Franklin Antonio!

Franklin Antonio!

Blianta fada ó shin, chuir mé isteach ar sé nó seacht bpost. D’fhreagair trí chomhlacht m’iarratas, ag rá go raibh suim acu ionam, agus i ngach cás glaodh chun agallaimh aghaidh ar aghaidh. D’fhreastail mé ar na trí cinn, agus tairgeadh trí phost dom i ndeireadh thiar thall. Is í an fhadhb a bhí agam ansin ná cén post a ghlacadh.  Bhí rud éigin an-speisialta faoi cheann amháin, comhlacht darb ainm Qualcomm lonnaithe i San Diego. Ar an drochuair, bhí an tuarastal is measa ag baint leis an bpost sin. Chuaigh mé siar agus aniar le stiúrthóir na n-acmhainní daonna, ag iarraidh teacht ar chomhaontú mar gheall ar mo phacáiste cúiteamh. Ach uair a mhol mé athrú sa phacáiste, dúirt go raibh uirthi dul i gcomhairle le stiúrthóir na hinnealtóireachta, mar is aige amháin a bhí an t-údarás aon athrú a dhéanamh. Ach ní ghéillfeadh sé orlach ar bith, an stiúrthóir sin. Ba chúis díomá é dom nach raibh aon solúbthacht ann. Chuir mé an cheist hé an stiúrthóir drogallach seo a bhí ag déileáil leis. Chuala mé a hainm ansin den chéad uair.  

Is é sin Franklin Antonio,” a dúirt sí. Caithfidh tú rud amháin a thuiscint faoi Franklin, a Mhichíl – ní chuireann sé oiread is braon meala ar an bhfiacail! Agus ní leomhfadh éinne argóint leis – éinne!”

Thuig mé ansin go díreach nach mbeadh ann ach saothar in aisce dom leanúint ar aghaidh ag iarraidh margadh níos fearr a bhaint amach.

Mar sin, ghlac mé tairiscint eile – an ceann leis an tuarastal is airde! Sa dara seachtain theip ar an gcomhlacht seo mo sheic phá a chur i dtaisce sa bhanc dom. Ní raibh aon dul as ach deoch a ól ar mo náire, agus dul ar ais go Qualcomm agus mo mhéar i mo bhéal agam, ag súil go raibh post ann dom fós. Ar an dea-uair, bhí agus ghlac mé é gan aon smaoineamh ar idirbheartaíocht eile a dhéanamh.

Post Nua

Bhogamar go San Diego agus thosaigh mé ag obair do Qualcomm. Bhí an t-ádh dearg orm mar thosaigh mé ag obair ar thaighde agus forbairt ar nuatheicneolaíocht ag baint le cumarsáid dhigiteach gan sreang. Deis ghairme iontach a bhí agam agus ba mhór an phribhléid dom a bheith páirteach in athruithe réabhlóideacha don tsochaí ar fud an domhain. Bmé ag obair le scothfhoireann innealtóirí ar an tionscadal sin, agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí uathu. B Franklin Antonio ar cheann de na hinnealtóirí ab fhearr dár gcasadh orm riamh é. Bhí sé ar cheann de na daoine i gceannas, agus mar sin, ní raibh mórán deis agam obair leis go díreach – is maith an rud é sin! Chonaic mé é go minic ag freastal ar na cruinnithe céanna, agus raibh seans na ngrást ag éinne go mbuafadh sé/sí argóint theicniúil le Franklin. Fear téagartha féasógach ba ea Franklin, le súile a ghearrfadh tríot. Duine uafásach cliste a bhí ann, ach bhí bealach giorraisc leis.

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh!

Ceapadh Franklin mar phríomheolaí Qualcomm tar éis tamaill, agus ansin thosaigh sé ag fostú innealtóirí chun taighde agus forbairt a dhéanamh dó. Bhog mé go dtí a roinn sa bhliain 2008 agus d’fhan ann go dtí gur éirí mé as an obair sa bhliain 2015.  Is ansin a chuir mé aithne ar Franklin mar dhuine.

Bhuailinn isteach chun a hoifige minic go leor agus bhí sé an-chairdiúil i gcónaí. Bhíodh gach saghas díospóireachta againn, agus ní bhíodh sé borb liom riamh. Is cuma cén t-ábhar a bhí i gceist, ó gharraíodóireacht go hinfheistíocht, is iontach an méid eolais a bhí aige faoi.  Bhí Franklin ar bhaill bhunaidh Qualcomm, agus d’éirigh sé an-saibhir dá bhrí sin. Ach in ionad a hairgead go léir a choimeád dó féin, ba bhronntóir flaithiúil é Franklin. Bhronn sé timpeall 5 milliún dollar chun bia a sholáthar do dhaoine bochta i San Diego. Bhronn sé 5 milliún dollar do SETI (Search for Extra-Terrestrial Intelligence), agus thóg sé cabhair leo ar thaobh na heolaíochta de freisin. Agus an meall mór ar deireadh, bhronn Franklin 30 milliún dollar dOllscoil California, San Diego (UCSD), chun Scoil na hInnealtóireachta a mhéadú.  foirgneamh nua sa choláiste beagnach réidh chun oscailt atá ainmnithe ina onóir – Franklin Antonio Hall.

Méala mór a bhás do Qualcomm, do San Diego agus dúinn go léir. Thángthas ar a chorp sa bhaile le déanaí, ach níl aon sonraí eile ar fáil fós faoi cad a tharla dó. Suaimhneas síoraí dá hanam.

.

.

.

.

  

.

Franklin Antonio!

Saoire Thiar Thart

Seo cuid a trí den tsraith a scríobh Peadar faoi thuras bóthair a rinneamar le chéile i samhradh 2017. Foilsíodh cuid a haon agus cuid a dó le déanaí.

Tréad Cuimhní

Tar éis dúinn spórt agus taitneamh a bhaint as na laethe a chaitheamar thiar, i ndeireadh na dála, tháinig an lá le slán a fhágáil ag an ‘Manor Hotel Ballina’, agus le filleadh abhaile athuair. Ní gá a rá, go raibh an dúiche thoir ag glaoch abhaile orainn, agus caithfear a rá, go raibh fonn ar chuile dhuine againn an glaoch sin a fhreagairt, ach ag an am gcéanna, ní hionann sin is a rá, nach mbeadh cumha orainn uilig, i ndiaidh an Iarthair Fhiáin. Ní dhéanfadh muid dearmad go luath ar a bhfacamar, nó ar ar chualamar, le linn na laethe breátha a chaitheamar thiar. Cé dhéanfadh dearmad ar an lá breá, gréine úd a chaitheamar thart ar Lissadell, i gContae suaimhneach Shligigh, nó ar an lá iontach sin a chaitheamar ag guairdeall thart in Iorras na n-Iontas, agus muid ag baint taitneamh as a raibh le feiceáil againn thiar ansin i ndúiche mo mhuintire,an talamh, an tír, na farraigí fiáine thart ar chósta na Leithinse, agus na hoileáin draíochta úd ina luí mar bhráisléad thart ar chósta na dúiche áille sin. Ach, mar adeir an seanfhocal, Más fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna’ agus ba é an scéal céanna againne anois é, agus chaithfeadh muid filleadh ar ár ndúiche fhéin, ar deireadh thiar.

Soir a chuamar

Bhíomar inár suí go breá luath an mhaidin deiridh sin, agus tar éis dúinn chuile ullmhúchán a dhéanamh don turas fada soir, chaitheamar bricfeasta ríoga, i mBialann fial, flaithiúil, an Manor Hotel, mar ar roinneadh gan dochma, gan ghorta orainn, fad a bhíomar ag cur fúinn faoi dhíon fáilteach an Óstáin nua-aoisigh, sin. Bhailíomar ár gcip is ár meanaithe, agus go haiféalach, agus go brónach, líonamar isteach sa charr arís. Fad is a bhíomar ansin ar ár marana, dúirt duine eicínt nárbh olc an smaoineamh é cuairt a thabhairt ar an ‘Beleek Castle Hotel’, amuigh ar imeall an bhaile, roimh dhul abhaile dúinn. Níor chuir éinne i gcoinne na comhairle sin agus bíodh gur chaith mé fhéin seacht mbliana i mo mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Atha, i gcaogaidí na haoise seo caite, caithfidh mé a admháil, nár thug mé cuairt riamh ar an ionad stairiúil sin, nó thart ar an am sin, ba Ospidéal é an Caisleán céanna sin in iarrachtaí na tíre seo an lámh in uachtar a fháil ar an Eitinn.

D’fhágamar an Manor Hotel Ballina inár ndiaidh, agus thugamar aghaidh ar an Belleek Castle Hotel, ar imeall an bhaile sin. Tá Belleek Castle Hotel píosa amach ón mbaile mór fhéin, ach i ndeireadh na dála, fuaireamar radharc ar an bhfoirgneamh stairiúil fhéin, agus ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, nó sheas sé ansin go ríoga, státúil, agus faichí áille, glan-bhearrtha, os a chomhair amach, agus timpeall air. Níor leasainm ar bith caisleán ríoga a bhaisteadh air. Tógadh an caisleán úd Bhelleek idir 1825 agus 1831, agus tógadh é ar shuíomh mhainistreach mheánaoiseach, ceann de na ceithre mhainistir a suíodh ar bhruach thiar na Muaidhe, fadó. Ba é Sir Arthur Francis Knox-Gore, a shocraigh ar a fhoirgneamh a thógáil ar an suíomh sin, agus thaitin a chuma meánaoiseach le daoine, sa ré sin. Mhair muintir Knox-Gore sa Mhanor House sin go dtí daichidí na haoise seo caite.

Deisiú agus athnuachan

Bhí drochbhail ar an gCaisleán faoin mbliain 1961 nuair a fuair Marshall Doran, mairnéalach trádála, seilbh ar an áit, agus chaith sé seal á athnuachan, agus á dheisiú, go dtí gur oscail sé mar Óstán é, sa bhliain 1970, agus is é mac Marshall atá i mbun an Chaisleáin, faoi láthair, le cabhair ó Ms. Maya Nikolaeva. Bhí an-spéis ag Marshall fhéin i gcúrsaí mara, ach go hairithe, agus tá a chuma sin fós le léamh ar fheisteas agus ar throscán an Chaisleáin, agus chomh maith le sin, ba bhailitheoir airm agus seandachtaí é, sa chaoi gur iarsmalann neamhghnách é Belleek Castle, sa lá atá inniu fhéin ann. Chaitheamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, ach i ndeireadh na dála, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn an bóthar abhaile a bhuaileadh, agus d’fhágamar slán ag ‘Belleek Castle Hotel’ ar bhruacha maorga na Muaidhe, agus le Béal an Átha freisin, ach gheallamar filleadh ar an áit arís, an bhliain seo chugainn, má fhágann Dia an tsláinte againn, agus, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ní haithrisítear ár n-imeachtaí gur bhuaileamar ceann ar scríbe i má mhéith Mhaigh Nuad.

.

.

.

.

    

Franklin Antonio!

Cuairt ar Iorras na n-Iontas

Seo an chéad alt eile den tsraith a scríobh m’athair faoi thuras bóthair a rinneamar i samhradh 2017. Feicfidh tú an nasc domhain idir an áit ar rugadh é. Agus anois…

Ar Fhód mo Dhúchais arís

Bhí fúinn fós, cuairt a thabhairt ar Iorras na nIontas, sára mbeadh ár saoire thiar thart, agus dá bharr sin, nuair a tharla go raibh cuma mhaith ar an Aoine, an seachtú lá d’Iúil, agus nuair a bhí chuile shórt socraithe againn sa Ballina Manor Hotel, i mBéal an Átha, bhuaileamar an bóthar siar go breá luath an lá sin, nó theastaigh uainn lán na súl a bhaint as chuile shórt, thiar sa tseanáit. Sheas Néifin Mór go ríoga ar thaobh na ciotóige agus chuir sé fhéin agus na sléibhte eile fáilte romhainn, chomh maith. Trí Chros Uí Mhaoilíona linn agus chun tosaigh ansin i dtreo Bheannchor Iorrais. Mhothaíomar uainn Túr Bhord na Móna fan an bhealaigh, thar Dhroichead an Cheoil linn ar luas, nó níor stopamar le ceol a bhaint as a shlat droichid, trí Bheannchor linn agus muid ag déanamh iontais den fheabhas a bhí tagtha ar an mbaile sin le himeacht na mblianta, agus ar deireadh thiar shroicheamar Béal an Mhuirthead.

Chaitheamar lón breá sásúil sa Broadhaven Bay Hotel agus radharc álainn againn ar Chuan an Inbhir agus ar an taobh tíre ina thimpeall.

Ag taisteal sa Mhuirthead

Nuair a bhí cúl curtha againn ar idir ocras agus tart, bhuaileamar bóthar arís, agus tar éis cuairt a thabhairt ar an tseanáit thiar, leanamar linn trí thailte méithe an Mhuirthead. Thugamar aghaidh ar dtús ar Ionad Deirbhile, ach ar an drochuair, bhí an tIonad dúnta ag an am sin, ach bheartaíomar filleadh ar an áit, ar ball, agus srian níor tharraingíomar ansin nó gur shroicheamar an Fód Dubh fhéin ar ghob theas na Leithinse, agus ó tharla go raibh an lá go breá, grianmhar, bhí radharc thar na bearta againn ar thír is ar thrá, ar shliabh is ar mhá, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar lán na súl as chuile radharc acu. Ar ball, bhuaileamar bóthar arís, agus an turas seo, chuamar siar i dtreo an Fháil Mhóir agus tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar Thobar Dheirbhile, bhuaileamar siar Bóthar a’ Chongo, le radharc a fháil ar Naicil, agus ar Ghlais, mar ar tógadh tithe sna tríochaidí, do phobail Inis Cé, tráth ar aistríodh ó na hoileáin iad, i ndiaidh Bháthadh mór Inis Cé, sa bhliain 1927. Chaitheamar seal ansin ag breathnú uainn ar na hOileáin, a bhí mar bhráisléad thart le cósta, os ár gcomhair ansin.

Ar ár mbealach ar ais

D’fhilleamar ar an Eachléim ansin agus bhuaileamar isteach ar Ionad Deirbhile arís, ach, faraor! ba é an scéal céanna arís é, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach bóthar a bhuaileadh arís. Shroicheamar baile na Druime ar ball, agus thug mé cuairt ar an tseanáit, mar ar tógadh mé, i bhfichidí na haoise seo caite, ach, mo bhrón! ba é an scéal céanna arís é , nó ní raibh duine ar bith ag baile, ag an am, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach cuairt a thabhairt ar Reilig Nua na Croise, mar a bhfuil roinnt mhaith de mo mhuintir curtha. Thug sin deis dúinn paidir a chur lena n-anamacha, agus arís thugamar faoi deara an bhail álainn a bhí curtha ar an Reilig chéanna sin le blianta anuas. bhí an áit deas leibhéalta, an féar lomtha sa timpeall, agus bail dheas néata curtha ar na huaigheanna. Agus ó tharla san áit sin muid, shocraíomar ar dhul siar píosa beag eile go bhfeicfimis Seanmhainistir na Croise fhéin. Rinneamar sin, agus chaitheamar seal ag guairdeall thart, ag breathnú ar na huaigheanna agus ar fhothracha na Seanmhainistreach fhéin, a sheasann go bródúil, calma, os cionn na mara móire ansin, agus í ag breathnú amach thar chuan ar Oileán álainn, ársa, Inis Gluaire. Ansin, bhíomar ar ár mbealach ar ais go dtí an Manor Hotel, i mBéal an Átha, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar taitneamh as an dinnéar breá, blasta, a leagadh os ár gcomhair, sa Teach Ósta sin, agus muid ag breathnú anuas ar iascairí stuama ag iascaireacht go foighdeach in uiscí iascmhara na Muaidhe móire ansin os ár gcomhair amach. Ba lá dár saol é!

Franklin Antonio!

Cuairt ar Lissadell

Tháinig mé ar chúpla alt a scríobh m’athair faoi thuras bóthair eipiciúil a rinneamar trasna na Sionainne roinnt blianta ó shin. Seo ceann amháin acu.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas

Tar éis oíche mhaith codlata a bheith againn sa ‘Ballina Manor Hotel’ i mBéal an Átha, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an óstáin le bricfeasta galánta a chaitheamh ansin ar ár suaimhneas. D’éirigh linn an ruaig a chur ar ocras agus ar thart, ar an ócáid, agus tar éis dúinn sinn féin a fháil réidh le seal a chaitheamh ag fámaireacht sa dúiche stairiúil sin, d’ardaíomar ár seolta….

Cá ndeachaigh muid ag fámaireacht, an ea?

Bhuel! b’fhada an lá muid ag éisteacht le scéalta faoi’n Teach Mór úd i gContae Shligigh, “Lissadell”.

Solas an tráthnóna i Lissadell.

Fuinneoga móra ag breathnú ó dheas

Ar áilleacht tíre is trá.

Beirt bhan gléasta go gléigeal,

Iad araon álainn,

ach duine acu ina Gazelle.

agus ó tharla anois, go raibh sé gar go leor dúinn, shocraíomar ar chuairt a thabhairt air. Ní gá a rá go raibh na línte úd as dán an Yeatsaigh de ghlanmheabhair againn…

“The light of evening, Lissadell,

Great windows open to the south,

Two girls in silk kimonos, both

beautiful, one a gazelle.”

Ar Lissadell a tharraing mé an scéal

Agus bíodh gur bhaineamar taitneamh nár bheag, as an aistear chuige, agus as an radharc neamhaí, a bhí le fáil againn ar shliabh, is ar ghleann, ar mhuir is ar thrá, ar bhailte is ar thuath, níl fúm tada a rá fúthu sin, an babhta seo, nó ní orthu a tharraing mé an scéal, ach ar an Teach Mór úd, Lissadell, a sheas go ríoga ansin, ar thalamh ard os cionn na mara, agus mar sin, gan a thuilleadh moille, bhíomar ar ár slí isteach sa Teach Mór Ríoga sin, Lissadell.

Ba é Sir Robert Gore-Booth a thóg an Teach sin, sa bhliain 1833. Bhí sparán teann ag an bhfear céanna sin, ag an am, agus is dócha gur theastaigh uaidh sin a chur in iúl, trí mhéid, agus trí shuíomh a Thigh. Bhain garchlann Sir Robert cáil agus clú amach dóibh fhéin, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine faoi Constance, Countess Markievicz, agus an cháil a bhain sise amach di fhéin i stair chorraithe a tíre, ina lá. Bhí gariníon eile aige freisin, Eva, agus bhain sise cáil amach di fhéin mar fhile, mar shíochánaí agus mar shufragóir. Bhain a gharmhac, Sir Josslyn Gore-Booth, cáil amach dó fhéin, freisin, mar gharnóir.

Ach faoi’n am seo, tá muid bailithe sa ‘porte-cochere’ agus muid ag fanacht ar ár dtreoraí, le sinn a stiúradh timpeall an Tí Mhóir seo, Lissadell. Seo an áit a dtagadh na cóistí fadó, le deis a thabhairt do na maithe móra fáil isteach, gan bhaol ó ghaoth nó ó fhearthainn. Ar ball, tháinig fear breá, óg, chugainn, agus d’iarr orainn é a leanacht isteach. Rinneamar rud air, agus isteach linn i dtosach sa Halla mór, ornáideach, é ard, maorga, is ag cur thar maoil le troscán álainn, ársa, agus le pictiúir mhóra, suntasacha, ealaíonta, crochta ar na fallaí. Labhair an treorai linn go breá soiléir, faoi chuile shórt a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair. Leanamar linn ansin ar ár dturas trí na seomraí a bhí suite ar an urlár talún. Chuaigh an Bhialann i gcion go mór orainn, trí áilleacht, agus trí fheabhas a leagan amach, agus trí fhoirfeacht a cuid troscáin.

Thíos Staighre

Síos linn ansin go dtí an chistin agus trí bhialann an lucht freastail, agus caithfidh mé a admháil anseo, nach ndeachaigh leagan amach, nó trealamh, nó troscán, na n-ionad sin, i bhfeidhm orm fhéin, in aon chor, nó thug sé le fios dom, an meas a bhí ag aicme amháin ar aicme eile, agus iad ag maireachtáil faoin díon céanna. Ach sin mar a bhí, an tráth sin, ach nár chóir dúinn sa ghlúin seo, féachaint chuige, nach mar sin a bheas sa Phoblach s’againne, feasta. Ach leis an meas sin a chur abhaile orainn, i ndáiríre, seoladh amach as an Teach Mór sin trí thollán na n-oibrithe, a tógadh ansin, sa chaoi nach mbeadh radharc ag lucht an tí, nó ag a gcuairteoirí, ar oibrithe gioblacha ar a mbealach isteach chuig, nó ar a mbealach amach as, an Teach Mór sin. Lissadell. Ach sin uilig ráite, agus tuigthe, caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh an Teach céanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, agus ar na cuairteoirí a bhí in éindigh linn, ar ár dturas stairiúil go Lissadell.

.

.

Franklin Antonio!

Tuairisc ó Mheiriceá: Fiabhras Cábáin!

Chuaigh mo bhean chéile agus mé féin ar thuras bóthair le déanaí, tar éis dúinn an dara dáileog den vacsaín COVID-19 a fháil. De ghnáth, téimid go dtí an Cainneon Mór in Arizona cúpla uair gach bliain. Chuamar ann timpeall trí mhí ó shin, nuair a bhí tairiscint speisialta ar fáil ag an óstán El Tovar ar imeall an taoibh ó dheas den chainneon. Bhí an pandéim dona go leor ag an am sin, ach chuamar ann ar aon nós. Ná lochtaigh tú an rud a fhaigheann tú in aisce, mar a déarfá!

De ghnáth, bíonn go leor daoine ar cuairt go dtí an taobh ó dheas i gcónaí, idir Mheiriceánaigh agus eachtrannaigh. Ach ag an am sin, ní raibh aon eachtrannaigh ann, agus is beag Meiriceánach a bhí ann ach an oiread. Ní raibh sé deacair fanacht glan ó dhaoine, mar ní raibh orainn a bheith gar d’aon duine. Ní raibh gach seirbhís ar fáil, ach níorbh aon chur isteach é sin, i ndáiríre. Bhí an aimsir go breá agus bhí siúlóidí iontacha againn ar imeall an chainneoin.

Ní haon ionadh é, mar sin, gur shocraíomar dul go dtí an Cainneon Mór arís i an Mheithimh. Bhí sé beartaithe againn trí lá a chaitheamh ar an taobh ó thuaidh ar dtús, agus ansin lá amháin ar an taobh ó dheas, chun bualadh lenár gcairde ann.

Difríochtaí idir an dá imeall

Ní thógfá ort dá gcreidfeá nach bhfuil mórán difríocht idir an dá imeall, ach ní bheadh an ceart agat ar chor ar bith! thagann gan ach codán an-íseal de na cuairteoirí go dtí an t-imeall ó thuaidh, mar tá sé i bhfad níos iargúlta ná an t-imeall ó dheas. Níl mórán seirbhísí ar fáil agus níl ach óstán amháin agus ionad campála amháin gar don imeall ó thuaidh. Tá go leor óstáin ar an imeall ó dheas os a choinne sin. Ní hamháin é sin, ach tá baile díreach taobh amuigh den pháirc ar an taobh ó dheas, darb ainm Tusayan. Tá go leor óstáin agus bialanna ar fáil ann do chuairteoirí ar a slí go dtí an t-imeall ó dheas!

Difríocht mhór eile atá idir an dá imeall ná go bhfuil an t-imeall ó thuaidh, 2400m ar airde, timpeall 400m níos airde ná an t-imeall ó dheas. Dá bharr sin, bíonn an aimsir níos fuaire ar an taobh ó thuaidh. Bíonn sneachta domhain ann sa gheimhreadh, agus bíonn an bóthar agus an t-óstán dúnta ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair gach bliain.  Ar an lámh eile, bíonn an pháirc ar an taobh ó thuaidh ar oscailt go hiomlán an t-am go léir.

Ár gcuairt

Bhí ádh na haimsire linn, mar bhí teocht dheas 25ºC againn ag an imeall ó thuaidh, nuair a bhí daoine i Phoenix in Arizona bácáilte le teocht os cionn 40ºC! Ní raibh mórán cuairteoirí le feiceáil agus bhí siúlóidí iontacha againn agus radhairc áille le feiceáil i ngach treo. D’imigh na laethanta thart an-tapa agus i bpreabadh na súl bhí sé in am imeachta dúinn. Thiomáineamar timpeall an chainneoin ón imeall ó thuaidh go dtí an t-imeall ó dheas, turas 5 uaire, chun ár deireanach a chaitheamh ag an imeall ó dheas!  Toisc go rabhamar sa Pháirc Náisiúnta cheana féin, ní raibh orainn dul isteach sa Pháirc arís ar an taobh ó dheas. Rud maith é sin, mar chualamar go raibh tréimhse feithimh fhada chun teacht isteach sa Pháirc. Faoi dheireadh fuaireamar spás páirceála, agus bhuaileamar lenár gcairde. Bhí sé plódaithe le daoine i ngach áit, istigh is amuigh, agus mar sin shocraíomar bualadh le chéile níos déanaí sa bheár le haghaidh an dinir. Idir an dá linn, chúlaíomar go léir siar chuig ár n-óstáin. Ach nuair a bhí sé in am dul go dtí an beár, bhí ár gcairde tugtha tráchta, agus shocraíomar trí theachtaireachtaí téacs bualadh le chéile an mhaidin dár gcionn. Sa tslí sin, bhíomar in ann ar a laghad bricfeasta a fháil le chéile. Teip iomlán (nó ‘Epic Fail’ as Béarla) a bhí sa chuairt go dtí an t-imeall ó dheas, i gcodarsnacht leis ár gcuairt iontach go dtí an t-imeall ó thuaidh!  

Conclusion

Cad a bhí ar siúl ar chor ar bith ar an taobh ó dheas den chainneon? Fiabhras cábáin a bhí i gceist in éineacht le cosc ar thaisteal idirnáisiúnta, agus bhíomar féin chomh ciontach le haon duine eile!  Cúpla lá ina dhiaidh ár dturas bóthair, chonaic mé grianghraif ó cúpla Páirc Náisiúnta eile (Arches, Zion) agus bhí scuainí fada i ngach áit.  Nóta chugam féin seachain páirceanna náisiúnta ach amháin iad atá an-iargúlta!   

.

  

.

.

.

Franklin Antonio!

Emilio an Bearbóir

Thug mé an madra amach ag siúl sa chomharsanacht, le déanaí, ní ar ár ngnáthbhealach ach ar bhealach dhifriúil, mar athrú.  Chuamar thar ionad siopadóireachta beag sa bhaile a mbainim úsáid as go minic, mar tá cúpla siopa beag ann agus an siopa bearbóra lonnaithe san ionad céanna. Suas go dtí dianghlasáil na pandéime, bhínn ann go minic ag siopadóireacht, agus gach mí nó mar sin, d’fhaighinn bearradh gruaige sa siopa bearbóra. Tá an bearbóir céanna agam le bliain is fiche anois. Emilio is ainm dó, fear as Cúba ó dhúchas. Is leis an siopa bearbóra, agus cabhraíonn bearbóir eile leis, fear darb ainm John, ó am go ham, agus go háirithe nuair a bhíonn a lán custaiméirí ag fanacht.

Rith sé liom dul go dtí an siopa bearbóra, chun a fháil amach an raibh sé ar oscailt, ós é gur cheadaíodh iad a bheith ar oscailt arís cúpla seachtain ó shin. B’fhéidir go bhféachainn mo chara agus go mbeadh an deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis. Nach mbeadh sé sin go hiontach! Shiúl mé díreach go dtí an siopa, ach bhí an doras dúnta. ‘’Níor oscail sé fós, b’fhéidir roimh i bhfad!” Sin a cheapas ar aon nós! Ní raibh sé éasca féachaint isteach sa siopa mar bhí screamh dhorcha ar na fuinneoga ionas nach mbeadh daoine in ann an taobh istigh a fheiceáil. Ach nuair a chuir mé mo lámh os comhair mo shúile, agus mé in éadan na fuinneoige, bhí mé in ann gach rud a fheiceáil. Baineadh droch-chroitheadh asam ar an toirt!

Ní raibh ann anois ach seomra stórais don teach tábhairne béal dorais. Bhí stólta arda agus lampaí teasa caite sa mhullach ar a chéile, agus gach rud a bhíodh sa siopa imithe. Tháinig tocht orm agus tháinig go leor cuimhní ar ais go tréan chugam.

Nach ann a thugainn mo mhac chun bearradh gruaige a fháil, agus é fós ina luathdhéagóir! Nuair a bhíodh sé ag bearradh a ghruaige, thaispeánadh Emilio fístéipeanna dó – cartúin Disney agus a leithéid. B’aoibhinn le mo mhac dul ann agus bhíodh sé i gcónaí ag tnúth leis an chéad chuairt eile go Emilio. Déanta na fírinne, b’aoibhinn liomsa dul ann freisin. Agus é ag bearradh mo chuid gruaige, bhímis ag geabaireacht an t-am go léir faoi gach ábhar faoin spéir. Go minic, athraíodh ábhar an chomhrá go cúrsaí i gCúba nó in Éirinn, mar bhí suim mhór ag Emilio in Éirinn agus suim mhór agam i gCúba. D’insímis scéalta dá chéile faoi eachtraí ár n-óige inár dtíortha dúchais agus ceol aigeanta na seascaidí agus na seachtóidí le cloisteáil sa chúlra. Ní bearradh gruaige a bhí i gceist dom riamh – ach amthaisteal.

Thagadh cuairteoirí chuig an siopa freisin agus bhíodh fáilte mhór ag Emilio roimh gach cuairteoir, fiú amháin daoine nach raibh bearradh gruaige ag teastáil uathu, agus bhí scéalta iontacha ag gach duine acu agus go háirithe ag na cuairteoirí seasta. Club sóisialta a bhí ann, i ndáiríre, agus bearradh gruaige mar leithscéal teacht le chéile.

Tar éis tamaill mar chustaiméir ann, neartaigh an cairdeas eadrainn.  Nuair a bhí mé in Éirinn samhradh amháin, cheannaigh mé cúpla mionbhuidéal fuisce sa siopa saor ó dhleacht san aerfort. Ar mo chéad chuairt eile go dtí an siopa bearbóra, thug mé mionbhuidéal liom ag deireadh an lae. Fuair mé mo bhearradh gruaige, agus ansin thóg mé amach cúpla mionbhuidéal agus d’ólamar iad. B’aoibhinn le Emilio gach saghas fuisce, ach go háirithe fuisce braiche as Éirinn. Neartaigh an deoch sin an nasc eadrainn agus gineadh nós nua ansin. Gach uair tar éis dom mo bhearradh gruaige a fháil, tharraingínn amach cúpla mionbhuidéal, agus bhíodh an-chraic againn ansin. Uaireanta, bhíodh rum Cúbach ag Emilio, agus d’ólaimis rum iontach cosúil le ’Havana Club Gran Reserva’.   

Tar éis tamaill agus an nós sin againn, nuair a d’fhéachadh Emilio mé ag teacht, deireadh sé: “Ah, seo mo ‘Irish Connection’ ag teacht.” Bhí aithne ag na custaiméirí go léir orm roimh i bhfad agus mise orthu – ach ní raibh a fhios acu cén fáth ar thug Emilio an t-ainm sin orm. Sin rún a d’fhan idir Emilio agus mé féin – go dtí an nóiméad seo, ar aon nós!

Braithim uaim go mór an siopa bearbóra sin, agus go háirithe mo bhearbóir phearsanta agus mo ‘Cuban Connection’. Fuair seoid bheag áitiúil bás, áit sóisialta do mhuintir na háite, agus ní bheidh a leithéid le feiceáil arís, is dócha. Ceapaim go bhfuil mo phost mar an ‘Irish connection’ caillte go deo, freisin! Ní bheidh an saol ach go háirithe bearradh gruaige mar an gcéanna arís!

.

.

.

.

.

en_USEnglish