le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 6
.
Chaith mé Samhradh na bliana in 1942, sa bhaile, i mbaile na Druime, in Iorras, Contae Mhaigh Eo, agus mé ag baint taitnimh as an saol sa bhaile. Ní bhíodh an oiread sin le déanamh agam na laethe úd, ach ghlacainn páirt ghníomhach i saol laethúil na feirme. Ní gá dhom a rá arís, nach raibh againn ach feirmín beag talaimh, ach dá laghad an feirmín, is ea ba mhó iad na graithí beaga a bhí le déanamh sa timpeall air, ag an aos óg. Bhíodh móin le sábháil, le cur amach, agus le tarlú abhaile, agus ní call dom a rá, gur ghlac mé fhéin páirt san obair sin uilig. Ní gá dhom a rá, ach oiread, nach mbíodh innealra ar bith in úsáid againn, leis an obair mhaslaitheach sin a dhéanamh. Ní bhíodh, mh’anam, sinn fhéin a dhéanadh an mhóin a shábháil, idir scaradh, iompó, agus ghróigeadh. Ní bhíodh de chabhair againn leis an mhóin a chur amach ar thaobh an bhóthair, ach Neidí fhéin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muidinne chomh cruógach leis na hasail bhochta fhéin, ar ócáidí dá leithéid.
Bhíodh buachailleacht le déanamh ar na ba freisin, agus geallaimse dhuit é, nach mbíodh an gnó sin ró-éasca, ach oiread, nó bhíodh chuile shórt bradaíl á dhéanamh ag na ba s’againne, an tráth sin bliana, nó bhíodh barraí agus féar ag fás leo go buacach, sea, agus na gais ar áilleacht, agus ar mhilseacht, an domhain freisin, rudaí a mheallfadh bó bhradach ar bith, le tamall a chaitheamh le haer an tsaoil. Cuir le sin, go mbíodh ba againn freisin ag iníor sna dumhcha, a bhí, an t-am sin, mar choimíneas ag dhá thionónta is triocha, as na bailte timpeall. An tráth sin bliana freisin, bhíodh fataí le spraeáil, fiailí le baint, féar le sábháil, arbhar le tógáil, agus súgáin le casadh. Sea, agus de ghnáth, bhíodh siad tosaithe ar bhaint na bhfataí, roimh dul ar ais ar scoil domsa, i Mí Mheán an Fhómhair. Ach taobh amuigh de na graithí sin uilig, ní call dom a rá go mbíodh neart ama agam, le dul ag snámh, ag cladóireacht, agus ag déanamh spraoi, lem sheanchairde. Sea, níor bhasctha de mar shaol! Agus cuir le sin, go mbíodh mé ar ais i measc mo mhuintire fhéin, thiar in Iorras na nIontas, tar éis dom téarma fada, crua, staidéir, a chaitheamh i gceann de na Coláistí sagartachta úd, ar a mbíodh mé ag freasatal, an tráth sin.
Is dócha gur cheart dom cuid de na míbhuntáistí a bhain leis an bhfreastal ar na Coláistí sagartachta úd a lua anseo. Ar an gcéad dul síos, bhris siad an snaidhm a bhí mar cheangal idir mise agus mo phhobal dílis fhéin i mbaile na Druime. Ba straisnéar feasta mé i measc mo mhuintire fhéin. Chreim léann úd an tsagairt an snas draíochta a bhain leis an gcultúr, agus leis an tsibhialtacht ársa, ar díobh mé. Ní raibh an meas céaanna agam feasta ar thithe beaga bochta ceann tuí mo dhaoine fhéin, nach bhféadfaí a chur i gcomparáid leis na foirgnimh shnasta, dea-dheartha, fairsinge, a bhí thart orainn, le linn dúinn bheith ag freastal ar na tithe móra úd, a d’fhág an Cunta Llewellan Blake le huacht ag an SMA. Ní raibh an meas céanna agamsa feasta ar na díonta ceann tuí, ar na fallaí aoldaite, nó ar na tinte oscailte mar chóras cócaireachta.
Bhí sin uilig dona go leor, ach bhí rud níos measa fós ag baint leis an gcineál sin oideachais. Cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh canúint iargúlta ár muintire sa bhaile, inghlactha mar mheán cumarsáide, don sagart léannta, agus sa tslí sin, tógadh claí ard eile idir mé fhéin agus mo mhuintir thiar. Caithfidh mé a rá, nár dhein mé dearmad riamh, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ar an éagóir neamhbheartaithe sin, a deineadh orainne, ábhair shagairt, i gcoláistí sagartachta na tíre seo, ag an am sin. Is dócha go bhféadfaí sin uilig a chur i gcrích, ar mhódh nach mbainfeadh den mheas, nó den uraaim, a bhí againn dár muintir fhéin, nó dár gcultúr fhéin, ach baineadh úsáid as an searús, agus as an magadh, mar airm, le sinn a scaradh ón bpobal ba dhúchas dúinn. Ní call dom a rá, gur éirigh liom, ar ball, cúl a chur ar an bhfolcadh intinne sin, agus gur mó, go mór fada, mo mheas ar mo dhúchas inniu ná riamh, ach ag an am gcéanna, fanann cuimhne na héagóra úd, go glas, i gcistin na gcuimhní, sa tslí go mbíonn orm na cuimhní céanna sin a dhíbirt go rialta as croí m’anama.
Ach le filleadh ar an scéal…Am áirithe, i Mí Lúnasa na bliana sin, 1942, tháinig litir chugainn ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa, ag cur in iúl dúinn gur éirigh thar barr liom i Scrúdú na Meánteistiméireachta, agus dá bharr sin, go rabhthas ag súil anois, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí, i dtús Mhí Mheán Fómhair. Ní gá a rá, go raibh áthas an domhain orm fhéin gur éirigh liom chomh maith sin sa Mheánteistiméireacht, agus bhí sceitimíní áthais orm freisin, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i gceann achair ghearr. Ní cuimhin liom anois an gliondar céanna a bheith ar na daoine thart orm, nó is dócha nach mbíodh cleachtadh ró-mhor ag daoine thiar, an tráth úd, ar dhaoine ag déanamh scrúduithe poiblí, murab ionann is an lá atá inniu ann. Ach bhí mo mhuintir fhéin bródúil go maith asam, agus moladh go mór mé as an éacht a bhí déanta agam, an chéad duine de Bhairéadaigh na Druime ar éirigh leis an Mheánteistiméireacht chéanna sin a dhéanamh, gan trácht in aon chor ar marcanna arda a fháil inti. Ach sin scéal eile d’oíche eicínt eile.
In éineacht le toradh an scrúdaithe sin, dár ndóigh, fuaireamar chuile eolas faoi’n scoil nua úd i gCorcaigh, agus ar chuile shórt a bheadh ag teasatáil uaim, le linn dom bheith ag freasatal ar an gColáiste céanna sin. Bhuel, ceannaíodh a raibh le ceannacht, agus ullmhaíodh a raibh le hullmhú, agus ar an lá spriocáilte, bhí mo mhálaí pacáilte ullamh agam. Ní call dom a rá, gurbh iad mo dheirfiúracha agus mo mháthair fhéin a rinne bunús na pacála céanna sin, nó cheana féin, bhí mo mhuintir thiar ina míle cuid thart orm, agus ómós an tsagairt á thabhairt dom acu, cé nach raibh ionnam fós ach sagairtín. Ar an mhaidin spriocáilte sin, bhuaileamar bóthar, mé fhéin is mo dheartháir Seán, grásta ó Dhia air, agus d’iompar seisean mo mhálaí taistil ar a rothar, agus ba ghearr an mhoill orainn Béal an Mhuirthead a bhaint amach, nó ní thagadh an bus thar dhroichead Bhéal an Mhuirthead, isteach sa Mhuirthead, an tráth úd. D’fhágamar slán ag a chéile agus isteach liom fhéin sa bhus, áit ar chuir Tom Cuffe, agus a stiurthoir, fáilte is fiche romham, agus thugadar aire dom’ mhálaí freisin dom. Ar ball, d’ardaigh siad a seolta, agus ba ghearr an mhoill orthu Béal an Átha a bhaint amach. Thart ar dhá uair a chloig a thógadh sé ar an mbus an dá scór míle sin a thaisteal, nó ní raibh na bóithre céanna thar mholadh beirte, an t-am sin.
Bhí go maith, is ní raibh go holc. Shroicheamar Béal an Átha, thart ar a haondhéag ar maidin, agus ar an droch uair, bhí traein na maidine sin glanta lei as an stáisiún, cheana féin, agus ní bheadh traein eile ag dul amach go dtí an mhaidin dár gcionn. Dona go leor, a tháilliúir! arsa mise liom fhéin, agus d’fhág sin nach raibh le déanamh agamsa ach an lá fada sin a chaitheamh, ag siúl timpeall ag tabhairt chuile sórt faoi deara, sea, agus béile a chaitheamh, nuair a bheadh gá lena leithéid. Chuir mé fúm, an oíche sin, in Óstán an Néifin, i Sráid Artúir, cóngarach don Scardán úd, a bhí suite, ag an am sin, mar a bhuaileann Bóthar Bhéal an Mhuirthead le Bóthar Bhéal Easa. Ní fhéadfainn a rá gur bhain mé taitneamh as an lá fada fuar sin, a chaith mé ansin i mBéal an Átha, ar bhruacha féarmhara méithe na Muaidhe, i dtús Mhí Mheán Fómhair, sa bhliain 1942, ach caithfear cur suas leis an rud nach bhfuil leigheas air, agus bhí mé ‘mo shuí go breá luath, an mhaidin dár gcionn, agus mé ar mo bhealach go dtí stáisiún na traenach, i mBéal an Átha. Ní call dom a rá, go raibh an cogadh faoi lán tseol, an tráth úd, agus ní call dom a rá, ach oiread, go raibh chuile shórt connaidh gann, sa tír seo, ag an am, agus dá bharr sin, bhí na traenacha mall, tuirsiúil, neamh-mhuiníneach. Ba mhall tuirsiúil an turas é ó Bhéal an Átha go Luimneach, nó ní raibh ar ár gcumas dul níos faide ná sin, an dara lá sin. Muid ag stopadh anseo is ansiúd, fan an bhealaigh, agus muid ag iarraidh chuile bhabhta, a fháil amach, tuige an mhoill ar fad. Bhíomar tuirseach go maith um thráthnóna, nuair a shroicheamar Luimneach na long. Ar thug tú faoi deara, go bhfuil mé ag baint úsáid’ as an uimhir iolra anseo, agus is é cúis atá le sin, nó go raibh cuid de na mic léinn óm’ rang i gColáiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, in éineacht liom, faoin am sin, nó bhíodar siúd ar a mbealach go Coláiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaigh, freisin, an lá céanna sin, agus tháinig siad ar bord na traenach, fan na slí. Mar a dúirt mé cheana, bhí an traein chéanna mall go leor, agus b’éigean di tréimhsí sách fada a chaitheamh ina seasamh ina staic i stáisiúin áirithe, le gual, nó móin, nó uisce, a thógail ar bord, de réir mar a theastaigh na hearraí sin uaithi, nó bhí connadh gann ag an am. Ní cuimhin liom anois, cár chuireamar fúinn i gcathair Luimní, an oíche úd, nó ba é a tharla, nó go raibh fios a mbealaigh ag cuid de na mic léinn, agus ní raibh le déanamh agamsa ach iad siúd a leanúint, agus fuaireadar lóistín, agus chuile shórt eile a bhí uainn, dúinn. An tríú lá, chuamar ar bord traenach eile a bhí le sinn a thógáil go cathair álainn Chorcaí.
Ar deireadh thiar, bhaineamar ár gceann scríbe amach, agus ní call dom a rá, go raibh tuirse bóthair is bealaigh orm fhéin, nó bhí trí lá fada caite agam ag déanamh an turais fhada, thuirsiúil, anacair sin, ach nár chuma faoi sin? Nach raibh ceann mo scríbe bainte amach agam? Agus nach raibh Coláiste breá Sheosaimh, i Wilton, bainte amach agam, an Coláiste sin, a bheadh mar bhaile agamsa, ar feadh trí bliana fada. Agus seo linn arís ag dul tríd an gcéapar céanna arís, faoi mar a tharla i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, dhá bhliain, díreach, roimhe sin. An babhta seo áfach, ní capall agus “jaunt” a bhí romhainn, le sinn a thabhairt ó stáisiún na traenach go dtí an Coláiste, ach carranna. Tugadh timpeall an Choláiste sinn, le chuile shórt a theaspáint dúinn. Tugadh a leaba fhéin sa suanlios do chuile dhuine againn, agus deasc sa halla staidéir, sea, agus fiú áit faoi leith sa tSéipéal, nó bhí séipéal breá dár gcuid fhéin againn i Wilton, nó ba chuid de pharáiste, an eaglais chéanna sin, agus thagadh pobal na dúiche sin isteach ansin, le hAifreann a éisteacht, Domhnach is Dálach, ach bhí Aireagal beag dár gcuid fhéin againne, mic leinn, i gcroslann sa séipéal sin.
Chuireamar ár n-earraí i dtaisce sna cófraí, agus sna cóifríní a tugadh dúinn, agus nuair a bhí chuile shórt a bhí le déanamh againn, déanta, tugadh isteach sa mbialann sinn, agus arís, teaspáineadh ár n-áit sa halla mór sin dúinn. Fuaireamar béile an tráthnóna, agus geallaimse dhuit é, go raibh goile againn chuige. Ach ní raibh mórán nua ag baint leis an leagan amach i gColáiste Sheosaimh, thar mar a bhí, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, ach bhí orainn aithne a chur ar rang nua mic léinn, nó d’fhanadh na mic léinn trí bliana fhada sa Choláiste sin. Ba é an leagan amach a bhí acu ansin nó go ndéanadh na mic léinn an Ard Teistiméireacht tar éis dhá bhliain staidéir, agus ansin, dhéanaidís an chéad bhliain Ollscoile, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba ghearr an mhoill orm aithne a chur ar na mic léinn Ollscoile, agus caithfidh mé a rá, gur chun mo leasa é, an aithne chéanna sin, nó d’fhan cuid de na daoine sin ina gcairde dílse agam ar feadh na mblianta fada ina diaidh sin.
Ach b’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus sa chéad chaibidil eile, cuirfidh mé síos daoibh, ar chuid de na heachtraí agus de na himeachtaí a bhain dom, fad is a bhí mé im mhac léinn i gColáiste Sheosaimh, i Wilton, Corcaigh, le linn bhlianta deiridh an dara cogadh domhanda.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 7
.
Nár bhreá go deo an suíomh a bhí ag Coláiste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí. Bhí Glaisín agus an Tóchair an-chóngarach dúinn, agus bhíodh muid á dtabhairt faoi deara, go minic. Os comhair an Choláiste amach, bhí talamh crochta, agus fan thaobh an ardáin sin, shín an Bóthar Iarainn ó Chathair Chorcaí amach, agus bhíodh ar na traenacha a thug faoin ardán céanna sin, bhíodh orthu dreapadh ó bhun go barr an ardáin. Minic a sheasadh muid ag éisteacht leo agus iad ag puthaíl leo, ar a ndícheall, i gcoinne an aird. Ba é a cheapadh muidinne, nó go mbíodh chuile ”I think I can, I think I can, I think I can,” á rá acu, agus iad ar a ndícheall i gcoinne an aird sin, agus ansin, nuair a bhíodh barr an aird bainte amach acu, d’athraíodh siad a bport, agus ansin ba é a deiridís, dár linne, nó…”I knew I could, I knew I could, I knew I could.” Agus iad mar a bheadh gandail, ag maíomh as a ngaisec, nuair a chuiridís an ruaig orainne gasúir, fado. Díreach os comhair an Choláiste, freisin, bhí Páirc an Bháire, áit a d’imrímis ár gcluichí, agus ba iad sin na cluichí torannacha, trodacha, taghdacha, uaireanata, nó mar adúirt mé leat cheana, níor naoimh ar thalamh a bhí ionainne gasúir, an tráth úd, nó ó shoin i leith, ach oiread, dá ndéarfainn é!
Bhain mé fhéin taitneamh agus tairbhe as Coláiste Sheosaimh, nó ba sa Choláiste sin a chuireamar aithne oraiann fhéin, agus ar an bpobal ar díobh sinn. Ba sa Choláiste sin freisin, a músclaíodh an Gaelachas agus an Náisiúnachas ionainn. Ní déarfainn gur d’aon ghnó é, ach ba rud é a tharla ag an am, agus b’in sin. I ndáiríre, ní raibh aon nuacht ag baint leis an saol i gColáiste Sheosaimh, nó ba mhar a chéile gnáthchúrsaí an lae i gColáiste Sheosaimh agus i gColáiste an Chroí RóNaofa i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Faoin am seo áfach, bhíothas ag súil go mbeadh na buachaillí ag éirí níos stuama, níos ciallmhaire, agus níos cráifí. Níor dhochar ar bith é sin, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, agus níorbh aon eisceacht sinne gasúir, ach oiread, nó dá mbeadh aon diabhlaíocht le déanamh, bí cinnte go raibh duine eicínt, sa timpeall, a bheadh sásta é a dhéanamh, nó ní raibh ionainne, i ndáiríe, ach gnáth-ghasúir a bhí ag iarraidh ualach an-trom a iompar, ualach a bhí i bhfad ró-throm do chuid againn, ach scaoilimis sin tharainn, ag an bpointe seo, agus fillimis ar Choláiste Sheosaimh.
Bhí an leagan-amach céanna sa scoil seo is a bhí i gColáiste an Chroí RóNaofa. Bhí seomraí ranga ann, agus dár ndóigh, ní raibh mórán seomraí dá leithéid ag teastáil uainn, an t-am sin, nó bhí na hábhair chéanna á ndéanamh ag chuile dhuine, sa bhliain chéanna, agus mar sin, ní raibh ag teastáil ó bhuíon ar bith ach seomra ranga amháin do na gnáth ábhair, agus seomra speisialta, nó saotharlann, don eolaíocht. Ní bhíodh deis ag daltaí a rogha ábhair a phiocadh, an tráth úd, murab ionann is inniu. Ní déarfaidh mé faic faoi na múinteoirí a bhíodh againn, nó ba é a cheap mé fhéin ag an am nó nach raibh cuid acu thar mholadh beirte mar mhúinteoirí, ach is dócha gur ghnáth-dhearcadh é sin i measc scoláirí, am ar bith.
D’éirigh go maith liom mar dhalta, ach ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil gur oibrigh mé go dian, le linn an ama a chaith mé ag ullmhú don Ard Teistiméireacht. Ag smaoineamh siar ar na laethe sin anois, samhlaítear dom, gur mhór an chabhair dúinn é, nó domsa ach go háirithe, dá mbeadh duine eicínt ansin le treoir cheart a chur orainn, agus leis na bealaí is fearr, agus is éifeachtaí, le staidéar a dhéanamh, a léiriú dúinn. Ní cuimhin liom anois aon iarracht dá leithéid á dhéanamh riamh ag údaráis na scoile sin. Ba é a cheap mé freisin, nó go raibh múinteoirí áirithe inár mbun nach raibh a gceird foghlamtha i gceart acu, faoin am sin. Nílim ag iarraidh locht a fháil orthu anois, nó ní raibh á dhéanamh acu ach faoi mar adúradh leo. Orduithe! an dtuigeann tú leat mé? Bhí múinteoir spéisiúil againn sa Ghaeilge, ar feadh bliana, nó b’fhear é, a raibh Dochtúireacht bainte amach aige, sa Ghaeilge, sílim, agus bíodh go mba thogha scoláire é, níl mé cinnte gur éirigh leis an oireadh sin dá chuid eolais a roinnt liomsa, ach go háirithe, b’fhéidir gur éirigh leis i bhfad Éireann níos fearr ná sin leis na daltaí eile.
An bhfuil fhios agat go bhfuil cuimhne na múinteoirí a bhí agam, an tráth úd, beagnach caillte ar fad agam, faoi seo. Fanann cuimhne “an Leoin” liom go dtí an lá atá inniu ann, áfach. Firín beag, tanaí, scrogallach, íseal, a bhí ann, ach firín a raibh miongháire ainglí ag roinnt leis, bíodh go mbíodh sé crosta go maith, nuair nach mbíodh a dhaltaí ag comhoibriú go huile agus go hiomlán leis. Chuirfeadh sé ceist ort. Thabharfá do fhreagra. Dá mbeadh an ceart agat, mholfadh sé thú, ach mura mbeadh, bhuel, ansin thabharfadh sé seans eile dhuit, agus dá dteipfeadh ort an dara huair, ansin, bhéarfadh sé greim ar ribí gruaige ar d’uisinn, agus tharraingíodh sé inairde iad, le lán neart, agus é ag rá, ag an am gcéanna… “This hurts me far more than it does you, Sonny”….. B’fhéidir é, adeireadh muidinne, á fhreagairt, os íseal, ach ní san áit chéanna é! Bíodh go raibh sé dian go maith orainne, ní raibh aon fhuath againn air, cé go mbainfinn fhéin mo dhíoltas amach, am ar bith a mbíodh sé ró-dhian orm, nó tuigeadh dom, agus cúis mhaith agam chuige, nach raibh mórán measa aige ormsa, mar scoláire, nó mar dhuine. Nach ait an rud é, go bhfanann cuimhne “an Leoin” chéanna sin glas, nuair a cailleadh chuimhne na múinteoirí eile a bhí agam thart ar an am sin? Fear maith a bhí ann, tá mé cinnte, agus é ag iarraidh mé a sheoladh ar bhealach mo leasa, ach is dócha go raibh dearmad déanta aige ar an sean nath cainte adeir, gur féidir le duine amháin an capall a thabhairt chun an tsrutháin, ach nach bhféadfadh deichniúr é a chur ag ól as, mura dteastódh uaidh fhéin sin a dhéanamh. Is dócha nach raibh aon ró-fhonn ormsa comhairle an Leoin a ghlacadh, an t-am sin, agus b’in an fáth nár éirigh linn siúl cois ar chois trí ghort guaireach an léinn, an tráth úd. Is dócha go raibh leath an lochta, ar a laghad, ormsa, ach bíonn an dara sciathán ag teastáil ón éan le heitilt a dhéanamh! Agus is dócha freisin, gur chóir go mbeadh a fhios ag múinteoirí, gur fada buan í cuimhne an pháiste, agus i ndáiríre, ní raibh ionainne ach páistí an tráth úd, nó níor tugadh mórán seans dúinn ár sciatháin a leathadh, i gColáiste dá leithéid, ag an am sin.
Bhí fear eile i gColáiste Sheosaimh, ag an am, ar chuir muid an-aithne air. B’fhear uasal, cineálta, lách, a bhí ann, agus “Auntie” a thugaimis air, nó bhíodh colún aige, in Iris an SMA, faoin teideal sin, tráth raibh sé ina eagarthóir ar an Iris chéanna sin. Ba de mhuintir Uí Mhaolfhábhail é, agus sílim grubh as Oileán Cliara, i gContae Mhaigh Eo, dó. Bhí sé ina Uachtarán ar an scoil, ag an am sin. Ní bhíodh mórán bainte aige linne, mic leinn, ach amháin go múineadh sé Teagasc Críostaí dúinn, ach ag an am gcéanna, bhí an-tionchar aige orainn. Ar an droch uair áfach, fuair an fear bocht sin bás, le linn dúinne bheith ag freastal ar an gColáiste sin, agus chuaigh a bhás siúd i gcionn go mór orainn. Bhí orainn cuairt a thabhairt ar a sheomra, áit a raibh sé leagtha amach os cionn cláir, agus é gléasta mar shagart in Éide an Aifrinn. Ní raibh aon ró-chleachtadh againne ar bheith i láthair an bháis, ag an am, agus ní dóigh liom gur thaitin sin linn, olc maith nó dona. Bhíomar i láthair freisin, ag an sochraid, i Reilg an SMA, taobh thiar de Shéipéal Naomh Sheosaimh, ansin i Wilton Chorcaí. Is cumhin liom fós, an fuacht a mhothaigh mé lá sin na lice, díreach faoi mar a leagadh an bás fhéin lámh ar bhaic mo mhuiníl. D’fhán cuimhne an lae úd liom go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
Rud amháin eile, a tharla le linn dom bheith sa Choláiste sin, ba ea na ranganna garraíodóireachta, a cuireadh ar siúl sa Choláiste, ar mhaithe linne, ag an am. Thagadh fear isteach chugainn uair sa tseachtain, agus thugadh rang dúinn, faoi phlandaí, faoi ithir, faoi phlandáil agus a leithéid, agus lá eile, thógadh sé an rang ar fad, scór againn b’fhéidir, thógadh sé sinn amach leis, ar thuras na cathrach, le breathnú ar gharraithe áille, aoibhne, saothraithe, Chorcaí. Tharla go raibh grá na talún agus na cré de dhlúth agus d’inneach ionnam fhéin, ní haon ionadh é gur chuir mé suim, agus dhá shuim, sa rang áirithe sin, agus cé go bhfuil dearmad déanta agam, le fada, ar an gcuid is mó de na rudaí a múineadh dom, agus mé ag freastal ar Choláiste Sheosaimh i Wilton, sna dachaidí, caithfidh mé a admháil dhuit anois, nár dhein mé dearmad riamh ar na rudaí a d’fhoghlaim mé sa rang garraíodóireachta sin, agus ní hé sin amháin é, ach músclaíodh spéis sa gharraíodóireacht sa chroí istigh ionnam, an t-am sin, spéis a d’fhan liom, anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus chuir ar fhoghlaim mé sa rang sin, ar mo chumas, aire a thabhairt dom gharraithe fhéin, thar na blianta idirlinneacha, sa chaoi gur bhain mé taitneamh agus pléisiúr as bheith ag plé le cúrsaí garraíodóireachta, anall thar na blianta. Ábhar eile a chabhraigh go mór liom, le linn mo shaoil, ba ea Deaslabhra, nó tríd an rang sin, rinneamar staidéar ar fhuaimeanna agus ar cheart úsáid an Bhéarla. Smaoinigh anois, go raibh siad ag ullmhú sagairt, a raghadh amach ar fud an domhain mhóir, agus a chasfadh ar Shasanaigh, ach go háirithe, i gcríocha ollmhóra na hAifrice, agus tuigfidh tú ansin, an chúis ar theastaigh uathu go mbeadh deis ár labhartha againne, i gcomhluadar dá leithéid. Bhí míbhuntáiste ag baint leis an scil sin freisin, nó bhí an baol ann, go gcaillfeá an meas a bhí agat, go dtí sin, ar do chanúint dúchais fhéin. Níor deineadh aon iarracht riamh an scéal iomlán a mhíniú dúinn, sé sin, nach raibh muid ag iarraidh cúl a thabhairt ar ár gcine fhéin, nó ar a canúint, ach go raibh muid ag ullmhú sinn fhéin le dul i dteangmháil le daoine nach dtuigfeadh, go ró-mhaith, an chanúint sin, agus dá thairbhe sin, go raibh sé feiliúnach go bhfoghlaimeodh muidinne a gcanúint siúd freisin, mar áis, leis an Dea-scéal a leathadh i gCríocha Imchiana an Domhain mhóir.
Leagadh an-bhéim ar chluichí agus aclaíocht coirp, fad is a bhí mé fhéin im mhac léinn, sa scoil chéanna sin. Bhíodh cluichí againn go rialta, sin agus bhíodh corpoideachas mar ábhar ar an gclár, chuile sheachtain. Níorbh é sin amháin é, ach bhíodh corpoiliúint á cleachtadh againn, ar feadh leathuair a chloig, chuile mhaidin, geall leis. Bhain mé fhéin an-taitneamh as an taobh sin dár scolaíocht, agus bíodh nach raibh mé ar an té ab fhearr chucu, ag an am gcéanna, geallaimse dhuit é nach raibh mé ar an duine ba mheasa, ach oiread.
Nach ait go deo na rudaí beaga atá fanta liom, tar éis imeacht na mblianta, nó tá breis is trí scór bliain seolta leo, trí mhuileann an ama, ó bhí mé fhéin im mhac léinn ansin, ach mar sin fhein, is glé, glinn, a fhanann cuimhne an lae úd ar chuir an fothach gath ionnam. Bhí nead ag na fothaigh chéanna sin, ar thaobh cheann de na bóithríní, mar a mbímisne ag siúlóid, le linn chaitheamh aimsire. Bhuel, an lá áirithe seo, chuaigh mé fhéin ró-chóngarach don nead sin, agus mé ag súil go gcuirfinn na fothaigh sa tóir ar mo chompánaigh, ach má sea, d’fhill an feall sin orm fhéin, ach, ansin nach raibh an nós fillte sin ag an bhfeall céanna ó thosach aimsire! agus chuir an fothach mór seo ga ionnam, díreach faoin tsrón, agus ba ghairid ina dhiaidh sin, go raibh ar mo chumas mo liobar uachtair a fheicsint go soiléir, bhí sé chomh hata sin. Mhúin na fothaigh sin ceacht domsa an lá sin, ceacht nár dhearmad mé san idirlinn, geallaimse dhuit é. Sea, ná bac le mac a’ bhacaigh, is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat!
Sea, agus is cuimhin liom an suíochán samhraidh sin a bhí againn os comhair na scoile amach, agus an chaoi a mbímis in ár suí ar ár socracht ar an suíochán sin, go háirithe, nuair a bhíodh am saor againn le linn na Scrúduithe Poiblí. Is cuimhin liom fós, sinn a bheith ansin ag comhrá faoi pheil agus faoi iomáint. Nach ait gur fhan na rudaí beaga sin liom, agus go bhfuil dearmad glan déanta agam ar a mbíodh ar siúl againn sna ranganna?
Cuimhne eile a shnámhann aniar chugam anois as loch na gcuimhní isea an lá a ndeachaigh muid uilig ar sheilg go Cóbh Chorcaí, sílim. Ar an traein is ea chuamar, agus tharla gur éirigh le diabhlánach eicínt in ár measc greim a fháil ar bhuidéal fíona. Thug mo dhuine an nod do dhream beag againn, agus d’éirigh linn éaló ón mbuíon, ar feadh scathaimh, agus i rith an ama sin, chuaigh an buidéal sin ó dhuine go duine againn, go dtí nach raibh deoir fágtha sa bhuidéal. Faoin am sin, bhí chuile dhuine againn maith go leor, agus don chuid eile den turas sin, bhíomar ag canadh, ag insint scéalta grinn, agus giotaí seanchais, do na leaids eile. Bhaineadar siúd an-taitneamh as an gcuideachta a chuireamarna ar fáil dóibh, saor in aisce, ach tá mé ag ceapadh, go raibh an sagart a bhí inár mbun, amhrasach go maith fúinn, níor dhúirt sé tada riamh linn faoi na cúrsaí sin, ina dhaidh sin. Is dócha nach raibh sé ró-chinnte go raibh chuile mhac an pheata againn chomh hólta le breitheamh, ach ag an am gcéanna, bheadh roinnt eicínt dá mhilleán sin airsean, ó tharla gur cuireadh eisean inár bhfeighil! Bíodh sin mar atá, níor baineadh díoltas ar bith amach, nó níor gearradh pionós ar bith orainne as an diabhlaíocht sin a dheineamar, an lá úd, ar ár mbealach go Cóbh Chorcaí.
Ag breathnú siar anois, déarfainn gur mar sin a b’fhearr é, nó d’fhoghlamaíomar ár gceacht, geallaimse dhuit é, nó is maith a bhí a fhios againn, gur dheineamar rud a bhí crosta, amach agus amuigh, orainn, agus tuigeadh dúinn an tionchar a bhíonn ag alcóil ar dhuine. Sea, agus tuigeadh dúinn freisin, go raibh an t-ádh linn nár tugadh bata agus bóthar dúinn as Coláiste Sheosaimh amach, de bharr na meisce sin! Mo chuidse de, ní dheachaigh mé thar fóir leis an ól ón lá sin anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sea, mh’anam, fanann cuimhne an lae úd go glas i gcistin mo chuimhne fós.
Cuimhní eile a fhilleann chugam anois, isea na cluichí uilig sin, ar ligeadh chucu sinn, le linn dom bheith i gCorcaigh na long. Nár mhór an taitneamh a bhaineamar as an gcorrchluiche Sacair, a chonaiceamar thíos ansin, le linn an chogaidh mhóir. Chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sna cluichí sin, nó ba mhinic mé ag éistreacht le m’athair agus a chairde ag seanchas, cois na tine fadó, faoi na cluichí breátha Sacair a chonaic siadsan, tráth raibh siad ag sclábhaíocht, mar náibhithe, thall in Albain, le linn a n-óige siúd. Ligtí amach freisin sinn nuair a bhíodh cluichí móra sa pheil nó san iomáint á n-imirt sa chathair, agus caithfidh mé a admháil, gur chuir na cluichí céanna go mór leis an bpleisiúr, agus leis an spraoi, a bhí á mbaint agam as an saol, faoin am sin. Chonaic mé fathaigh mhóra na peile agus na hiomána ag cleachtadh a scileanna i gCorcaigh na na gCuan, an tráth úd. Chonaic mé laochra ar nós na deartháireacha Mhic Aoidh, ó Luimneach, Criostóir Ó Rinn, Corcaíoch cleasach an chamáin, sea, agus cá bhfágfainn Seosamh Ó Ceocháin, an fathach sin a sciobadh an chaid as spéartha nimhe anuas, sea, agus na scórtha eile, a bhfuil a n-ainmneacha dearmadtha agam faoin am seo, ach a bhfuil a lorg fágtha go soileir ar urlár m’anama acu, anuas go dtí an lá atá inniu ann.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 8
.
Sa chaibidil deiridh, labhair mé faoi na laethe a chaith mé i gColáiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaí, agus mé ag ullmhú don Ard Teistiméireacht, i ndaichidí na haoise seo caite, agus faoi na heachtraí a bhain dom, le linn na mblianta sin ó Mheán Fómhair 1942 go Meitheamh na bliana 1944. Ní gá a rá nár chaith muid ag ullmhú don Scrúdú céanna sin ach dhá bhliain, agus ní gá a rá, ach oiread, go raibh an-chuid oibre le déanamh againn, agus sinn ag fáil réidh don scrúdú poiblí sin, go háiraithe, nuair a chuireann tú san áireamh, nár chaitheamar ach dhá bhliain freisin, ag ullmhú don Mheán Teistiméireacht, agus cuir le sin, go raibh muid ag ullmhú don Mháithreánach freisin sa tréimhse chéanna sin idir 1942 agus 1944, agus tuigfidh tú ansin cé chomh gnóthach is a bhíomar, le linn na mblianta sin.
Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid, nó nuair a bhí an dá bhlain sin caithe againn sa Mheánscoil, agus an Ardteistiméireacht, agus an Máithreánach, gnóite againn, nár mhór ansin an chéim suas sa tsaol é dúinne an Mheánscolaíocht a fhágáil inár ndiaidh, agus aghaidh á thabhairt againn ar an Ollscoil, mar, ar bhealach, dár linne, ba chosúil le príosún í an Mheánscoil. Bhíomar gafa istigh ansin agus gan chead againn an áit a fhágáil, Domhnach nó Dálach, nó tada a dhéanamh nach dtoileodh na máistrí a bhí orainn chuige. Sea, agus an chathair mhór, álainn, ansin inár n-aice, agus gan chead againne blaiseadh de, olc, maith nó dona! Ach, ag freastal ar an Ollscoil! Bhuel, b’in scéal eile ar fad Bhí saoirse ag na mic léinn Ollscoile. D’fhéadfadh siadsan Coláiste Sheosaimh a fhágail ar maidin, agus bunús an lae a chaitheamh istigh san Ollscoil, sea, agus chomh maith le sin, bheadh cead acu siúl amach trí shráideanna na Cathrach, nó dul ar bhus, ó gheata an Choláiste i Wilton, agus a mbealach a dhéanamh síos chomh fada leis an gColáiste Ollscoile. Nár mhéanar go deo dúinn, dár linne! Nó anois, bhí an Útóipe sin sroichte againne, agus bhíomar cinnte, go mbainfeadh muid toit agus spórt as. B’fhéidir gur chóir a lua go raibh cónaí orainn i gColáiste Sheosaimh, i rith na bliana Ollscoile sin, ach má bhí fhéin, bhíomar saor ó smacht na scoile, bunús an ama, d’fhéadfá a rá!
Nár mhór an spórt é bheith ag roghnú ábhar don bhliain a bhí le caitheamh againn i gColáiste na hOllcoile, Corcaigh? Roghnaigh mé fhéin Loighic, Gaeilge, Béarla, Laidin, agus Tíreolaíocht, don chéad bhliain Ollscoile sin. Cláraíodh sinn mar mhic léinn, agus bheadh orainn cineál éide faoi leith, éide an mhic léinn, a chaitheamh, chuile bhabhta a bheadh muid ag freastal ar léacht, san Ollscoil sin. Nár mhór idir sin agus nósmhaireacht na meánscoile? Sea, mh’anam, bhí an bhuaic sroichte againn, i ndeireadh na dála!
Thaitin an staidéar agus na léachtaí go mór liom. Nár mhór an pléisiúr é bheith ag gabháil don léann?
“Aoibhinn beatha an scoláire
A bhíos ag déanamh léinn,
Is follas daoibh a dhaoine
Gur dó is aoibhne in Éirinn.”
Nár bhreá go deo an áit í an Ollscoil? Ba bheag nár bhain méad agus uimhir na Hallaí, agus na seomrai a bhí sa timpeall, radharc na súl díom. Ó, sea, agus an oiread sin mic léinn ag brostú leo thall agus abhus. Nár bhreá an radharc iad an hOllúna gona róbaí breátha, fairsinge, gradamacha, a fheiceáil ag seoladh leo chuig a seomraí. Sea, bhí an oiread sin léinn sa timpeall, go mbeadh sé éasca ag duine ar bith a dhóthain den earra céanna sin a phiocadh suas, ar a sháimhín só, cheapfá!
Chuir mé spéis ar leith sna hOllúna agus na léachtóirí a bhí agam fhéin. Cé d’fhéadfadh dearmadh a dhéanamh ar an Ollamh Daniel Corkery, scoláire agus scríbhneoir. Bíodh go raibh bunaois mhaith aige faoin am sin, mar sin fhéin, ní raibh cuma na haoise air, ach é éirimiúil, spleodrach, óigeanta. B’annamh a shuíodh sé síos, ach é ag bacadaíl thart, an t-am ar fad, nó bhí coiscéim bhacaí ann, an fear bocht. Fear tanaí, íseal, liath, beoshúileach, a bhí ann, agus feicim anois fhéin é, trí shúile na cuimhne, agus é ag aisteoireacht leis, trí ghníomh corraitheach eicínt de Mhacbeth, nó de dhráma eile le Shakespeare. Nár mhinic a thóg sé mo chroí, lena scileanna, lena gháire ainglí, lena Ghaelachas, agus an chaoi ansin a chuirfeadh sé in iúl dúinn gur bhain Shakespeare úsáid as focal áirithe, abair “Rome” an oiread sin uaireannta, sa ghníomh áirithe sin, a bhí idir chamáin againn an lá airithe sin. Lá eile, théadh sé ar thóir fhocail áirithe, focal Eislíseach, b’fhéidir, féachaint an raibh an focal sin beo fós, inár ndúthaigh fhéin, sa mbaile. Is cuimhin liom gur chaitheamar tamall ag tagairt don bhfocal Béarla sin, “mearing”, nó fainic nach meering a bhí aige, an focal a d’úsáidtí thiar, fadó, ar theorainn, go háirithe an teorainn idir dhá fheirm, agus ansin sílim gur cheangail sé an focal sin leis an bhfocal “Mír” sa Ghaeilge. Ó ba scoláire ildánach é Dan s’againne, gan aon agó. Bhí meas agus cion againn uilig air, agus lenár n-ómós dó a léiriú, ba bheag duine againn nach raibh leabhair Dan léite aige, leabhair ar nós The Hidden Ireland, The Hounds of Banba, The Threshold of Quiet, agus tuilleadh. Níl dabht ar bith ach go raibh Daniel Corkery ar dhuine d’údair mhóra a linne. Rud eile a chuireadh ionadh orainne, nó chomh cúramach agus a mharcáileadh sé ár n-aistí, nó cibé cleachtadh eile a leagfadh muid os a chomhair.
I gcás na Gaeilge, ba é an léachtóir a bhí againn nó Eamonn Ó Donnchú, deartháir do Thadhg Ó Donnchú (Tórna) file, agus arís, ba dhuine é a mhúsclódh grá don Ghaeilge i mac léinn ar bith, a shuíodh tamall ag a ghlúin. Cormac Ó Cadhlaigh a bhí ina Ollamh le Gaeilge, i gCorcaigh ag an am. Duine de scoláirí móra Gaeilge a linne, ba ea é, é ard scafánta, lán dínit, ach b’fhearr linne Eamonn. Ba náisiúnaí é Eamonn, agus b’fhurasta sin a thabhairt faoi deara ina chuid léachtaí. Nárbh é a chuireadh dánta a dhearthár, Tadhg, ina seasamh, ina steille bheatha, os ár gcomhair amach. Mar chuid den obair a bhí le déanamh againn, i rith an bhliain Ollscoile sin, bhí orainn freastal ar oiread áirithe seisiúin le Pádraic Ó Nuatáin, a d’fheidhmigh mar sheanchaí do Roinn na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta sin. Nár chiallmhar, fadcheannach, an nós ag Ollscoil ar bith é, a leithéid de leagan amach a bheith acu an tráth úd? Caithfidh mé a admháil gur bhain mé fhéin an-taitneamh go deo as scéalta Phádraic, nó ba dhuine é, a raibh seanchas agus stair a dhúthaigh fhéin de dhlúth agus d’inneach ann. Nárbh é a d’fhéadfadh scéal an Athar Peadar a ríomh go binn agus go blasta? Agus nárbh aige a bhí an Ghaeilge líofa, chruinn, bhlasta? Nach aige a bhí stair agus seanchas na gCárrthach go cruinn, ceart, ó thús deireadh? B’iomaí uair a chloig a chaith mé i seomra na ndaltaí, ag éisteacht le Pádraic ag eachtraíocht dúinn ar a mhíle dhícheall, agus bíodh go mbíodh sé ag dul siar ar stair na muintire, go cruinn, cúramach, thuigfeá, ag an am gcéanna, go raibh súil eile aige i gcónaí ar stíl agus ar chruinneas a chuid cainte.
Bhí Ollamh iontach againn don Loighic, an Dochtúir Séamas, nó “Dr. James,” mar a thugtaí de ghnáth air, agus tuigeadh dúinne, nach raibh déchosach beo ar thalamh na cruinne, a bhí inchurtha leis. Ba é a mhúin dúinn castacht agus cinnteacht an réasúin daonna. Ba é a leag síos dúinn na bealaí le siollóg a thógáil, nó nárbh ‘in an bealach ba chinnte le cur lenár stór eolais. Agus léirigh sé dúinn an chaoi ar luigh sé le réasún, dul ón dteoiric ghinearálta go dtí an argóint aonair, mar shampla, luíonn sé le réasún a dhearbhú go bhfaighidh Seán bás, má dhearbhaím, i dtosach, go bhfaighidh chuile dhuine bás, agus gur duine é Seán. Caithfidh mé a admháil anois, nár chaill mé mo shuim riamh sa Loighic chéanna sin, agus a bhuíochas sin don Sagart oilte, eolgaiseach, ildánach sin, an Dochtúir James.
Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm, le linn na bliana sin a chaith mé in Ollscoil Chorcaí, ba ea Dan Treston, an tOllamh le Laidin a bhí inár mbun, an bhliain sin. Claisicíoch, agus scoláire den scoth ba ea é, agus é foighdeach, cineálta, leis. Cuma cé chomh holc is a bheadh do phíosa Laidine, ba é adeireadh an tOllamh ildánach sin nó nach mbainfeadh Cicero úsáid as tógáil dá leithéid, ach go raibh chuile sheans ann, go ndéarfaí a leithéid de dhrochLaidin áit eicínt san Impireacht Rómhánach, fadó! Nár charthannach, fial, an dearcadh é sin? Ach, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh duine eile a rá, go mba ghéar, binbeach, an teanga a bhí ag an bhfear céanna sin, nó go raibh an chloch sa mhainchille aige, agus é ag cur do chuid Laidine-se i gcomparáid leis an Laidin ba thuataí a labhradh riamh. Sea mh’anam, bíonn an dá thaobh ar chuile scéal, nach mbíonn?
Agus anois, cé a bhí againn mar Ollamh Tíreolaiochta? Sílim gur O’Connell a bhí air, agus arís, ba dhuine é, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Rinne sé ábhar spéisiúil, spreagúil, den tíreolaíocht. Suas go dtí an pointe sin, b’ábhar tur, tuirsiúil, tirim, é an tíreolaíocht chéanna sin, ach d’oscail an tOllamh Ó Conaill fuinneoga fairsinge ar iontaisí an ábhair sin dúinn. Bhíodh grianghrafanna, scannáin, agus téipeanna, aige á léiriú dúinn, ina halla, agus ba mhór a chuaigh siad sin i gcionn ar chuile dhuine againn, agus in éineacht le sin, thóg an tOllamh O Connell amach faoin dtuaith sinn, le hiontaisí na tíre seo a léiriú dúinn, chomh fada is a bhain siad lena ábhar fhéin. Thug sé sinn amach le bruacha abhann na Laoi a iniúchadh. Lá eile, bhíodh ár gcuairt ar Ghleann na Laoi, agus mar sin dó, go dtí go raibh tuiscint mhaith againn ar na cúrsaí éagsúla a bhí idir chamáin aige, ina léachtaí. Mhúscail an tOllamh céanna sin ár spéis sa mheitéareolaíocht, agus sna prionsabail atá taobh thiar de chúrsaí aimsire, freisin. D’fhéadfá a rá, gur éirigh leis an bhfear céanna sin muid a chur faoi gheasa lena scileanna, lena chur chuige, agus lena léann. Sea, agus chomh maith le sin, b’fhear deas, cineálta, lách, carthannach é, agus fear a chuaigh i gcionn go mór ar a mhic léinn. Ba dhuine uasail den scoth é dár linne, mic léinn.
Tar éis dom an oiread sin dem chuimhní ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a thabhairt chun cruinnis anois, feictear dom, go ndeachaigh an bhliain sin i gcionn go mór orm, nó bhí mé ábalta ainmneacha na nOllamh, agus na léachtóirí, a bhí inár mbun, a thabhairt chun cuimhne, agus chomh maith le sin, bhí ar mo chumas, dul ar ais ar chuairt chuig na hallaí inar oileadh sinn, agus ar chuid áirithe de na rudaí breise a cuireadh ar siúl, ar mhaithe linne, mic léinn.
Rud eile inar chuir mé fhéin an-spéis ar fad, ba ea na léachtaí speisialta a chuirtí ar siúl dúinn, taobh amuigh ar fad den obair acadúil a bhíodh idir lámha againn ag an am. Is cuimhin liom Liam Ó Briain, ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, ag teacht ar chuairt chugainn, le léacht a thabhairt, ar an bpáirt a ghlac sé fhéin i mbunú an Stáit s’againne. Chuaigh a Ghaeilge agus a smaointe i gcionn go mór ormsa. Ba chosúil le gála aniar é, ag glanadh smionagar agus truiféis na meán as béal an phobail. Sea, ba dhuine ar leith é Liam Ó Briain.
Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm ba Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag an am. Thugadh an tOllamh Ó Rathaille sraith léachtaí uaidh, sa Charghas, chuile bhliain, faoi chéasadh ár Slánaitheora ar an gCrois, agus an chaoi nach bhféadfadh na tairní a bheith díreach mar a bhíonn siad de ghnáth sa chrois chéasta. Níor chuir sé ionadh ar bith orainne, nuair a chuaigh Alfie sna sagairt, i ndeireadh na dála, agus gur chríochnaigh sé a shaol, agus a ré, mar shagart.
Níl mórán eile le rá agam, an babhta seo, faoin mbliain úd a chaith mé san Ollscoil, i gCorcaigh, ach amháin a rá, gur mhór go deo an difear a bhí idir na ranganna a bhíodh againn sa Mheánscoil agus na léachtaí ar ar fhreastail muid, san Ollscoil, agus ceann de na difríochtaí ba mhó a bhí eatarthu, nó go raibh cailíní, agus mná óga, ar an bhfód, ag na léachtaí Ollscoile, sa bhliain acadúil sin 1944-’45. B’in an chéad uair againne bheith i láthair ban óg, agus sinn i mbun staidéir agus oibre, agus ba mhór ar fad a thiochar sin orainn. Cuimhnigh freisin go raibh an chuid ba mhó againn ag tarraingt ar naoi mbliana déag, ag an am, ach gan chleachtadh dá laghad againn ar an saol mór a bhí thart orainn. Ní raibh gliceas sráide, nó tada dá leithéid foghlamtha fós againn, agus ní haon ionadh mar sin, is dócha, go bhféadfá a rá, gur thit roinnt mhaith againn i ngrá leis na mná óga, áille, céanna sin, bíodh nach raibh sa titim chéanna sin ach cur i gcéill, ó tharla go raibh muid ag treabhadh linn i dtreo na haontumhachta, ag an am gcéanna sin, ach cibé ar thit, nó nár thit, níor tharla tada dá bharr, nó b’úlla na haithne dúinne iad na cailíní óga, áille, céanna sin, úlla nach raibh cead againne dul ina ngar, nó blaiseadh díobh, olc maith nó dona. Bhuel, nach raibh na cithfholcthaí fuara againne le teocht na hormón buile úd a ísliú dúinn, sa tráthnóna thiar, dá mbeadh aon ghá lena leithéid! Mo chuidse de, maireann cuimhne na laethe úd glas liom go fóill, sea, agus maireann cuimhne na mban óg, álainn, úd, liom freisin, agus ar ócáidí áirithe, is beag nach bhféadfainn a n-aghaidheanna dathúla a fheiceáil ar scáileán na gcuimhní, fiú!
Fad is a bhí mé ag freastal ar an Ollscoil sin Chorcaí, bhí deis agam, aithne a chur ar chluichí áirithe freisin, cluichí nach bhfaca mé fhéin á n-imirt riamh roimhe sin, cluichí ar nós rugbaí, agus haca, maraon le camógaíocht, agus ní call dom a rá, gur bhain mé taitneamh agus spraoi as bheith ag féachaint ar na cluichí céanna sin á n-imirt, ar fhaichí na hOllscoile.
Sea, d’fhoscail Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, na súile dom, agus thug dom freisin mo chéad radharc ar an saol comhaimseartha, nó ní raibh aon chleachtadh agamsa ar an gcineál sin saoil, roimhe sin. Tógadh mise mar bhall de shochaí mheánaoiseach, agus fuair mé mo chuid meánscolaíochta i gcliarscoileanna, a raibh beatha na mainistreacha meánaoiseacha á gcleachtadh iontu. Nár mhór an oscailt súl é, mar sin, don ghasúr Iorrasach, seal a chaitheamh, ag an aois sin, i bhflaitheas léinn dá leithéid? Bhí a rian orm, nó ón am sin i leith, samhlaíodh domsa, go mba shaoránach den chathair cheannairceach sin mé.
Thug mé cuairt ar Chorcaigh, blianta fada ina dhiaidh sin, agus bhain an chuairt sin dán beag i mBéarla asam. B’fhéidir nárbh olc an tseift í, cupla véarsa as a shníomh isteach anseo…
Lusty Lee.
.
Lusty Lee of yester-year,
I pace your banks once more,
To see if you can thrill me still,
With curve and nook and shore.
.
You toss up with abandon,
Memories long long dead,
Like tresses of a past year,
Around my aching head.
.
My God, you never lost it,
My heart still jumps for joy,
To see your plunging smoothness,
Through the clear eyes of a boy.
.
The thoughts you rouse are painful,
The heart you stir, now sad,
Be gentle Lee, be kindly,
For I loved you as a lad.
.
Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh tuilleadh le rá agam sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar na blianta a chaith mé im nóibhíseach, i “Cloughballymore”, Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe, mar ar chaith mé dhá bhliain im’ nóibhíseach ag foghlaim ceird na cráifeachta agus na naofachta!
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 9
.
Ag an bpointe seo, b’fhéidir nárbh aon dochar é, tamall a chaitheamh ag breathnú siar ar na blianta sin go léir a chaitheamar i mbun na Scrúduithe Teistiméireachta, féachaint arbh am amú iad, chomh fada is a bain sé le traenáil don tsagartacht. Tá mé cinnte, go ndéarfadh daoine áirithe nach raibh maitheas ar bith ag baint leo mar ullmhúchán don ghairm bheatha sin, nó ar an gcéad dul síos, bhí na daltaí i bhfad ró-óg, le dul i gcionn bheartas dá leithéid, agus sa dara háit, bheadh sé i bhfad níos fearr, sinn a fhágáil ag foghlaim na críostaíochta, mar bhaill de chlann chaitliceach, inár mbailte fhéin, sa bhaile. Agus ar bhealach, ba dheacair cur i gcoinne na tuairime sin, ach, is dócha go raibh taobh eile ar an scéal freisin. Ar an gcéad ásc, tuigeadh do na sagairt a bhí i mbun an SMA, gur chóir dóibh oideachas den dara leibhéal a chur ar fáil dár muintir, chomh fada is d’fhéadfaidís, agus ní gá dhom a rá anseo, nach raibh á dhéanamh acu ach an rud a bhí á dhéanamh ag Easpaig Éireann, tráth bhunaigh siad a gColáistí Deoiseacha fhéin, tar éis mhaolú a theacht ar na péindlithe, san ochtú agus sa naoú haois déag. Bhunaigh siadsan Coláistí Deoiseacha, ar ar thug siad Cliarscoileanna sóisiaracha. Ba í an chuspóir a bhí ag an Coláistí sin nó oideachas Caitliceach a leathadh i measc an phobail chaitlicigh, agus ag an am gcéanna, mic léinn a ullmhú don Chliarscoil Sinsearach, i Má Nuat. Is dócha go bhféadfá a rá, go raibh an dá chuspóir chéanna sin ag na Meánscoileanna úd a bhunaigh Cumann Misinéirí chun na hAfraice, Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, agus Coláiste Sheosaimh, i Wilton, sé sin, le hoideachas caitliceach a chur ar fáil, agus ag an am gcéanna, bheadh súil acu, go raghadh bunús na mac léinn sin ar aghaidh lena nóivíseacht a dhéanamh i gCill Cholgain, Contae na Gaillimhe, agus le Diacht a dhéanamh ina dhiaidh sin ina gCliarscoil, i nDroim an tSín, i gContae an Dúin. Dá dtógfadh siad thart ar thriocha mac léinn isteach i mBéal an Átha Fhada, bheadh an t-ádh ina gcaipín, dá ndéanfaí cúigear fiú, as an dtriocha sin a oirniú ina sagairt, in Ardeaglais Iúir Chinn Trá, tar éis dóibh deich mbliana a chaitheamh ag cur léinn an tsagairt orthu.
Ach, ní chuige sin atá mé, go díreach, an babhta seo, ach chuige seo…
Cad é go díreach a bhí á múineadh acu sna Coláistí sin, thar mar a bheadh á múineadh dá ndaltaí i ngnáthmheánscoileanna na tréimhse sin?
Bhuel, ó tharla go mba leo fhéin na scoileanna, is dócha go bhféadfá a rá, go mba mheánscoileanna príobháideacha iad, ach amháin, go raibh cláracha na Roinne Oideachais á múineadh iontu, agus cibé deontas a bhí ar fáil, ag an am, ag dul dóibhsean freisin. Thug sin deis dóibh múinteoirí oiriúnacha a chur i mbun oibre iontu, agus thug sé cead dóibh freisin, béim a leagan ar seo nó ar siúd, de réir mr a thogair siad, fad is a bhí clár na Roinne á mhúineadh acu. Bhí ar a gcumas freisin, saol an mhic léinn a leagan amach ar mhodh a chuirfeadh ar a gcumas, dearcadh spioradálta a shníomh isteach trí shaol na ndaltaí, ó éirí ar maidin dóibh, go dtí múchadh na soilse dóibh, i ndeireadh an lae thiar. B’in an fáth a raibh orainne éirí ar a sé a chlog chuile mhaidin, ó cheann ceann na bliana! B’in an fáth freisin, a raibh orainn freastal ar phaidreaacha na maidine, seal a chaitheamh ag machtnamh, agus ansin an tAifreann a éisteacht, chuile mhaidin. Ina dhiaidh sin, agus roimh an mbricfeasta, bhíodh orainn seal a chaitheamh ag glanadh an tí, duine ag scuabadh, duine ag snasadh, duine ag glanadh deannaigh, agus duine eile fós ag ní tíleanna, b’fhéidir. Sa tslí sin, mhúintí do na daltaí, conas obair tís a dhéanamh, nó bheadh a leithéid riachtanach ar na misin choigríche, ar ball.
Níos déanaí sa lá, nuair a bheadh na ranganna faoi lán tseol, leagtaí an-bhéim ar dhearcadh spioradálta, agus ar chleachtadh Críostaí. Ba chuma cén t-ábhar a bheadh idir chamáin againn, bheadh an dearcadh Críostaí sin ag lonnradh trí chuile ábhar, Cuma cé acu eolaíocht nó stair, teanga nó creideamh, a bheadh idir chamáin againn, ba é an scéal céanna é. Deineadh chuile iarracht ar suáilcí na Críostaíochta a mhúineadh dúinn, trí chleachtadh, trí mhúineadh, agus trí shampla. Ní gá dhom a rá, go mbíodh cúrsaí spioradálta againn, uair sa bhliain, ar a laghadh, agus chomh maith le sin, bhíodh faoistin choitianta molta dúinn, agus thugadh an fhaoistin chéanna sin deis don anamchara comhairle a leasa a chur ar an mac léinn. Mar sin, ní chailltí deis ar bith leis an ógánach a chur ar bhóthar a leasa, agus b’in obair a dhéanadh a anamchara dó, i dtráth agus in antráth.
Dhéantaí sinn a chosaint ar chathuithe an tsaoil mhóir seo freisin. Ní ligtí dúinn irisí de chineál ar bith, taobh amuigh d’iris an Chumainn, The African Missionary, a bheith inár seilbh, nó a úsáid. Ní bhíodh cead againn éisteacht le cláracha raidió, nó ní raibh an teilifís tagtha go hÉirinn fós, an t-am sin! Ó, geallaimse dhuit é, go dtabharfaí cead dúinn éisteacht le tráchtaireacht ar chluichí Gaelacha, nuair a bhíodh a leithéid ar siúl, rud a bhí annamh go maith, an tráth úd Ó, sea, chuirtí na treoracha sin i bhfeidhm go dian, na laethe úd. Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé ag freasatal ar an gCliarscoil, i nDroim an tSín, gur chuir mo dheirfiúr gearrthóga as nuachtán Caitliceach chugam, ó Shasana. Osclaíodh an litir. Fuarthas na gearrthóga, agus níor fágadh agam iad, agus bhí mé trí nó ceithre bliana is fiche, ag an am! Ach b’in iad na rialacha, agus bhíomar ina gcleachtadh. Ach le filleadh ar na meánscoileanna arís…
Ní call dom a rá, go mbíodh cleachtaí faoi leith againn don Domhnach, chuile sheachtain. Chaithimis an mhaidin ar fad, suas go dtí am dinnéir, ag gabháil do chúrsaí creidimh, idir staidéar agus ranganna. Bhíodh deis ag údaráis na scoileanna béim faoi leith a leagan ar ár bhforbairt spioradálta, i rith an ama sin. Chomh maith le sin, chuirtí comhairle faoi leith orainn, go rialta, agus leagtaí os ár gcomhair amach, tréithe an mhic léinn fhoirfe, chríochnaithe, le bheith mar mhúnla againne, ag súil go ndéanfadh muid mar a dhéanfadh an múnla sin!
Theastaigh uathu freisin, go mbeadh miotal sna cnámha againn, agus chuige sin, bhídís dian go maith orainn, agus bí cinnte nach ligfidís duine ar bith saor ó phionós, dá mbeadh a leithéid tuillte aige, trí rialacha na scoile a bhriseadh, nó tri thada eile dá leithéid a dhéanamh. B’in an fáth ar baineadh úsáid asainn mar spailpíní fánacha, le seo agus le siúd a dhéanamh. Am ar bith a raibh obair chrua, mhaslaitheach, le déanamh, bí cinnte go mbainfí úsáid as na hábhair sagairt le sin a dhéanamh. Thógtaí amach ar shiúlóid sinn, chuile Dhomhnach, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muid tuirseach, traochta, sáraithe, i ndiaidh na siúlóide céanna sin. Níorbh aon dóichín in aonchor é, idir ocht agus deich mile slí a shiúl, tráthnóna Domhnaigh. Ag an am gcéanna, bhíodh fáilte againn roimh na siúlóidí céanna sin, nó, dá mbeadh sagart cineálta inár mbun, thabharfadh sé cead dúinn dul isteach i siopa eicínt, fan na slí, le milseáin agus seacláid, agus torthaí, b’fhéidir, a cheannacht, nó cosúil le déagóirí an tsaoil mhóir, bhíodh ocras tar éis altaithe orainne, chuile lá! Dá chruthú sin, nach minic a léimfheadh duine againn thar chlaí isteach i ngort turnapaí le turnapa a ardú leis, lena a ithe, fan an bhealaigh abhaile!
Bhí nós againn i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, dul ar thruas fada, uair amháin sa bhliain. Bhí cnoc ard píosa maith ón gColáiste, Cnoc Spolgadáin a thugtaí air, agus b’in ár sprioc, ar an lá áirithe sin. Níl mé cinnte anois cé chomh fada ó bhaile is a bhí sé, ach cheapfainn go raibh sé deich míle ó bhaile, ar a laghad. Ba í cuspóir na siúlóide sin, nó leis an miotal úd a chur sna cnámha againn, ach geallaimse dhuit é, gur bheag dalta inár measc, a bhain taitneamh, nó tairbhe, as an aeraíocht chéanna sin. Ní bhíodh againn dá bharr, go hiondúil, ach cloig agus spuaiceanna! Ní bhíodh muid tagtha chugainn fhéin arís, go ceann seachtaine ina dhiaidh sin. Bí ag caint ar mhiotal sna cnámha! Cuimhnigh freisin ar an obair go léir sin a dhéanaimis, chuile thráthnóna, geall leis, ag glanadh fiailí, agus ag gíotáil bóithre na scoile, ag leagan crann, agus ag scoilteadh adhmaid. Ní bhíodh ar dhaltaí sna gnáth-meánscoileanna obair dá leithéid a dhéanamh, geallaimse dhuit é! Ach smaoinigh ansin, go rabhthas dár n-ullmhú don tsagartacht, agus tuigfidh tú cén fáth a rabhthas chomh dian sin orainn.
Ach bog nó dian, ní raibh ionainne ach gnáthógánaigh, agus an daonnacht chéanna ionainne, is a bhí i ngach ógánach eile dár gcomhaois. Bhí a shliocht orainn, nó bíodh gur deineadh chuile iarracht ar mhanaigh fhoirfe a dheanamh dinn, bí cinnte, go raibh fonn diabhlaíochta orainne, rud a d’fhág na hiarrachtaí céanna sin gan éifeacht, minic go leor. Breathnaigh ar an gcaoi ar thug fear againn buidéal fíona leis, ar aeraíocht a bhí againn go Cóbh Chorcaí, agus ar an gcaoi ar bhlais dream beag againn de, agus gurbh é toradh a bhí ar an eachtra sin, nó go raibh seisear, nó mar sin dínn, maith go leor, tar éis an óil. Ní raibh cead againn toitíní a chaitheamh, ach bíodh nach raibh fhéin, bí cinnte go mbíodh an corrphuth againn, os íseal, am ar bith a dtugtaí an deis dúinn. Féach freisin, an chaoi a ndéanaimis úrscealta, agus a leithéid, a léamh, i ngan fhios, le linn am staidéir, nó faoin bpluid, san oíche, le cabhair ó sholas tóirse. Sea, agus corruair, d’fhanadh fear againn sa leaba ar maidin, ag ligint air go raibh sé go dona tinn, nuair nach mbíodh faic na fríde air, ach easba codlata. Ach tríd is tríd, bheadh sé níos deacra rud dá leithéid a dhéanamh inár meascna, ná mar a bheadh sé a leithéid a dhéanamh sa ghnáthmheánscoil, ag an am. Nó bhí slí iompair faoi leith inár measc-na. Ní raibh teach sábháilte inár measc, le coimirce a chur ar fáil don lucht míghníomha, agus sa tslí sin, bhí seans i bhfad níos fearr ag údráis ár scoileanna teacht suas leis an té a bhí ag dul ar strae, agus freisin, leis an té a bheadh ag iarraidh a chomhscoláirí a mhealladh síos bóthar a n-aimhleasa. Is dócha, mar sin, go gcaithfidh mé a admháil, ar deireadh thiar, gur éirigh, tríd is tríd, leis an gcóras smachta, agus traenála, a bhí in úsáid sna scoileanna s’againne, agus ar an mórgóir, gur cuireadh an smacht sin i bhfeidhm go ceart, cóir, carthannach, cé gur fíor, go ndeachaigh an corrdhuine, anseo is ansiúd, thar fóir, ina dhúthracht le sinn a chur ar chasán ár leasa. Ag breathnú siar ar na laethe sin, agus ar na daoine sin, anois, ní féidir liom a rá go bhfuil fearg nó fuath fanta sa chroí istigh ionnam do dhuine ar bith, a bhí i mo bhunsa, nó de bharr tada ar bith a deineadh dom, le linn dom bheith ag freastal ar na meánscoileanna sin. Ach ar an dtaobh eile den scéal, ba mhaith liom anois mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do na múinteoirí uilig, a raibh baint ar bith acu liomsa, le linn dom bheith faoina gcúram. Ba ghnáthdhhaoine iad siúd freisin, agus tá mé cinnte, gur chuireamar le báiní, agus le buile iad, minic go leor, na laethe úd, nó níorbh aon aingil ar thalamh sinne, geallaimse dhuit é.
Ach, fágaimis é siúd mar atá sé, do thuras na huaire seo
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 10
.
Le cupla caibidil anois, bhí an téarma SMA á úsáid agam go rialta, agus i ndáiríre, níor dhein mé aon ró-iarracht ar an téarma sin a mhíniú daoibh, agus tuigtear dom anois, nárbh olc an tseift í, tamall a chaitheamh ag cur síos ar an Eagraíocht Mhiseanach sin, a raibh mé fhéin ag iarraidh fáil isteach inti, an tráth úd. Anois, ní hOrd Crábhaidh atá i gceist againn anseo, ach Cumann Crábhaidh, nó cé nach mbíonn flúirse airgid ag duine ar bith den Chumann céanna sin, go bhfios domsa ach go háirithe, ag an am gcéanna, ní bhíonn orthu Móid Bhochtaineachta a thabhairt. Bíonn orthu Móid Umhlaíochta a thabhairt, ní dá n-easpag, ach dá n-uachtaráin fhéin, agus do cibé duine a chuirfeadh na huachtaráin chéanna sin ina mbun. Chomh fada is bhaineann sé leis an SMA sin, tagann sin ó ainm an Chumainn sa Laidin. “Societas Missionum ad Afros”, a thugtar orthu sa teanga ársa sin, agus b’iad cinnlitreacha na bhfocal sin a d’fhág SMA mar ainm orthu. Bhí ceangal idr an Cúige Éireannach den Chumann sin leis an bhFrainc, dár ndóigh, nó ba Easpag Francach a bhunaigh an Cumann, sa bhliain 1856. Joseph Marion de Bresillac, a bhí ar an easpag sin. B’fhear é, a raibh blianta caite san India aige, agus ó tharla gur éirigh sé as a chuid oibre ansin, nuair a tháinig sé ar ais chun na Fraince, theastaigh uaidh misean chun na hAifrice a bhunú. Thug sé cuairt ar an Vatacáin, le cead chuige sin a lorg, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thug an Pápa an cead sin dó, agus thug “Sierra Leone” mar Chríoch Mhisineach dó. Bhailigh sé na pingneacha, agus cheannaigh teach i Lyons na Fraince, agus i gcionn cupla bliain, bhí triúr sagart agus beirt bhráithre, maraon leis an Easpag fhéin, amuigh i Sierra Leone, i mbun oibre, ach ar an drochuair, bhí an Fiabhras Buí ag réabadh roimhe sa tír sin, ag an am, agus taobh istigh d’achar gearr, cailleadh chuile dhuine den Chumann a bhí i Sierra Leone ag an am. Ní raibh fágtha ansin, i gceanncheathrú na Misean, i Lyons, ach Pere Planque, a fágadh i mbun cúrsaí ansin, agus beirt shagart, beirt bhráithre agus ceathrar ábhar sagairt. Thug an tAthair Planque aghaidh ar an Róimh, agus leag a chás os comhair an Phápa fhéin, agus dúirt leis, gur mhaith leis leanúint le fís an Easpaig de Bresillac a chur i gcrích. Thug an Pápa a bheannacht fhéin dó, agus mhol dó casán an easpaig a leanacht. Ba dhian an misean é, ag an am sin, nó ba é ainm a bhí ar an gcríoch mhiseanach sin acusan, ag an am, nó Reilg na bhFhear Geal, agus cúis mhaith chuige sin, nó ní mhaireadh na fir gheala chéanna ann, ar an meán, ach thart ar dhá bhliain. Caithfidh go raibh creideamh thar na bearta ag na misinéirí sin!
Bheannaigh Dia a saothar, nó taobh istigh de dheich mbliana, bhí triocha sagart den Chumann ag saothrú leo sa mhisean sin, agus faoin mbliain 1907 bhí breis agus dhá chéad misinéir amuigh ansin san Aifric acu. Bí ag caint ar fhás aon oíche!
Ach caithfimid dul siar beagáinín, go dtí seachtóidí an naoú haois déag, nuair a tharla go raibh dhá chríoch mhiseanacha thábhachtacha ag an SMA ina raibh Béarla á úsáid go hoifigiúil iontu, agus b’in iad an Nigéir, ar choilíneacht Sasanach í, ón mbliain 1862, agus An Aifric Theas, mar a raibh Béarla riachtanach do na misineirí. Mar sin, theastaigh misinéirí le Béarla go géar uathu, agus b’in a tharraing a n-aird ar Éirinn, a chéaduair. Sa bhliain 1876, d’oscail an SMA misean san Airfic Theas, agus tharla gur chuir siad aithne ar shagart Éireannach, dárb ainm James O Haire sa Chríoch sin, agus b’eisean a mhol dóibh dul go hÉirinn, le misinéirí a earcú ansin, le teacht i gcabhair orthu. Ba é deireadh an scéil sin é, no gur chuireadar an tAthair O Haire fhéin go hÉirinn thar a gceann. Thug sé a aghaidh ar Chorcaigh na Long, agus fuair cead ó Easpag Chorcaí dá thionscadal. An bhliain dár gcionn, chuir sé cearthrar mac léinn ó Chorcaigh go dtí an Chliarscoil i Lyons na Fraince, le dul i mbun staidéir don tsagartacht ansin. Níor fhan an tAthair O Haire i bhfad i gCorcaigh, nó níor bhall den SMA riamh é, agus chuaigh sé arais chun na hAfraice Theas arís, chomh luath agus a d’fhéadfadh sé. Cuireadh sagart Francach, “Pere Francois Devoucoux” go hÉirinn, sa bhliain 1878, lena áit a líonadh ansin. Tháinig Sasanach saibhir, a d’iompaigh ina Chaitliceach tamall roimhe sin, i gcabhair ar an sagart Francach sin, agus trína chabhair siúd, cheannaigh sé sealúchas breá ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, agus ba ar an suíomh sin a tógadh scoil sa bhliain 1880, agus séipéal, an bhliain dár gcionn, agus is ar an suíomh sin atá croí agus ceanncheathrú an SMA sa tír seo, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba é a theastaigh ó na Francaigh áfach, nó an scoil sin a úsáid, le mic léinn a ullmhú dá gCliarscoil fhéin i Lyons, ach ar an gcéad dul síos, ní raibh an oiread sin mic léinn á n-earcú acu, agus níos measa fós, d’éirigh roinnt mhaith díobh sin as an staidéar, sular oirníodh ina sagairt thall iad. Ansin, tuigeadh dóibh, sa bhFrainc, go mba mhaith an smaoineamh é, úsáid a bhaint as an scoil sin i gCorcaigh, le deis a thabhairt do mhic léinn Francacha, seal a chaitheamh ansin ag foghlaim Béarla.
Sa mbliain 1883, cuireadh ball eile den Chumann go hÉirinn, in áit “Phere Devoucoux”. Eilbhéiseach ba ea an tAthair Joseph Zimmerman, agus chaith seisean ocht mbliana is fiche i gCorcaigh, agus b’eisean, thar éinne eile, a mhúnlaigh an Cúige Éireannach den SMA. D’éirigh leis an sagart iontach seo dul i gcionn ar easpaig, ar shagairt agus ar thuataí Éireann, agus fuair cabhair agus cúnamh fial flaithiúil uathu. Ach ba chóir a lua anseo, go ndeachaigh sé i gcionn, ar bhealach speisialta, ar Llewellyn Blake, ball de cheann de na clanna caitliceacha ba cháiliúla san Iarthar ó tháinig muintir De Burgo chun na dúiche sin, sa dara haois déag, agus ba in ómós dá shinsir Bhreatnacha a baisteadh Llewellyn air. B’iarshaighdiúir é, a chaith seal ag saighdiúireacht san India, mar bhall de na Connaught Rangers, mar ar bhain sé céim Leifteanantchornéal amach dó fhéin. B’fhear saibhir é, a raibh teach breá mór aige i Cloughballymore, láimh le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil é, gur bhronn sé an teach sin ar an SMA, ach mhair sé fhéin sa teach sin in éindigh leo, go deireadh a laethe. Ar ball, fuair sé teach mór a athar, Ballinafad House, le hoidhreacht óna athair, agus bhfuil fhios agat céard a rinne sé leis an teach sin freisin? Sea, thug sé an teach sin freisin don SMA, sa bhliain 1908, agus b’in an áit a raibh Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, mar ar chaith mé fhéin dhá bhliain, ag freastal air, i dtús na ndachaidí. Níorbh é amháin gur bhronn Llewellyn an dá áras álainn sin ar an SMA, ach bhí dhá eastát fhairsinge ag gabháil leis na hárais chéanna sin, agus bronnadh iadsan freisin orthu, agus chomh maith leo sin uilig, thug sé airgead dóibh go fial fairsing freisin, sa chaoi gur ghearr go raibh an tAthair Zimmerman ag iarraidh Cúige neamhspleách de Chumann an SMA a bhunú anseo in Éirinn, nó cheana féin, sa bhlain 1888, d’éirigh leo sealúchas breá fairsing eile a cheannacht i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí áit ar tógadh Coláiste Sheosaimh, agus sa bhliain 1897, thóg an tAthair Zimmerman séipéal breá ansin, i Wilton. Tá an séipéal ansin go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus bheadh fhios agat láithreach, go raibh baint eicínt ag an seipéal sin leis an Eilbhéis, nó tá crochadh an dín níos géire i bhfad ná mar a gheofá, coitianta, sa tír seo.
Pé’r bith scéal é, d’éirigh leis an Athair Zimmerman an comhar a íoc le Llewellyn nuair a d’éirigh leis, a chur ina luí ar an bPápa, an teideal, Cunta, a bhronnadh air sa bhliain 1907, agus chomh maith le sin, deineadh ball onórach den SMA de. Níor bheag sin, lena meas air, agus lena n-urraim dó, a léiriú.
Fad is a bhí na rudaí sin uilig ag tarlú, bhí an sagart Eilbhéiseach sin, ar a mhíle dhícheall, ag iarraidh Cúige Éireannach den SMA a bhunú anseo, nó, go dtí an pointe sin, ní raibh acu anseo in Éirinn ach cuid den Mhisean Francach, gan Ionad Fealsúnachta nó Cliarascoil dá gcuid fhéin acu, le misinéirí Éireannacha a ullmhú don tsagartacht iontu, ach ní raibh na Francaigh sásta géilleadh puinn don Athair Zimmerman, nó dá lucht tacaíochta, agus bhí ina chogadh neamhaí eatarthu. I ndáiríre, rinne siad a míle dícheall le féachaint chuige, nach dtarlódh a leithéid, ach i ndeireadh na dála, bhí an brú ón Eilbhéiseach, agus ó Easpaig Éireannacha sách láidir, le cur ina luí ar an Vatacáin, gur chóir dóibhsean géilleadh, agus sa bhliain 1909, tugadh an cead pápúil do na hÉireannaigh, le scoil Fealsúnachta, agus Diagachta, dá gcuid fhéin, a bhunú ina gceanncheathrú, ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh. Osclaíodh na hionaid sin, ar an 20 Meán Fómhair, 1909, agus b’in an chéad Mhór-Chliarscoil, dírithe ar na misin choigríocha amháin, a osclaíodh riamh sa tír seo.
Bhí ceataí sa scéal áfach, nó ag an bpointe seo, dhearbhaigh na Francaigh don Vatacáin, go mbeadh siad sásta Cúige Éireannach den SMA a cheadú, ar choinníoll go ndéanfaí an tAthair Zimmerman a aisghairm chun na Fraince, agus an tAthair Stephen Kyne a chur go hÉirinn ina áit. Glacadh leis an gcomhghéilleadh sin sa Róimh, bíodh nach raibh na hEaspaig abhus, nó an Cunta Blake, sásta leis an socrú sin, olc, maith, nó dona, agus bíodh go ndearna siad chuile dhícheall a chur ina luí ar an Vatacáin nár chóir an tAthair Zimmerman a aisghairm, níor tugadh orthu áfach, ach an chluas bhodhar. D’imigh an sagart sin ar ais chun na Fraince, agus sa bhliain 1910 seoladh chun na Stát Aontaithe é, agus bíodh gur chaill roinnt mhaith de na hEaspaig agus de na tuataí Éireannacha, suim sa Chumann dá bharr, ag an am gcéanna, fuair na misinéirí Éireannacha cead a gCúige neamhspleách fhéin a bhunú, sa bhliain 1912. Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1916, dhírigh na hEaspaig Éireannacha a ndúthracht ar Mhisean Mhá Nuat chun na Síne, agus ar ball arís, sa bhliain 1932, bunaíodh buíon eile, The Kiltegan Fathers, le dúil na nEaspag sna misin a léiriú, dúil a dhúisigh an tAthair Zimmerman iontu, blianta fada roimhe sin. Ag an am gcéanna, agus tráthúil go leor, bhí an-dul chun cinn déanta ag an SMA Éireannach, agus bhí an tAthair Stephen Kyne chomh díograiseach sin, gur éirigh leo, ní amháin teacht i dtír, ach d’éirigh leo fás agus forbairt, sa tslí go raibh an Cúige Éireannach den Chumann neamhspleách ar fad ar an Máthair-Chumann sa bhFrainc. Ach, chaithfeadh duine smaoineamh gur mhór an trua é, gur tharla an t-easaontas sin idir an Athair Zimmerman agus an Mháthair-Chumann céanna sin sa bhFrainc, nó níl dabht ar domhan, ach gur bhain an t-easaontas céanna sin siar go mór as a ndul chun cinn, agus as an tacaíocht, agus as an gcúnamh, a bhí curtha ar fáil dóibh, roimhe sin, ag Easpaig, ag sagairt, agus ag tuataí Éireann. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!
Faoin mbliain 1922, bhí trí scór misinéir ag saothrú leo, ar na misin choigríocha, ag Cúige Éireann den SMA, agus ag an am gcéanna, bhí céad triocha ábhar sagairt á n-ullmhú don tsagartacht acu ina gcúig Choláiste, anseo i dtír na hÉireann. Osclaíodh Cliarscoil bhrea, nua, fairsing, don Chumann, in ”Dromantine”, i gContae an Dúin, sa bhliain 1926, nuair a d’éirigh leis an gCumann “Dromantine House” a cheannach, rud a tuigeadh a bheith dodhéanta sa taobh sin tíre, ag an am.. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi Cloughballymore House agus faoi Dromantine House, amach anseo.
D’imigh sin áfach, agus tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, tá an Cumann céanna sin beo beathaíoch fós, agus faoin am seo, tá naoi gCúige den Chumann ann, agus ceanncheathrú acu sa Róimh fhéin. Tá breis mhaith is míle sagart acu ar mhisin, ó cheann ceann na cruinne, agus ní gá a rá, gurb é an Cúige Éireannach, an Cúige is mó orthu uilig, nó tá thart ar cheithre chéad sagart acusan ar na misin. Tá tarraingt ar chéad milliún daoine ina gcónaí sna críocha a ndéanann siad freastal orthu, áit a bhfuil thart ar 4%, nó 5%, díobh ina gCaitlicigh.
Bhuel, sin agat anois roinnt éigin eolais faoin “outfit” a raibh mé fhéin bainteach leo, ar feadh breis is naoi mbliana, nó bhí mé i ngiorracht bhliain go leith do bheith oirnithe, nuair a d’fhág mé Cliarscoil Dromantine, sa bhliain 1950. Ach, b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam faoin SMA, an babhta seo, ach tuigeadh dom, nach bhféadfaí mo scéal a thuiscint i gceart, mura líonfainn isteach cuid den mhioneolas céanna sin.
.
.
.
.