by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Áilleacht an tSaoil seo . Réamhrá 1.
******************************
I Lár an Aonaigh!
Thart ar chúig bliana fichead ó shoin anois, i bhFómhar na bliana 1979, “Bliain an Phápa”, iarradh ormsa, léacht a thabhairt, i mBéarla, do sheisiún de Dhaonscoil Osraí, i gCill Chainnigh. “An Piarsach agus a chuid Scríbhinní” an teideal a tugadh dom mar théama don léacht chéanna sin. Ní call dom a rá, gur ghlac mé leis an gcuireadh caoin sin, bíodh nach mbíodh aon ró-fhonn ar dhaoine, ar chúiseanna áirithe, labhairt faoi chúrsaí náisiúnacha, ag an am. Ar an oíche spriocáilte, i dTeach Ósta an Newpark, rinne mé mo dhícheall, mo thuairimí fhéin ar an ábhar sin, a nochtú don lucht éisteachta a bhí i láthair don ócáid sin.
Bhuel, ó tharla go bhfuil cúig bliana fichead imithe, ó oíche na léachta sin, agus ó tharla freisin, go bhfuil athruithe ollmhóra tagtha ar an tír seo, agus ar dhearcadh a muintire, ar an bPiarsach fhéin, is ar a shaothar, san idirlinn, tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é, sraith altanna a bhunú timpeall ábhar na léachta sin, agus an tsraith sin a leagan os bhúr gcomhair amach, anseo i lár an aonaigh.
Changed Times !
Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin inniu, a déarfadh, gur chóir dom cos a bhuaileadh ar an ábhar céanna seo, agus gur den chiall é, b’fhéidir, faoin am seo, ceirín den dearmad a chur leis an bhfear sin, agus lena shaothar freisin, toisc go bhfuil diúltaithe ag náisiún na hÉireann don bhfear agus dá fhís. Ní chreidfinn fhéin, tríd is tríd, gur mar sin atá, agus fiú má sea fhéin, caithfidh mé a admháil, go mba gheall le naomh é an Piarsach domsa, agus i measc an phobail ar díobh mé, agus mé ag fás aníos, agus mar sin, bheadh sé deacair agamsa a chreidiúint, go mbeadh pobal uilig na tíre seo iompaithe i gcoinne an fhir sin, in achar chúig bliana fichead. Sea, agus féach nach mbíonn drugall ar bith ar chiníocha eile onóir agus ómós a thabhairt dóibh siúd a chaith a ndúthracht agus, níos mó, b’fhéidir, amannta, ag iarraidh saoirse a bhaint amach dá bpobail. Ba mhaith liom a lua anseo freisin, gurb é an scéal céanna é ag an dTaoiseach s’againne, nó ní bhíonn leisce ar bith airsean a mheas ar an bPiarsach a chur in iúl, go poiblí, mar adéarfá. Mar sin, déanfaidh mé mo dhícheall, tuairimí, bunaithe ar ábhar na léachta a thug mé i mBéarla, in Óstán an Newpark, cúig bliana fichead ó shoin, a leagan os bhur gcomhair amach, anseo, i lár an aonaigh.
That Phonepoll!
Rud eile a spreag chun pinn mé, i gcás na sraithe altanna seo, nó píosa a léigh mé, sa Sunday Independent, tamall ó shoin anois. Ba é a spreag an t-iriseoir leis an alt úd a scríobh, nó cineál pobalbhreithe, – nó b’fhéidir gur chóir dom “fónbhreith” a bhaisteadh air, toisc go raibh ar na vótóirí glaoch isteach ar an bhfón, lena nguth a chaitheamh! Iarradh orthu, laoch eicínt a roghnú lena dhealbh a chur in áit na honóra, i Sráid athnuaite Uí Chonaill. Ba é toradh na fónbreithe sin, nó gur mhol thart ar 36% díobh siúd a ghlaoigh isteach, go mbronnfaí an onóir sin ar Phádraig Mac Piarais. Ba é Bono an té ba ghaire dhó sa bhfónbhreith chéanna sin, agus ní bhfuair seisean ach thart ar 8% de na guthanna a caitheadh ar an ócáid, dár leis na huimhreacha a thug an bhanisireoir dúinn san alt a luaigh mé thuas. Bhuel, ní mó ná sásta leis an mbreith sin a bhí ár mbaniriseoir, nó tuigeadh di, go mba náisiúntóir buile é an Piarsach céanna sin. Fear a chuaigh thar fóir lena náisiúntacht agus lena fhís do thodhchaí an náisiúin seo.
B’fhéidir nach n-aontóinnse leis an mbreith sin, nó leis an dearcadh sin, olc, maith, nó dona, ach ag an am gcéanna, nach gcuireann alt dá leithéid iachall orainn uilig athchuairt a thabhairt ar an gcuid sin de stair ár dtíre, agus clú agus cáil ár laochra a chur sa mheá, athuair, féachaint ar bhuail an stair agus staraithe bob millteach na bolscaireachta orainn. Chuir sé iachall ormsa, dul siar chuig ar scríobh mé cúig bliana fichead ó shoin, féachaint ar dhein mé chuile iarracht, ag an am, féachaint isteach i gcroí na fírinne. Bhuel, tar éis dom é sin a dhéanamh, tá mé sásta gur bhunaigh mé mo sheasamh ar scríbhinní an Phiarsaigh fhéin, agus ar a raibh le rá ag daoine eile faoi. B’fhéidir nach scríobhfainn an léacht chéanna sin, sa lá atá inniu ann, ach tá mé cinnte, nach nglacfainn ach oiread, le dearcadh an iriseora úd, nó ní bheinn cinnte go bhféadfá an dearcadh sin a bhunú ar scríbhinní, ar óráidí, nó ar iompar an Phiarsaigh fhéin. Ach fágfaidh mé an bhreith sin faoi’n léitheoir.
Was it Worth the Trouble?
Is cinnte nach dtiocfadh tuairim an iriseora úd leis an dearcadh a bhí coitianta i measc na cosmhuintire agus mise ag fás aníos, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois, bíodh go bhfuilim cinnte freisin, go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar dhearcadh na cosmhuintire céanna ar náisiúntacht, agus ar shaoirse, san idirlinn. Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? a d’fhiafródh siad díot. Mar sin, is fiú dúinn alt an iriseora úd a chur sa mheá, féachaint céard is fiú é mar bhreith mhacánta, mheáite, dáiríreach, ar dhearcadh, ar fhealsúnacht, agus ar oidhreacht, an Phiarsaigh, d’Éirinn ár linne.
Bí liom, mar sin, nuair a bheidh a chuid filíochta á scrúdú, agus á meá againn sa chéad ghála eile den tsraith seo.
*****************
Peadar Bairéad.
*****************
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I m B é a l a n P h o b a i l .
Ar na Misin 17 .
************************************
.
An Domhnach, an 24u Lúnasa, 2003.
Ar ais arís i gCardiff by the Sea, tar éis dúinn seachtain, nó mar sin, a chaitheamh ag fánaíocht timpeall i measc na Misean Spáinneach úd, ar chuir mé fhéin an oireadh sin suime iontu, ó chéad leag mé cos ar Mhisean San Juan Capistrano, sa bhliain 1988. Ní gá a rá, go raibh ábhar machtnaimh bailithe agam, le linn na seachtaine sin, a choinneodh ag cogaint mé, go ceann scathaimh, ach go háirithe, ach ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, thugamar aghaidh ar Oceanside arís le freastal ar Aifreann, i St. Margaret’s Hall, sa chathair sin. Ní call a rá, gur bhaineamar taitneamh as an gceiliúradh (celebration), agus as an seanmóir freisin, agus tar éis dúinn lón taitneamhach a chaitheamh thíos ag an gcé, thugamar aghaidh ar theach cairde linn, a bhfuil cónaí orthu in Oceanside, ó tharla go raibh cuireadh cuairte faighte againn uathu. Chaitheamar an tráthnóna ansin ag caint is ag comhrá, sea, agus ag seanchas freisin. Caitheadh linn go fial, flaithiúil, agus ar deireadh thiar, bhí sé in am dúinne bogadh, nó bhí socraithe againn, dul chuig dráma a bhí á léiriú i gCoronado, thíos i San Diego.
To Coronado City.
Shroicheamar ár gceann scríbe (destination), amuigh ar oileán Choronado, in am tráth. Anois, bíodh gur oileán é an Coronado seo, caithfear a admháil, go bhfuil an t-oileán céanna seo lom lán le tithe agus foirgintí taitnmeamhacha, taibhseacha, áille, agus chuirfeadh sé ionadh freisin ar an gcuairteoir, go n-áirítear mar chathair é, bíodh go bhfuil sé suite anseo i gcuan agus i gcalafort (harbour) San Diego.
“Twelfth Night” .
Ach le filleadh ar an nDráma úd. Ba é an dráma a bhí le léiriú acu an oíche sin, sa Choronado Playhouse (An Amharaclann cois Cuain), nó Twelfth Night (or What You Will) le William Shakespeare, sea, an fear ceannan céanna sin, a bhfuil sean-aithne againn uilig air, sa taobh seo den domhan freisin.
Tuige, a déarfadh duine liom, b’fhéidir, ar shocraigh sibh ar oíche a chaitheamh ag sheandráma dá leithéid, ar oileán mara, amuigh ansin i gCuan San Diego?
Bhuel, taobh amuigh den dráma spéisiúil, corraitheach fhéin, bhí rud eile dár dtarraingt go Coronado, an oíche chéanna sin freisin, nó tharla gurbh é an Twelfth Night sin an dráma deiridh a léireofaí go brách sa tseanAmharclann sin Cois Cuain, agus cuir le sin, go mbeadh an dráma á léiriú amuigh faoin aer, ar ardán a bhí chomh simplí is a d’fhéadfadh sé a bheith, ach é a bheith oiriúnach don ghnó, ag an am gcéanna, nó ba chuid den “7th Annual Coronado Playhouse Outdoor Shakespeare Festival” an léiriú speisialta seo.
Final Curtain.
Conas a tharla sin, an ea?
Bhuel, ba é an scéal a chualamar nó gur díoladh an talamh ar a raibh an Amhaarclann sin tógtha, agus go rabhthas lena forbairt, gan aon ró-mhoill. D’fhág sin nach mbeadh áras nó díon dá gcuid fhéin ag Comhlacht Aisteoirí an Playhouse, agus go mbeadh orthu áras sealadach (temporary) a fháil dóibh fhéin, go dtí go mbeadh an tIonad Nua Pobail tógtha, faoin mbliain 2005. Sea, agus d’fheidhmigh an Coronado Playhouse céanna sin mar Ionad Pobail, do phobal na Cathrach sin, le breis mhaith is leathchéad bliain anuas. Iarradh orainn uilig ár ndícheall a dhéanamh, le haird an phobail a dhíriú ar fhadhb, agus ar chás, na nAisteoirí.
Ach le filleadh ar an Seó fhéin, caithfidh mé a admháil, gur bhaineamar an-taitneamh go deo as. Bhí an aisteoireacht thar barr, agus nuair a smaoiníonn tú, gur deineadh an dráma sin a léiriú, a fheistiú, agus chur ar an ardán, an oíche áirithe sin, saor in aisce, le deis a thabhairt don Chomhlacht roinnt áirithe airgid a bhailiú dá n-iarrachtaí, sa todhchaí. Caithfidh mé a admháil gur mhóide ár meas uilig orthu, an beart céanna sin a bheith déanta acu.
No Free Lunches !
Smaoinigh freisin, gur ligeadh an lucht féachana isteach chuig an Amharclann, an oíche sin, saor in aisce (for nothing), agus tuigfidh tú ansin, go mba fhlaithiúla go mór fada iad, mar lucht féachana, nuair a iarradh orthu síntiús deonach airgid a bhronnadh ar an gComhlacht Aisteoirí sin, a chleachtaigh a gceird, thar na blianta, sa Phlayhouse úd Cois Cuain.
Chuir suíomh na hAmharclainne go mór le hinchreidtheacht (credibility) an scéil, tharla go raibh sé suite ansin cois cuain, agus boladh agus fuaimeanna na mara á séideadh isteach orainn, saor in aisce, freisin, sea, agus báid agus longa farraige ag seoladh leo isteach is amach faoi Dhroichead álainn, dea-dheartha, cuarach (curved), Choronado.
Ní call dom a rá, gur bhain an lucht éisteachta uilig ard-taitneamh as an léiriú sin, nó b’ócáid speisialta, stairiúil í, agus tuigeadh sin do chuile dhuine den lucht éisteachta, agus do lucht an ardáin fhéin, freisin.
Good to be there .
Sea, bhí áthas orainn uilig, gur tugadh an deis dúinn, bheith ar an bhfód don ócáid stairiúil sin, agus i ndiaidh an dráma, bhuaileamar an bóthar abhaile, go Cardiff by the Sea. Amach linn i dtosach thar dhroichead álainn, cuarach, sin Choronado, agus ansin trí roinnt áirithe de chathair San Diego, agus ansin, abhaile linn ar na Saorbhealaí a chuir ar ár gcumas an baile a bhaint amach, gan mhoill, gan stró, gan tranglam tráchta (traffic jam) nó tada dá leithéid.
Sea, gan dabht ar domhan, ba lá dár saol é.
******************************
An Luan, an 25u Lúnasa 2003.
Ruby’s Diner .
Tuirseach fós, tar éis eacthraí iomadúla na seachtaine seo caite, agus tar éis chodladh go headra (late morning), chuamar go hOceanside, le tamall a chaitheamh ag siopadóireacht, nó bhí deireadh ár saoire ag druidim linn, nós na gaoithe. Tar éis tamall a chaitheamh i mbun an ghnó sin, tuigeadh dúinn go raibh in am lóin, agus mar mhalairt, shocraíomar ar lón a chaitheamh, an lá áirithe sin, thíos ag ceann cé, nó tá Bialann an-neamhghnách, an-álainn, thíos ansin ag barr na cé. Anois, ní gnáthché atá acu ansin in Oceanside, mar síneann an ché seo, leathmhíle ar a laghad, déarfainn, amach sa bhfarraige. Dá chruthú sin, tá feithicilí speisialta acu, le daoine a thabhairt ar thuras amach go dtí “Ruby’s Diner”, an Proinnteach neamhghnách sin, thíos ag barr na cé. Proinnteach maith mór isea “Ruby’s Diner”, agus é feistithe ansin, amuigh i lár na farraige, tonnta móra ag réabadh leo thart air, agus faoi fiú, ag an am gcéanna, sea, agus slua daoine, mar is gnách sa taobh seo tíre, ag iascaireacht leo ar a ndícheall mór, thart ar an bProinnteach neamhghnách sin. Chomh maith le sin, bhí báid de chuile shaghas, agus longa freisin, le feiceáil ag seoladh leo sa chuan. Chuile dhuine agus a phort fhéin á sheint aige, mar adeireadh an seandream fadó. Tar éis tamall a chaitheamh ag breathnú ar na radharcanna, chuamar isteach sa Phroinnteach, agus caithfidh mé a admháil, gur caitheadh go fial flaithiúil linn, agus chuir “Ruby’s Diner” cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, i ngearraimsir.
Alaskan Hallibut .
Céard a bhí againn don lón, an ea? Céard eile ach “Alaskan Hallibut”, iasc chomh blasta sin, go gcuireann sé uisce faoi m’fhiacla, smaoineamh air, anois fhéin fiú. B’in an Bialann ba neamhghnáthaí inar chaith mé béile riamh, déarfainn.
Go dtí an chéad ghála eile, mar sin……….Slán…….
.
.
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
.
I mBéal an Phobail
Ar na Misin 2.
(Ar leanúint ón tseachtain seo caite)
.
Peadar Bairéad
.
An Mháirt, an 19ú Lúnasa 2003
Santa Barbara
In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó bhí an tÓstán, an Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach áille seo. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, fadó. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu, an tráth úd, sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag!
Juan Rodriguez Cabrillo
Briseadh isteach ar shaol sona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Santa Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne, feasta, an fearann sin. Ach chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barbara ar an ionad álainn sin.
Praesidiónna á dtógáil
Níor chuir na Spáinnigh spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór i Santa Barbara, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin.
Misean Santa Barbara…1785…
Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.
An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éagmais. Tar éis dóibh bheith tamall i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an “Chumash”, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta. D’éirigh thar barr le Misin úd Santa Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len iad a choinneáil sa Phresidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh, agus ag an am gceanna, bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.
……….A chríoch sin………..
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
AN COLM BÁN….le….Liam Ó Muirthile
Céadchló..……………..2014
Bog…………………..€14.00
.
Peadar Bairéad
.
Scéal Casta
Tá mé ag ceapadh go mbeidh caint ar an leabhar seo lá is fuide anonn, nó is annamh a chasann úrscéal chomh sciliúil, ealaíonta, dea-scríofa, ar dhuine, i nGaeilge, nó i mBéarla, i dtús seo an aonú haois fichead. Baineann cáilíochta faoi leith leis an saothar seo, nó tá tógáil chasta; cur chuige mion, leithleach; cur síos inchreidte ar charachtair agus ar eachtraí; agus bua scríbhneoireachta a chuireann na focail ag rince ina steillebheatha ar lic na samhlaíochta os comhair do dhá shúil amach. Níl dabht ar domhan ach go mbeidh tionchar, agus dhá thionchar, ag an saothar seo ar scríbhneoirí, sna blianta atá romhainn amach.
Ach, le filleadh ar an scéal fhéin, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gurb í Nóra Buckley, nó Ellen Daunt, nó fiú an Colm Bán, an príomhcharachtar san úrscéal corraitheach seo, agus bíodh go n-éiríonn leis an údar mám eile carachtar a chur ag rince ar lic thart uirthi, ag an am gcéanna, filleann sé ar Nóra arís, chuile bhabhta. Sníomhtar scéal William Driscoll isteach go sciliúil cliste i muabhrat an tsaothair shamhlaíoch ilchasta seo freisin. Corcaíoch ba ea William, a raibh gaol fola aige le Nora Buckley, bean a chuaigh isteach sna Nuns, de réir mar a chuala sé óna muintir.
Dúil sa Rince
Tharla go raibh dúil diabhalta ag Nora sa rince, agus nach é an t-údar atá ábalta cur síos mion, cliste, a dhéanamh ar a cumas rince, bua atá aici ó dhúchas, agus bua a d’fhorbair agus a chleachtaigh is a shnasaigh sí thar na blianta,
Déantar scéal Nora Buckley a léiriú go healaíonta, inchreidte, agus tugtar spléachadh don léitheoir ar an gcineál pobail, agus an saghas saoil, a bhí thart uirthi le linn a hóige agus í ag fás aníos in Iarthar Chorcaí in óige na haoise seo caite. Chuaigh sí chun oibre mar chailín aimsire ag muintir an Tí Mhóir, ar Phrotastúnaigh iad, agus tugtar le fios dúinn, go mba de bhunadh phrotastúnach í Helen Daunt, seanmháthair Nora. In aois a seachtdéag áfach thug sí cathair mhór Londain uirthi fhéin, agus tharla ansin í nuair a tharla Éirí Amach na Cásca abhus. Bhain daoine áirithe úsáid as an aithne a bhí aici ar phobail Chorcaí le heolas a fháil faoi náisiúntóirí sa dúiche sin, ach, cuireadh ar a haire í, agus uaidh sin amach níor bhailigh siad uaithi ach eolas agus a thóin leis. Nach corraitheach, teannasach, go deo, an cur síos sin a thugtar dúinn ar Nora ag rince? Nach deacair a shamhlú go bhféadfadh údar focail a shnadhmadh ina chéile ar bhealach chomh beacht, ealíonta, sciliúil sin, gur bheag nach gcloiseann tú an cith bróg sin ag titim ar lic, faoi mar adúirt an té adúirt. Sheol a scileanna rince go Páras na mbrionglóidí í, agus tar éis dianchleachtadh a dhéanamh, thar thréimhse fada, roghnaíodh í le rince a dhéanamh sna ‘Folies Bergère’ fhéin, mar bhall den bhuíon rinceoirí úd, ‘Les Girls Anglaises’ agus tá le tuiscint ón scéal gur mhaith a thuill sí a hionad sa bhuíon chéanna sin. Léiríonn an t-údar a shuim fhéin sa rince, trí chur síos ar rinceoirí eile ó thíortha i bhfad i gcéin, go háirithe, i gcás Jasmin, a bhí mar chuspa ag an ealaíontóir sin, Duane, agus is mór a spéis i gcúrsaí ealaíne freisin, go háirithe san ealaíontóir céanna sin Duane, agus bíodh nach bhfuil mé cinnte arbh ealaíontóir saolta atá idir chamáin anseo aige, nó ealaíontóir a shiúil díreach amach as lár torthúil a shamhlaíochta fhéin, ach nach cuma, nó corraíonn an cur síos an croí istigh ionainn.
An Colm Bán
Tagann an Colm Bán isteach sa scéal arís i ndeireadh an scéil nuair a insíonn muintir Nora Buckley dúinn gurbh é ‘an tSiúr Colmbanus’ a roghnaigh Nora Buckley mar ainm di fhéin nuair a chuaigh sí isteach sna Nuns.
Fágfaidh mé mar sin é don bhabhta seo, a léitheoir, ach tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú fhéin an-taitneamh as an leabhar spéisiúil seo.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
.
An Mianadóir………….céadchló…....…..2015
le
Jackie Mac Donncha...…………………..€10.00
.
Peadar Bairéad
Deoraí ag filleadh ar a dhúchas
Is suimiúil an scéal a leagann an t-údar seo os ár gcomhair sa leabhar dea-scríofa seo, agus leabhar is ea é freisin, a chuirfidh léitheoirí áirithe faoi gheasa, lena chuid Gaeilge tharraingteach, lena phlota teannasach, suimiúil, agus lena stíl fhorbartha. Seo leabhar a thaitneodh go mór leis an aos óg, go háirithe le déagóirí. Ní hionann sin is a rá, nach mbainfeadh éinne eile toit nó taitneamh as, mar caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as, agus geallaimse dhuit é, nach aon bhunóc bliana mé, faoin am seo!
Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an gasúr, Darach Ó Fualáin, príomhcharactar an scéil seo, nó téann a chuid eachtraí siúd, mar shnáithe, tríd an scéal seo ar fad, ó thús deireadh. Ní gá a rá, go n-imríonn a mhuintir an-pháirt sa scéal freisin.
Fear faoi leith is ea an t-athair, Aindriú Ó Fualáin, agus é, de shíor, sáite go dtí na cluasa ina fhón póca. Bean ghnóthach, dhiograiseach, is ea a mháthair, Siobhán, agus cailín cliste, cúramach is ea, Siún, a dheirfiúr. Caithfear a rá gur bheag aird a thug Aindriú ar a mhac, Darach, go dtí an pointe sin, nó bhí sé ró-ghnóthach lena fhón póca agus lena nuachtáin, le Darach a thabhairt leis ag iascaieacht, nó ag fiach, nó a leithéid, ach, d’fhoghlaim sé a cheacht go dóite nuair a tharla nach raibh siad ábalta teacht ar Dharach, an lá sin a chuaigh sé i bhfostu sna píopaí uisce.
Ach díríonn an scéal a thóirse freisin, ar an bhfear úd a tháinig abhaile óna dheoraíocht sna mianaigh chopair, i mButte, Montana, fear arbh ainm dó, Antaine de Búrca. D’fhill Antaine ar theach folamh a mhuintire ó tharla nach raibh éinne dá mhuintir ina sheilbh, agus ghlac seisean seilbh air, ach má dhein, ní i ngan fhios do na comharsain é, nó bhí súil seabhaic acu air, agus gan aon ró-iontaoibh acu as, ach oiread, nó ní raibh aithne ar bith acu air. Casadh Darach air, ar a bhealach abhaile ón scoil agus d’éirigh leo caradas a shnaidhmeadh eatarthu láithreach bonn. Ar ball, nuair a chuaigh Darach i bhfostú sna píopaí uisce, a bhí ag síneadh trasna faoin mbóthar, agus nuair a bhí sé beagnach múchta, tachtaithe, iontu, agus gan ar a chumas éaló astu aris, ba é an strainséir, Antaine de Búrca, a chuala fón póca Dharach ag bualadh, agus a thuig ón bhfuaim sin gur faoi thalamh, sna píopaí, a bhí an fón céanna sin. Chuir Antaine é fhéin i mbaol a bhasctha ag iarraidh Darach a shábháil nuair a chuala sé scréachaíl sna píopaí céanna sin.
Nuair a tuigeadh do na comharsain gur mar sin a bhí, bhí siad lán-tsásta ansin glacadh lena gcomharsa nua mar dhuine díobh fhéin. Ní gá a rá, go gcuirtear síos ar mhuintir an bhaile, agus go háirithe ar mhuintir Dharach fhéin, Clann Ui Fhualain, sa scéal suimiúil, lánteannais, seo faoi’n mhianadóir a d’fhill ar a dhúchas.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An IarChríostaíocht?
.
Peadar Bairéad
.
Cúrsaí Creidimh
Ní call dom a insint dhuit, go bhfuil cúrsaí creidimh ag dó na geirbe agam, na laethe seo.
’Tuige sin? adéarfadh duine b’fhéidir.
Toisc go bhfuil an Eaglais Chaitliceach, ach go háirithe, i mbéal an phobail le scathamh maith anuas anois. Agus ní méadú ar a cáil, ach a mhalairt, roinnt mhaith den mhíchlú a bhronntar uirthi, tríd an bpoiblíocht chéanna sin. Caithfear a admháil, nach gan chúis a thuill sí an míchlú céanna sin, nó cé d’dhféadfadh dearmad a dhéanamh ar an dá Thuarscáil úd, a foilsíodh le tamall anuas, – Tuarascáil Uí Mhurchú agus Tuarascáil Uí Riain -. Caithfear a admháil freisin, go raibh cáineadh tuillte ag an Eaglais chéanna sin. Ach ansin, nár chóir dúinn deis a thabhairt di, aithreachas agus leorghníomh a dhéanamh, sa mhí-úsáid a tugadh ar na daoine leochaileacha, so-ghonta úd, a fágadh faoina cúram.
Pobal Dé agus an todhchaí
Ar an dtaobh eile den scéal, nach bhféadfadh duine a rá, nárbh í an Eaglais Chaitliceach fhéin a rinne an mhí-úsáid úd, nó nach gcáineann an eaglais chéanna sin chuile ghníomh dá leithéid? agus nach bhfuil sí meáite anois, ar chuile iarracht a dhéanamh, le gníomhartha dá leithéid a chosc sa todhchaí? Ach sa mhéid gurbh iad ministrí na heaglaise a bhí ciontach sa mhí-úsáid sin, ba chóir go ndéanfadh pobal na heaglaise sin chuile iarracht ar leorghníomh, agus cúiteamh a dhéanamh leo siúd ar deineadh an éagóir uafásach sin orthu.
Agus sin uilig ráite, admhaithe, agus cáinte againn, caithfear an ród seo romhainn a bhuaileadh athuair, le misneach, le dóchas, agus le creideamh, earraí a dhéanfaidh sinn a threorú fan bhóthar ár slánaithe. Ní tráth éadóchais é, ach tráth dóchais agus misnigh. Tráth freisin é, inar chóir do Chríostaithe leanúint ar aghaidh ar bhealach a n-oilithreachta, gan faitíos, gan eagla, gan teip. Nach oidhrí sinne ar an dtraidisiún críostaí a fágadh le huacht againn ag daoine a d’fhulaing chuile shórt chéasta agus anró, le sin a dhéanamh, agus a dhéanamh go dóighiúil, flaithiúil, misniúil? Nárbh iad a shín anuas chugainn an creatlach críostaí, lenár saol mar phobal, a chrochadh air? Agus nárbh iad freisin, a d’fhág le huacht againn, eagraíocht na heaglaise, le pobal Dé a threorú i dtreo Ríocht Dé?
Geasa Briste
Ní tráth é seo le chuile iarsma den Chríostaíocht a chaitheamh i dtraipisí, toisc gur bhris roinnt áirithe sagart a ngeasa, agus gur iompaigh siad ó bhealach a slánaithe agus gur thaisteal siad bealach a n-aimhleasa. Ní tráth é seo, le chuile iarsma dár gcreideamh a ruaigeadh as ár scoileanna, nó le chuile chomhartha dár n-oidhreacht a ruaigeadh as ár dtimpeallacht, nó ní tráth é seo, ach oiread, le hiompú i gcoinne éinne a léireodh a chríostaíocht, os chomhair an phobail, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide, lena náiriú, nó lena chiapadh, os ard.
Nach minic a úsáidtear leithscéalta gan tóin le ciapadh dá leithéid a chosaint? Duine amháin ag maíomh nach bhfuil sé féaráilte creideamh a shacadh siar síos scornach na n-óg, agus sa chás seo, ní creideamh ar bith eile atá idir chamáin aige, ach an chríostaíocht amháin. Duine eile ag rá, nár chóir do phobal, comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard, ar eagla go gcuirfeadh sé sin isteach ar dhearcadh chuairteoirí nó strainséirí, agus fiú, nach ndeirtear nár chóir comhartha ar bith creidimh a léiriu, os ard, in áit phoiblí ar bith, toisc gur leis an bpobal, frí chéile, na hionaid chéanna sin.
Sinne an Pobal
Ach, nach bhféadfadh duine a mhaíomh, gur sinne an pobal, agus gurb ’in é díreach a theastaíonn uainn, agus i gcás na scoileanna, arís, nach iad na tuismitheoirí na príomhoideachasóirí, de réir an Bhunreachta, agus má theastaíonn uathusan comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard sna scoileanna, cén ceart atá ag an Stát, nó ag dream ar bith eile, cur ina gcoinne? Fágaimis na croiseanna mar a bhfuil siad, agus ná bíodh náire ar bith orainn faoi chomharthaí ár gcreidimh, nó faoi léiriú ár n-oidhreachta. Cúis bhróid agus cheiliúrtha dúinne iad. Ná caitear i dtraipisí iad!
Agus ag caint ar chuairteoirí, déarfainn go mbeadh ionadh orthusan mura mbeadh muid sásta gníomhú de réir ár ndearcaidh, nó de réir ár gcreidimh, agus ar aon nós, níor chóir go dtiocfadh sin isteach sa scéal, olc, maith, nó dona, nó an té a thagann chugainn isteach ón iasacht, ba chóir go duigfeadh sé cúrsaí, nó faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó, – sa Róimh dhuit, déan mar a dhéanann na Rómhánaigh – . Glach le nósanna d’aíonna, nó fan glan amach uathu!