SEO  SLÁINTE  NA  mBÓ – 2

SEO SLÁINTE NA mBÓ – 2

SEO SLÁINTE NA BÓ 2

Peadar Bairéad.

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the the last century)

.

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Seo anois ‘Cuid a Dó’ den phíosa sin. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

Pobal Meánaoiseach a bhíomar ann…

Pobal meánaoiseach a bhíomar ann, in Iorras na nIontas, na laethe sin, agus muid ag iarraidh bogadh linn go ciúin, dínitiúil, isteach i bhfichiú haois sin an fhuatha, an terannais, agus an áir. Nuair a saolaíodh mise, ní raibh ann ach go raibh na ba athraithe amach as na tithe cónaithe, agus d’fheicfeá fós na crúite sáite sna fallaí, áit a mbíodh téada ceangailte na mbó, ach faoin am a raibh mise ag fás suas, bhí na ba ag cur fúthu i mbó-toighthe ar chúl na dtithe. Bhí mo mhuintir ag éirí dá nglúna, taréis blianta fada an bhochtanais, agus na héagóra. Ní bhíodh an oiread sin ba ag éinne. Péire anseo, trí cinn ansiúd, agus ceithre cinn ag corr dhuine. Ainm ar gach aon bhó acu, agus eolas iomlán ag chuile dhuine sa teach ar chúrsaí bóúla chuile bhó acu. Bhíodh chuile dhuine sa teach ar chipíní, agus muid ag súil leis an ócáid mhór nuair a bheadh gamahain le saolú.

Lá nó oíche, ba chuma linne é, nó bhíodh muid uilig i láthair don ócáid. Minic a chonaic mé mo Mham agus ceirt fhliuch aici á cuimilt ar chláréadan cneasta na bó. im phianmhar, áthasach, na breithe. An bolg uisce. Na cosa tosaigh. An rópa. An tarraingt.

Fear ciallmhar

Nár chiallmhar an gadaí é Daid s’againne, mar d’iarrfadh sé orainne gasúir, teacht i gcabhair air. Sea, agus mholfadh sé sinn go hard, nuair a leandálfadh muid gamhain brea fireann ar urlár an stábla.

Bhíodh fáilte i gcónaí roimh ghamhain fireann.

Glanadh, diúgadh méire, cosa laga lúbacha.

Crú. Bainne ramhar buí á bhlí ag Mam i ngalún tincéara.

Isteach linn ansin go tóstalach go n-ullmhódh Mam an gruth buí. Ó! dár Príosta na nGsta! ach ba bhia ríoga é, dár linne. Bhíodh tóir an diabhail againn air. Bhí linn ansin, mar bheadh bainne go flúirseach sa teach feasta, agus bheadh im níos flúirsí freisin. Bheadh muid ag maistriú sár i bhfad. Nuair a bheadh deireadh le tréimhse an ghrutha bhuí, chuirtí an bainne sa bháisín ar maidin, agus d’fhágtaí ansin é go tráthnóna, nuair a thógtaí amach é, lena bhearradh le sásar. Dhéantaí an cleas céanna arís, chuile thráthnóna. Chuirtí an t-uachtar isteach in árthach speisialta. Dhéantaí an cleas céanna maidin is tráthnóna, go dtí go mbíodh buicéad sin an uachtair lán go béal, ansin thógfadh Mam an chuinneog chuici, tráth eigin idir am dinnéir agus am tae. Ghlanfadh sí agus scólfadh sí an chuinneog i dtosach. Déanamh barraille a bhí ar an árthach sin, ach go raibh com caol seang uirthi, ar nós mhná na haoise sin. Ansin scaoiltí an t-uachtar ramhar, buí, isteach inti. Chuirtí an loinnithe isteach, agus síos ar chos an loinnithe dheintí clár na cuinneoige a dhaingniú.

Pisreog bheag neamh-urhóideach

Bhí gnó beag amháin eile ansin, agus bheadh muid réidh don mhaistriú. Gheobhadh Mam aibhleog ón tine, agus chuirfeadh isteach faoin gcuinneog í…pisreog bheag neamh-urchóideach, leis an im a chosaint orthu siúd a thógfadh uainn é, le súil mhillteach, nó le bearradh toibreaca Bhealtaine, nó fiú orthu siúd a d’fhágfadh an teach ag caitheamh tobaca, le linn an mhaistrithe!

Pisreoigín macánta, bídeach, amháin eile…glaicín salainn a chraitheadh ar chlár na cuinneoige. Bhí slánú sa salann, chuile lá riamh.

.

SEO  SLÁINTE  NA  mBÓ – 2

Solas sa Dorchadas

Solas sa Dorchadas.

Le linn na ngearróga dubha a thagann

I gcroílár ceart an Gheimhridh istigh,

Téann na sluaite Gael ar oilithreacht

Go Brugh geal draíochta na Bóinne thoir.

.

Ní le déithe a mhóradh a thagaid,

Nó le briocht a shníomh faoi rún,

Faoi mar a dhein a sinsir rompu

In Áras ársa Aonghus an Bhrugha.

.

Tagaid ‘na sluaite le breacadh lae ghil,

Roimh éirí gréine i Ríocht na Mí,

Is téid isteach go croí an Bhrugha,

Mar nár scal ga gréine cheana le bliain.

.

Is fanann leo go socair foighdeach,

Go bhfeiceann ga solais chucu aniar,

Ga nach stopann riamh nó choíche,

Go mbuann ar dhoirche na pluaise thiar.

.

Músclaíonn ga ghrianstad an Gheimhridh

Umar an ionaidh ina gcroí istigh,

Gur éirigh lena sinsear Gael.

An Brugh ildánach a thógáil cruinn.

Lena scil is lena ngliceas

Cheansaigh siad an ga gréine groí,

Is sheol faoi úim isteach san uaimh é

Le cumhacht na doirche go brách a chloí.

.

Le bua dá leithéid a fháil ar olc,

Níor mhór dóibh saothrú buan ar léann,

Is ga a dtaighde a scaladh siar

Trí phóirsí dorcha a n-aineolais fhéin.

.

Labhrann siad linne, trí Bhrugh an tsolais,

Is molann dúinn ár n-aineolas a chloí

Trí sholas a scaladh san áit ’tá dorcha,

Is seisreach ár mbeatha a scaoileadh saor.

.

***********************************

.

.

.

.

SEO  SLÁINTE  NA  mBÓ – 2

Straitéis fiche bliain.

Straitéis fiche bliain don Gaeilge

.

Peadar Bairéad

Cúrsaí Aithbheochana

Dea-scéal ó Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fadó. B’in iad na focail a rith liom, tráth chuala mé faoi Straitéis nua seo an Rialtais s’againne. Is fearr go deireanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, nó bíodh go bhfuil na Rialtais s’againne ag útamáil le cúrsaí na haithbheochana le tarraingt ar cheithre scór bliain anois, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le cúlú na teanga i rith an achair chéanna sin. Is fíor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a báis, agus go raibh gá le holliarracht an náisiúin leis an mbaol sin a mhaolú. Nach iomaí iarracht a deineadh, nach iomaí coimisiún a cuireadh i mbun taighde, agus nach iomaí páipéar bán agus páipéar glas a foilsíodh, d’fhonn an gnó sin a chur i gcrích, ach bheadh sé deacair ag duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith dár deineadh, talamh slán a dhéanamh de shlánú na teanga s’againne.

Nach mithid?

Tuigeadh dúinn áfach, go raibh an Rialtas meáite, le tamall anuas, ar iarracht amháin eile a dhéanamh leis an dteanga a shlánú, agus uimhir na gcainteoirí Gaeilge a mhéaduú ó thart ar 83,000, faoi mar atá i láthair na huaire seo, go 250,000, ag deireadh thréimhse fiche bliain. Is fearr déanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, agus más maith fhéin, nach míle mithid? Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin, an bláthú as cuimse a tháinig, ar litríocht na Gaeilge, agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas,

B’fhéidir go bhfuil corrdhuine inár measc adéarfadh gur trua nár shocraigh siad ar an Straitéis chéanna sin blianta ó shoin, nuair a bheadh deis eicínt acu an straitéis sin a chur i gcrích go hoifigiúil, in ionad é a dhéanamh anois, nuair nach bhfuil fágtha acu sa diallait ach thart ar mhí amháin? Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nuair atá príomhailtirí an Rialtais nua meáite, ar ábhar deonach a dhéanamh den Ghaeilge don Chúrsa Onórach san Ard Teistiméireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an scéal a chuala mé, ar na mallaibh, go raibh socruithe déanta ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid a chuirfí ar fáil d’obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh tú an fáth a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Straitéise nua seo.

A Thóin leis!

D’fhágfadh cinnidh dá leithéid an Plean Fiche Bliain sin agus a thóin leis. Ach sin uilig ráite, admhaithe, caithfear a rá, gur fearr ann ná as é, agus má thugtar aird air, bhuel, déarfainn go mbeidh toradh céatach air.

Níl le déanamh agat ach stracfhéachaint a thabhairt ar an doiciméad fhéin le sin a thabhairt faoi deara. Tosaíonn sá le cur síos ar an bhfís atá taobh thiar den bplean seo. “An Fhís” a bhaistear ar an gcaibidil seo, agus déantar cur síos ann, ar an straitéis fhéin agus an gá atá lei. Dearbhaíonn sé i dtús báire, go maireann ár dteanga beo mar theanga phobail, agus mar theanga theaghlaigh, agus chomh maith le sin, go bhfuil eolas na teanga chéanna sin ag céatadán ard dár ndaonra, cé go bhfuil a lán talamh caillte aice leis na céadta bliain. Is é polasaí an Rialtais, mar sin, nó a chinntiú go mbeadh an oiread agus is féidir dár ndaoine dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ach, chomh maith le sin, tuigtear an gá atá le slánú, le forbairt, agus le leathnú, na Gaeltachta, nó ní bheadh an dátheangachas inshroichte, nó inmharthana, go fadtéarmach, mura mbeadh Gaeltacht bheo ar an bhfód, mar nach droichead é an dátheangachas idir dhá theanga éagsúla?

Teanga labhartha

Chomh maith le sin, is é polasaí an Rialtais nó cur le méid na dteaghlach a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil, agus mar thaca do na polasaithe sin, féachfar chuige, chomh fada agus is féidir, go mbeidh deis ag chuile shaoránach úsáid a bhaint as a rogha den dá theanga, ina theangmháil leis an bpobal, agus le seirbhísí an Stáit freisin. Tá caint freisin ar an dteanga a dhéanamh níos infheicthe sa tsochaí, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach, mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí, agus i litríocht. Dearbhaítear freisin, go gcoinneofar súil ghéar ar dhán na teanga i dTuaisceart Éireann, nó is toradh nádúrtha é sin ar na socruithe idirnáisiúnta a ceangladh idir an dá chuid dár dtír, ar na mallaibh.

“An dá arm aigne”

Tá líofacht sa Bhéarla tábhachtach freisin i saol an náisiúin seo, agus chuige sin, agus dá bharr sin, leanfar ar bhéim a leagan ar an dátheangachas, ach amháin a thuiscint, nach i gcónaí a d’oirfeadh polasaí dá leithéid do na ceantracha Gaeltachta. Ach sin uilig ráite, admhaítear go mbraitheann todhchaí na teanga ar dhaoine a roghnóidh, go cinnte, ar leas a bhaint as na deiseanna a chuirfidh an Rialtas ar fáil dóibh, tríd an Straitéis seo.

Ní gá a dhearbhú anseo, go mbunaítear an straitéis uilig seo ar an méid a dlitear i mBunreaht Éireann, in Airteagal 8…”Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an príomhtheanga oifigiúil í”. Níor chóir dearmad a dhéanamh de sin, nó is cinnte go seasann stádas dlithiíil na teanga náisiúnta, go huile is go hiomlán, ar a bhfuil reachtaithe ansin i mBunreacht Éireann.

Spriocanna cinnte

Tá mé cinnte, go mbeidh an-toradh ar an Straitéis Fiche Bliain seo, ach ag an am gcéanna, bheadh duine ag súil go leagfaí síos an dátheangachas mar sprioc do Dháil Éireann freisin, sa chaoi is go mbeifí ag súil go sroichfeadh Tithe an Oireachtais spriocanna cinnte, chomh maith le duine. Rud eile a mbeifí ag súil leis, nó go leagfaí síos spriocanna áirithe do thréimhsí áirithe i rith an scór bliain sin. Ní leor go ndéarfadh an Rialtas go ngríosfaí an pobal le seo, siúd, agus eile, a dhéanamh, agus gan am faoi leith a lua, le seo, siúd, nó eile, a thabhairt chun críche. Féach mar a leagann an IMF spriocanna áirithe síos i gcás aisíoc na n-iasachtaí a thug siad don Rialtas s’againne, ní hé sin amháin é, ach tá socraithe acu teacht chugainn chuile mhí, le féachaint chuige, go mbeadh na spriocanna sin sroichte againn. Sin an cineál ruda atá i gceist agam sa chomhthéacs seo freisin. Ach sin uilig ráite, caithfear an t-ath a mholadh mar a fhaightear. Leor nod don eolach!

.

.

.

.

SEO  SLÁINTE  NA  mBÓ – 2

THE LAST DAYS OF SUMMER

LAETHE DEIRIDH AN tSAMHRAIDH

.

Peadar Bairéad

.

THE LAST DAYS OF SUMMER.Céadchló….2016

by

VANESSA RONAN……………………………….£12.99

.

An crú ar an Tairne

De thimpiste a tháinig mé ar an leabhar seo, a chéaduair, cara liom a thug ar iasacht dom é, agus caithfidh mé a admháil dhuit, go mba scéal ar dóigh a fuair mé idir chlúdaigh ildaite an leabhair spreagúil seo. Vanessa Ronan a scríobh, agus nuair a chuireann tú san áireamh gurb é seo a céad úrscéal, bheadh ort a dhearbhú go bhfuil an-mholadh tuillte aici. I Houston Texas, sna Stáit Aontaithe, a rugadh Vanessa, ach d’fhéadfá a rá go bhfuil cuid mhaith den domhan cláir siúlta aici cheana féin, agus í ag cur fúithi anois, lena céile fir, i gCathair Átha Cliath. chaith sealanna ag cleachtadh slite beatha éagsúla, seal ina rinnceoir, seal mar chailín a’ leanna, seal ina mac léinn litiríochta, agus anois ina scríbhneoir, ceird a d’fhoghlaim sí óna tuismitheoirí, beirt a raibh seanchleachtadh acu ar scil agus ar ealaíon na ceirde céanna sin. Ach le filleadh ar an scéal fhéin….

Suíomh, agus Carachtair, an Scéil fhéin

Suíonn an t-údar a scéal i mbaile beag scoite, i Stát mór Texsas, agus gan ach fásach féir timpeall air. Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Jasper príomhcharactar an scéil seo, cé go bhfuil páirt nach beag a dheirfiúr, Lizzie, sa scéal freisin, maraon lena hiníonacha siúd, Katie, atá sna déaga, agus Joanne, nach bhfuil ach aon bhliain déag d’aois, faoi am an scéil. Rinne Jasper gníomh gránna, domhaite, blianta roimhe sin, agus gearradh deich mbliana príosúntachta air dá bharr, agus faoin am seo, tá sé tar éis na blianta sin a chaitheamh i bPríosún Huntsville. Tá a dheirfiúr, Lizzie, sásta é a ghlacadh isteach ina teach féin, áit a bhfuil cónaí anois uirthi lena beirt iníon, nó thréig a céile fir í nuair a rinne Jasper an choir náireach úd. Lizzie ag súil go nglacfaidh an pobal áitiúil le Jasper, ach tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an séipéal áitiúil, agus tar éis dóibh dul ‘un cainte leis an Urramach áitiúil, níor fágadh in amhras ar bith iad faoi dhearcadh an phobail áitiúil sin, sé sin, go raibh siad glan in aghaidh glacadh le Jaspar mar bhall den bpobal sin, feasta.

Ní mhaithfear a choir do Jasper

Níorbh é sin amháin é, ach tugadh le fios dóibh, ar bhealach neamhbhalbh, nach raibh seans ar bith ann go n-athródh siad a bport, am ar bith sa todhchaí. Tugtar le tuiscint do mhuintir Jasper freisin, nach raibh, agus nach mbeadh, deartháir, muintir, Rose, an chailín a ghortaigh sé, deich mbliana roimhe sin, nach mbeadh siad toilteanach a pheaca a mhaitheamh dó. Tugann Lizzie bheith istigh dó, nó nach é a deartháir fhéin é, agus glacann Joanne leis freisin, agus éiríonn an péire sin mór le chéile. Luíonn scamall tiubh, dorcha, os cionn an bhaile iargúlta, scoite, sin, i Stát mór Texas, agus tá muintir na háite sin, agus an léitheoir freisin, ag fanacht go foighdeach go bhfeicfidís cén chríoch a bheidh ar an scéal cráite, teannasach, seo. Sea! agus caithfidh mé a admháil, nach roghnaíonn an t-údar seo críoch grámhar, comharsanúil, somhaiteach, a chur lena scéal, a mhalairt ar fad a tharlaíonn, agus bíodh go mbeifeá ag súil lena leithéid, ag an am gcéanna, bheadh ort a admháil go réitíonn an chríoch sin le suíomh, le stair, agus le tógáil an scéil, agus le carachtar na bpearsan sa scéal freisin. Tríd is tríd, caithfidh mé a admháil, tar éis chuile shórt a chur san áireamh, go bhfuil tógáil, agus cur chuige an scéil, thar mholadh beirte, agus nuair a chuireann tú le sin, an stíl spreagúil, taitneamhach, spéisiúil, agus an draíocht dosheachanta a imríonn an t-údar orainn, agus nuair a thugann faoi deara gurb é seo céad úrscéal an údair seo, bíonn ar dhuine a admháil, gur úrscéal ar dóigh atá os ár gcomhair amach anseo, agus gur maith is fiú don léitheoir é a léamh.

B’fhéidir go mbeadh fonn ortsa an leabhar seo a léamh, amach anseo?

SEO  SLÁINTE  NA  mBÓ – 2

The Moment by Douglas Kennedy – Copy (2)

The Moment

le

Douglas Kennedy

.

Peadar Bairéad

Seo an deichiú húrscéal ó pheann líofa an údair cháiliúil Mheiriceánaigh seo de bhunadh Mhanhattan, agus údar a chaitheann a laethe, ag babhtail idir Londain, Páras, Berlín, agus Maine na Stát Aontaithe. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach cheana féin aige, mar úrscéalaí, agus mar údar leabhair taistil. Tá a shaothar aistrithe go breis is scór teangacha iasachta, agus áirítear “The Pursuit of Happiness”, agus “Leaving the World” ar leabhair mhór-ráchairte an lae inniu.

Ach i dtaobh an leabhair shuimiúil, inchreidte, corraitheach, seo, is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Thomas Nesbitt a phríomhcharactar, cé go bhfuil áit faoi leith ag Petra Dussmann sa scéal freisin. Seo mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal iontach seo :-

“I was served with divorce papers this morning. I’ve had better starts to the day. And though I knew they were coming, the actual moment when they landed in my hand still threw me. Because their arrival announced: This is the beginning of the end.”

D’fhéadfainn smaoineamh ar thús níos measa! B’in deireadh lena phósadh le Jan, ach le fírinne, ní raibh a chroí riamh sa phósadh céanna sin, nó ina bhean Jan, ach oiread. Iníon amháin, Candace, a bhí orthu, agus ba ise grá geal a chroí. Ansin, tar éis dó seal a chaitheamh ina chónaí leis fhéin, i Maine sna Stáit Aontaithe, fuair sé litir, lá amháin a chuir cor eile ina chinniúint. Ó chathair Bherlín a tháinig an litir sin, agus ba é ainm an té a sheol chuige é nó, Dussmann, Petra Dussmann. Ba bheag nár bhain an litir sin radharc na súl de, nó, ba í an Dussmann chéanna a mheall agus a mhill é, i laethe a óige. Mar sin, bhain an litir sin an clár de umar na gcuimhní dó, agus scaoil amach, ar fud na bhfud, chuimhní iomadúla faoi laethe a óige, cuimhní a bhí curtha faoin bhfód aige le fada.

Litir ó Bherlín

Thóg an litir sin, a tháinig chuige ó Bherlín, siar siar thar dhroichead na mblianta é, siar go dtí an t-am nuair nach raibh laethe a óige caite ar fad aige fós, agus é tagtha go cathair Bherlín sa bhliain 1984, le bail eicínt a chur ar leabhar a bhí ar na bocáin aige, leabhar faoi Bherlín, chathair an Bhalla, cathair a bhí roinnte ina dhá chuid ag Balla an fhuatha, Balla a choinnigh an t-Iarthar agus an t-Oirthear scartha óna chéile. Bhí socraithe aige bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, agus dár ndóigh bhí leabhar amháin i gcló aige cheana, leabhar faoin Éigipt.

“Over the next half-hour I sketched out how I wanted to spend a year living in the city, and write a book that would be very much a fiction that happened….twelve months in that Westerrn island floating within the Eastern bloc.”

B’in an tionscnamh a bhí leagtha amach aige dó fhéin. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, chuir a dhán a ladar isteach ina scéal agus thit sé i ngrá le Petra Dussmann, bean a ruaigeadh as an nGearmáin Thoir, sea, agus bí ag caint ar ghrá! Bhí an bheirt acu sáite go dtí na cluasa in abhainn an ghrá, ach nach annamh a bhíonn an grá céanna saor ó bhuairt, is ó chrá croí, agus ba é an dalá chéanna sin ag an bpéire seo é. Nuair a tharla idir dháil agus pósadh iad, scaoileadh rún Phetra le Thomas, agus bhí an rún céanna sin chomh fealltach, do-chreidte, gur chuir Thomas an ruaig ar Phetra, agus b’in deireadh leis an gceangal ceana a bhí idir an mbeirt seo, a raibh socruithe pósta fiú, déanta acu cheana féin.

D’imigh na blianta, agus anois, tar éis breis is scór de bhlianta a bheith caite acu scartha go hiomlán óna chéile, agus Thomas ar ais sna Stáit, é pósta le Jan, agus iníon amháin orthu, agus iadsan colscartha óna chéile freisin, faoi mar a chonaic muid i dtus an ailt seo. tagann an litir seo tríd an bpost, chuig Thomas, ó mhac Phetra Dussman, litir ina raibh dialann Phetra, dialann a d’fhág sí mar uacht ag Thomas….Céard a bhí le léamh aige sa dialann sin, an ea? Bhuel, caithfidh tú é sin a fháil amach dhuit fhéin tríd an leabhar iontach lán-teannais, seo a léamh.

Leabhar neamhghnách, corraitheach, inchreidte. Tiocfaidh sé idir thú fhéin is codladh na hoíche!                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                   

.

en_USEnglish