by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
coscrach, shattering; scaoth dabhtanna, a flock of doubts; cuimil ceirín den díchuimhne leis, forget about it; sna bólaí sin, thereabouts; sláimín den Ghaeilge, a handful of Irish; blianta an ghanntain, the years of want; ba mhór an gar é, it was a great help.
.
Blianta an Ghanntanais ?
.
Peadar Bairéad.
.
Changing House and Job
Is coscrach go deo an rud é aistriú ó theach amháin go teach eile, agus ó phost amháin go post eile, nó don mbeart sin, bíonn tréimhse fhada pleanála, agus tréimhse fhada ullmhúcháin i gceist, sul má choraíonn tú fiú cos thar tairseach, agus i rith an ama sin uilig, bíonn scaoth dabhtanna do do chéasadh, agus do do chrá, agus iad ag iarraidh cur ina luí ort go raibh botún do-leigheasta á dhéanamh agat, agus nach n-éireodh leat sa phost nua, nó sa timpeallacht nua a bhí roghnaithe agat. Bhuel, chuamarna tríd an gcrá agus tríd an gcéasach sin uilig, agus ba é an lá ba mheasa ar fad nó an lá ar chasamar an eochair sa seanteach den uair dheiridh, agus go ndeachamar ar bord na traenach go Baile Átha Cliath, le ré nua dár saol a thosnú ansin.
A Roof over our Heads
Bhí an t-ádh orainn go raibh muintir mo chéile sásta díon a chur os ár gcionn, fhad is a bhíomarna ag iarraidh teach dár gcuid fhéin a roghnú agus a cheannacht. Ó! a Thiarcais! dá gceapfainn go mbeadh an obair seo go léir le déanamh againn san Ardchathair, chuile sheans go bhfanfainn mar a rabhamar thíos ansin cois na Muaidhe, i mBéal an Átha, ach bhí sé ró-dhéanach ansin, mar bhí an crann curtha, agus ní raibh le déanamh againn feasta, ach ceirín den díchuimhne a chuimilt leis an eachtra ar fad, agus an bóthar rómhainn a bhualadh, go dian, dásachtach.
Ní raibh aon tuairim againn roimh ré, cé chomh daor is a bhí tithe san Ardchathair, agus cé chomh deacair is a bhí sé teach a fháil in aon áit cóngarach don Scoil s’againne, i nDroichead na Dothra, nó tá’s ag madraí an bhaile fhéin, go gcosnaíonn teach sna bólaí sin pingin mhaith, ach tá faitíos orm go rabhamarna dall ar fad ar na cúrsaí sin, ag an am. Ar deireadh thiar thall áfach, nuair a bhí an chathair uilig siúlta againn ar thóir tí, d’éirigh linn ceann a fháil amuigh i gCluain Tairbh, ar imeall na farraige.
Transport was of the Essence
Bhí rud eile i gceist freisin i roghnú tí dúinn, agus sin go gcaithfeadh sé a bheith gar go maith do stad bus, nó ní raibh gluaisteán, nó tada dá leithéid, le cur faoi mo thóin agam fós. Cheannaíomar an teach sin, agus shocraíomar ár dtroscán ann, bíodh go raibh sin éasca go leor, nó ba bheag den earra chéanna sin a bhí againn, ag an am, ach cibé scéal é, bhí ár n-áit fhéin againn anois, ár seoladh fhéin, agus uimhir ghutháin mar sméar mhullaigh ar an iomlán, agus tuigeadh dúinn go raibh muid ar mhuin na muice, agus saol an mhada bháin os ár gcomhair amach sna laethe a bhí rómhainn amach. Tuigeadh dúinn freisin, go raibh teach againn anois don chuid eile dár saoil. Ach sin scéal eile ar fad, agus dár ndóigh, ní mar a shíltear a bhítear, ach mar a chinntítear, ach fillfimid ar an scéal céanna sin arís, amach anseo.
Teacht tús Mheán Fómhair, bhí chuile shórt in ord is in eagar, agus bíodh go raibh amhras eicínt orainn fós faoin gcéim ollmhór a bhí tógtha againn fan oilithreacht na beatha, ag an am gcéanna bhíomar sásta glacadh leis an gcinneadh a bhí déanta againn, agus tabhairt faoin saol mór, nua, corraitheach, a bhí thart orainn. Nuair a osclaíodh Coláiste Mhuire Cois Abhann, mar a baisteadh ar Marian College, i nDroichead na Dothra, bhí orm aghaidh a thabhairt ar an Scoil sin go breá luath ar maidin.
That First Morning
Fuair mé an bus thíos ag bun Ascaill Bhearnon, ar bhruach na mara. Isteach liom ansin go dtí Stáisiún na Traenach ag Sráid Amiens, agus uaidh sin ar an traein to dtí Stáisiún Dhroichead na Dothra, agus bhí an Stáisiún sin i ngiorracht urchar méaróige don Choláiste. Ní raibh ach ceataí amháin sa scéal, agus b’in go mbeadh orm bheith amuigh le giolc an ghealbhain, chuile mhaidin, nó níor theastaigh uaim bheith déanach, mar cuireadh i dtuiscint dom go raibh Cluain Tarbh píosa fada ón gColáiste, agus gurbh fhearr le húdaráis na Scoile sin, dá n-éireodh liom teach a fháil níos cóngaraí don Choláiste, sea, agus bhí sin go maith, ach ní raibh an oireadh sin airgead agamsa le go bhféadfainn teach dá leithéid a cheannach, ach is dócha go raibh sé deacair sin a chur abhaile ar Ord Rialta, nach raibh aon tuiscint ró-chruinn acu ar chumas ceannaithe tí an té atá ar bheagán fháltais, agus geallaimse dhuit é, nach raibh siadsan ag baint na sál dá chéile, ag iarraidh teacht i gcabhair orm, bealach ar bith. Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Bhí orm cur suas leis an gcrann a thit orm. Ní gá a rá, go raibh deacrachtaí taistil le sárú agam le freastal ceart a dhéanamh ar an bpost nua a bhí tógtha agam, san Ardchathair. Sea, agus ní raibh ansin ach a leath, nó bhí orm anois dul i dtaithí ar ghasúir na cathrach móire, gasúir nach raibh an dearcadh céanna acu ar an saol is a bhí agamsa, nó ag na daltaí a raibh cleachtadh agamsa orthu, ó chuaigh mé i gcionn cheird na múinteoireachta, a chéaduair. Ach, tríd is tríd, d’éirigh liom na deacrachtaí sin uilig a shárú, agus sílim gur éirigh liom sláimín den Ghaeilge a mhúineadh do dhuine anseo is ansiúd, agus chomh maith le sin, d’éirigh liom grá eicínt don Ghaelachas a thabhairt don chorrdhuine eile.
Seven Years…. of Want, or of Plenty
D’fhan mé i mbun mo dhualgais ansin i nDroichead na Dothra ar feadh seacht mbliana, nó mar sin, n’fheadar mé anois, ar bhlianta an ghanntain nó ar bhlianta na flúirse a bhí sna seacht mbliana céanna sin, ach ní dóigh liom gur chruinnigh mé aon stór le linn an ama chéanna sin, agus b’fhéidir gur leor sin mar fhreagra ar mo cheist!
Tar éis dom cupla bliain a chaitheamh ag taisteal chun oibre le Córas Iompair Éireann, agus mé tuirseach traochta ar shroichint m’ionad oibre dom, chuile mhaidin, shocraíomar go raibh an t-am tagtha le gluaistean, de chineál eicínt, a chur faoi mo thóin ghaelach, agus tar éis roinnt mhaith cuardaigh, d’éirigh linn seanghluaisteán Ford a cheannach, ó Oifigeach Airm, a raibh an tír uilig taistealta sa seanghluaisteán céanna sin aige, sa chaoi gur bheag croí nó misneach a bhí fanta sa seanchréatúr céanna sin, ach, arsa mise liom fhéin, faoi mar adúirt Sean Phádraic Ó Conaire tráth, déanfaidh sé cúis, iompróidh sé mé fhéin, is mo chóta mór, is chuile shórt a bhíonn le hiompar ag múinteoir ar a thuras chun na scoile.
Wheels, at last!
D’éirigh leis an ngluaisteán, ar ball, cúis a dhéanamh domsa, ach ní hionann sin is a rá, gur éirigh leis saol sona, sásta, a chur ar fáil dom, ar deireadh thiar, nó níor dhein, ach is amhlaidh a d’éirigh leis liosta cúramaí nua a thabhairt dom, in áit na seanchúramaí a bhí dom chra, is dom chéasadh, roimhe sin. Ach nach ‘in an saol agat a mhac! Bíonn a ualach cúramaí le hiompar ag chuile dhuine beo, agus cuma cén iarracht a dhéanann sé fáil réidh leo, beag an baol go n-éireoidh leis! Ag an am gcéanna, is dócha gur éirigh leis an ngluaisteán céanna sin saol níos compórdaí a chur ar fáil, ní hamháin dom fhéin, ach don chlann ar fad, agus faoin am sin, bhí cúigear ar fad againn ann, mé fhéin is mo bhean, maraon le beirt mhac agus iníon amháin, nó bhí ar ár gcumas anois, dul ar sheilg, am ar bith a thogróimis, go háirithe, i rith na laethe saoire, agus ba mhór an chabhair é freisin, le dul isteach sa chathair, nó le dul ag siopadóireacht, nó chuig an Aifreann fiú. Sea, nuair a d’éirigh mé cleachtach air, ba mhór an gar é do dhuine ar bith, agus é ag cur faoi i gcathair. I ndáiríre, tá sé thar a bheith deacair teacht i dtír i gcathair dá cheal, sa lá atá inniu ann, cé go raibh sé indéanta, nuair a thugamarna an chathair orainn fhéin, i gcaogaidí na haoise seo caite.
A Time to Change
Ach, i ndeireadh na dála, caithfidh mé a admháil, nach mó ná sásta a bhíomar le saol na cathrach, nó dá ndéarfainn é, lem phost i nDroichead na Dothra, agus tar éis dúinn thart ar sheacht mbliana a chaitheamh ansin, agus gan cúrsaí taistil agus oibre mar a d’iarrfadh mo bhéal fhéin iad a bheith, thosaigh mé ag breathnú thar chlaí amach, féachaint an mbeadh fosaíocht níos fearr le fáil, in ionad eicínt eile. Bhí an t-ádh orm, nó thart ar an am sin, chonaic mé go raibh folúntas do mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, i gCill Chainnigh. Bhuel! le scéal gairid a dhéanamh de, chuir mé isteach ar an bpost sin, agus tar éis chuile shórt a choimhlíonadh, faoi mar a iarradh orm, d’éirigh liom an post a fháil, agus socraíodh go raghainn i mbun mo chuid oibre sa Choláiste cáiliúil, cumasach, sin, i Samhain na bliana 1966. Bhí go maith is ni raibh go holc. Rinne mé a raibh le déanamh, agus ar an lá spriocáilte, chuaigh mé i mbun oibre, i Hallaí ársa na scoile sin, ach, fan ort nóiméad, nó tá rudaí eile le rá agam, faoin tréimhse a chaith mé i gColáiste Marian, i nDroichead na Dothra, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, an tseachtain seo chugainn. Bí liom ansin, agus cuirfidh mé síos dhuit, ar chuid de na heachtraí a bhain dom, fhad is a bhí mé i mbun oibre san ionad cáiliúil sin.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Eachtraigh Dúinn. 16
Tar éis dúinn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliathánach úd, ar deireadh thiar thall, shroicheamar Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i lár Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheiceáil an Fhoirgnimh ríoga sin dom, bhuel, ní lá go maidin é! Foirgneamh mór, ard, galánta, ba ea é, a raibh cuma an airgid agus an tsaibhris air, ó bhun go barr. Ní call dom a rá, nach bhfaca mise tada dá leithéid riamh cheana. Bhí gáirdíní glan-bhearrtha os a chomhair amach, agus oifigí agus seantáin, de chuile shaghas, timpeall an Tí Mhóir. Níor tógadh an foirgneamh céanna sin le bheith ina Choláiste Sagartachta, ach is amhlaidh a bhí an Teach céanna sin mar Árus cónaiathe ag Críostaí díograiseach, ar theastaigh uaidh a chion fhéin a dhéanamh do na misin choigríocha, agus céard a rinne sé ach idir Theach agus fheilm a bhronnadh, scun scan, ar na Misin chun na hAfraice, nó, an SMA, mar a thugtar, de ghnáth, ar an gCumann miseanach sin. Blácach ba ea an fear sin, agus caithfidh go raibh sparán maith teann aige, le fáltas chomh fial, flaithiúil, a chur ar fáil do na misin choigríocha sin. Is dócha gur de bharr na flaithiúlachta céanna sin a deienadh Cunta den Eaglais Chaitliceach Romhánach de, nó ba Chunta é an Blácach sin, Llewellyn, An Cunta, de Bláca.
Ar deireadh thiar, bhí ár gceann scríbe sroichte againn. Bhí sagart ansin romhainn, le fáilte a chur romham agus le mé a stiúradh chun an tSuainleasa. Tugadh leaba dhom istigh sa suanlios céanna sin, seantán ollmhór ba ea an Suanlios céanna, a raibh leapacha do, thart ar thriocha duine ann. Bhí seantán eile taobh leis, a raibh an fhairsinge chéanna ann. Geallaimse dhuit é, nach raibh mórán spáis le spáráil istigh sa Suanlios sin, nó bhí na leapacha sách cóngarach dá chéile ann. Bhí scaraoid bhán ar chuile leaba acu sin, agus ciumhais scothógach ar chuile scaraoid acu sin. ar na ballaí bhí pictiúir bheannaithe agus cros ollmhór chéasta, agus ar chuile bhinn, bhí fógra ollmhór scríofa i litreacha móra… S i l e n c e …. a bhéic na fógraí sin orainn. Tugadh deis dom cibé éadaigh a bhí im chás taistil agam, a chur i dtaisce i gcórfa speisialta dom fhéin, agus cuireadh an cás fhéin i dtaisce freisin. In áit pitseámaí, bhí léine fhada oíche agam! Nach mór idir inné agus inniu, nó b’in a bhí leagtha amach ar an liosta d’éadaí riachtanacha, a cuireadh chuig chuile dhalta, roimh theacht go Coláiste an Chroí Ró-Naofa dó. Cuireadh an léine chéanna sin i dtaisce faoi mo philiúr. Teaspáineadh an seormra níocháin dom, seomra a bhí in aice láimhe, idir an dá sheanatán mhóra, áit a raibh báisín níocháin curtha in áirithe do chuile ghasúr againn. Teaspáineadh mo bháisín fhéin domsa. Ní gá a rá, nach raibh aon uisce reatha ag dul leis na báisíní sin, ach mura raibh, bhí sconna ag bun an tseomra, agus chuile oíche, tar éis do dhuine é fhéin a ní, agus a fhiacla a ghlanach, líonadh sé an báisín sin don mhaidin dár gcionn. Bhí gá leis an nós céanna sin, nó go minic, i gcroí an Gheimhridh, ní bheadh uisce le fáil sa sconna céanna sin, dá dtarlódh go mbeadh na píopaí reoite. Sea, mh’anam, agus ba mhinic a bhíodh leac oighre ar an uisce fhéin sna bháisíní freisin, agus bheadh ort an leac chéanna sin a bhriseadh agus a bhearnadh, sár a bhféadfá d’aghaidh agus do lámha a ní! Thagadh an soláthar uisce ar fad don Choláiste, ó thobar mór domhain, a bhí suite in aice an Choláiste, agus caidéal láimhe os a chionn. Bhíodh ar chuile ghasúr, ar a sheal, tamall a chaitheamh chuile lá, ag oibriú an chaidéil chéanna sin, le huisce a chur ar fáil don Choláiste.
Nuair a bhí an méid sin déanta ag an sagart, d’iarr sé ar ghasúr, a raibh bliain caite aige sa Choláiste cheana féin, an chuid eile den Choláiste a theaspáint dom. Ní raibh aon soláthar aibhléise ag an gColáiste an t-am sin, agus ba é an bhí acu ina áit, nó lampaí ola pharaifín. Níor chuir sin aon ionadh ormsa, nó ní raibh againne sa bhaile, an t-am sin, ach an cineál céanna solais. Ba é an gléas téite a bí acu nó sorin mhalldóite, sna hallai móra, agus tine ghuail, sna gnáthsheomraí ranga. Chuamar isteach sa Halla Staidéir, agus ba bheag nár bhain sin an chaint díom, nó ní fhaca mise aon rud cosúil leis, ar a mhéad, nó ar a fhairsinge, riamh cheana. Arís, bhi an fógra ollmhór céanna ar an mbinn inairde acu, ag fógairt orainn bheith ciúin……S i l e n c e ……a bhéic an fógra céanna orainn, ach dúirt mo threoraí liom, go raibh cead cainte againn an lá sin, agus nach mbíodh an “Silence” sin i bhfeidhm, ach amháin nuair a bhíodh na mic léinn uilig bailithe ansin, sa tráthnóna, i mbun a staidéir. Bhí na binsí uilig ansin leagtha amach ina ranganna, ó cheann ceann an Halla, faoi mar ba shaighdiúirí iad, agus crochta ina líne dhíreach os a gcionn, síos lár an Halla, bhí rang lampaí ola phairifín ar sileadh ón tsíleáil anuas, le solas a chur ar fáil, nuair a bheadh gá lena leithéid, le linn séasur an dorchadais. Ar ‘chaon taobh den Halla mór sin, bhí rang de shoirn mhalldóite, agus iad ina seasamh ansin, faoi mar a bheadh siad ag fanacht ar laethe fuara, feannaideacha, an Gheimhridh, le teas agus compórd a chur ar fáil dá gcairde óga. D’fhágamar an Halla sin ar ball, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach. A leithéid de sheomra! é mór, fada, leathan, fairsing, boird leathana fhada ag bun an tseomra, agus bord breá leathan, galánta, ag ceann an tseomra, agus é socraithe in airde ar ardán.
“Na sagairt a itheann at an mbord galánta sin” adúirt mo threoraí liom, “agus sinne a bheidh ag ithe ag na boird thíos ansin.”
Chuir radharc úd na mbord céanna sin in iúl domsa, go raibh ocras ag teacht orm fhéin, agus dá mbeinn sa bhaile, go bhfaighinn canta aráin agus braon bainne, dom fhéin, le cúl a chur air, ach ní raibh mé sa bhaile a thuilleadh, agus ní raibh mo Mham, nó mo chlann ansin, le haire a thabhairt dom feasta. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh, nuair a smaoinigh mé go raibh an nead tréigthe agam, agus go mbeadh orm maireachtáil i measc strainséirí feasta. Níor chuir mé na smaointe sin in iúl dom threoraí, dár ndóigh! Ach bhí fhios agam, go raibh na crainn curtha, agus go raibh orm mo thoil a chur le toil Dé, feasta. Ar aghaidh linn ansin, go dtí an Séipéal. Ba chosúil le Neamh ar thalamh é, an tAireagal céanna sin. An altóir, na fuinneoga, na suíocháin, na pictiúir. Nárbh álainn go deo an radharc iad, i gcomparáid leis an tsean-séipéal a bhí againne sa bhaile, ach níor dhóigh liom, go raibh sé chomh cairdiúil céanna le Séipéal na Cille Móire Iorrais! Ach, is dócha go bhféadfadh duine dul ina chleachtadh, le himeacht aimsire. Chuamar ar ár nglúine, agus chuir mé fhéin paidir lem’ mhuintir sa bhaile, agus lem’ chairde, ach go háirithe, d’iarr mé ar an bhfear thuas, súil a choinneáil orm fhéin, fad is a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí dheacrachtaí an tsaoil nua seo a bhí tofa agam.
Ar ball, chuamar ar chuairt timpeall, ag iarraidh chuile shórt a thabhairt faoi deara, ach chuir mé suim, agus dhá shuim, sna cúirteanna breátha liathróid láimhe, a bhí suite cóngarach go maith don scoil. Faoin am seo, bhí na mic léinn ag teacht isteach ina sluaite, agus ba ghearr go raibh siad go léir bailithe le chéile ansin. Bhí sé ina thráthnóna, faoin am sin, agus ar deireadh thiar thall, dúradh linn aghaidh a thabhairt ar an bProinnteach. Bhí cinnirí tofa ansin, agus ba ghearr go raibh chuile dhalta againn seolta acu chun a ionaid fhéin. Nuair a bhí sin déanta, tháinig na sagairt isteach. Sheasadar ag an bpríomhbhord. Dúirt Uachtarán an Choláiste an t-altú roimh bhia, agus ansin, shuigh chuile dhuine ina áit fhéin. Ba ghearr gur leag na cinnirí ár mbéile os ár gcomhair amach. D’itheamar ár gcuid go buíoch, beannachtach, nó, déanta na fírinne, bhí mé fhéin stiúctha leis an ocras, faoin am sin. I ndiaidh ár mbéile, thugamar aghaidh ar an Séipéal arís, le paidir a rá, agus ansin, chuamar amach ar fud na bhfud arís, agus cead againn rud ar bith ba mhaith linn a dhéanamh, ar feadh tamaill. Chuaigh cuid againn ag siúlóid, cuid eile ag imirt liathróid láimhe, agus tuilleadh fós ag imirt peile. Bhí ulloird bhreátha, mhóra, torthúla ag an gColáiste, agus dá bharr sin, cuireadh ár ndóthain úlla ar fáil dúinn, agus gheallaimse dhuit é, go raibh fáilte is fiche againn roimh na húlla céanna sin.
Ar deireadh, buaileadh clog, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach arís, le béile na hoíche a chaitheamh. D’éirigh linn teacht isteach ar chleachtas na scoile, go tapaidh, nó bhí bliain amháin caite ansin, cheana féin, ag lucht an dara bliain, agus bhí siadsan mar threoraithe againne, lucht na chéad bhliana. I ndiaidh an tsuipéir, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh san Aireagal, ag rá ár bpaidreacha oíche, thugamar aghaidh ar an Suanlios, áit ar tugadh treoracha dúinn faoi dhea-iompar, agus rialacha éagsúla na háite sin. Bhí sollúntacht faoi leith ag baint le Tost Mór na hoíche, nó an “Grand Silence” faoi mar a thugadh cuid de na sagairt ar thost mór sin na hoíche. Ní raibh cead cainte ag duine ar bith againn sa suanlios céanna sin. Bhí aird chuile dhuine againn ar a ghnó fhéin, agus thug an tost fada sin deis dúinn smaoineamh ar Dhia, agus ar chúrsaí spioradálta. Nach gceapfá go ndéanfadh saol dá leithéid naomh de dhuine ar bith? ach caithfear a smaoineamh freisin, nach raibh ionainne, ag an am, ach gasúir, agus gasúir a bhí tugtha do dhiabhlaíocht, agus do mhioscais, de chuile shórt. Ní dóigh liom áfach, gur mar sin a bhreathnaigh na sagairt a bhí inár mbun ar an scéal, nó dár leosan, ba chóir go mbeadh chuile dhuine againn chomh deaiomprach le manach! Bhí breall orthu sa mhéid sin, áfach, geallaimse dhuit é!
Dúradh linn nach mbeadh orainn éirí ag a sé, an mhaidin dár gcionn, agus ó tharla gurbh í sin an chéad oíche ag cuid againn sa Choláiste, ligfí dúinn codladh go dtí a seacht ar maidin! Mhothaigh mé fhéin go raibh an leaba an-mhíchompórdach, ach dá ainneoin sin, ba ghearr go raibh mé im’ chnap codlata, agus ba é an chead rud eile a mhothaigh mé, nó an clog diabhalta sin ag insint dúinn uilig, go raibh sé in am againn éirí. “Vox Dei”, nó guth Dé, a thugadh siad ar an gclog úd, sa Choláiste, ach geallaimse dhuit é, gur mhinic a cheapamarna go mba gharbh, géar, gránna, an guth a bhí an an gclog céanna sin!!
“Benidicamus Domino”, sílim, adeireadh fear an chloig, mar bheannacht dúinn, ar maidin, agus d’fhreagraímis, d’aon guth slochtach amháin, “Deo gratias!” Nuair a smaoiním siar ar na cúrsaí sin faoi láthair, tuigtear dom, amanta, gur ag brionglóidigh atá mé, ach b’in é díreach mar a bhí cúrsaí againn, i gColáiste an Chroí Ró-Noafa, i mBéal an Átha Fhada, an tráth úd fadó, i dtús dhaichidí na haoise seo caite.
D’éiríomar as na leapacha amach, bhaineamar ár léinte fada oíche dínn, agus chuireamar roinnt éadaí orainn fhéin, agus amach linn chun an tseomra níocháin. Rinneamar a raibh le déanamh againn ansin, agus nuair a bhíomar nite, gléasta, pioctha, thugamar aghaidh ar an Aireaagal, nó ar an Séipéal, agus bhí orainn seal a chaitheamh ag paidreoireacht, agus seal ag machtnamh. Nuair a bhí sin déanta againn, léadh an tAifreann dúinn. Ina dhiaidh sin, agus roimh ár mbricfeasta, cuireadh i mbun oibre sinn, ag ní, agus ag glanadh an tí, nó ní raibh éinne eile ansin leis an gcineál sin oibre a dhéanamh, ach sinne. Thuig na cinnirí, a raibh le déanamh i rith na tréimhse sin, agus chuireadar sinne i mbun oibre láithreach, agus thug a ghnó fhéin le déanamh do chuile dhuine againn. Tar éis leathuair a chloig a chaitheamh i mbun na hoibre sin, bhíodh an áit chomh glan le biorán nua, agus ansin, sheoltaí isteach sa mBialann arís sinn. Thugtaí pláta bracháin do chuile dhuine againn, agus ina dhiaidh sin, bhí cupán tae, arán, agus ruainne margairín againn, le cúl a chur ar an ocras, go ham dinneir. Ní raibh aon ranganna, nó tada dá leithéid, againn an lá sin, nó tugadh lá saoire dúinn, le deis a thabhairt dúinn, dul i gcleachtadh ar an áit, agus le haithne a chur ar a chéile. Rinneamar sin, agus cuireadh comórtas liathróid láimhe sa tsiúl freisin, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar toit agus sásamh as an lá sin, agus léirigh sé dúinn, nach gcaitear an t-am ar fad ag guí, is ag paidreoireacht, i gCliarscoil, ach go mbíonn deis ag gasúir seal a chaitheamh ag spraoi dóibh fhéin freisin. Chuireamar aithne ar na sagairt a bhí i mbun an Choláiste sin, ach dúirt na sinsir linn, nach mairfeadh na laethe saoire sin i bhfad, agus go mbeadh muid gafa in úim na hoibre, an lá dár gcionn, agus nach mbeadh lá saoire dá leithéid againn arís go ceann scathaimh fhada. Bhaineamar sásamh as an lá sin, agus bhí an cearat ag na sinsir, nó an lá dár gcionn, bhéic an clog orainn ag a sé ar maidin, agus b’éigean dúinne an bhéic sin a fhreagairt, ar an toirt, agus buíochas a ghabháil le Dia dá bharr!
“Deo gratias”, a bhéic sinne, agus bhíomar imithe i gcleachtadh ar rithim na naofachta, cheana féin, ach níorbh ionann sin is a rá, go mba naoimh fós sinn!
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
E A C H T R A I G H D Ú I N N 15 .
.
(Ábhar Sagairt Bhéal an Átha Fhada sna Daichidí)
.
***************************
.
Faoi mar a d’inis mé dhaoibh, cheana féin, thaitin idir scoil agus scolaíocht liom, chuile lá riamh, agus dá chomhartha sin, d’éiríodh lioim cibé ceacht, nó cleachtadh, a tugtaí dom, a dhéanamh gan stró. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht ó dhuine de na múinteoirí, bí cinnte gur ormsa a thitfeadh sé, an gnó sin a dhéanamh dó. Thug sin deis domsa tréimhsí a chaitheamh amuigh ar bhóithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sháimhín só ar rothar breá rásaíochta an Mháistir. Théinn go dtí Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus théinn go dtí an baile mór le teachtaireacht don bPríomhoide, nó bhí a leannán ina cónaí i mBéal an Mhuirthead, agus minic a theastaíodh uaidh scéal eicínt a chur chuici i rith an lae. I gcás dá leithéid, ní raibh le déanamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar rásaíochta a thabhairt dom, agus d’fhéadfadh sé a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scríbe, ar an dá luathas. Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh Mór, sa bhlain 1939, go gcuireadh an tArdmháistir, an tUas. Seán Ó Cróinín, mé fhéin agus Proinsias Mac Eoin, go dtí teach Mhic Eoin ar an nGeata Mór, le héisteacht leis an nuacht ar an Raidió, agus scéala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige. Anois, cé go mbínn amuigh ar theachtaireachtaí, leath na gcuarta, níor chuir an ealaín chéanna sin isteach ar mo chuid scolaíochta, nó bhí ar mo chumas, cibé a bhíodh á dhéanamh acu agus mise ar fán ón seomra ranga, d’éiríodh liom an méid sin a phiocach suas, gan stró, agus cibé obair bhaile a bhí le déanamh againn, a dhéanamh gan teip, chuile oíche. Ní hé sin amháin é ach d’éiríodh liom corr scilling a shaothrú as mo scileanna léinn, nó thagadh scoláirí áirithe chugam, leis an obair bhaile chéanna sin a dhéanamh dóibh, agus iad breá sásta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar chúiteamh. Minic a d’éirigh liomsa fáil isteach ag na scannáin tostacha, tríd an nós céanna sin, scannáin a bhíodh á dteaspáint i Halla an Bhreathnaigh, i mbaile na Druime, an t-am sin.
Thart ar an am gcéanna sin, agus náisiúin mhóra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a chéile, agus rudaí á gciondáil anseo i dtír na hÉireann, thosaigh an Máistir Ó Cróinín ag iarraidh treoir ghairme eicínt a chur ormsa. Rinne sé iarracht mé a stiúradh an bealach seo, nó mé a threoradh an bealach úd eile, ach i ndeireadh na dála, ba í an tsagartacht a roghnaigh mé fhéin. Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus dá thairbhe sin, ní bheadh sé indéanta mé a chur go Mánuat, nó chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardnósacha, ach, níorbh fhál go haer é! nó bhí “Cumann Misinéirí chun na hAifrice”, nó an SMA, mar a thugtaí orthu, sásta gasúir de mo leithéidse a ghlacadh isteach ina scoileanna, ar tháille an-íseal, ag súil go leanfadh uimhir áirithe de na daltaí sin leo go ndéanfaí sagairt díobh, i ndeireadh na dála. Tuigeadh dóibh, dár ndóigh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain déag idir thús an chúrsa agus lá an oirnithe. B’fhéidir go dtógfadh siad isteach thart ar chúig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach ndéanfaí thar chúigear, nó seisear, díobh sin a oirniú, ar deireadh thiar. Ach bhí siad lán-tsásta leis na huimhreacha sin, agus bhí siad lán-tsásta freisin, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fhéin. Ach ba bheag a thuig mise faoi na cúrsaí sin, agus mé fhéin agus an Máistir ag cur cúrsaí creidimh agus sagartachta trí chéile, i Scoil Náisúnta Chill Mhór Iorrais, i ndeireadh na dtriochaidí agus i dtús na ndaichidí. Ar aon chuma, bheartaigh mé fhéin dul chun na hAifrice im’ mhisinéir. Bhí grá im chroí agam, an t-am sin, do ghormaigh na hAifrice. Ní ón ngaoth a bhailigh mé fhéin an chráifeacht, nó ba dhuine í mo Mham, a raibh an oiread sin creidimh aici is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, tógadh mé i bpobal ina raibh céad faoin gcéad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le fíricí na Críostaíochta. Sea, agus “fair play” don Mháistir, bhí seisean sásta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gasúr dem leithéid a chur chun an Choláiste úd i mBéal an Átha Fhada, i ngiorracht roinnt mílte do Bhall Álainn, i gContae Mhaigh Eo.
Ba ghearr go raibh an scéal i mbéal gach éinne.
“Ar chuala tú an nuacht?” adéarfadh duine.
“Cén nuacht atá i gceist agat?”
“Cén nuacht, an ea? Go bhfuil Peadar Mhichael Mhicí ag dul sna sagairt!”
“Ag magadh fúm atá tú? mar nach bhfuil níos mó ná a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar céanna sin, bail is beannú air!”.
“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach sin an scéal a chuala mé fhéin, anois díreach, ó Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom céanna sin an-mhór le Bairéadaigh na Druime?”
“Ó, bhuel! má bhí an scéal ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bunús eicínt leis. Bhuel anois! cé chreidfeadh go raghadh an diabhailín céanna sin le sagartacht? “ “Nach ait an mac an saol? agus nach fánach an áit a bhfaighfeá breac?”
B’in mar a bhí i measc na gcomharsan, na laethe úd, i lár na bliana 1940, agus mise ag fáil réidh le bealach úr a threabhadh dom fhéin, nó níor ghnáth-rud é, an t-am sin, buachaill óg dem leithéidse, Cliarscoil a thabhairt air fhéin.
Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh. Ach de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim linn, bhí ag dul ina luí ormsa, méid na céime a bhí á tógáil agam. Ach dá fhaid an lá tagann tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é. Ar deireadh thiar thall, tháinig an lá mór. An oíche roimh re, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s’againne, le slán agus beannacht a chur liomsa, nó ba é sin nós an muintire thiar, ag an am sin.
Faoi’n am sin, bhí chuile shórt, a bheadh ag teastáil uaim sa Choláiste, ceannaithe, pacáilte, i gcás breá, nua, taistil, domsa. Mo Mham agus mo dheirfiúracha ba mhó a rinne an gnó sin, nó ba bheag scil a bhí agamsa sna cúrsaí céanna sin, ag an am, murab ionann is anois.
Ar maidin, bhuaileamar bóthar. An t-am sin, ní gá a rá, nach raibh carr, nó cairt, le síob a thabhairt dom go Béal an Mhuirthead, mar ní théadh an bus thar an mbaile sin siar, ag an am sin. Deiridís go raibh an droichead ró-chúng, ró-lag, nó nó-rud-eicínt eile, agus sa tslí sin, fágadh muintir na leithinse lena mbealach fhéin a dhéanamh go Béal an Mhuirthead, dá mbuailfeadh fonn taistil iad. Mar sin, ar rothar is ea chuaigh mé fhéin go Béal an Mhuirthead, an mhaidin spriocáilte sin. Chuaigh mo dheartháir Seán, Grásta ó Dhia air, in éineacht liom, leis an gcás breá, donn, nua sin, a iompar, nó bhí Seán níos sine agus níos foirfe na mé. B’eisean an duine ba shine den ál, agus meas dá réir againne air. Chuir Seán ar an mbus mé, thug mo chás don tiománaí, do “Láchaí Clarke”, agus d’fhág slán liom.
Bhí mé liom fhéin ar deireadh, agus geallaimse dhuit é, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcnámh isteach ionam. D’fhág mé Béal an Mhuirthead faoi ghradam, mé gléasta in éide ábhar sagairt, agus níos mó airgid i mo phóca, ná mar a bhí agam riamh roimhe sin. “Láchaí Clarke” ag tiomáint agus “George Ormsby” ina stiúrthóir againn. Ba nuacht chuile shórt domsa, nó ní raibh mé fhéin níos faide ó bhaile ná Béal an Mhuirthead, riamh roimhe sin. Nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé crainn den chéad uair riamh, ba bheag nár bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na súl díom. Ar deireadh thiar, shroicheamar Béal an Átha, ach ní raibh ar mo chumas dul níos fuide, an lá sin, nó ní raibh ach traein amháin ag fágáil Béal an Átha, in aghaidh an lae, an tráth sin, agus d’imíodh sén sin ar maidin. Éinne ar theastaigh uaidh dul níos faide ná Béal an Átha, bhuel, d’fhéadfah sé fanacht go dtí an lá arna mhárach. Chuir mé fhéin fúm, an oíche sin, in “Óstán an Néfin”, agus bhí mé ar mo chois go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ar ball, rinne mé mo shlí go Stáisiún na Treanach. Ó, a Thiarna! nár mhór idir sin agus tada dá bhfaca mé fhéin riamh roimhe sin! Cheannaigh mé mo thicéad agus isteach liom ar an ardán, le fanacht leis an traein. Ní raibh mé im aonar ansin, ach oiread, nó bhí slua mór daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein úd na maidine, nó ní bheadh traein eile ag fágáil an stáisiúin sin go dtí an mhaidin dár gcionn. Ba nuacht chuile shórt domsa, agus mar sin, bhí mé ag siúl liom síos suas ar an ardán, agus mo thicéad greamaithe go teann im ghlaic agam, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna agamsa agus an ticéad draíochta sin é, nó cibé útamáil a bhí ar siúl agam, thit an ticéad síos uaim, idir an traein agus an ardán. Ó, a Thiarcais! conas a gheobhainn greim ar mo thicéad draíochta arís, agus mura bhfaighinn greim ar an dticéad céanna sin, is dócha nach ligfí ar bord na traenach chor ar bith mé. Bhuel, ar ámharaí an tsaoil mhóir, bhí fear breá, scafánta, óg, ó Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir Uí Mhurchú, ar an bhfód, agus d’fhág seisean a mhála taistil ar leataobh, agus síos leis, idir an traein agus an ardán, agus i bpreab na súl, bhí mo thicéad caillte slán sábháilte ina ghlaic aige. Thug sé ar ais dom é. Ghabh mé mo bhuíochas ó chroí leis, agus sa chomhrá a lean an eachtra sin, d’inis sé dom, go mba bhall de Aerfhórsa Shasana é, agus go raibh sé tar éis saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais. D’fhiafraigh mé fhéin de, ar ghlac sé aon pháirt fós sa Chogadh Mór. “Abhair é,” ar seisean, “nó is beag lá nach dtéim fhéin, is mo bhuíon trodairí, ar aer-ruathair, thar chríocha na Gearmáine isteach, ag buamáil, ag troid, ag spiaireacht.”
“Agus an bhfuil sé contúirteach bheith i mbun na hoibre sin?” arsa mé fhéin.
“Bhuel,” ar seisean, “is beag lá nach gcailleann muid comrádaí amháin, ar a laghad, agus níl ann ach cluiche gill, mar adéarfá. Bhí an t-ádh i mo chaipínse, go nuige seo, ach go háirithe, agus tá súil le Dia agam, go dtiocfaidh mé slán abhaile ón gcogadh millteach, uafásach, seo”.
Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphléascach, na traenach, agus í réidh chun bóthair. Chuamar ar bord. D’fhágas fhéin slán le mo chara nua, an fear breá, ard, rua, dathúil sin, ó Bheannchor Iorrais, agus muid ag súil go gcasfaí ar a chéile sinn arís, amach anseo, ach tá faitíos orm, nár chasadh Mac úd Uí Mhurchú arís orm, ó shoin i leith, agus níl fhios agam ó thalamh an domhain, ar tháinig sé slán ón mbearna bhaoil, nó ar cailleadh é ar mhisean, nó ar ruathar eicínt, isteach thar theorainn na Gearmáine isteach. Cibé faoi sin, ba é an Mac Uí Mhurchú úd mo chéad laoch, agus bronnaim anois an curadhmhír air, bíodh sé beo, nó bíodh sé marbh.
Ar ball, d’ardaiagh an traein a seolta, agus as go brách lei, go torannach, ardghlórach, agus mise á sciobadh aici lei, ó dhúthaí mo mhuintire, agus ó nead teolaí na hóige. Nach orm a bhí an t-ionadh, agus an traein sin ag réabadh lei trí ghoirt is trí mhóinéir, trí bhailte is trí choillte, go dtí gur stop si sa deireadh i mBall Álainn, agus nár cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an stáisiún sin? Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de rúid as an traein úd, an chéad traein dár leag mise súil riamh uirthi, agus chomh luath is a bhí mise bailithe liom amach aisti, lig sí fead ghéar, chluasphléascach, mhagúil, aisti, agus as go brách lei arís, go torannach, gaileach, rothach, amach as stáisiún úd Bhall Álainn. Bhreathnaigh mé timpeall orm fhéin, nó dúradh liom go mbeadh duine eicínt ansin romham, le treoir a dhéanamh dom. Tháinig fear bunaosta im threo i leith. “An tusa an Bairéadach?” ar seisean liom. “Is mé,” arsa mé fhéin á fhreagairt. “Tar liomsa, má sea,” ar seisean, “tá cóir iompair anseo amuigh agam, le tú a thabhairt go dtí Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada.”
Lean mé amach as an stáisiún é, agus do bharúil, cén gléas iompair a bhí aige ansin faoi mo chomhair? Céard eile a bheadh aige ann, ach carr cliathánach? Go breá ar fad, arsa mise liom fhéin, beidh “jaunt “ breá agam ón stáisiún traenach seo go dtí an Coláiste.
Ach déarfainn gur leor sin don bhabhta seo. Beidh mé chugat arís, sa chéad ghála eile, le cur síos a dhéanamh ar an gColáiste fhéin, agus ar na gasúir eile a casadh orm ansin. Go dtí sin…Slán…..
.
**********************
Peadar Bairéad.
**********************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
E A C H T R A I G H D Ú I N N
Caibidil 3.
.
An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, nuair a bhuailtí an clog dúinn ag a sé ar maidin! b’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin uainn, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a seal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait fhéin ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.
Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.
.
Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!
.
Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.
.
I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.
Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.
Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?
Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha im’ dhiaidh ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.
I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.
Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean dul ar a lorg. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!
I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.
Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn, mar nárbh é sin tréimhse an “Grand Silence”. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.
.
Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.
Go dtí an chéad uair eile…
Slán…..
.
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 5
.
Is beag nach bhfuil mé críochnaithe anois le mo chuimhní ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Ach caithfidh mé a admháil dhuit, a léitheoir, go bhfuil leisce áirithe orm fós, an tseanáit sin a fhágáil taobh thiar díom, nó ba ansin a chaith mé dhá bhliain órga de laethe geala m’óige, agus bíodh go raibh mé scartha ó mo chine, agus ó mo mhuintir, agus bíodh nach raibh aon arán saor le fáil agam san áit chéanna sin, mar sin fhéin, is geal lem chroí na cuimhní a ritheann chugam fós, aniar as an tréimhse sin de laethe m’óige.
Sa chaibidil seo, is amhlaidh a phiocfaidh mé amach eachtraí, nó cuimhní, áirithe, a tharla le linn dom bheith im mhac léinn sa Choláiste breá sin. Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn ormsa, nó an scoil fhéin. B’fhathach de theach, amach is amuigh, é, agus é galánta, dea-dheartha, dea-dhéanta, ó bhun go barr. Ní raibh tada dá leithéid feicthe agamsa, ar mo shúile cinn, le mo bheo roimhe sin. Is amhlaidh a d’fhás an t-áras taibhseach sin suas as an mbán glanbhearrtha, a bhí leagtha amach os a chomhair amach, agus faiche a bhí bearrtha go bun na dúide, thart air. B’in mar a bhi sé an chéad lá ar leag mise súil air, i Meán Fómhair na bliana, 1940. Ach níor sheó go dtí é san Earrach, nuair a bhíodh an fhaiche sin ar fad ina brat órga ag lusa luascacha an chromchinn, agus iad leagtha amach ina mbuíonta, agus ina gcipí, faoi mar a bhí na saighdiúirí socruithe, ullmhaithe. do chath Waterloo. Is dócha go ndéarfadh duine gur bheag a bhí le déanamh ag daoine sna laethe úd fadó, faoi rá is go gcaithfidís a ndúthracht ag plandáil na lusa cromchinn ar an dóigh neamhghnách sin, ach beatha dhuine a thoil, mar adeireadh an seandream fadó, agus nach acu a bhí an ceart. Agus lena chois sin, nár bhoc mór, amach is amuigh, é an t-únaeir, an Cunta Llewellyn De Bláca fhéin, oidhre na mBlácach i Cloghballymore House, i gContae na Gaillimhe, a bhronn a thithe agus a thailte ar na Misin Choigríocha. Rinne mé cur síos cheana daoibh ar an leagan amach a bhí ar an gColáiste, ar an dtaobh istigh, ar na seomraí, an Bhialann, an Suanlios, an t-Aireagal, agus an Halla Mór Staidéir, agus níl fúm a thuilleadh a rá anseo fúthu sin, ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, tagairt a dhéanamh, go sciobtha, anseo, do na faichí imeartha a bhí againn, i ngar don scoil. Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, bhí péire páirceanna againn, mar pháirceanna imeartha, agus b’ansin a d’fhoghlaim mé fhéin, agus gasúir eile chomh maith liom, scileanna na gcluichí náisiúnta, mar cé go rabhthas dár dtraenáil do na misin choigríocha, bhí an náisiúnachas de dhlúth agus d’inneach i gcóras oideachais na tíre seo, ag an am sin. Agus, bíodh go raibh breac-eolas ag cuid againn ar na rialacha a bhain leis na cluichí sin, mar sin fhéin, bhí oiliúint agus traenáil sna scileanna cuí, ag teastáil go géar uainn. Níor imir mé fhéin mórán cluichí roimhe sin riamh, ach amháin na cluichí a d’imríomar cosnochtaithe, i gcoinne foirne Bhéal an Mhuirthead, nuair a bhain na “townies” na rúitíní agus na loirgne dínn, lena mbróga siopa, ach ba ghearr gur tháinig muid isteach ar na cluichí céanna sin, agus go raibh ar ár gcumas iad a imirt go seoigh.
Ba sa scoil sin an Chroí Ró-Naofa, a chuir mé aithne den chéad uair, freisin, ar na lámhainní dornála. Mar seo a tharla. Bhí sagart óg inár mbun, ag an am, agus is dócha go raibh suim faoi leith aige fhéin sa dornálaíocht. Bhuel, ní shásódh tada an fear céanna, go raibh cró dornálaíochta leagtha amach aige dúinn, agus ansin, rinne sé chuile iarracht ar scileanna na ceirde sin a mhúineadh dúinn. Is dócha gur tuigeadh dó, go mbeadh gá ag sagairt leis an scil chéanna sin, sa todhchaí! Ar aon chuma, ba bheag mo spéis fhéin sa chluiche chéanna sin, ach corruair, ní raibh aon dul as agam. Caithfidh go raibh mé contráilte go maith, na laeathe úd, murab ionann is anois! go háirithe, nuair a bhínn ag imirt cluichí, nó a leithéid. Bhuel, nuair a d’éiríodh idir aon bheirt againn, agus nuair a thagadh an sagart óg sinn orainn, i mbun troda, – agus thagadh, – meas tú céard a dhéanadh sé, le deireadh a chur leis an argóint?
Tá an ceart agat. Shocraíodh sé am faoi leith, agus bhíodh ar an mbeirt trodairí bheith i láthair sa chró dornálaíochta, ag an am spriocáilte, agus iad ullamh ina lámhainní dornála, le troid a dhéanamh os comhair na scoile ar fad, agus an sagart óg úd ina réiteoir ar an mbabhta dornálaíochta sin. Fanann cuimhne na laethe úd liom go dtí an lá atá inniu ann, agus is féidir liom boladh leathar na lámhainní a fháil fós im pholláirí, agus é chomh bréan inniu is a bhí sé breis is trí scór bliain ó shoin anois. B’fhuath liom fhéin na troideanna céanna sin, nó ba rud amháin é, troid a thosú nuair a bheadh rabharta feirge ar dhuine, ach níorbh ionann sin in aon chor agus troid a dhéanamh le gasúr eile, agus gan fearg, nó tada dá leithéid ort leis, agus an scoil ar fad ag breathnú orainn, agus dár ngríosadh chun troda, ach mhaolaigh sé go mór ar aon fhonn troda a bhí beirthe sa chnámh ionnamsa, geallaimse dhuit é. Ba chosúil é sin, dár liomsa, agus an chaoi a gcuireadh muidinne gasúir na madraí ag troid fado. Ba rud fuarchúiseach, amach is amuigh é, ach ag an am gcéanna, is dócha gur chabhraigh sé linn srian eicínt a chur ar ár bhfearg, sa chaoi gur mhúin sé dúinn, conas smacht agus guaim a choinneáil orainn fhéin, earraí a bhí chun ár leasa, sna blianta a bhí romhainn amach. Mar sin, maithim don sagart óg sin a dhúil mhallaithe sa dornálaíocht, agus sa bhfuil, dár linne, le linn m’óige-se. Chuireadh an sagart óg sin lá spóirt sa tsiúl dúinn, anois is arís, nuair a thógadh sé dornálaithe ó Chlub dornálaíochta i gCaisleán an Bharraigh isteach go Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, le comórtas dornálaíochta a eagrú eatarthusan agus gasúir an Choláiste. B’in an áit a mbíodh an fhuil, geallaimse dhuit é, ach i ndeireadh na dála, ní dóigh liom go raibh gasúr ar bith inár measc-na a chloígh leis an dornálaíocht, mar spórt, nó mar chaitheamh aimsire, fiú, ina dhiaidh sin.
Sea, geallaimse dhuit é, go raibh bealaí acu sa Choláiste sin, le smacht a chur i bhfeidhm ar ghasúir cosúil linne. Is cuimhin liom, go mbíodh sé de nós againn, freastal ar na boird, le linn na mbéilí, ar ár seal. Bhí buntáistí ag gabháil leis na ngnó sin, nó nuair a bhíodh a mbéile críochnaithe ag na daltaí eile, agus ag na sagairt freisin, d’imíodh siadsan chun an Aireagail, le cupla paidir a rá, agus d’fhanadh na giollaí boird sa mbialann, lena mbéile fhéin a chaitheamh, ar a sástacht. Anois, thugadh sin deis dóibh im, earra a bhí gann go maith ag an am, agus sólaistí eile freisin, a thógáil ó bhord na sagart, agus ba gheall le hór buí an t-im céanna sin i measc na ndaltaí, nó ní bhíodh le fáil acusan ach an margairín, earra nár thaitin leis na daltaí a raibh aon bheadaíocht in aon chor ag baint leo. Bhuel, tharla lá amháin, gur rugadh ar roinnt áirithe againn i mbun na hoibre sin, agus geallaimse dhuit é nár ligeadh saor gan pionós sinn. Ba é a dheineadar linn, nó gan aon bhricfeasta a thabhairt dúinn ar feadh seachtaine, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, chuireadar iachall orainn, an t-am sin a chaitheamh, ag gíotáil, os comhair na Bialainne amach, sa chaoi go raibh radharc iomlán ag chuile dhuine sa scoil orainn, agus tuiscint mhaith acu freisin, ar an fáth a bhí leis an bpionós sin a gearradh orainn. Is dócha gur múineadh ceacht eicínt dúinn an tráth sin freisin, ach níl mé cinnte amach is amuigh cén ceacht é. Déarfadh duine, b’fhéidir, gur múineadh dúinn nár chóir baint le cuid na gcomharsan, agus déarfadh daoine eile, b’fhéidir, gurbh é an ceacht a múineadh dúinn nó a bheith níos cúramaí, an chéad bhabhta eile! Bíodh do rogha agatsa, ach mo chuidse de, ní dóigh liom gur mhúin sé tada dhom ach fuath don chur chuige sin mar mhodh múinte, b’fhéidir, nó níor thaitin sé riamh liom, ó shoin anuas, duine ar bith a fheiceáil á náiriú go poiblí.
B’fhéidir gur mhaith le duine eicínt ceist a chur orm faoi chúrsaí gnéis, agus a leithéid, áit a raibh thart ar thrí scór ógánach teanntaithe istigh le chéile, agus gan comhluadar ban ar an “menu”, mar adéarfá, olc maith nó dona, agus sin ag tarlú tráth a raibh a gcuid hormón ag tabhairt trí léim táilliúra as a gcorp agus as a gcabhail sa chroí istigh iontu?
Bhuel, ba ghnáth-ógánaigh iad i ngach uile shlí, agus bíodh go raibh siad teanntaithe istigh sa Choláiste ar feadh bhunús na bliana, bhídís ar saoire sa bhaile ar feadh thart ar cheithre mhí, i rith na bliana, agus i rith an ama sin, bhíodh fáil acu ar chomhluadar agus ar chomhairle ban. Chomh maith le sin, bhíodh roinnt cailíní óga ag obair sa Cholaiste, rud a thugadh deis dóibh a ngairm chun na sagartachta a thástáil, agus dár ndóigh, bhí na ceathanna fuara ansin i gcónaí, leis an teaspach a bhaint as duine ar bith a bheadh ina ghátar sin! Ba dhéagóirí iad na hábhair óga sagairt sin, a raibh múineadh an tsagairt a chur orthu, gnó nach raibh, agus nach bhfuil, éasca, am ar bith, ach nuair a chuireann tú le sin óige na ngasúr, tuigfidh tú go raibh fonn níos mó orthusan, an tráth úd, éisteacht le dea-chomhairle ó dhaoine fásta, agus seans níos fearr ann, go ndéanfaidís dá réir. Ní gá dhom a rá, sna cúrsaí seo, nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith a gheofaí ciontach i mbreathnú thar chlaí na haontumhachta amach! Sea, ach tharlaíodh a leitheid corruair.
Cuimhne eile a fhanann glas liom, go dtí an lá atá inniu ann, agus déarfainn go gcuirfeá fhéin suim ann freisin.
Cén chuimhne atá i gceist agam anois, an ea?
An modh taistil a bhí againne, daltaí, agus muid ag dul i mbun na Meánteistiméireachta.
Agus cén modh taistil é fhéin?
“Jaunt”, mar a thugadh muintir Árann air, blianta fada ó shoin, agus b’fhéidir go bhfuil an focal céanna sin in úsáid ar Inis Mór, Árann, go dtí an lá atá inniu ann. Sea, Carr Cliathánach, b’in an modh taistil a bhí againn, le sinn a iompar ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa go Caisleán an Bharraigh, turas de dheich míle, b’fhéidir, ó tharla nach raibh ionad scrúduithe dár gcuid fhéin againne, an tráth úd, agus bhí spás dúinn i St. Geralds College, i gCaisleán an Bharraigh. Is cuimhin liom fós, boladh an chapaill, agus torann an úim agus na gcrúb, agus muid ag bogadh linn, ar sodar, fan an bhóthair fhada sin. Thug an turas sin deis dúinn, ceisteanna a phlé agus a chur trí chéile, agus muid ag gluaiseacht ar ár sáimhín só chun an bhaile mhóir. Sea, b’in iad laethe geala na hóige, nuair a bhí ceol agus rithim aerach i ngach rud faoin speir, sea, agus taitneamh agus tairbhe le baint as gach aon cheo.
B’in iad na laethe, nuair a théadh muid ag siúlóid, chuile mhaidin, síos bóthar an Choláiste, go dtí dealbh Phádraig, ag bun an bhóthair sin, agus nuair a bhíodh an uain go breá, bhíodh radharc iontach, álainn, spreagúil, le fáil againn, ar Chruach fhíor-álainn Phádraig.
Ach anois, fágfaidh mé an tréimhse spreagúil, uaigneach, corraitheach sin, dem’ shaol taobh thiar díom, agus leanfaidh mé sruth na beatha, faoi mar a shil sé leis, ó laethe Choláiste an Chroí Ró-Naofa úd, ar aghaidh, agus déanfaidh mé iarracht, sa chéad ghála eile, cur síos ar Choláiste Sheosaimh Naofa, i Wilton, a bhí suite ar imeall Chathair Chorcaí an t-am sin, mar a raibh mé fhéin im’ mhac léinn sagartachta, ar feadh trí bliana corraitheacha eile.