(This week we review Paula Hawkins’s first Thriller)
.
A céad Scéinséir
Is breá liom fhéin teacht ar shaothar le húdar úrnua, agus mé ag súil i gcónaí le nuaíocht eicínt a fháil ina shaothar, agus caithfidh mé a admháil, nach raibh aon dul amú orm sa chás áirithe seo. nó leagann an t-údar nua seo stíl, cur chuige, agus tuiscint úrnua ar a cuid carachtair, os ár gcomhair ina céad scéinséir.. Anois, dúirt, mé go mba scríbhneoir úrnua í an bhean seo Paula Hawkins, ach is dócha gur chóir a lua, go raibh saothar curtha ar fáil aici cheana, faoi’n ainm, Amy Silver, ach ‘genre’ eile ar fad a bhí idir chamáin aici sa saothar sin, saothar ar a mbaistear ‘Chicklit’ air, de ghnáth.
Ach cérbh í an t-údar úrnua seo? Bhuel, rugadh Paula Hawkins i Zimbabwe, breis is dhá scór bliain ó shoin, agus cé gur rugadh agus gur tógadh í sa tír sin d’athraigh sí go Londain, sa bhliain 1989, agus is ann a mhaireann sí fós. Chuaigh sí le hiriseoireacht i dtosach, agus tar éis cúig bliana déag a chaitheamh leis an gceird sin rinne sí iarracht iompó ar an scríbhneoireacht, go lán aimseartha. Bhí an t-ádh ina caipín, nó seo a céad iarracht, agus cheana féin glactar leis go bhfuil an ciste gróite aici, nó tá ráchairt an-mhór ar an saothar úrnua seo.
‘The Girl on the Train’.
Ach, le filleadh ar an leabhar fhéin. Caithfidh mé a rá, gur thaithin idir leagan amach agus chur-chuige an údair sa saothar seo go mór liom, Triúr ban a leagann an scéal seo os ár gcomhair amach, agus tá difir eile anseo freisin, sa chaoi go bhfuil cuma Dialainne ar an modh ina n-instear a scéal dúinn, Tugtar an Dáta dúinn i dtosach, agus ansin, tugtar an tráth den lá dúinn, cé acu Maidin, Iarnóin, nó Tráthnóna, atá i gceist, agus chomh maith le sin, tugtar dúinn ainm na mná áirithe sin atá ag labhairt linn. Tosaíonn Rachel scéal na Dialainne ar maidin Dé hAoine, an 5ú Iúil, 2013, agus í ar bord an 8.04 ó Ashbury go Euston, í tuirseach, traochta, tar éis a seachtain oibre a bheith críochnaithe aici, agus í ag súil le faoiseamh, agus deoch, mar chuiteamh. Ba bhean í a raibh dúil, agus dhá dhúil, aici san ól, agus chomh maith le sin, agus b’fhéidir dá bharr sin, bhí sí dearmadach, agus níorbh aon réalt scannáin í, ach oiread, agus ó tharla go mbíodh sí ag taisteal isteach sa chathair chuile mhaidin, agus ag filleadh abhaile chuile thráthnóna, théadh sí thar gháirdíní cúil na dtithe fan an bhóthar iarainn, agus chuireadh sí suim faoi leith i dteach amháin, nó ba le lánúin dathúil é, lánúin ar bhaist sí Jess agus Jason orthu. Minic a bhídis siúd amuigh sa chúlgháirdín. Lá amháin áfach, thug sí faoi deara, go raibh ceataí eicínt sa scéal sin, agus ar ball, d’fhoghlaim sí go raibh Jess ar iarraidh. Ní Jess a hainm, i ndáiríre, ach Megan, agus ní Jason a bhí ar a céile, ach Scott. Déanann Megan roinnt iontrála sa Dialann freisin, sular imigh sí as radharc, mar adéarfá, rud a chabhraíonn go mór le gluaiseacht an scéil chun tosaigh. Tosaíonn Rachel ag smaoineamh ar an oíche sular maraíodh Megan, ach ba bheag dá chuimhneamh a bhí fanta, nó bhí sí dallta ar meisce an oíche sin.
An Tríú Bean
Tagann bean eile isteach sa scéal freisin, agus sin í Anna, bean atá pósta anois le h-iarchéile Rachel, nó tá sí fhéin agus a céile, Tom, céasta, cráite, ag Rachel, agus cuireann Anna corr-iontráil isteach sa Dialann freisin. Go deas réidh, trí úsáid a bhaint as fianaise na Dialainne, éiríonn leis an údar fírinní an scéil a leagan os comhair an léitheora, ar bhealach spreagúil, inchreidte, corraitheach.
Ní gá a rá, gur leabhar é, ar deacair é a chur uait go dtí go mbíonn an deoir dheiridh dá chorraitheacht diúgtha, slogtha, alptha, tuigthe, agat.
Tá mé ag ceapadh go mbainfeá fhéin taitneamh as freisin.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Millfear sinn uilig !
Peadar Bairéad
.
De thimpiste a tháinig mé ar chóip den seanleabhar úd a foilsíodh i dtús fhicidí na haoise seo caite, “Around the Boree Log,” agus rinne mé caol díreach ar an ndán sin, a gcuirimis uilig spéis ann, blianta fada ó shoin. Léigh mé ó thús deireadh é, agus ní fhéadfainn gan cheangal eicínt a fheiceáil idir an dán sin, “Said Hanrahan,” agus cás na tíre seo, i láthair na huaire seo. Níl le déanamh agat ach éisteacht le comhairle shaineolaithe áirithe, ar an raidió, nó ar an teilifís, nó déan fiannaíocht na saoithe eile sin ar ár nuachtáin a léamh, agus iad ar a gcliatha fis, ag cur a ndán crua in iúl don chosmhuintir bhocht s’againne, agus tuigfidh tú céard chuige a bhfuilim. Dár leo, tá an tír bhocht seo imithe tigh an diabhail le roinnt bheag blianta anuas. Tá muid millte, briste, creachta, báite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus gan ar ár gcumas na fiacha sin a ghlanadh. Sea, tá an sean-náisiún s’againne bancbhriste, bánaithe, dár leosan. Nach gcuirfeadh sin an dán “Said Hanrahan” leis an sagart úd, Patrick Joseph Hartigan, a scríobh faoin ainm cleite úd, John O’Brien, i gcuimhne do dhuine. Nach é an deilín céanna a bhíonn ag chuile shaineolaí acu…
Millfear sinn uilig, nó níl slánú i ndán dúinn.
“We’ll all be rooned”, said Hanrahan,
In accents most forlorn,
Outside the church, ere Mass began,
One frosty Sunday morn.
Ba é cúis a bhí lena thuar éadóchais nó go raibh triomach mór ag cur in iúl do dhaoine, go raibh baol ann, go millfí féar agus barraí orthu.
“The crops are done; ye’ll have your work
To save one bag of grain;….”
“If rain dont come this month,” said Dan,
And cleared his throat to speak-
“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
“If rain don’t come this week.”
Sea, an-chosúil leis na saoithe a thuarann bascadh, creachadh, is milleadh, orainn ó lá go lá, na laethe seo. Tiocfaidh an ECB. nó an IMF, isteach sa mhullach orainn, agus geallaimse dhuit é, go múinfidh na boicíní sin fios ár mbéas dúinn i ngearraimsir!
Nach cuma céard a tharlóidh?
Ach le filleadh ar Hanrahan…
In am tráth, tháinig an fhearthainn, agus d’fhás agus d’fhorbair na barraí agus an féar, agus nuair a bhí a ndóthain fearthainne faighte ag na daoine uaisle seo, thosaigh siad ag clamhsán arís…
“And every creek a banker ran,
And dams filled overtop;
“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
If this rain doesn’t stop.”
Agus in am tráth, stop an bháisteach, agus lean chuile shórt ag fás leis go buacach. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh triomach mór, agus go mbeadh an féar sin i mbaol a dhóite? Seo mar a chuirtear sa dán sin é…
“There’ll be bush-fires for sure, me man,
There will, without a doubt;
We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
Before the year is out.”
Is cuma céard a tharlódh sa todhchaí, tá ár gcaiscín meilte sea, agus ar gcosa nite freisin, nó creachfar sin uilig gan dabht ar domhan.
Ach, nach bhfuiltear ag déanamh dearmad ar neart, ar theacht aniar, agus ar spreacadh, an chine s’againne. Caithfear glacadh leis, go bhfuil sliabh ard le dreapadh againn, an babhta seo, ach más féidir linn cur le chéile, éireoidh linn. Acn céard faoi na hEorpaigh? In am an ghátair a aithnítear na cairde!
Cinnte beidh na cairde sin againn, chomh fada is nach dteastaíonn cúnamh airgid saor in aisce uainn! Cairde móra, ‘how are yeh!’. Tiocfaimid slán, ach caithfimid cur chuige mar phobal aontaithe.
Sea, agus fear na bó faoin ruball, feasta!
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Nollaig eile dár spreagadh
.
Nollaig eile ag múscailt ’nainn cuimhní
Ar laethe is ar chairde a bhí,
Is a dhúisíonn ’nár gcroí istigh cumha,
Mar nach bhfillfidh a sárú arís.
.
Ach stiúraíonn céasadh na gcuimhní
Ár gcoiscéim go Beithil na nUamh,
le sólás a chuartú sa Stábla,
Mar a chodlaíonn an Naí i dtromshuan.
.
Is tógann an Mhaighdean ár gcroí istigh
Lena suantraí lán áthais is bróid
Is í ag bogchanadh fuascailt ár gcine
Ó dhlúthgheataí Ifreann na nDeor.
.
Is cuirtear go glé ar ár súile
Go bhfuil dhá thaobh ar bhonn úd na rún
Is nach féidir bheith ag súil leis an sólás
Gan an dólás a fháil ar a chúl.
.
Glac misneach mar sin ar do thuras,
Nó saolaíodh an Naí sin fadó,
Le sinne a fhuascailt ó pheannaid,
Is lenár gcroí ‘stigh a shaoradh ó bhrón.
.
.
.
.
.