le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
folúntas oiriúnach, a suitable vacancy; ar an dá luathas, as soon as possible; faiche ghlanbhearrtha, a well-trimmed lawn; dúshraith, foundation; dualgas na slaite, a caning. leadóg, a slap; cinnirí, prefects.
.
Anois nó Riamh !
.
Peadar Bairéad
Faoi mar a mhínigh mé cheana, d’éirigh muid tuirseach de Bhaile Átha Cliath, nó chomh fada is a bhain sé linne, níor chathair mar a tuairisc í, agus i ndáiríre, tuigeadh dúinn, go n-oirfeadh saol taobh amuigh den ardchathair dúnne. Ar aon nós, faoi thús na scoilbliana 1966/’67, thosaigh mé ag scrúdú na bhfógraí arís, féachaint an mbeadh aon fholúntas oiriúnach le fáil. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig mé ar fhógra dá leithéid i dtús Dheireadh Fómhair 1966. Fógraíodh go raibh folúntas do mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, i gCill Chainnigh, agus gur theastaigh uathu an folúntas sin a líonadh, ar an dá luathas.
Kilkenny interview
Bhuel, chuir mé CV chucu, agus glaodh orm teacht chun cainte leo ar Dhomhnach áirithe. Ní call dom a rá gur thugamarna, an chlann ar fad, aghaidh ar Chill Chainnigh ar an lá spriocáilte. Tús Dheireadh Fómhair 1966 a bhí ann, agus bhí an tír ag breathnú go hálainn, ach níor dhada é sin taobh leis an radharc a leagadh os ár gcomhair amach, nuair a d’iompaigh muid isteach go Coláiste Chiaráin trí Gheata Bhóthar Challainn. Blianta ina dhiaidh sin, scríobh mé píosa, ag cur síos ar an ócáid sin. B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é giota de, a shníomh isteach anseo……..
Visit remembered
“I bhFómhar na bliana 1966, a chéad leag mé fhéin súil ar Choláiste Chiaráin. Chuaigh mé isteach ar Gheata Chalainn, agus ba bheag nár bhain a bhfaca mé radharc na súl díom, mar ansin, os mo chomhair amach, bhí foirgneamh álainn, gotach, chloch-aoil, suite ar fhaiche ghlan-bhearrtha. Leagadh dúshraith an Fhoirgnimh sin ar an 24ú Deireadh Fómhair 1836, agus leanadh leis an obair tógala sin thrí bhlianta cráite céasta an Ghorta.
Bunaíodh Coláiste Chiaráin blianta fada roimhe sin áfach. Maolaíodh roinnt, ar na péindlithe, sa bhliain 1782, agus roimh dheireadh na bliana sin, bhí Coláiste Caitliceach bunaithe anseo in Osraí, faoi phátrúntacht an Easpaig Troy. Is amhlaidh a thóg sé Halla ar chíos, in áit Coláiste nua a thógáil. Coláiste Chiaráin a baisteadh ar an scoil nua sin. I dtús an chéid seo, chaith Tomás Mac Donncha agus Sheehy Skeffington tréimhse mar mhúinteoirí ar Fhoireann Choláiste Chiaráin. Fuair mé fhéin post ar Fhoireann an Choláiste sin sa bhliain 1966.”
Bhuel, b’in mar a scríobh mé faoi Choláiste Chiaráin roinnt blianta sula ndeachaigh mé ar scor.
History and Tradition
Chuaigh an Coláiste i gcionn go mór orm, nó bhí stair agus traidisiún le léamh ar chuile phóirse agus cúinne den bhfoirgneamh uasal ársa sin. Sea, agus chomh maith le sin, chuir nósanna agus traidisiúin na scoile sin duine i dteangmháil leis na glúnta a bhí imithe romhainn, go háirithe leis na mic léinn Osraíocha úd a suigh ina Hallaí, a chodail ina shuainliosanna, agus a d’imir ar a fhaichí imeartha.
Cén cineál nósanna agus tradisiúin atá i gceist agam, an ea?
Bhuel, bhí “baisteadh na ndaltaí” ar a ndul isteach a chéaduair chun na scoile sin, sea, agus baisteadh leasainm orthu ar an ócáid sin freisin, leasainm a lean iad, go minic, gur leagadh na hordóga orthu. Bhí nós an “Visitation”, nó an “Viz” mar a thugtaí air de ghnáth.
Céard a bhí i gceist sa “Visitation” céanna sin, an ea?
Bhuel, chuirtí daltaí na scoile sin faoi scrúdú ceithre huaire sa bhliain, um Shamhain, um Nollaig, um Cháisc, agus ansin ag deireadh na scoilbhliana. Nuair a bhíodh torthaí na scrúduithe sin réidh, thagadh an tUachtarán, agus duine de na Déain, ar chuairt, (b’in an “Visitation,”) chuig chuile Halla. Thagadh siad isteach an doras, agus chloisfeá biorán ag titim ar an urlár, nó ní bhíodh gíog nó míog as duine ar bith sa rang, mar tuigeadh dóibh, go bhfaigheadh roinnt mhaith díobh dualgas na slaite sara mbeadh an searmanas thart. Thosaíodh an tUachtarán ar na torthaí a léamh amach, agus bhí chuile dhalta i mbaol, nó ba chuma cé acu tháinig sé sa chéad áit, nó san áit deiridh, murar éirigh leis níos fearr sa scrúdú sin, ná mar a dhein sé sa scrúdú roimhe sin, bhronnfaí na leadóga air go fial, flaithiúil. Níorbh é an tUachtarán fhéin a dhéanadh na leadóga sin a thabhairt, ach an Déan, fear na slaite.
Spare the Rod…….
Sea, mh’anam, níor chreid údaráis Choláistí, nó Scoileanna, an tráth úd, gur choir an tslat a spáráil ar eagla go millfí a ndaltaí! I ndáiríre, d’fhéadfá a rá, nach raibh aon ghanntanas leathair, nó slaite, ag cur as do mhúinteoirí, faoin am áirithe sin. sheans, go mba lú seans fós ar a leithéid a thitim amach, thar na blianta roimhe sin
Ó tharla go raibh Cliarscoil ar an gCampus céanna leis an Meánscoil i gColáiste Chiaráin, bhíodh áit an-tábhachtach ag na hÁbhair Sagairt i saol na scoile sin. Dheineadh siad An Teagasc Críostaí, agus ábhair dá leithéid, a mhúineadh sa Mheánscoil, rud a thugadh an-chabhair do mhúinteoirí na Meánscoile, agus chomh maith le sin, bhíodh na “Ecclesiastics”, nó na “Cleezies” mar a thugadh na daltaí meánscoile orthu, ina gcinnirí orthu freisin.
Bhí Halla mór fada, faoina dhíon gloine, “an Glass Hall”, ag síneadh díreach os comhair na Hallaí Ranga amach, rud a thug fairsinge spáis do na daltaí le cluichí faoi dhíon, agus caithimh aimsire eile, a chleachtadh, nuair a bhíodh an aimsir go dona, taobh amuigh.
Give us a K !
Anois, Coláiste mór iomána, ab ea, agus is ea Coláiste Chiaráin, agus nuair a bhídís ag ullmhú do chluiche, an tráth úd, bhailíodh na daltaí cónaithe uilig istigh sa “Glass Hall” agus dheineadh siad a nglaonna a chleachtadh, istigh ansin. Ba bheag nach dtógaidís an díon gloine den Halla sin lena ….
Give us a K, give us an I, give us an E, give us an R, give us an A, give us an N, give us an S…..
K I E R A N S ! K I E R A N S ! K I E R A N S ! .
Sea, b’iontach go deo bheith ag éisteacht leo. Thógaidís do chroí lena bhfuinneamh, lena ndúthracht, lena n-óige. Ach ní gá dhom a rá, nach mbaileoidh Scoláirí Cónaithe ansin a thuilleadh, nó Coláiste lae, amach is amuigh, atá ann faoin am seo. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi nósanna aite ársa sin Choláiste Chiaráin, agus déanfaimid trácht ar ábhair cosúil le, Red Dickey, agus Brown Larry, amach anseo.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cá raghaimis anois?
Mar is eol do chách anois, tá an tOlltoghchán thart. Tá na Teachtaí tofa. Tá an Rialtas roghnaithe, agus muid uilig anois ag súil le tús nua i saol polaitíochta, agus i saol sóisialta, na tíre seo. Táthar ag súil, go gcuirfí críoch le caimiléireacht, le héagoir, le bochtaineacht, le hanró, agus le soc sa trach ag lucht cumhachta. Dár ndóigh, tá’s ag an lá, nach bhféadfaí chuile dhuine a shásamh sna cúrsaí seo, nó dá gcuirfeá an cnoc thall ar an gcnoc abhus, bheadh duine eicínt fágtha amuigh, agus ábhar clamhsáin aigesean, ach… an leas is mó, don uimhir is mó… sin an sprioc daonlathach is ceart a shocrú don Rialtas nua. Ní gá a rá, go bhfuil ualach asail de mhí-shásamh, agus d’fhearg, lonnaithe ar dhroim daoine, in aois seo an chúlú eacnamaíochta.
Ina gcodladh i mbun stiúrtha!
Leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, tuigtear dá lán, nach de thimpiste a tharla a leithéid, ach gurbh é cúis a bhí leis, nó gur thit ar Rialtas ina gcodladh agus iad i mbun stiúrtha, agus gurbh é toradh a bhí ar an miogarnach sin nó gur caitheadh i dtír ar charraigreacha garbha fiachacha muid, gur polladh báidín an Stáit, agus gur fágadh muidinne sáinnithe agus i gcruachás ceart, gan slí ar bith éasca éalaithe fágtha againn. Ach, bíodh sin fíor bréagach, caithfidh muid ár mbealach a dhéanamh amach as an sáinn seo, ar ais nó ar éigean.
Margadh nua uainn
Agus mar is eol do chách anois, sé an gad is giorra don scórnach atá le scaoileadh againn ná go gcaithfidh muid an margadh a deineadh leis an AE, agus leis an IMF. a athscrúdú, agus a athstruchtúrú, nó má leantar le cúrsaí faoi mar atá i láthair na huaire seo, níl dabht ar domhan, de réir na saineolaithe, ach go mbeidh orainn loiceadh i nglanadh ár bhfiacha.
Ach nach gceapfá, go mbeadh sé éasca go maith a leithéid a dhéanamh?
B’fhéidir go gceapfá, ach má sea fhéin, ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó deir an AE, go mbeidís fhéin sásta athstruchtúrú a dhéanamh ar an margadh a dhein Rialtas na hÉireann leo, i laethe deiridh an Rialtas deiridh, ar choinníoll go mbeadh Rialtas nua na hÉireann sásta Cáin Chorporáide na tíre seo a ardú go leibhéal an Aontais Eorpaigh. Anois, níl an Rialtas s’againne sásta géilleadh puinn ar leibhéal na Cánach céanna sin, agus dá bharr sin, níl an tAontas sásta ísliú úis, ar a n-iasacht, a thabhairt dúinne, agus sin mar a fágadh an scéal tar éis Chruinniú Mullaigh na dTaoiseach Eorpach, ar an Aoine, an t-aonú lá déag de Mhárta.
Ach, nach gceapfá go mbeadh ar Enda Kenny, ag feidhmiú thar cheann an Rialtais s’againne, go mbeadh air géilleadh, sa cheist sin, do na Ceannairí Eorpacha?
Bhail, b’fhéidir gur chóir a rá, gurbh iad an Fhrainc, an Ghearmáin, agus b’fhéidir, an Tír Fó Thoinn, is mó a chuir an leagan-amach sin chun tosaigh. Anois, b’fhéidir go bhfuil siadsan den tuairim sin, toisc go bhfuil toghcháin le reachtáil sna tíortha sin, gan mórán moille, agus go bhfuil a fhios go maith acu, nár chabhair in aon chor dóibhsean géilleadh do sheasamh na hÉireann, sa scéal seo.
Cairde móra!
Ach nár dhúirt duine eicínt liom, le déanaí, gur gheall tíortha an AE dúinn, sular ghlacamar le Conradh Lisboa, ar an dara iarraidh, nár gheall siad dúinn, go mbeadh cead ár gcinn againn, sa todhchaí, ár gCáin Chorporáide, agus cúrsaí cánach go ginearálta, a choinneáil díreach mar a bhí, dá mba é sin a theastaigh uainn. Ach, thugadar an gheallúint sin dúinn, nuair a theastaigh uathu, go nglacfadh pobal na tíre seo le Conradh Lisboa, ar an dara iaraidh. Ach, nuair a bhreathnaíonn muid anois ar éileamh na mboc mór san Aontas, nach bhfuil sé deacair go maith, bheith ag brath orthu sin, sa todhchaí. Sea, ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán! Tá faitíos orm, gurb é sin an chiall is cóir dúinn baint as “lámh chúnta” seo ar gcairde móra mór-roinneacha! “In am an ghátair a aithnítear na cairde” an chomhairle a shíneann ár sinsear anuas chugainn, thar taoide thréan na mblianta. Tugaimis cluas easóige dóibh.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E A C H T R A I G H D Ú I N N . 1 7 .
.
************************************
.
An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, buaileadh an clog dúinn ag a sé ar maidin! B’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a sheal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.
Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.
.
Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!
.
Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.
.
I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.
.
Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.
Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?
Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.
I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.
.
Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!
.
I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.
.
Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.
.
Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.
Go dtí an chéad uair eile…
Slán…..
.
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n . 1 9 .
*************************
.
Is beag nach bhfuil mé críochnaithe anois le mo chuimhní ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Ach caithfidh mé a admháil dhuit, a léitheoir, go bhfuil leisce áirithe orm fós, an tseanáit sin a fhágáil taobh thiar díom, nó ba ansin a chaith mé dhá bhliain órga de laethe geala m’óige, agus bíodh go raibh mé scartha ó mo chine, agus ó mo mhuintir, agus bíodh nach raibh aon arán saor le fáil agam san áit chéanna sin, mar sin fhéin, is geal lem chroí na cuimhní a ritheann chugam fós, aniar as an tréimhse sin de laethe m’óige.
Sa phíosa seo, is amhlaidh a phiocfaidh mé amach eachtraí, nó cuimhní, áirithe, a tharla le linn dom bheith im mhac léinn sa Choláiste breá sin. Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn ormsa, nó an scoil fhéin. B’fhathach de theach, amach is amuigh, é, agus é galánta, dea-dheartha, dea-dhéanta, ó bhun go barr. Ní raibh tada dá leithéid feicthe agamsa, ar mo shúile cinn, le mo bheo roimhe sin. Is amhlaidh a d’fhás an t-áras taibhseach sin suas as an mbán glanbhearrtha, a bhí leagtha amach os a chomhair amach, agus faiche a bhí bearrtha go bun na dúide, thart air. B’in mar a bhi sé an chéad lá ar leag mise súil air, i Meán Fómhair na bliana, 1940. Ach níor sheó go dtí é san Earrach, nuair a bhíodh an fhaiche sin ar fad ina brat órga ag lusa luascacha an chromchinn, agus iad leagtha amach ina mbuíonta, agus ina gcipí, faoi mar a bhí na saighdiúirí socruithe, ullmhaithe. do chath Waterloo. Is dócha go ndéarfadh duine gur bheag a bhí le déanamh ag daoine sna laethe úd fadó, faoi rá is go gcaithfidís a ndúthracht ag plandáil na lusa cromchinn ar an dóigh neamhghnách sin, ach beatha dhuine a thoil, mar adeireadh an seandream fadó, agus nach acu a bhí an ceart. Agus lena chois sin, nár bhoc mór, amach is amuigh, é an t-únaeir, an Cunta Llewellyn De Bláca fhéin, oidhre na mBlácach i Cloghballymore House, i gContae na Gaillimhe, a bhronn a thithe agus a thailte ar na Misin Choigríocha, mura bhfuil dul amú orm. Rinne mé cur síos cheana daoibh ar an leagan amach a bhí ar an gColáiste, ar an dtaobh istigh, ar na seomraí, an Bhialann, an Suanlios, an t-Aireagal, agus an Halla Mór Staidéir, agus níl fúm a thuilleadh a rá anseo fúthu sin, ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, tagairt a dhéanamh, go sciobtha, anseo, do na faichí imeartha a bhí againn, i ngar don scoil. Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, bhí péire páirceanna againn, mar pháirceanna imeartha, agus b’ansin a d’fhoghlaim mé fhéin, agus gasúir eile chomh maith liom, scileanna na gcluichí náisiúnta, mar cé go rabhthas dár dtraenáil do na misin choigríocha, bhí an náisiúnachas de dhlúth agus d’inneach i gcóras oideachais na tíre seo, ag an am sin. Agus, bíodh go raibh breac-eolas ag cuid againn ar na rialacha a bhain leis na cluichí sin, mar sin fhéin, bhí oiliúint agus traenáil sna scileanna cuí, ag teastáil go géar uainn. Níor imir mé fhéin mórán cluichí roimhe sin riamh, ach amháin na cluichí a d’imríomar cosnochtaithe, i gcoinne foirne Bhéal an Mhuirthead, nuair a bhain na “townies” na rúitíní agus na loirgne dínn, lena mbróga siopa, ach ba ghearr gur tháinig muid isteach ar na cluichí céanna sin, agus go raibh ar ár gcumas iad a imirt go seoigh.
Ba sa scoil sin an Chroí Ró-Naofa, a chuir mé aithne den chéad uair, freisin, ar na lámhainní dornála. Mar seo a tharla. Bhí sagart óg inár mbun, ag an am, agus is dócha go raibh suim faoi leith aige fhéin sa dornálaíocht. Bhuel, ní shásódh tada an fear céanna, go raibh cró dornálaíochta leagtha amach aige dúinn, agus ansin, rinne sé chuile iarracht ar scileanna na ceirde sin a mhúineadh dúinn. Is dócha gur tuigeadh dó, go mbeadh gá ag sagairt leis an scil chéanna sin, sa todhchaí. Ar aon chuma, ba bheag mo spéis fhéin sa chluiche chéanna sin, ach corruair, ní raibh aon dul as agam. Caithfidh go raibh mé contráilte go maith, na laeathe úd, murab ionann is anois! go háirithe, nuair a bhínn ag imirt cluichí, nó a leithéid. Bhuel, nuair a d’éiríodh idir aon bheirt againn, agus nuair a thagadh an sagart óg sinn orainn, i mbun troda, – agus thagadh, – meas tú céard a dhéanadh sé, le deireadh a chur leis an argóint?
Tá an ceart agat. Shocraíodh sé am faoi leith, agus bhíodh ar an mbeirt trodairí bheith i láthair sa chró dornálaíochta, ag an am spriocáilte, agus iad ullamh ina lámhainní dornála, le troid a dhéanamh os comhair na scoile ar fad, agus an sagart óg úd ina réiteoir ar an mbabhta dornálaíochta sin. Fanann cuimhne na laethe úd liom go dtí an lá atá inniu ann, agus is féidir liom boladh leathar na lámhainní a fháil fós im pholláirí, agus é chomh bréan inniu is a bhí sé breis is trí scór bliain ó shoin anois. B’fhuath liom fhéin na troideanna céanna sin, nó ba rud amháin é, troid a thosú nuair a bheadh rabharta feirge ar dhuine, ach níorbh ionann sin in aon chor agus troid a dhéanamh le gasúr eile, agus gan fearg, nó tada dá leithéid ort leis, agus an scoil ar fad ag breathnú orainn, agus dár ngríosadh chun troda, ach mhaolaigh sé go mór ar aon fhonn troda a bhí beirthe sa chnámh ionnamsa, geallaimse dhuit é. Ba chosúil é sin, dár liomsa, agus an chaoi a gcuireadh muidinne gasúir na madraí ag troid fado. Ba rud fuarchúiseach, amach is amuigh é, ach ag an am gcéanna, is dócha gur chabhraigh sé linn srian eicínt a chur ar ár bhfearg, sa chaoi gur mhúin sé dúinn, conas smacht agus guaim a choinneáil orainn fhéin, earraí a bhí chun ár leasa, sna blianta a bhí romhainn amach. Mar sin, maithim don sagart óg sin a dhúil mhallaithe sa dornálaíocht, agus sa bhfuil, dár linne, le linn m’óige-se. Chuireadh an sagart óg sin lá spóirt sa tsiúl dúinn, anois is arís, nuair a thógadh sé dornálaithe ó Chlub dornálaíochta i gCaisleán an Bharraigh isteach go Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, le comórtas dornálaíochta a eagrú eatarthusan agus gasúir an Choláiste. B’in an áit a mbíodh an fhuil, geallaimse dhuit é, ach i ndeireadh na dála, ní dóigh liom go raibh gasúr ar bith inár measc-na a chloígh leis an dornálaíocht, mar spórt, nó mar chaitheamh aimsire, fiú, ina dhiaidh sin.
Sea, geallaimse dhuit é, go raibh bealaí acu sa Choláiste sin, le smacht a chur i bhfeidhm ar ghasúir cosúil linne. Is cuimhin liom, go mbíodh sé de nós againn, freastal ar na boird, le linn na mbéilí, ar ár seal. Bhí buntáistí ag gabháil leis na ngnó sin, nó nuair a bhíodh a mbéile críochnaithe ag na daltaí eile, agus ag na sagairt freisin, d’imíodh siadsan chun an Aireagail, le cupla paidir a rá, agus d’fhanadh na giollaí boird sa mbialann, lena mbéile fhéin a chaitheamh, ar a sástacht. Anois, thugadh sin deis dóibh im, earra a bhí gann go maith ag an am, agus sólaistí eile freisin, a thógáil ó bhord na sagart, agus ba gheall le hór buí an t-im céanna sin i measc na ndaltaí, nó ní bhíodh le fáil acusan ach an margairín, earra nár thaitin leis na daltaí a raibh aon bheadaíocht in aon chor ag baint leo. Bhuel, tharla lá amháin, gur rugadh ar roinnt áirithe againn i mbun na hoibre sin, agus geallaimse dhuit é nár ligeadh saor gan pionós sinn. Ba é a dheineadar linn, nó gan aon bhricfeasta a thabhairt dúinn ar feadh seachtaine, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, chuireadar iachall orainn, an t-am sin a chaitheamh, ag gíotáil, os comhair na Bialainne amach, sa chaoi go raibh radharc iomlán ag chuile dhuine sa scoil orainn, agus tuiscint mhaith acu freisin, ar an fáth a bhí leis an bpionós sin a gearradh orainn. Is dócha gur múineadh ceacht eicínt dúinn an tráth sin freisin, ach níl mé cinnte amach is amuigh cén ceacht é. Déarfadh duine, b’fhéidir, gur múineadh dúinn nár chóir baint le cuid na gcomharsan, agus déarfadh daoine eile, b’fhéidir, gurbh é an ceacht a múineadh dúinn nó a bheith níos cúramaí, an chéad bhabhta eile! Bíodh do rogha agatsa, mo chuidse de, ní dóigh liom gur mhúin sé tada dhom ach fuath don chur chuige sin mar mhodh múinte, b’fhéidir, nó níor thaitin sé riamh liom, ó shoin anuas, duine ar bith a fheiceáil á náiriú go poiblí.
B’fhéidir gur mhaith le duine eicínt ceist a chur orm faoi chúrsaí gnéis, agus a leithéid, áit a raibh thart ar thrí scór ógánach teanntaithe istigh le chéile, agus gan comhluadar ban ar an “menu”, mar adéarfá, olc maith nó dona, agus sin ag tarlú tráth a raibh a gcuid hormón ag tabhairt trí léim táilliúra as a gcorp agus as a gcabhail sa chroí istigh iontu?
Bhuel, ba ghnáth-ógánaigh iad i ngach uile shlí, agus bíodh go raibh siad teanntaithe istigh sa Choláiste ar feadh bhunús na bliana, bhídís ar saoire sa bhaile ar feadh thart ar cheithre mhí, i rith na bliana, agus i rith an ama sin, bhíodh fáil acu ar chomhluadar agus ar chomhairle ban. Chomh maith le sin, bhíodh roinnt cailíní óga ag obair sa Cholaiste, rud a thugadh deis dóibh a ngairm chun na sagartachta a thástáil, agus dár ndóigh, bhí na ceathanna fuara ansin i gcónaí, leis an teaspach a bhaint as duine ar bith a bheadh ina ghátar sin! Ba dhéagóirí iad na hábhair óga sagairt sin, a raibh múineadh an tsagairt a chur orthu, gnó nach raibh, agus nach bhfuil, éasca, am ar bith, ach nuair a chuireann tú le sin óige na ngasúr, tuigfidh tú go raibh fonn níos mó orthusan, an tráth úd, éisteacht le dea-chomhairle ó dhaoine fásta, agus seans níos fearr ann, go ndéanfaidís dá réir. Ní gá dhom a rá, sna cúrsaí seo, nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith a gheofaí ciontach i mbreathnú thar chlaí na haontumhachta amach!
Cuimhne eile a fhanann glas liom, go dtí an lá atá inniu ann, agus déarfainn go gcuirfeá fhéin suim ann freisin.
Cén chuimhne atá i gceist agat anois?
An modh taistil a bhí againne, daltaí, agus muid ag dul i mbun na Meánteistiméireachta.
Agus cén modh taistil é fhéin?
“Jaunt”, mar a thugadh muintir Árann air, blianta fada ó shoin, agus b’fhéidir go bhfuil an focal céanna sin in úsáid ar Inis Mór, go dtí an lá atá inniu ann. Sea, Carr Cliathánach, b’in an modh taistil a bhí againn, le sinn a iompar ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa go Caisleán an Bharraigh, turas de dheich míle, b’fhéidir, ó tharla nach raibh ionad scrúduithe dár gcuid fhéin againne, agus bhí spás dúinn i St. Geralds, i gCaisleán an Bharraigh. Is cuimhin liom fós, boladh an chapaill, agus torann an úim agus na gcrúb, agus muid ag bogadh linn, ar sodar, fan an bhóthair fhada sin. Thug an turas sin deis dúinn, ceisteanna a phlé agus a chur trí chéile, agus muid ag gluaiseacht ar ár sáimhín só chun an bhaile mhóir. Sea, b’in iad laethe geala na hóige, nuair a bhí ceol agus rithim aerach i ngach rud faoin speir, sea, agus taitneamh agus tairbhe le baint as gach aon cheo.
B’in iad na laethe, nuair a théadh muid ag siúlóid, chuile mhaidin, síos bóthar an Choláiste, go dtí dealbh Phádraig, ag bun an bhóthair sin, agus nuair a bhíodh an uain go breá, bhíodh radharc iontach, álainn, spreagúil, le fáil againn, ar Chruach fhíor-álainn Phádraig.
Ach anois, fágfaidh mé an tréimhse spreagúil, uaigneach, corraitheach sin, dem’ shaol taobh thiar díom, agus leanfaidh mé sruth na beatha, faoi mar a shil sé leis, ó laethe Choláiste an Chroí Ró-Naofa úd, ar aghaidh, agus déanfaidh mé iarracht, sa chéad ghála eile, cur síos ar Choláiste Sheosaimh Naofa, i Wilton, a bhí suite ar imeall Chathair Chorcaí an t-am sin, mar a raibh mé im mhac léinn sagartachta, ar feadh trí bliana corraitheacha eile. Bí liom ansin, agus déanfaidh mé iarracht, ar rúin na laethe úd a scaoileadh leat!
**********************
Peadar Bairéad.
*******************
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
dámh, faculty; ag súdaireacht, cadging; ar an ngannchuid, having little; scoil dianstaidéir, a grind-school; crá croí, torture; leannán, girlfriend; folúntas sealadach, temporary vacancy; mo chip is mo mheánaithe, all my belongings.
I mBéal an Phobail
Ea c h t r a i g h D ú i n n 3 2
Peadar Bairéad
Money talks
Bhí mé ag cur síos daoibh, an tseachtain seo caite, ar an mbliain bhreá thaitneamhach úd, a chaith mé fhéin is mo sheanchara Albanach, Jimmy, in ár mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, ó Dheireadh Fómhair na bliana 1950, go dtí Meitheamh na bliana dár gcionn, agus bíodh nár den dámh céanna sinn, ba dhlúthchairde sinn, dá ainneoin sin. Ceann de na rudaí ba mó a chuireadh isteach ar mhic léinn Ollscoile, an tráth úd, nó ganntanas airgid. Bhíodh mic léinn áirithe ag súdaireacht leo ó thús go deireadh na bliana. Cúrsaí óil, nó cúrsaí cearrbhachais, ba chúis le sin, bunús an ama, ach i gcás roinnt áirithe eile daltlaí, ba é ba chúis leis na tsúdaireacht chéanna sin nó go raibh orthu teacht i dtír ar an mbeagán. Nílim ag maíomh anseo go mbíodh sparán teann agam fhéin, i gcónaí, i rith na bliana céanna sin, ach i gcomparáid le hógánaigh eile, bhí dóthain mhór agamsa, chuile lá den bhliain sin.
I Earned It !
Cá bhfuair mé an t-airgead sin uilig, nó ní raibh mórán fáltais, nó gustail, ag mo mhuintir, sa bhaile, i mbaile na Druime in Iorras?
Bhuel, ba é ba chúis leis an bhflúirse sin uilig nó go mbíodh deiseanna agamsa le hairgead a shaothrú, agus níor scaoil mé na deiseanna céanna sin tharam, geallaimse dhuit é! Ach rug mé orthu go daingean docht, agus b’in a d’fhág go mbíodh na pingneacha agamsa, nuair a bhíodh mic léinn eile ar an ngannchuid, agus iad ag iarraidh iasacht a fháil ó mo leithéidse!
Grealy’s College
Ach, conas a tharla go mbíodh na deiseanna sin agamsa, an ea?
Bhuel, bhí Scoil Dianstaidéir á reachtáil ag Mr Grealy sa chathair ag an am, scoil ina ndéantaí daltaí a ullmhú do Scrúduithe Teistiméireachta, trí dhianstaidéar a chur ar fáil dóibh, le cúrsaí áirithe a phulcadh isteach iontu, roimh na scrúduithe. Bhuel, tharla go raibh múinteoir Laidine ag teastáil ón nduine uasal céanna sin, agus chuir sé fógra sna páipéir, ag iarraidh ar mhúinteoirí cur isteach ar an bpost sin, ag maíomh go raibh oiread áirithe uaireannta an chloig sa tseachtain i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé do mhac léinn Ollscoile. Bhuel, chuir mé fhéin isteach ar an bpost sin, agus iarradh orm teacht isteach go Coláiste Uí Ghriallaigh, le go gcuirfí faoi agallamh mé. Rinne mé sin, agus ó tharla go raibh bliain san Ollscoil caite agam i mbun na Laidine, dúirt Mr Grealy go raibh sé lán-tsásta an post a thabhairt dom. Chraitheamar lámh air, agus b’in sin. Bhí post agam. Bheadh teacht isteach rialta agam feasta, agus bhí mé fhéin lán-tsásta leis an dtaobh sin dem’ mhargadh.
Conas a d’éirigh liom leis na “Grinds” sin, an ea?
D’éirigh go maith liom, tríd is tríd, agus ní hamháin go mbíodh ranganna den chineál sin á dtabhairt agam sa Laidin, ach bhí Mr Grealy sásta obair eile a thabhairt dom, ó am go chéile, sa tslí go mbíodh mo dhóthain oibre le fáil agam i gColáiste úd Uí Ghriallaigh, i nGaillimh, i rith na bliana áirithe sin 1950 – ’51. D’éirigh go maith liom i gcás daltaí áirithe, ach bhí dalta amháin agam, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, ach oiread, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine ar bith capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!
Temporary Full Time Teacher
Tharla an bhliain áirithe sin freisin, gur tharla folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamhna, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn eicínt im’ rang.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhuel, bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Ar veain an Phosta a fuair mé síob, le moiche na maidine, ó Chathair na dTreabh go dtí baile mór an Chlocháin. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Nach orm a bhí an t-ádh gur chaith mé seal ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, in Iorras, roimhe sin, nó i rith an ama sin, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi cheird na múinteoireachta. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach, an mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.
Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil sin, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin, rud a d’fhág nach raibh mórán am saor ag éinne againn, ach muid ag treabhadh linn, ar ár míle dhícheall ó thús deireadh chuile lá. Ní call a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin i Meánscoil, agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine. Ní raibh aon chleachtadh agam, ach oiread, ar scrúduithe a ullmhú, a chóipeáil, nó a cheartú, ach mar adeireadh an tseandream, cleachtadh a thugann máistreacht, agus ag deireadh mo thréimhse sa Chlochán, bhí an-chleachtadh faighte agam ar bhuntáistí, agus ar mhí-bhuntáistí na múinteoireachta.
Back again
An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!
Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.
.