“Brave New World!”

“Brave New World!”

Sa lá atá inniu ann, níl ach cúpla téama á dtuairisciú sna meáin, Brexit, Trump, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta, san áireamh.  Ar an drochuair, tugann siad neamhaird ar scéalta tábhachtacha eile, agus níl aon eolas againn ina dtaobhsan.

Scéal mór mar sin is ea bith-haiceáil (biohacking), agus dá mhéad a fuair mé amach faoi sin is ea ba mhó buaireamh a tháinig orm!

.

Bitheolaíocht DIY

Bitheolaíocht atá i gceist anseo, agus déanann baill an ghrúpa sin gach saghas turgnamh bitheolaíochta ar ainmhithe agus orthu féin freisin, fiú.  Is é a dhéanann roinnt de na baill sin ná slis a inchlannú ina gcorp féin. Tá sliseanna féiniúlachta inchlannaithe ag níos mó ná 4,000 duine sa tSualainn, mar shampla.  Tá sé luath fós, ach tá imní ar roinnt mhaith daoine faoina shábháilteacht sin.

Ach tá mé i bhfad níos buartha faoin saghas eile de bhith-haiceáil, eagarthóireacht na géine, ina n-athraíonn daoine cuid bhunúsach na beatha féin – an DNA.  Cumas Diaga é sin, agus tá gá le cur chuige an-chúramach anseo. Ach ní mar sin atá sé ag an am seo, agus níl glactha le mórán rialacha ar chor ar bith. Bhí iontas an domhain orm nuair a  fuair mé amach cén sórt rudaí aisteacha a tharla le déanaí, agus b’fhéidir gurb é an rud is fearr dom a dhéanamh anois nó achoimre gearr a dhéanamh ar chúpla ceann acu sin a thabhairt daoibh.

Rí na Haiceálaithe

Is é Josiah Zayden, a bhfuil cónaí air  i gCalifornia, rí neamhoifigiúil an ghluaiseacht bhith-haiceála seo.  Tá sé mar Phríomhfheidhmeannach ar chomhlacht beag darb ainm ODIN, a dhíolann fearas bith-haiceála saor ar an idirlíon.  Leis an bhfearas seo, tá tú in ann do shaotharlann ghéine féin a bheith agat sa gharáiste. Díolann siad froganna beo freisin, ionas go mbeidh tú in ann instealladh géine a thabhairt dóibh mar thurgnamh saotharlainne, chun tabhairt faoi deara éifeacht na ndrugaí orthu.  Sa chás seo beidh siad ag éirí níos mó tar éis athrú a ngéine.

Ach rud níos aistí fós é go ndéanann Josiah beart de réir a bhriathair.  Cúpla bliain ó shin, rinne sé sruthú beo ar óráid a thug sé ag comhdháil eolaíochta, agus idir é ag caitheamh mallachtaí agus ag ól uisce beatha, thug sé instealladh dó féin.  Dúirt sé go n-athrófaí a ghéinte ionas go mbeadh matáin níos mó aige. Taobh istigh de chúpla mí, rinne cúpla duine eile aithris air, ceann amháin ag rá gur leigheas heirpéas a bhí i gceist, agus ceann eile gur leigheas ar  HIV a bhí ann. Tá sin samhnasach agus mífhreagrach, agus is drochshampla é do gach duine, dár liomsa.

Ach fan!  Éiríonn sé níos measa.  Le fearais saor mar sin a chur ar fáil, tá duine ar bith in ann eagarthóireacht na géine a dhéanamh, gan aon mhaoirseacht.  Agus is féidir rudaí uafásacha a dhéanamh.

An Bholgach ar ais?

Cuireadh deireadh leis an mBolgach sa bhliain 1980, tar éis na milliúin a mharú.  Ach sintéiseadh víreas den chineál céanna cúpla bliain ó shin. Rinne foireann bheag i gCeanada an obair sin gan deacracht, ag baint úsáide as an t-idirlíon chun píosaí DNA a fháil.  Thóg an obair timpeall sé mhí agus chosain sé thart ar 80K Euro. Dúirt an vireolaí Gerd Sutter as an Ghearmáin gur léirigh an obair sin go mbeadh sé indéanta an Bholgach a dhéanamh sa bhealach céanna go furasta freisin.  Nach scanrúil é sin?

Leanaí Deartha

Ag deireadh na bliana seo caite, d’fhógair an taighdeoir Síneach He Jiankui, saolú na chéad daoine le géanóim athruithe sa domhan.  Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh cosc a chur le HIV dóibh, mar bhí an galar sin ag a n-athair. Leis an drochbheart seo, thosaigh sé ré nua an-chontúirteach ina mbeadh sé indéanta athruithe géine a dhéanamh agus a sheachadadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin.   Ní dhearna sé aon tástáil ar ainmhithe, roimh ré, le fail amach céard a tharlódh do na hainmhithe sin agus dá sliocht.

Bhí sé ag cuardach trioblóide nuair a rinne sé an gníomh uafásach sin.  Tharraing sé raic ar fud an domhain, agus in Eanáir 2019, briseadh as a phost in Ollscoil sa tSín é.  Rinne Rialtas na Síne fiosrúchán faoin scéal, agus dúirt siad gur bhris sé an dlí, cé nach raibh a fhios ag éinne cén dlí a bhris sé.

.

Is uafásach na scéalta thuas, agus go deimhin, tá sé thar am dlíthe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ina n-áit, lena leithéid chosc.  Mura ndéantar sin, níl anseo ach tús an leabhair ‘Brave New World’, inar shamhlaigh Aldous Huxley domhan scanrúil am éigin amach anseo!

.

“Brave New World!”

Streachailt an Sínidh Fada!

Tá mé go hiomlán trí chéile!  Nuair a bhreathnaigh mé ar an suíomh www.dataprotection.ie ar an idirlíon, chonaic mé an t-ainm ‘An Coimisiún um Chosaint Sonraí’.  Thug mé faoi deara láithreach go raibh gach rud litrithe ceart agus na sínte fada san áireamh. Nuair a bhrúnn tú ar an táb Gaeilge ar an suíomh, tagann téacs suas as Gaeilge ina bhfuil na sínte fada ar taispeáint go bródúil!

Tamall ó shin, rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir den Choimisiún sin faoin a ainm a bheith litrithe go mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland- d’fhág siad na sínte fada ar lár.  Thosaigh an Coimisiún fiosrúchán ansin, a chríochnaigh le déanaí.

Dúirt tuarascáil an Coimisiúin céanna nach bhfuil fíorchearta ag daoine a gcuid ainmneacha a bheith litrithe go cruinn agus sínte fada san áireamh ann.  Is dochreidte é sin i mo thuairim agus níl aon leithscéal a ghlacfainn, mar tá a fhios agam go ndearna an HSE agus Bank of Ireland neamhaird de na sínte fada in ainmneacha a gcustaiméirí – agus mar sin ní raibh siad in ann iad a phróiseáil.  In ionad iad a dhíriú chun é seo a shocrú, ghlac an Coimisiún le dúnmharú ár dteanga trí neamhinniúlacht.

Cén sórt cosaint sonraí é sin?  Go háirithe nuair a scríobhtar ar shuíomh an Coimisiúin féin faoi cearta daoine ná:

“Is ceart bunúsach cosaint sonraí atá leagtha amach in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE, a deir:

Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonraithe agus ar bhonn toiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach eile atá leagtha síos sa dlí. Tá ceart ag gach duine rochtain ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus an ceart chun é a cheartú.”

Deir Airteagal 16 den EU GDPR go bhfuil dualgas ag an páirte a chuir isteach an eolas phearsanta é a cheartú tar éis iad a chuireadh ar eolas ar aon mhíchruinne.  Mura réitíonn siad an fhadhb go tapa, gearrfar pionós orthu.

In ainneoin an ráitis soiléir sin, d’eisigh an Coimisiún rialú a bhfuil ag easaontú leis na nAirteagal thuasluaite.  Agus ní hé Ciarán an t-aon duine a bhfuil a ainm litrithe go mícheart i gcóras éigin comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, agus mar sin baineann rialú uafásach an Coimisiúin leis a lán daoine sa tír, cé nach bhfuil siad go léir chomh glórach le Ciarán.

Iontas na n-iontas, níorbh é an chéad uair a tharla deacrachtaí le láimhseáil an síneadh fada ach an oiread.

B’fhéidir gur cuimhin leat go rinneadh cáineadh géar anuraidh ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn a gcóras chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Níorbh aon ionadh é mar sin, gur dúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta ba cúis le hainmneacha a bheith litrithe go mícheart acu freisin.

Ní aontaím leis an leithscéal gan dealramh sin – níl ann ach bleadar.

Tá teicneolaíocht sheanbhunaithe ann le déileáil ní amháin le carachtair san aibítir Rómhánach, a bhfuil aiceann orthu, ach le haibítre agus siombail an-difriúil, mar shampla leis an tSínis, an tSeapáinis agus an Ghréigis.  Níl aon deacrachtaí teicneolaíochta ag baint leis úsáid na teangacha sin ar córais ríomhaireachta.

I mo thuairim, ní chuirtear tacaíocht don teanga Gaeilge mar riachtanas bogearraí, nuair a dhearadh na córais sin atá i gceist.  Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hÉirinn agus is mór dár gcórais digiteacha í a thacaíocht. Tá daoine ann cosúil le mo bhean chéile, nach bhfuil ach ainm Gaeilge acu, ina bhfuil sínte fada iontu.  Is rud do-ghlactha é in Éirinn thar áit ar bith eile, gan a bheith in ann ainm Gaelach mar seo a litriú go cruinne.

Dála an scéil, tar éis rialú an Coimisiúin, tá Ciarán ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.  Is cath mór é seo ar mhaithe le cúis fhiúntach, agus tá súil agam go mbuafaidh sé sa deiridh.

Measaim go bhfuil sé íorónta go mb’fhéidir go dtiocfaidh an EU i gcabhair orainn chun litriú ár dteanga féin a chaomhnú, gan smid as ár Rialtas féin ach mífhaisnéis!

.

“Brave New World!”

Ag Breathnú ar Gheataí Ifrinn!

 

Seachtain mhór

Seachtain mhór don Eolaíocht ba ea an dara seachtain d’Aibreán 2019.  Don chéad uair, bhíomar go léir in ann breathnú ar íomhá dochreidte dúphoill (black hole) sa spás.  Breis is céad bliain ó shin, thuar teoiric ghinearálta na coibhneasachta go mbeadh áiteanna sa spás ina bhfuil an domhantarraingt chomh láidir sin, nach mbeadh fiú amháin solas in ann éalú as.  Níor mhaith le hEinstein an tairngreacht seo, forbartha óna theoiric féin le hobair a rinne Karl Schwarzschild. Ag an am, níor chreid Schwarzschild féin gur fíor-rud é an dúpholl, mar bhí sé chomh deacair glacadh leis an gcoincheap ait seo.  Níor tharla mórán taighde eile ar dhúphoill go dtí an bhliain 1958, nuair a phostaláidigh an fisiceoir David Finkelstein go raibh siad ann, agus go raibh raon áirithe timpeall gach dúpholl, agus cé go raibh solas agus ábhar in ann dul isteach trasna an raoin sin, ní raibh aon rud in ann teacht amach as.  Tugadh an t-ainm léaslíne theagmhais (event horizon) ar an raon sin. Thosaigh an fisiceoir John Wheeler ag úsáid an téarma ‘black hole’ sa bhliain 1964, agus lean an t-ainm ó shin i leith.

“Black Holes ain’t so black! ”

Sin a dúirt Rí na nDúpholl, an fisiceoir Stephen Hawking.  Thaispeáin sé sna seachtóidí gur féidir le dúphoill dul i laghad, agus mar sin gur féidir leo fuinneamh a radú.  Níos mó ná aon duine eile, thug Stephen Hawking an dúpholl isteach i dtuiscint an phobail.

Rud amháin is ea an Teoiric!

Le timpeall fiche bliain anuas, aimsíodh níos mó fianaise ag deimhniú gur fíor-rudaí iad na dúphoill.  Creidtear go bhfuil gach uile méid dúphoill ann, idir bheag agus mhór. Creidtear freisin go bhfuil dúpholl for-mórmhaise (supermassive black hole) i lár beagnach gach réaltra, suas go dtí cinn chomh mórmhaise leis na billiúin dár ngrianta!.

Bóthar fada go dtí íomhá!

Sa bhliain 1999, chuir údair páipéar eolaíochta moladh ar aghaidh ag rá go mbeadh sé indéanta íomhá léaslíne theagmhais dúphoill a fháil laistigh de chúpla bliain.  Thóg sé breis agus fiche bliain, ach anois tá íomhá álainn dúphoill againn. Sa bhliain 2006, d’áitigh an réalteolaí Shep Doeleman ar a lán eolaithe cumasacha dul isteach leis ar an eachtra mhór seo.

Fiontar dochreidte a bhí ann, i ndáiríre.  Chun seans a bheith agat íomhá dúphoill a fháil, is gá radaiteileascóp a thógadh le trastomhas an domhain féin – mar úsáideann siad minicíocht 230 GHz chun an íomhá is fearr a fháil.  Ar an dea-uair, tá bealach chun radaiteileascóp fíorúil a dhearú don mhéid sin. Tógtar an iliomad radaiteileascóip, scartha amach ar fud an domhain. Caitear iad a shíoncronú taobh istigh do mhicreashoicind.  Ansin, dírítear iad go léir ar an áit chéanna sa spéir, agus tógtar grianghraif ag an t-am céanna díreach. Tar éis sin, comhordaítear na sonraí le halgartam chun an íomhá deiridh a fháil.

Theip ar Shep agus a fhoireann ar dtús agus rinne siad feabhsaithe, agus leathnaigh siad an gréasán radaiteileascóp go dtí go raibh ocht gcinn ann, i Meiriceá, i Meicsiceo, sa tSile, san Eoraip agus san Antartach.

Bhí a fhios acu ansin go mbeadh seans ann dúpholl for-mórmhaise a fheiceáil, mar atá i lár beagnach gach réaltra. Shocraigh siad ar ár réaltra féin agus ar réaltra M87, for-réaltra atá 55 milliún solasbhliain uainn.

Dhá bhliain ag brúscadh uimhreacha!       

Ag comhoibriú le chéile, thóg foirne saineolaithe idirnáisiúnta teileascóp an EHT (‘event horizon telescope’), ag úsáid 8 radaiteileascóip, i Meiriceá, i Meicsiceo, sa tSile, san Eoraip agus san Antartach.

Bhí an t-ádh dearg leo mar bhí an aimsir go breá ar feadh cúig lá as a bhfuinneog de deich lá a bhí acu chun grianghraif mhaithe a fháil.  Bhí na sonraí i dtaisce ar thiomántáin chrua, agus bhí ar na foirne iad a sheoladh go dtí cúpla áit chun iad a phróiseáil.

D’oibrigh ceithre fhoireann astu féin le linn dhá bhliain, agus fuair siad beagnach na torthaí céanna.  Cuireadh gach rud le chéile, agus chruthaigh siad an chéad íomhá de dhúpholl riamh. Dúirt na saineolaithe go raibh an íomhá comhaontaithe ag aontú díreach le teoiric Einstein!

Dúirt Lucy Hawking, iníon Stephen, dá mbeadh seisean beo, go mbeadh ionadh an domhain air an íomhá sin a fheiceáil.

Sna laethanta bréagnuachta atá ann anois, cuireann sé seo i gcuimhne dúinn go bhfuil an Eolaíocht an-chumhachtach agus beo slán fós in ár measc!

.

“Brave New World!”

Am agus airgead roimh sábháilteacht – Drochscéal an Boeing 737 MAX 8!

Le déanaí, tharla dhá thimpiste thubaisteach i gcás eitleán nua 737 MAX 8 le Boeing.  Bhí na h-eitiltí i gceist díreach tar éis éirí de thalamh nuair a chuaigh rudaí ar fad trí chéile agus thuairteáil na h-eitleáin agus fuair gach duine ar bord bás.  Ar an gcéad dul síos, tar éis eitilt Lyon Air i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, dúirt Lucht Boeing gurbh ar na píolótaí a bhí an locht, toisc nár lean siad an seicliosta réamheitilte.  Ach nuair a thuairteáil an dara eitleán i mí Mhárta i mbliana, agus nuair a rinneadar scrúdú ar na boscaí dubha, bhí patrún an dá eitilt an-cosúil le chéile. Stad gach tír eitiltí an 737 MAX 8 tar éis sin.  Fuair siad amach go raibh an fhadhb chéanna freagrach as na timpistí, agus ní ar na píolótaí a bhí an locht, ach ar drochdhearadh an aerárthaigh féin.

Ba é idirghabháil córas nua uathoibríoch a bhí ciontach, nuair a bhí sé ag iarraidh stalla sciatháin a seachaint, bunaithe ar ionchur ó bhraiteoir uillinn ionsaithe a cheap go raibh an t-eitleán ar tí loiceadh.  Agus cé go raibh dhá bhraiteoir i ngob an eitleáin, níor úsáid an córas nua (darb ainm MCAS) ach ceann amháin, agus sna chásanna seo, bhí an ceann sin briste agus ag rá go raibh gob na n-eitleáin ró-ard nuair nach raibh.  Dá bhrí sin, dhírigh an MCAS an gob síos. Ní raibh na píolótaí in ann réiteach a fháil in am, agus ar an drochuair, bhí an toradh scáfar céanna sa dá chás.

Sa deireadh, ghlac Boeing leis an locht, ghabh siad a leithscéal, and dúirt siad go raibh siad ag obair ar réiteach.  Ceapann formhór daoine gur scéal mí-ámharach é, ach go bhfuil sé idir lámha ag Boeing anois.

Ar an drochuair, níl an fhírinne chomh simplí leis sin!

Uasal agus Íseal

Ar bhealach amháin, is féidir lorg na faidhbe a leanúint ar ais chuig an staighre infhillte a cuireadh ar an gcéad leagan amach den Boeing 737.  Chun éascaíocht a dhéanamh, socraíodh ar eitleán níos ísle ná mar ba ghnáth. Chuir an sonra sin srianta ar dearaí gach leagan amach nua tar éis sin.   Tharla sé sin de bharr fealsúnacht forbairt incriminteach a bhí ag Boeing. In ionad athdhearadh ó bhonn a dhéanamh ar an eitleán, chuir Boeing acmhainní nua ar bharr an bundearadh a bhí acu.  Mar sin, tá a lán de threalamh an eitleáin 737 as feidhm anois. Cé go bhfuil próiseas casta ag píolóta an Boeing 737 chun an eitleán a thosú, níl ach cnaipe a bhrú ar Boeing 767, nó ar ‘Airbus’.  Tá sé níos fearr athdhearadh a dhéanamh chun athruithe móra a dhéanamh, ach tógann sé níos mó airgid agus ama, rudaí a raibh drogall ar Boeing a dhéanamh. Sa lá atá inniu ann, tá nuatheicneolaíocht ann atá i bhfad níos fearr, go háirithe teicneolaíocht ríomhaireachta agus meicniúla.

Le himeacht aimsire, d’éirigh an t-eitleán níos faide, agus chuir siad scairdinnill níos láidre air.  Bhí sé deacair scairdinnill níos mó a chur air, mar ní raibh a lán glanspás acu! Mar réiteach, chuir siad na scairdinnill níos airde ar na sciatháin.  Ach fothoradh den chinneadh sin ná go mbrúfaí gob an eitleáin níos airde amanna. Mar réiteach ar an bhfadhb sin, d’athraigh siad páirt den uathphíolóta darb ainm MCAS, chun an gob a ísliú sna chásanna sin. Ní raibh a fhios ag píolótaí Lion Air faoi na hathruithe sin ar chor ar bith.  Ní raibh ionsamhlóir eitilte ar fáil chun traenáil a thabhairt do na píolótaí, mar ní raibh sé réidh ag an am. Sé an traenáil a fuair siad ná físeán gearr agus leabhar beag. Ag míniú sin, dúirt Boeing go mbeadh obair an phíolóta beagnach mar an gcéanna is mar a bhí cheana, agus nach raibh gá le traenáil bhreise.

Agus céard faoin FAA, foras deimhniúcháin sna Stáit Aontaithe?  Is leor a rá gur lig siad do Boeing an chuid is mó den deimhniúchán a dhéanamh iad féin – sin an-smaoineamh!

Ag deireadh an lae, léiríonn na tubaistí uafásacha sin scannail mhóra ag Boeing agus an FAA.  Tá súil agam nach mbeidh bás 346 daoine in aisce, agus go spreagfaidh siad athruithe móra san FAA agus i mBoeing – go háirithe ar dhearadh a gcéad eitleán eile.

.

“Brave New World!”

Tír gan teanga, tír gan anam!

Bhí mé ar an idirlíon le déanaí, agus de thimpiste tháinig mé ar alt an-spéisiúil.  Cheap mé go díreach go roinnfinn libh céard a fuair mé amach. Tá náire orm a rá go raibh mé aineolach go huile is go hiomlán ar an ábhar seo. Gaeilge Mhanann, nó Maininnis, atá i gceist agam anseo.

Cé go raibh cleachtadh agam ar Ghaeilge na hAlban, an Bhreatnais, agus fiú amháin an Bhriotáinis, níor chuala mé riamh faic faoi Ghaeilge Mhanann.   Baineadh stangadh asam nuair a bhreathnaigh mé ar thaifead ar YouTube agus bhí mé in ann roinnt mhaith den teanga labhartha a thuiscint.

Thosaigh an t-alt thuasluaite le tagairt don ‘Atlas theangacha an Domhain atá i mbaol i 2009’.  Sa tuarascáil sin, dúirt siad gur theanga mharbh í an Mhanainnis ón mbliain 1974, an bhliain a fuair an cainteoir dúchais deireanach, Ned Maddrell, bás.  Chuir an dearbhú sin fearg ar lucht scoile ‘Bunscoil Ghaelgach’ ar Oileáin Mhanann. Scríobh na daltaí litir as Gaeilge Mhanann go UNESCO, ag cur an cheist seo orthu: Má tá ár dteanga marbh, cén teanga ina bhfuil sé seo scríofa?   Tar éis sin, d’athraigh UNESCO stádas na teanga sin go -‘i mbaol criticiúil -’. Tá an stádas mar a bhí i 2019, ach tá stádas ‘Athnuaite’ ag an teanga freisin, mar tá feabhas tagtha uirthi le déanaí. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge Mhanann, agus tá níos mó eachtraí teanga agus cultúrtha ar siúl freisin ná mar a bhí le blianta.  B’fhéidir go bhfuair an cainteoir dúchais deireanach bás – ach ní bhfuair an teanga féin bás. Bhí cúpla duine ag obair go dian ó na seascaidí i leith chun a dteanga a chaomhnú – mar shampla, Douglas Faragher agus Brian Stowell. Gúgláil iad, má tá suim agat.

Thóg manaigh agus trádálaithe an Ghaeilge as Éirinn go dtí Oileán Mhanann sa cheathrú agus sa chúigiú haois.  Bhí na hÉireannaigh an-láidir sna laethanta sin, agus ceaptar gur thóg siad an Ghaeilge go hAlbain timpeall an ama sin freisin, agus faoi mar a tharla in Albain, d’athraigh an Ghaeilge in Oileán Mhanann agus d’éirigh sí ina teanga indibhiúil fhéin, faoi dheoidh.

Sa naoú haois déag, thosaigh an teanga ag dul i léig.  Ag an am sin, bhí an-tóir ag turasóirí ar an gcuid seo den mBreatain Mhór, agus ba mhór an bua é a bheith in ann an Béarla a labhairt.  Bhain daoine tairbhe eacnamaíoch as an turasóireacht agus dá bhrí sin d’fhás drochmheas ina measc ar a dteanga féin. Chomh maith le sin, d’aistrigh oibrithe ó áiteanna iargúlta, áiteanna ina raibh a dteanga bheo láidir fós go dtí na cathracha chun obair a fháil. Tharla rudaí mar sin in Éirinn freisin, agus tá siad ag tarlú fós. Tá sé deacair teanga a chaomhnú nuair nach bhfuil obair ar fáil sa bhaile.

Bunaíodh ‘Yn Cheshaght Ghailckagh’ (cosúil le Conradh na Gaeilge) sa bhliain 1899, chun an teanga a chaomhnú agus chun taifeadtaí fuaime a dhéanamh.  Chuaigh an tUachtarán De Valera ar cuairt go hOileán Mhanann i 1948 agus sheol sé gléas taifeadta chucu chun cúnamh a thabhairt dóibh.

Sna nóchaidí, nuair a chonaic daoine cé chomh maith is a d’éirígh le naíonraí Gaeilge na hAlban in Albain, bunaigh carthanacht oideachais darb ainm Mooinjer Veggey (Muintir Beaga) a naíonra féin in Oileán Mhanann.  D’éirigh leis go maith, agus in éineacht le ‘Sheshaght ny Parentyn’ (grúpa tuismitheoirí) agus an Roinn Oideachais, thosaigh siad ranganna as Gaeilge Mhanann, agus ansin thosaigh siad Gaelscoil bheag darb ainm ‘Bunscoill Ghaelgagh’.  Sa bhliain 2006 deineadh scoil neamhspleách di lena hardmháistir féin.  Tá níos mó ná seachtó dalta sa scoil sin anois, agus tá a lán tuismitheoirí agus daoine fásta eile ag foghlaim na teanga freisin.  Tá athbheochan an cheoil thraidisiúnta ag tarlú chomh maith, agus bannaí cosúil le ‘Barrule’ ag seinm cheoil ar fud an domhain. Agus tá na meáin shóisialta ag cabhrú le teanga agus cultúr a scaipeadh freisin.

Cé go bhfuil Gaeilge Mhanann i mbaol níos measa ná an Ghaeilge s’againne, nach suimiúil na cosúlachtaí atá idir an dá chur chuige chun na dteangacha a chaomhnú.  Ag deireadh an lae, is í an phoiblíocht an t-inneall caomhnaithe, le tacaíocht an Rialtais, agus is é lántumadh luath an eochair a chinntíonn na torthaí.

.

en_USEnglish