Gaelú nó Galldú

Gaelú nó Galldú

Gaelú nó Galldú ?

Peadar Bairéad

At the Cross-Roads

Nach deacair teacht ar nuachtán ar bith, na laethe seo, nach mbeadh chuntas eicínt ann faoi na hEachtrannaigh seo uilig, atá ag tarraingt ina gcaise  do-stoptha ar an dtírin s’againne, faoi mar ba Thír Tairngire í. Ní gá a rá, go mbíonn a chúis fhéin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad. Rud nua ar fad dúinne is ea an t-ionradh eachtrannach seo, agus dá bharr sin, níl muid ach ag éirí cleachtach air, agus ó tharla gur oileán í seo, ní raibh aon ró-fhonn orainn, i dtosach, an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón dtaobh amuigh. Ag an am gcéanna, tá an fhéile agus an fháilteacht ag roinnt linne le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Anois, ó tharla nach bhfuil ar ár gcumas freastal ar riachtainisí an tsaoil mhóir uilig, socraíodh, thar ár gceann, go ndéanfadh muid freastal orthu siúd a léirigh dúinn, go raibh tearmann ag teastáil uathu, agus chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligint isteach freisin, agus chomh maith leo siúd uilig, socraíodh ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana.

A steady flow

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn ina gcaise thréan, do-stoptha, go dtí go bhfuil, faoi láthair, oll-uimhir imirceach socraithe inár measc. Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí, ar chóir dúinn na daoine sin a ligint isteach sa tír seo, nó tá siad linn anois, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanamh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Chuir sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfadh muid fhéin freastal ar an dtrá sin. Sea, agus coinníonn sin rotha an tíogair cheiltigh s’againne ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht, agus i gcás na ndaoine a tháinig ag lorg tearmainn, glacadh leosan freisin, le mórchroí, inár measc.

Face the Future

Sea, tá na daoine sin uilig linn anois, agus in áit bheith ag smaoineamh ar na seanlaethe, is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh fhéin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, raghaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha fhéin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidinne ciallmhar, cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phhobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muis, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves !

Conas is féidir sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir sin a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Bíodh fáilte rompu san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, frí chéile. Chomh maith leo sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlachadh san Eaglais, sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, agus i gCúrsaí Spóirt. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil fhéin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

Gaelú nó Galldú

Gairdin an Ghorta….

Gáirdín an Ghorta

.

Peadar Bairéad

.

Minic a théim ar chuairt go Carraig Seabhac, i gContae Chill Chainnigh, na laethe seo, agus chuile bhabhta a théim ar an mbóthar sin ó Chnoc an Tóchair go Baile Róibín, ar mo shlí go ceann mo scríbe, feicim an Cuimhneachán sin a tógadh, le dán crua, céasta, ár ndaoine, ar a dturas trí phóirsí dorcha an Ghorta Mhóir, a chur i gcuimhne dár ndaoine fhéin, agus d’aon taistealaí a tharlaíonn fan na slí sin. Bíodh gur chuir mé romham, go minic, cuairt a thabhairt ar an leacht céanna sin, níor dhein mé an mhian sin a shásamh go dtí le déanaí.

Tharla go raibh mé ar an mbóthar sin, lá breá gréine i lár an tSamhraidh seo caite, nuair a bhuail an fonn mé stopadh agus buaileadh isteach, le spléachadh a fháil ar cibé a bhí folaithe taobh thiar den bhfalla sin ar thaobh an bhóthair. Rinne mé an carr a pháirceáil, cóngarach d’Ionad na gCuairteoirí, agus nach breá oiriúnach an tIonad é, le hatmosféar na ré dorcha sin a chruthú, nó céard tá ann ach teach beag tuaithe, ceann tuí, tógtha, agus leagtha amach taobh istigh, faoi mar a bheadh teach dá leithéid sa naoú haois déag. Fuair mé bróisiúr ansin a thug chuile eolas dom faoin Ionad Cuimhneacháin sin, agus bhí ar mo chumas úsáid a bhaint as an mbróisiúr céanna sin agus an píosa seo á scríobh agam.

Cuairt ar an nGáirdín

Ar an gcéad dul síos, tugann an cuairteoir Gáirdín na Saileach faoi deara, nó tá sin ann le cur i gcuimhne dúinn na scileanna agus na ceirdeanna a bhí ag ár muintir roimh an nGorta Mór, nó bhí ar a gcumas úsáid a bhaint as slata na sailí sin i gcleachtadh a scileanna caoladóireachta. Déanann an teach tuaithe an gnó céanna sin, nó breathnaigh ar obair na saor cloiche, agus ar scil na dtuíodóirí atá le feiceáil go soiléir againn i leagan amach an tí sin.

Téann an cuairteoir ar aghaidh ansin thar Gharraí na bPrátaí, taobh leis an teach, agus chun tosaigh uaidh sin go dtí gabhal dhá bhóthar. Ar thaobh amháin tá Casán na mBeo, agus ar an dtaobh eile, tá Slí na Fírinne, nó b’in iad na bóithre a bhí le taisteal ag ár muintir, ar a mbealach trí chruatan an Ghorta Mhóir. Ag dul chun cinn ón bpointe sin, tagann tú ar Dhroichead na nDeor a ligeann isteach go hOileán an Ocrais thú, oileán a bhfuil Clais an Bhróin ar thaobh amháin de agus Abhainn na nDeor ar an dtaobh eile. Ag fágáil an oileáin sin taobh thiar díot téann tú thar Dhroichead an Chruatain, agus ansin, is féidir An Ré Chiúin a fheiceáil ar thaobh amháin, agus Gáirdín na Flúirse ar an dtaobh eile. Má théann tú trí Gháirdín na Flúirse sroicheann tú Cruinniú na Féile, an áit sin le pobal a thionól, le cur i gcuimhne dhúinn gur éirigh le cuid áirithe den phobal s’againne a mbealach a dhéanamh trí chruatan, trí ghorta, agus trí Abhainn na nDeor. Ina dhiaidh sin, tá Gáirdín an Dóchais agus na Síochána, le sos agus suaimhneas a thabhairt dóibh agus le deis a thabhairt dóibh, dul i mbun an tsaoil arís.

Scéal ár gcine

.

Feiceann muid mar sin, go rianaíonn an casán trí Gháirdín an Ghorta scéal ár gcine ar a mbealach ó laethe na flúirse agus na féile, isteach i bhfásach maraitheach an Ghorta Mhóir, agus go leanann sí a seal trí ghleann cinniúnach úd an bháis is an anró, agus ansin, léiríonn sé fís an dóchais agus na síochána a mheall chun tosaigh iad ar a mbealach éalaitheach as oileán an ocrais.

Ní gá dhom scéal an Ghorta Mhóir a insint dhaoibh anseo, nó tháinig an scéal céasta céanna sin anuas mar uacht chuig chuile dhuine againn ó na daoine a d’imigh romhainn. Ba scannrúil uafásach an scamall a dhrochaigh spéartha ár gcine sa deichniúr sin, a shín ó 1841 go dtí 1851, agus ba dhian a dhíol ár muintir as cuairt úd fhear an chorráin chaim, nó nuair a bhí chuile shórt thart, bhí thart ar mhilliún duine dár gcine ag tabhairt an fhéir, agus thart ar an uimhir chéanna glanta leo ar imirce ar an mbád bán. Ba throm an buille é sin d’ár náisiún, agus ní haon ionadh gur briseadh ar spiorad agus ar mhisneach ár bpobal. Chailleamar freisin an bród agus an dínit a bhain leo siar thar na blianta. Chailleamar ár dteanga dhúchais, geall leis, agus briseadh ar nósanna na meithle, agus an chomhair, a bhí mar cheangal ar phobail na muintire s’againne le sinsearacht, agus fágadh ár ndaoine ar an ngreim ghortach, iad i muinín na mine buí, agus ar ball, i muinín an bhacstaí, mar phríomhbhianna laethúla. Bianna a bhfuair mé fhéin blas, nó míbhlas, orthu, i bhfichidí, agus i dtriochaidí, na haoise seo caite, rud a léiríonn go mbíonn ruball fada, scanrúil, ar bheart dá leithéid. Seo dán beag a chum mé tamall ó shoin faoi Ghorta Mór 1847.

An Gorta

.

Siúlaim go buartha um nóin, ar lorg na bhfear is na mban

A shíothlaigh go ciúin gan fhuaim, cois claí, cois calaidh, cois fáil,

A thit gan torann gan tuairt, iad ar thóir na bpóiríní buí,

Ar thóir an lusra gan bhrí, ar thóir na bhfaochóg cois trá.

.

Ach faraoir géar! gan giob, le fáil acu, thoir nó thiar,

Ach ráflai, is bolaithe bia, á dtiomáint gan sos, gan scíth,

Á dtiomáint gan rath, gan ádh, trí ghort, trí gharraí, cois trá,

Gur leag idir ghorta is phlá a gcoirp bhocht’ feoite ar lár.

.

.

Sna dumhacha, feicim go fóill, luaithreach a dtinte is a gcreach,

Mar ar róst siad sligéisc is éin, le cúl a chur ar an mbás.

Gan iontu féith nó feoil, ach craiceann gan rath agus cnámh’,

Ag ceann a gcúrsa, is a gcrá, i nGleann seo buartha an Áir.

.

.

Ach níor éirigh leo bua a fháil ar dhiabhail an ocrais is na plá,

Gur síneadh, gan ola, gan chré, a gcoirp gan téagair, faoin spéir,

Gan sagart, gan deora, gan só, cois claí, cois caladh, ag dreo,

Mar a bhfanann gan síocháin go fóill, ag súil le deora , is ochón!

.

Gan éinne ag éisteacht leo fós, lena gcnead, nó le géire a nglór,

Iad ag impí, ag agairt, is ag guí, lena slánú in Iothlainn an Rí,

I bParrthas na nGrást go rabhaid, uaidh seo go Lá leacach an Luain

Trí ungadh a liag is a gcarn, is trí phaidir a chur lena n-anam.

.

.

         .

Gaelú nó Galldú

Geasa Droma Draiochta

ag ransú, searching; éadáil, a find; tuirse na leisce, boredom; déanfaidh sé cúis, it will do; geasa droma draíochta, inviolable magic spells; mám, a handful; loiscneach, burning; bunaosta, on in years; fíonghort, vineyard; dufair, jungle; cnámharlach, skeleton.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Forest of the Pygmies”

by

Isabel Allende

Peadar Bairéad

.

In Loughboy Library

Istigh i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé, an lá cheana, agus mé ag ransú trí leabhair iomadúla na leabharlainne céanna sin, ag súil le héadáil eicínt, a choinneodh tuirse na leisce uaim, ar feadh scathaimh fhéin. Níor theastaigh leabhair mhóra, throma, léannta, uaim ar an ócáid. Ba é a bhí uaim, i ndáiríre, nó leabhar eicínt a chuirfeadh faoi gheasa mé le teannas agus le spreagthacht a scéil. Bhreathnaigh mé ar an leabhar seo, agus scrúdaigh mé an leabhar úd eile, ach níor shásaigh ceachtar acu mé. Ar deireadh thiar, tháinig mé ar an leabhar beag seo, dár teideal. Forest of the Pygmies le Isabel Allende, agus tar éis dom an “blurb ar chlúdach an leabhair sin a léamh, bheartaigh mé ar thriail a bhaint as, nó caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, chuile lá riamh, sna Pigmithe céanna sin.

It will do !

Sea, arsa mise liom fhéin, déanfaidh an leabhar seo cúis do thuras na huaire seo, agus mura dtaitníonn sé liom, nach féidir liom é a thabhairt ar ais don Leabharlann, gan mórán achair, agus cuir le sin, nach gcosnódh sé faic, taobh amuigh de tháille na bliana, agus nach n-aontófá liomsa anois go mba shladmhargadh, i dteanga ar bith, a bhí á fháil agam.

Ach, céard faoi na geasa droma draíochta úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas?

Bhuel, bí ag caint ar gheasa! A leithéid de dhraíocht ní fhaca éinne riamh. Ach b’fhéidir nárbh aon dochar anois é, tagairt a dhéanamh d’údar an scéil seo.

Isabel Allende

Mar adúirt mé, is í Isabel Allende údar an leabhair seo. Bean í a rugadh i bPeiriú agus a tógadh sa tSile. údar clúiteach, a bhfuil mám d’úrscéalta mór-ráchairte curtha di aice, cheana féin, agus ina measc-san tá “The House of the Spirits”, “The Infinite Plan”, agus “Forest of the Pygmies”, a scríobh sí mar ruball ar an scéal eile úd, “Kingdom of the Golden Dragon”. Ba í Margaret Sayers Peden, a d’aistrigh an scéal go Béarla, agus nár dheacair locht a fháil ar scil an aistritheora chéanna sin?

An Elephant Safari

Féach mar a chruthaíonn an t-údar atmosféar an scéil sa chéad chaibidil.

“At an order from the guide, Michael Mushaha, the elephant caravan came to a stop. The suffocating heat of midday was beginning, when the creatures of the vast nature preserve rested. Life paused for a few hours as the African earth became an inferno of burning lava, and even hyenas and vultures sought the shade.”

Cén fáth a bhfuil an “Caravan” sin amuigh faoi theas loiscneach úd na gréine, ar an ócáid áirithe sin? Bhuel, bíodh go raibh Kate Cold bunaosta go maith faoin am seo, tugadh post speisialta di, dul chun na nAifrice, le tasc áirithe a dhéanamh don Iris cháiliúil úd, “International Geographic”. Ba é údar na hIrise sin a thug an tasc speisialta sin di, dul chun na hAifrice agus scéal faoi leith, maraon le pictiúir, a chur ar fáil don Iris, ar an dá luathas. Thóg Kate a garmhac Alexander Cold, agus a chara siúd, Nadia Santos, lei, ar an aistear fada, casta, achrannach, contúirteach sin. Thóg sí freisin, grianghrafadóirí, agus cúntóirí, a chuirfeadh chuile chúnamh riachtanach ar fáil di. D’fhostaigh sí Mushaha, len iad a sheoladh, ar Safari eilifintí, go dúiche rua, róstach, na Céinia.

Brother Fernando

Ar a mbealach suimiúil, corraitheach, casadh misinéir, Brother Fernando, orthu, agus d’iarr seisean orthu, teacht i gcabhair air, le roinnt dá bhráithre a cailleadh sa dufair, tamall roimhe sin, a chuartú agus a fháil. D’fhostaigh lucht an Safari eitleán Angie Ninderera, cara leo, le dul ag cuardach na misinéirí, agus thuirling siad sa dufair, cóngarach do bhaile Ngoubé, nó tuigeadh don mhisinéir, do Brother Fernando, gur sa dúiche sin a bhí siad ag saothrú i bhFíonghort an Tiarna.

Bhí go maith is ní raibh go holc, ach ar an drochuair, deineadh damáiste doleigheasta don eitleán sa tuirlingt chéanna sin, agus fágadh an bhuíon ansin, gan a dtreoraí, Mushaha, le cinnireacht a dhéanamh orthu. Tharla anois, go raibh an dream sin ar fad caillte i lár na dufaire, iad fhéin, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhí siad gan chóir iompair, len iad a tharlú ar ais go dtí a Safari. Tar éis dóibh tamall fada a chaitheamh ar a marana, tuigeadh dóibh, gur chóir dóibh an t-eitleán a fhágáil ansin, agus dul ag taisteal tríd an dufair. Fuair siad síob i mbád ó bheirt dhúchasach, agus thóg siadsan cóngarach do bhaile Ngoubé iad, áit ar cuireadh i dtír iad, agus trí mheascán de theangacha éagsúla, agus trú chomharthaí, d’éirigh leo a gcás a mhíniú do na hiascairí dúchasacha, agus mar, quid pro quo, mhínigh na hiascairí dóibhsean faoi leagan amach na dúiche ina raibh siad, faoin Rí Kosongo, a bhí i gceannas na tíre sin, agus faoin chaoi a raibh an dúiche sin, agus a muintir, faoina smacht aige. Bhí cónaí ar Phigmithe sa dúiche sin freisin, agus bhí siadsan mar sclábhaithe faoi bhois an Rí úd Kosongo.

“The men explained that no one ventured into the area without the authorization of King Kosongo, who had no great love for foreigners.”

A Despot ?

Le scéal gairid a dhéanamh den alt seo, rinne an Rí úd príosúnaigh de na taistealaithe eachtrannacha seo, agus ba ansin a fuair siad amach, i ndáiríre, faoi chumhacht agus faoi mhodhanna oibre an Rí. Bhí na dúchasaigh uilig scannraithe ag an Rí, agus ag a lucht leanúna, ach thar éinne eile, ag a dhraoi.

Ar an gcnámharlach sin a chrochann an t-údar mná seo a scéal, agus caithfidh tú a admháil go bhfuil deacrachtaí iomadúla le sárú ag an údar, le críoch sásúil, inghlactha, a chur leis an scéal seo. Ar tháinig siad slán? Ar cailleadh sa dhufair iad? An raibh ar a gcumas draíocht agus geasa na Rí agus a Dhraoi a chlaoi?

Níl ar intinn agamsa na fadhbanna sin a scaoileadh dhuit anseo. Caithfidh tú fhéin an leabhar a léamh, le fios fátha gach scéil acu seo a fháil, ach caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin taitneamh agus sásamh as, bíodh nach é seo an cineál scéil a mheallann chun léitheoireachta mé, de ghnáth.

Ach, más spéis leat draíocht, geasa, agus an tsíorchogaíocht a fheartar idir an mhaith is an t-olc, tá mé cinnte go mbainfidh tú adhmad agus toit as an scéal neamhghnách seo.

Gaelú nó Galldú

Geimhreadh chugainn A .

Geimhreadh chugainn

Peadar Bairéad

(This week we consider the oncoming Winter Season)

.

Clocha Ceangailte is Linn ‘na Leac

Anois,odh go raibh muid uilig ag baint taitnimh as Samhradh beag na nGéanna suas go deireadh an Fhómhair, ag an am gcéanna, d’fheicfeadh an tsúil ghéar go raibh muid i ngiorracht urchar méaróige do Shéasúr garbh, gangaideach, an Gheimhridh. Ní call dom a rá, go bhfuil na laethe ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad. Is ísle go mór fada an ghrian ar an spéir um mheánlae anois, rud a fhágann nach bhfuil an teas céanna á dháileadh orainn ag ár seanchara, an ghrian gheal, ghlórmhar, agus go bhfuil lucht réamhfhaisnéis na hAimsire ag fógairt go bhfuil glaisreo chugainn gan aon ró-mhoill.

Tá roinnt mhaith de na héanacha a tháinig chugainn ar chuairt Samhraidh imithe leo abhaile, cheana fhéin, agus gan fágtha againn anois ach ár seanchairde, na préacháin, na dreoilíní, na loin dubha, na druideanna, agus thar aon éan eile, an spideoigín cairdiúil, comharsanúil. Ní cheolann na héin chéanna sin chomh binn blasta is a dhéanaidís le linn Shéasúr na Cúplála, nó fiú, le linn dóibh bheith ag tógail clainne, nó nach é an rud is mó a dhéanann tinnis dóibh, an tráth seo bliana, nó teacht i dtír, agus iad ag súil go bhfaighidís bua ar Gheimhreadh gáifeach eile. Ní call dom a rá, go dtagann éanacha eile ar chuairt turasóra chugainn le linn Shéasúr fuar oighreata an Gheimhridh.   

“Yellow and black and pale and hectic red”

Breathnaigh anois ar an bhfásra atá thart orainn, idir chrainn, toir, agus bláthanna, agus is gearr go dtabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil an Geimhreadh ina rás chugainn. Thabharfá faoi deara láithreach, an t-athrú atá tagtha ar dhathanna na nduilleog, nó tá a mbunús tite, cheana féin, agus roinnt eile ag athrú datha ar a ndícheall, agus iad ag iarraidh dul i bhfolach ón sioc agus ón síon a thuigeann siad a bheith chucu, gan aon ró-mhoill, ach tógann siad croí an duine daonna, lena ndathanna áille Fómhair, cuid acu donn, cuid acu órga, agus cuid eile fós, chomh dearg le caor. Nach álainn an feic iad faoi sholas na gréine? Breathnaigh ar na toir, thart orainn, faoin am seo bliana, agus feicfidh tú go bhfuil a mbunús maol, feannta, cheana féin, ach anseo is ansiúd, feicfidh tú tor síorghlas, tor nach gcailleann a dhuilliúr in aon chor, ar theacht an Gheimhridh, ach breathnaigh ar na bláthanna, agus feicfidh tú an slad is an t-ár atá imithe orthusan ag gaoth, ag fearthainn agus ag fuacht. Cheana féin, tá bláthanna geala, péacacha, an tSamhraidh, sínte, tréith, agus gan le déanamh acusan ach iarracht a dhéanamh ar a síolta a chur i dtaisce don chéad bhliain eile. Tá bláthanna eile ann, a mhaireann, ar neamhchead don bhfuacht agus don oighir, agus le cois na mbláthanna sin uilig, tugann roinnt eile dúshlan glan an Gheimhridh fhéin, agus leanann orthu i mbláth, faoi shrón náimhdeach na haimsire dona.

Geimhreadh chugainn

.

Íslíonn grian i dtreo léaslíne, is slógann scamaill ar spéartha liath’,

Tréigeann cuach is fáinleog luath, críocha ársa Choinn is Bhriain.

Feonn féar, is críonann duille, lomtar tom , is nochtar sceach,

Líontar díog, is leatar srutha, clocha ceangailte is linn ‘na leac.

.

Cosctar ceol fuiseoig’ is céirsí is leathann tost thar shliabh is ,

Ach ceolann dreoilín ar ghéag gan duille, ag fógairt áir ar fhuach is crá.

Anáil na mbó ina gal gheal, reoite, á stealladh uathu ina múrthaí ceo,

Éin gan deoch, gan bhlas le n-ithe, Talamh sioctha, is loch faoi reo.

.

Feannann goimh an craiceann daonna, is cránn fós ainmhí is éan,

Sileadh sróin’ is casacht phléascach, toradh siúl amuigh faoin aer.

Ceolfaidh dreoilín, is feadfaidh lon dubh, fillfidh arísinleog is cuach,

Is tógfar croíthe le háthas saolta le ceol is dath ó Rí na nDúl.

.

Gaelú nó Galldú

Geimhreadh chugainn.

Geimhreadh Chugainn .

Íslíonn grian i dtreo léaslíne,

Is slógann scamaill ar spéartha liath’

Tréigeann cuach is fáinleog luath

Críocha ársa Choinn is Bhriain.

.

Feonn féar, is críonann duille,

Lomtar tom, is nochtar sceach,

Líontar díog, is leatar srutha,

Clocha ceangailte is loch ‘na leac.

.

Cosctar ceol fuiseoige is loin duibh,

leathann tost thar shliabh is má,

Ach ceolann dreoilín ar ghéag gan duille,

Ag fógairt áir ar fhuacht is crá.

.

Feannann goimh an craiceann daonna,

Ainneoin a gcaitear d’éadaí trom’

Sileadh sróine is casacht phléascach,

Toradh tréimhse amuigh faoin aer.

.

Anáil ‘na mbó ina gal geal reoite,

Á stealladh uathu ina múrthaí ceo,

Éin gan deoch, gan bhlas le n-ithe,

Talamh sioctha, is linn faoi reo.

.

Fadhb gan scaoileadh don duine daonna,

Foighid a oireann i gcás gan bhrí,

Ach don té a mhaireann is a thuigeann tada,

Fillfidh Earrach is fásfaidh síol.

.

Ceolfaidh dreoilín, is feadfaidh lon dubh,

Fillfidh athuair fáinleog is cuach,

Tógfar croíthe le háthas saolta

Le ceol is dath ó Ri na nDúl.

.

***************************************

.

en_USEnglish