S a o i r s e     C a i n t e

S a o i r s e C a i n t e

St. Jude’s,

Bóthar Phort Láirge,

Cill Chainnigh.

27. 11. ’02.

.

A Eagarthoir a chara,

Alt beag chugat. N’fheadar an mbeadh aon spéis agat ann. Ag súil le scéala uait.

Beir Bua agus Beannacht

ó

Peadar Bairéad.

***************************************************

S a o i r s e C a i n t e .

**************************

.

Daonlathas atá againn sa tír seo, agus sa chineál sin rialtais, cuirtear saoirsí faoi leith in áirithe do shaoránaigh uilig an Stáit.

Cén cineál saoirsí, an ea ?

Saoirse tionóil, saoirse caidrimh, agus saoirse cainte, na cinn a thagann chun cuimhne, ar an bpointe boise, ach do thuras na huaire seo, is í an tsaoirse cainte is mó a bheidh idir chamáin agam.

Tuige, an ea?

Bhuel, chuile thuige, mar i ndáiríre, nach í an tsaoirse chéanna seo bun agus barr an daonlathais. Mura bhfuil saoirse cainte againn, ní fiú an deich triuf ceann ar bith de na saoirsí eile a ghealltar dúinn sa mBunreacht.

Agus céard é go díreach atá i gceist sa tsaoirse iontach seo, a chuireann saoirse cainte in áirithe don saoránach?

Tá seo, go ngealltar don saoránach, go bhféachfaidh an dlí chuige, go mbeidh cead agus ceart aige a thuairimí dílse fhéin a nochtadh, os íseal, nó os ard, chomh fada is nach n-úsáidtear an tsaoirse sin le huisce faoi thalamh a chothú i gcoinne an Stáit, nó i gcoinne an phobail. Sea, agus chomh fada is nach gcuirtear isteach ar shaoirse éinne eile.

Ach, tuige a’ bhfuil tú ag seinm ar an dtéad seo inniu? Nach bhfuil chuile shaoránach sásta an ceart sin a bhronnadh ort, agus ar chuile shaoránach eile, chomh maith leat?

B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil. Is dócha go mbeadh sé níos cóngaraí don bhfírinne, dá ndéarfainn go bhfuil an Stát sásta an tsaoirse sin a bhronnadh orm, ach an bhfuil chuile shaoránach sa Stát sásta a leithéid céanna a dhéanamh? Déarfainn fhéin nach bhfuil.

Conas a tháinig tú ar an tuairim sin?

Bhuel, níl le déanamh agat ach éisteacht le daoine ag comhrá, ar chláracha Raidió, nó ar chláracha teilifíse fiú, agus tabharfaidh tú fhéin faoi deara, go bhfuil tuairimí áirithe nach bhfuil glacadh ag an bpobal leo, nó ag láithreoirí na gclár úd, dá ndéarfainn é, ach oiread.

Cén cineál ábhair atá i gceist agam sa mhéid sin?

Bhuel, nach cuimhin leat an chomhairle a thugtaí do dhaoine óga, agus iad ag fágáil an bhaile fadó, le dul ar scoil chónaithe, nó ag dul amach chun oibre dóibh, nó roimh dhul ar an mbád bán nó a leithéid, dóibh.

Ní cuimhin liom go díreach anois.

Bhuel, ba é adeirtí leo, ná ábhair áirithe comhrá a sheachaint, ábhair a raibh baint acu le Creideamh nó le Polaitíocht, agus déarfainn go bhfuil cuid mhaith den bhfírinne ag baint leis an gcomhairle céanna sin, fiú sa lá atá inniu fhéin ann.

Ach, nach féidir le duine rud ar bith is maith leis a rá ar chláracha raidió, nó teilifíse, na laethe seo?

D’fhéadfadh sé go bhfuil, ach má breathnaíonn tú ar chúrsaí, feicfidh tú, go n-itear beo beathaíoch an té a dhéanann iarracht ar thuairimí áirithe a chur os comhair an phobail, ar raidió, nó ar theilifís, gan trácht in aon chor ar na nuachtáin, agus go minic, is iad fiacla an láithreora is géire san ithe céanna sin.

Nach bhfuil sé deacair sin a chreidiúint sa lá atá inniu ann, agus go háirithe, ó thuigtear do na láithreoirí céanna sin, gurb iad fhéin tús agus deireadh na saoirse cainte, agus, ag an am gcéanna, nach minic a thugann siad ardán do bhoicíní aite, nach n-éistfeadh amadán an choirnéil fhéin leo

Tagaim leat sa mhéid sin, go dtugann siad ardán do bhoicíní aite, gan dabht ar domhan, ach de ghnáth, cuireann na boicíní céanna sin tuairimí aite an láithreora fhéin os comhair an phobail. Sea, bíonn clár oibre faoi leith ag na láithreoirí céanna sin, nó nach ionann le heaspaig iad, agus iad ag éisteacht le faoistiní na cosmhuintire, agus ag cur comhairle orthu, díreach faoi mar ba shagairt pharáiste, ar a laghad, iad.

Ar an dtaobh eile den scéal, má dhéanann tusa iarracht ar thuairimí nach n-aontaíonn an láithreoir leo, a chur i láthair, bí cinnte, go mbainfear sclaimh asat, agus chomh maith le sin, bí cinnte freisin, gur gearr go ruaigfear den aer thú, tú fhéin is do thuairimí coimeádacha!

Sea, ach cén cineál tuairimí coimeádacha atá i gceist agam, an ea?

Bhuel, le blianta fada anois, nach deacair do thuairimí faoi chúrsaí náisiúnta a nochtadh go neamheaglach, macánta, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide. N’fheadar mé anois go díreach, céard is cúis le sin. Ach, ar an gcéad dul síos, tá faitíos ar dhaoine a dtuairimí macánta fhéin a nochtadh, ar eagla go mbainfí as a gcnámha é, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine againn, nach bhfuil pionóis phríobháideacha, thuaidh nó theas, thar mholadh beirte, le mám maith blianta anois. Tá’s ag chuile dhuine, go bhfuil pionóis uafásacha á ngearradh ar dhaoine, agus nílim ag labhairt faoin bpionós a ghearann an Stát, trína chúireanna, ar dhaoine, ach oiread, ach an pionós a ghearann na paramílitigh, ar a mbaill fhéin, i dtosach, agus ar bhaill an phobail freisin, nuair a bhriseann siad rialacha áirithe, i measc na cosmhuintire. Bhuel, anois, ní go ró-mhinic a bhíonn tuairiscí na bpionós céanna sin le fáil againn ar na meáin chumarsáide. Sea, agus d’fhéadfá a bheith cinnte dearfa de, gur lú ná sin fós, na tagairtí dóibh siúd a ghearrann na pionóis sin, a bheidh le fáil agat ar na meáin. Níor den chéill é, a leithéid a dhéanamh, bíodh go ngeallann an Stát saoirsí dá leithéid dúinn!

Tá ábhair eile ann freisin, nach maith le daoine a dtuairimí dílse fhéin a nochtadh fúthu.

Cén cineál ábhair atá i gceist agam, an ea?

Bhuel, ní chuile dhuine a nochtfadh tuairim nach mbeadh ag teacht le tuairimí na gceartchreidmheach, i gcúrsaí creidimh, i gcúrsaí sóisialta, nó i gcúrsaí gnéis. Níl dabht ar domhan, ach gur chalma an saighdiúir a raghadh ag argóint faoi chúrsaí gnéis, ar chlár raidió, nó ar chlár teilifíse, agus é ag iarraidh dearcadh coimeádach a chur ar a súile don lucht éisteachta. Chonaic muid uilig an chaoi ar deineadh daoine áirithe a mhugáil ar chláracha dá leithéid. Smaoinigh ar an té a bheadh ag iarraidh a chur ina luí ar a lucht éisteachta, nár chóir do mhná pósta dul amach ag obair! nó nár chóir do lánúnacha aonghnéis bheith ag iarraidh pósadh, nó páiste a uchtú, ach oiread, Nó fiú, nár dheacair an cúram a bheadh ar dhuine, agus é ag iarraidh a chur ina luí ar a lucht éisteachta, gur daoine macánta, díograiseacha, neamhleithleasacha iad, lucht polaitíochta. Ná síltear anois go mbeadh fonn orm fhéin na tuairimí sin a chur os comhair an phobail, ach ní chuirfeadh sé as dom éisteacht le duine eile agus é ag iarraidh dearcadh dá leithéid a chur ar a chosa, os ard. Ach sé an chaoi a bhfuil cúrsaí anois, nó nach dtabharfaí deis ar bith do dhuine dá leithéid, a dhearcadh, nó a chuid argóintí, a shlógadh, ar mhachaire na hargóna, nó is amhlaidh a dhéanfaí é a ionsaí ar an toirt, ar eagla go mbeadh deis aige dul i gcionn ar an bpobal, nuair ba chiallmhaire, go mór fada, deis labhartha a thabhairt dó, sa chaoi go bhfeicfí, an raibh ar a chumas a chás a shonrú agus a chosaint.

Is cuimhin liom, blianta ó shoin, nuair a bhí lucht Jehovah ag dul timpeall na mbailte, ag iarraidh a soiscéal a chraobhscaoileadh, i measc daoine, bhuel, ba é mo thuairim fhéin, ag an am, nár chóir an cead sin a thabhairt dóibh, ach bhí cara agam, ag an am, agus nuair a dheineamar an scéal a chíoradh, ba é an tuairim a bhí aigesean, nó gur chóir lánchead a thabhairt dóibh a ndearcadh a chur i láthair an phobail, cead acusan, ag an bpobal, ansin, glacadh leis, nó diúltú dó. Ar ball, thuig mé ciall agus eagna an dearcaidh chéanna sin. Anois, níl dabht ar domhan, ach go dtugann an Bunreacht s’againne an ceart agus an tsaoirse sin dár saoránaigh, ach ní haon mhaith é sin, mura bhfuil na saoránaigh sásta agus toilteanach déanamh mar a mholtar dóibh sa Bhunreacht céanna sin.

Ar na mallaibh, tháinig ábhar eile os comhair an phobail, ábhar atá i bhfad Éireann níos cigiltí, agus níos tinneallaí, fós, ná na cinn atá luaite agam, go nuige seo.

Agus cén t-ábhar é fhéin, in ainm an Rí?

Is dócha go bhféadfaí mí-úsáid gnéis, ar dhaoine óga, ag baill áirithe den chléir a ainmniú anseo. Tá’s ag madraí an bhaile fhéin, faoin am seo, gur tharla a leithéid, go réasúnta forleathan, ó cheann ceann na tíre seo, agus gur tharla sin, le roinnt mhaith blianta anuas anois. Gníomhartha dochosanta iad na gníomhartha céanna sin, agus admhaítear gur deineadh leithcheal trom ar na daoine sin, ar deineadh an mhí-úsáid sin orthu, cuma cé dhéanfadh é, ach tá sé i bhfad Éireann níos measa fós nuair a dhéanann baill den chléir é, nó bhí de dhualgas ar na daoine céanna sin an óige a chosaint, agus a gcúram a thógáil orthu fhéin, agus dá bhrí sin, bhí de cheart ag an óige bheith muiníneach astu. Ach anois, samhlaigh duit fhéin duine ar chlár teilifíse, nó ar chlár raidió, agus é ag iarraidh na baill sin den chléir a chosaint, nó a bheith ag iarraidh na hEaspaig a bhí ina bhfeighil, a chosaint, ach oiread! An dtabharfaí deis dó a chás a leagan os comhair a lucht éisteachta, gan cur isteach, gan trasnaíl? Ag magadh fúm atá tú! D’íosfaí é beo, beathaíoch, gan salann, gan anlann.

Ach, i ndeireadh na dála, caithfimid éisteacht leis an dá thaobh den scéal, nó ní bheidh síocháin go deo againn nó go dtuigfimid bun agus barr, agus fios fátha, an scéil, ó thús deireadh. Nílim ag maíomh anois go mbeidh sé éasca sin a dhéanamh, nó ní bheidh, ach más uainn seolta a ardú arís, agus bóthar a bhuaileadh chun an dara Earraigh sin atá romhainn amach, caithfear rud eicínt dá leithéid a dhéanamh.

Sea, mh’anam, is crua iad na greamanna ina bhfuil pobal Dé gafa, i láthair na huiare seo, ach má chreidimid an deascéal, ní tráth ar bith éadóchais é, seo an t-am le leorghníomh a dhéanamh, maithiúnas a lorg, agus ansin tabhairt faoin todhchaí go misniúil arís, ar lorg an Spioraid. Níl an dara suí sa bhuaile againn, ach glacadh leis, go bhfuil buille trom buailte ar an Eaglais Chaitliceach Romhánach, agus bíodh go dtugann sin an-deis do dhaoine áirithe smitín eile a bhuaileadh uirthi, agus an chloch sa mhainchille a oibriú uirthi, caithfear glacadh leis, go bhfuil sin uilig tuillte, agus tuillte go maith, aice, ach ná caithimis uainn an leanbh in éindí leis an uisce folcaidh.

Chun oibre linn, má sea, mar tiocfaidh an dara Earrach sin, mar a bheadh tuar faoin tairngreacht, má tá an fonn orainn chuige.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

S a o i r s e     C a i n t e

S a o l t a a g A t h r u

S a o l t a a g A t h r ú .

************************

Línte tosaigh an úrscéil chailiúil úd, A Tale of two Cities, le Charles Dickens, a rith liom, cupla oíche ó shoin, agus mé ag iarraidh roinnt smaointe ar Nollaigí m’óige, a chur i dtoll a chéile, do phíosa Nollaigiúil na seachtaine seo, píosa, b’fhéidir, a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar na hathruithe móra atá tagtha ar an saol le seachtó bliain anuas….

“It was the best of times, it was the worst of times.”

Sílim fhéin go bhféadfaí an rud céanna a rá faoin tráth seo bliana, nó chomh fada is a bhaineann sé leis an aos óg, níl a shárú le fáil faoi luí na gréine, ach go minic, i gcás na ndaoine eile úd, a bhfuil bunús a n-oilithreachta críochnaithe acu, nó dóibh siúd a ndeachaigh cúrsaí an tsaoil ina gcoinne, d’fhéadfadh an tráth seo bliana bheith níos uaigní dóibhsean, ná tráth ar bith eile ó Lá Caille go hOíche Chinn Bliana.

Ach le ceann a bhaint den scéal, nach maith atá a fhios againn uilig an chaoi a bhaineann an t-aos óg toit agus spórt as Féile seo na Nollag. Ní call dúinn ach ainm an fhir mhóir, ramhair, groí, úd, San Nioclás fhéin, a lua, le loinnir a chur i súile an aosa óig, ar smaoineamh dóibh ar fhéastaí, ar bhronntanaisí, ar fhéiríní, agus ar bhréagáin. — Anois, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar uimhir áirithe páistí nach mbaineann taitneamh nó spraoi as an Séasúr beannaithe seo, toisc go gcaitear leo go holc, go brúidiúil, agus go bhfágtar iad gan grá, gan meas, gan cúram, ach tríd is tríd, déanann tuismitheoirí gach dícheall le freastal ar an óige a bhíonn faoina gcúram, an tráth seo bliana. — Ach ar an dtaobh eile den scéal, ní gá dom ach an focal, uaigneas. a lua, agus tuigfidh tú láithreach, cé mar a chuireann Séasúr na Nollag isteach ar roinnt áirithe díobh siúd, a bhfuil deireadh an ráis ag druidim leo, le luas lasrach. Smaoiníonn siad siúd ar chairde caillte, ar laethe a bhí, agus ar fhailleanna nár rugadh orthu. Sea, is dócha go bhféadfadh duine a rá le fírinne…

“It was the best of times, it was the worst of times,

it was the season of Light, it was the season of Darkness,”

Feictear do dhream amháin gurb é an séasúr is gile ar bith é, ach don dream eile, níl séasúr chomh dorcha le fáil sa bhith críoch.

Ach, b’fhéidir anois, nárbh olc an smaoineamh é, súil a chaitheamh siar, le spléachadh a fháil ar na Nollaigí a bhí, len iad a chur i gcomparáid leis na Nollaigí a bhíonn againn ar na saolta deireannacha seo.

Is cuimhin liomsa na Nollaigí a bhíodh againne thiar in Iorras, i dtriochaidí na haoise seo caite.

Ag magadh fúm atá tú, ach níor cheap mise go raibh éinne chomh haosta sin !

Geallaimse dhuit é go bhfuil, agus é beo beathaíoch fós! Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo.

Bhuel, cén cineál Nollaigí a bhíodh agaibh, má sea?

Nollaigí sona, sásta; Nollaigí carthannacha, críostaí; agus Nollaigí aeracha, meanmnacha. B’fhéidir nach mbíodh mórán airgid againn agus muid ag ceannacht na Nollag, ach mura raibh fhéin, bhíomar sona, sásta, leis an méid a cuireadh ar fáil dúinn. Ba é an scéal céanna ag óg agus ag aosta é, ní bhídís ag súil le mórán, agus dá bhrí sin, bhídís sásta leis an mbeagán.

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us,

Breathnaigh nóiméad ar cheist sin na mbréagán. Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn páistí áirithe sásta, mura bhfaigheann siad Ríomhaire, nó “Play Station”, nó rud eicínt dá leithéid. I ndáiríre, ní bréagáin iad a leithéidí, in aon chor, ach gléasanna oibre, nó chaitheamh aimsire. Ní bheadh girseacha an lae inniu sásta le bábóg beag tuí, nó le rud eicínt dá leithéid. Geallaimse dhuit é, nach mbeadh. Is amhlaidh a bheadh rothar, nó scútar, nó teach bábóige, ag teastáil uathu in éineacht leis an mbábóg tuí chéanna sin, sea, agus b’fhéidir “Surprise”, chomh maith leo sin, sára mbeadh roinnt áirithe de ghirseacha an lae inniu sásta, nó leath-shásta, b’fhéidir. Féach ar an mbrú a chuireann páistí an lae inniu ar a dtuismitheoirí! A Mham, “How come” go bhfuair Seáinín na ngiobal, thuas an bóthar, “Play Station” agus rothar sléibhe, maraon le cupla “surprise”, agus níl le fáil agamsa ach an scútar lofa sin? An é nach bhfuil grá ar bith agat domsa anois? Feictear domsa go bhfuil níos mó le fáil ag Seán an Gheata fhéin ná mar a fhaighimse, bíodh nach bhfuil ann ach maicín altrama! Beidh na gasúir eile ag gáire fúmsa anois, agus iad ag fiafraí díom ar tháinig San Nioclas fhéin chugamsa, in aon chor, nó arbh amhlaidh nár tháinig chugamsa ach a chúntóir? Sea, mh’anam, agus Mamaí bhocht ar a míle dhícheall, ag iarraidh an Nollaig a cheannacht don chlann ar fad, agus gan aice ach pingneacha beaga chuige sin.

Agus nach mbíodh na cleasa céanna ar siúl agaibhse, seachtó bliain ó shoin? Ní bhíodh, mh’anam, nó, ar an gcéad dul síos, bhíomar uilig chomh bocht lena chéile. Ní bhíodh ag an gcuid ba mhó againn ach bréagáin baile, bréagáin a deineadh sa bhaile. Ach nach mbíodh bréagáin siopa agaibh, freisin?

Bhuel, anois is arís, b’fhéidir go bhfaighfeá guinnín, nó cairrín, nó saighdiúirín, nó a leithéid, ach b’annamh go maith a gheofá a leithéid, agus ní bheifeá ag dul timpeall ag clamhsán, go bhfuair duine de na comharsain gunna, nó carr, nó saighdiúir, nó a leithéid, ach dá bhfaighfeá fhéin a leithéid, bheadh tú buíoch beannachtach, agus dá bhfaigheadh do chomharsain é, bhuel, b’fhéidir go ligfeadh sé duit seal a chaitheamh ag súgradh leis, am eicínt, i ndiaidh na Nollag!

Agus an mbíodh tada eile le fáil agaibh mar bhronntanas Nollag ó San Nioclás, na laethe úd?

Ó, bhíodh. Bhíodh milseáin, úlla, piorraí, oráistí, agus a leithéid, agus mura mbeadh na hearraí sin flúirseach ag Mam, bhuel, ansin dá mbeadh an t-ádh ort, chuirfeadh sí mám rísíní isteach sa stoca dhuit.

Agus ar thaitin earraí dá leithéid libh, an t-am sin?

Cuirfidh mé geall go dtaitníodh, agus nach muidinne a bhaineadh an cnagairt as earraí dá leithéid! B’ór buí, agus b’airgead geal, dúinne, na hearraí céanna sin. Sin an fáth a ndeirim gur mór idir inné agus inniu. Agus an rud a shásódh sinne, seachtó bliain ó shoin, ní bheadh gasúr, nó girseach, ar bith, sásta leo, sa lá atá inniu ann. Le fírinne, ní dóigh liom go raghaidís trasna na sráide, le féiríní dá leithéid a phiocadh suas.

An é mar sin, go bhfuil saol i bhfad níos sona ag páistí an lae inniu?

Ní hea, in aon chor, nó cuirfidh mé geall, gur bhaineamarna an oiread céanna spraoi agus spóirt, as a raibh againne, an tráth úd, agus a bhaineann gasúir an lae inniu, as a mbíonn acusan anois. Ní bhíonn an tsaint fite fuaite i ndúchas an pháiste. Ní bhíonn uaidh ach grá agus spraoi, agus is féidir leis spórt a bhaint as bosca na mbréagán fhéin fiú, sa chás sin.

“It was the best of times, it was the worst of times

it was the season of Light, it was the season of Darkness,

it was the Spring of hope, it was the winter of despair,”

Sea, don té atá imithe anonn sna blianta, agus a bhfuil an aois mar mheáchan anuas ar a chnámha, agus a bhfuil cúrsaí an tsaoil mhóir imithe ina choinne, is scéal eile ar fad dósan an Nollaig chéanna sin. Tá a chairde agus a chlann imithe uaidh, faoin am seo, agus é fágtha ina chadhain aonraic, leis fhein, agus gan de chomhluadar anois aige ach a smaointe duairce, dorcha, dubha, fhéin.

Ach nach gceapfá, go dtógfadh gliondar agus spraoi an aosa óig a chroí agus a mheanmna dó, agus go gcuifeadh ceol agus rince an tSéasúir ríméad ar an gcroí istigh ann?

Beag an baol go dtarlódh tada dá leithéid. Nuair a fheiceann seisean na daoine óga ag déanamh a gcuid cleas, agus ag súgradh lena bhféiríní Nollag, is amhlaidh a thosaíonn seisean ag smaoineamh siar ar na laethe úd fadó, nuair a bhí a chlann ag fás aníos agus iad ag súgradh thart air fhéin, nó b’fhéidir go dtéann sé siar go dtí laethe órga a óige fhéin fiú. Sea, agus céard tá fanta aige anois sa nead?

Tada! Níos lú ná tada, nó mura mbeadh tada aige, ní bhrisfeadh sin a chroí, nó an rud nach raibh riamh aige, ní aireodh sé a leithéid uaidh, ach i gcás na bpáistí úd atá anois glanta leo as an nead, bhuel, tá a gcuimhne fanta ina ndiaidh, agus itheann agus creimeann an chuimhne sin fuil agus feoil an chroí istigh ann, sa chaoi gurb é séasúr an dorchadais, agus an éadóchais dósan é. Agus breathnaigh ar na daoine eile úd, atá imithe anonn sna blianta, agus atá anois ar an anás agus iad fágtha gan foscadh, gan fothain. An é do thuairim go mbíonn siadsan sona sásta aimsir na Féile móire seo? Bí cinnte nach mbíonn, nó arís, is iad na smaointe ar na laethe a bhí, a fhilleann orthu anois, len iad a chrá agus a chéasadh. Cuimhníonn siad ar na féastaí a bhíodh acu fadó, le linn dóibh bheith ag fás aníos i dtigh a muintire, agus féach orthu anois, gan an oiread acu is a cheannódh builín aráin, nó braon bainne, dá gceadphroinn, ach iad ag brath ar na “Samaritans” nó ar lucht “Meals on Wheels”, le greim a coinneáil leo. Ní haon ionadh, gur tráth uaignis, agus briseadh croí, dóibhsean, Séasúr na Nollag.

“It was the best of times, it was the worst of times,

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us. “

Anois, ní gá dhom a rá, nach faoin Nollaig a bhí an t-údar cáiliúil, Charles Dickens, ag scríobh, agus na focail thuas á mbreacadh síos aige, ach murarbh ea fhéin, nach breá feiliúnach iad, mar theist ar an tráth seo bliana?

Ach raghaimis siar nóiméad arís, go dtí na Nollaigí gortacha úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas, agus mé ag scríobh faoi na Nollaigí a chaith mé fhéin, agus mé ag fás aníos, thiar in Iorras, thart ar sheachtó bliain ó shoin anois, ach bhí comhábhar amháin, sa mheascán sin, nár dhein mé tagairt ar bith dó, agus mé ag scríobh fúthu.

Agus cén comhábhar é fhéin, an ea?

An spioradáltacht, nó an chríostaíocht, a bhí fite fuaite i saol an uile dhuine againn thiar, ag an am sin. Ní ag maíomh as sin atá mé anois, nó ba chuid den saol a bhí thart orainn é, agus ní sinne a chruthaigh, nó a chum. Ach ag an am gcéanna, ag breathnú siar ar chúrsaí anois, ní féidir a shéanadh, ach gur chuir an spioraadáltacht chéanna sin go mór le saibhreas na beatha dúinne páistí. Cinnte, bhíodh súil in airde againn do na féiríní agus do na bronntanaisí Nollag, ach bhí níos mó ná sin ag baint leis an Séasúr beannaithe sin dúinne. Nár lá breithe é? Lá breithe an tSlánaitheora fhéin!

Sea, agus thosaíodh muidinne ag ullmhú don cheiliúradh sin ar an gcéad lá de Mhí na Nollag, nó ar an lá sin, chuireadh muid tús le nós an Chúig Mhíle Áivé. B’in nós a bhí againn thiar in Iorras, ag an am, agus i ndáiríre, níor chuala mé riamh go raibh an nós sin le fáil áit ar bith eile sa tír, ach ba é a bhí i gceist sa nós sin, nó go raibh orainn cúig mhíle Áivé a rá, idir an lá sin agus Lá Nollag, agus bhí le tuiscint ansin, go bhfaighfeá do mhian, ach an méid sin Áivé a bheith ráite agat, taobh istigh de na dátaí sin. Bhí de nós againne an bronntanas sin a thabhairt do Mham, mar bhronntanas Nollag uainne páistí. Ach tuigtear ón méid sin, go mbíodh an saol eile, chomh maith leis an saol seo, ar ár n-aire againne, an tráth úd, agus i ndáiríre, is dócha go raibh an taobh sin den scéal chomh tábhachtach leis an taobh saolta den Séasúr, agus chomh maith le sin, is dócha gur chuir sé craiceann eile ar fad ar scéal Fhéile na Nollag dúinne.

“It was the best of times, it was the worst of times,

It was the season of Light, it was the season of Darkness,

It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,

We had everything before us, we had nothing before us,

We were all going direct to Heaven, we were all going direct the other way.”

Sea, mh’anam, don óige, is é an tráth is fearr den bhliain é, Séasúr an tSolais, Earrach an dóchais, tráth a bhfuil an saol uilig leata os do chomhair amach, agus tú ar do shlí chun na bhFlaitheas, nó is í an óige séasúr an dóchais, na bhfíseanna, agus an tráth is fearr. Ach, ag an am gcéanna, ní mór dúinn cuimhneamh, go bhfuil daoine eile ann, a bhfuil a ndóchas-san iompaithe ina éadóchas, a bhfíseanna iompaithe ina dtromluithe, agus a n-óige fhéin caillte, agus ina háit, níl fágtha anois ach roic, agus dathacha. Ná síltear anois go dtarlaíonn sin do chuile dhuine, nó tá aithne agamsa, agus agatsa freisin, ar dhaoine atá imithe anonn sna blianta, ach má tá fhéin, choinnigh siad greim i gcónaí ar an óige fhéin, gona físeanna, gona dóchas.

Conas a tharlaíonn a leithéid, an ea?

Bhuel, braitheann na hathruithe céanna sin ar roinnt mhaith rudaí, agus ina measc siúd tá, an tsláinte, na croiseanna a leagtar ar dhuine, agus an chaoi a luíonn coraí crua an tsaoil anuas ar a ghuaille. Má tá tusa imithe anonn sna blianta, agus má tá greim dóide agat fós ar fhíseanna na hóige, daingnigh do ghreim orthu, ar eagla go sciorrfaidís uait, ach ag an am gcéanna, cuimhnigh orthu siúd a bhfuil a ndóchas iompaithe ina éadóchas orthu, agus a bhfíseanna iompaithe ina dtromluithe, agus an óige fhéin imithe soir siar uathu. Sea, bíodh na daoine sin inár smaointe agus inár bpaidreacha, an tráth seo bliana, agus thairis sin, má fhaigheann muid an deis, déanaimis gar dóibh, le spiorad na Nollag fhéin a athbheochan ina gcroíthe arís.

“It was the best of times, it was the worst of times,”

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, idir óg agus aosta, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

S a o i r s e     C a i n t e

S a o l t a a g A t h r ú

I m B é a l an P h o b a i l .

*************************

An old friend returns!

Is dócha gur thug sibh uilig faoi deara, gur fada an lá anois ó chuala sibh tásc nó tuairisc ar ár seanchara, Séimí séimh an Droichid. Tá mé ag ceapadh, gur cheap roinnt mhaith agaibh go raibh an Séimí bocht céanna ag tabhairt an fhéir, faoi seo, sea, agus caithfidh mé a admháil, go raibh mé fhéin in amhras faoi dhán an fhir chéanna sin, ó tharla, nár casadh orm é, agus nár chuir sé glaoch telefóin orm, leis na cianta. Bhuel, tá deireadh leis an amhras sin anois, nó bhuail mo Shéimí fhéin isteach chugam anseo, an lá cheana, agus é lomlán le scéalta ón domhan thiar, is ón domhan thoir.

Cá raibh sé le cupla ráithe, an ea?

Thall sa Spáinn a bhí sé, ag crú na gréine buí (sunbathing), agus é ag cur faoi i dteach a iníne, i rith an achair sin, agus do bharúil, nach bhfuil sé meáite ar dhul ar ais chuici arís, faoi Shamhain na bliana seo. “Ní tír ar bith í seo” adeir sé liom, de chogar “le Geimhreadh a chaitheamh inti. Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, ach chuige seo.”

What’s New ?

“Do chéad fáilte ar ais go hÉirinn” arsa mé fhéin, agus mé ag súil le scéal, nó dhó, faoi nósa na Spáinneach, a chlos uaidh. “Agus cé’n scéal agat é ar ais chugainn, ó Spáinnigh an fhíona, agus ón dtír ina mbíonn sé ina Shamhradh i gconaí inti ?”

“Ná bac leis na Spáinnigh mhacánta, an tráth seo, faoi mhuintir na tíre seo, ach go háirithe, ba mhaith liom an scéal a tharraingt, an turas seo.”

“Agus céard é, go díreach, atá ag dó na geirbe agat faoi na Gaeil bhochta anois,” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh craitheadh a bhaint as a chorraicín. D’éirigh liom sa bhfiontar céanna sin, nó thug mé faoi deara, gur chorraigh beol uachtair ár seancharad, comhartha cinnte go raibh a sprioc bainte amach ag an sáiteán sin uaim.

“Tá, go bhfuil siad ina gceap magaidh agus ina staicín áiféise os comhair phobail na cruinne.”

What’s wrong with us ?

“Ach, a Shéimí, cén chleasaíocht, nó diabhlaíocht, atá déanta acu anois, leis an drochchlú sin a tharraingt orthu fhéin? Cheap mé fhéin, gur i bhfeabhas a bhí cúrsaí ag dul abhus, agus gur dea-chlú atá tuillte ag Éireannaigh, ó cheann ceann na hEorpa, faoin am seo.”

“Furas a aithint nach I bhfad ón gclábar a théann tú fhéin, ach tú feistithe as do dheireadh anseo, feadh do shaoil, sa chaoi nach bhfeiceann tú, agus nach gcloiseann tú, a bhfuil ag tarlú os comhair do dhá shúil amach.”

“Ach, a Shéimí, in ionad bheith ag raideadh maslaí liom, b’fhéidir go gcuirfeá lena bhfuil idir chamáin agat, agus tú id’ Yank anseo, ar lic mo thinteáin fhéin, agam.”

“Déanfaidh mé cinnte, agus ní fál go haer é, a leithéid a dhéanamh, ag duine ar bith a bhfuil roinntín bheag den tsaol seo feicthe aige. Ar an gcéad dul síos, ar thug tú faoi deara, an oiread caimiléireachta atá ar siúl againn anseo, le cupla scór bliain anuas. Níl le déanamh agat, ach na nuachtáin a léamh, nó fiú aird a thabhairt ar na meáin eile, le tabhairt faoi deara, go bhfuil slad, gadaíocht, robáil, bréagadóireacht, éigniú, mugáil, mí-úsáid, agus tuilleadh, ar liosta le háireamh iad uilig a lua, ar siúl anseo againn ó cheann ceann na bliana.”

“Ach, nach bhfuil a leithéid ar siúl i mbeagnach chuile thír faoi luí na gréine, nó nach ’in oidhreacht Pheaca an tSinsir?

“Sea, ach cá bhfuil an dara tír, ar dhroim talún, a bhfuil an oiread sin Coimisiún agus Binsí Fiosraithe, faoi lán tseol iontu, is atá againne anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh?”

“Ach, a Shéimí, ní bhfuarthas éinne cionntach sna coireanna sin uilig a liostaigh tú os comhair na gCoimisiún is na mBinsí Fiosraithe úd, go nuige seo, ach go háirithe.”

“Ní bhfuarthas, agus chuile sheans nach bhfaighfear ach oiread, nó sin nós atá againn sa tír s’againne, nó cé gur beag tír a bhfuil dlithe níos fearr ar leabhar na Reacht acu ná mar atá againne anseo in Éirinn, ach dheamhan maitheas an diabhail fhéin sna dlithe céanna sin, mura gcuirtear i bhfeidhm iad go bun na dúide.”

“Ach ó tharla gur loisc tú an choinneal, is dócha go bhfuil sé chomh maith agat an t-orlach a loisceadh freisin. Bhfuil locht ar bith eile orainne, Éireannaigh, a thug tú faoi deara, ó d’fhill tú ar ais ón iasacht orainn?”

Any other faults ?

“Bhuel, ó tharla gur iarr tú orm é, tá, agus lán a’ mhála díobh. Ó tharla, le mám maith blianta anuas anois, gur chaill na hEaglaisí cibé cumhacht a bhí acu, tá cúrsaí moráltachta imithe chun donais, amach is amuigh.”

“Cén cineál moráltachta atá i gceist agat, a Shéimí chóir?”

“Cúrsaí gnéis, ach go háirithe, atá i gceist agam anseo. Níl le déanamh agat, ach breathnú ar na meáin, idir nuachtáin agus teilifís, ach go háirithe, agus tuigfidh tú céard tá i gceist agam. Minic a chloiseadh mé, mar nath cainte ag an tseandream fadó, go dtiocfadh Fómhar na mBan gan Náire, roimh lá Philip a’ Chleite, agus dár mh’anam, go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal anois, go bhfuil an Fómhar céanna sin ar lic an dorais chugainn isteach. Breathnaigh ar na pictiúir graosta, gáirsiúla, gnéasacha, a “mhaisíonn” cuid dár nuachtáin, lá i ndiaidh lae, agus ná habair liom, go bhfoilseofaí iad sin, mura raibh daoine amuigh ansin á n-éileamh?

Faoi mar a chuir Mártan a’ Tairbh é, an lá cheana…..Mná ina bpeilt, agus gan snáithe orthu, agus mná eile agus gan orthu ach snáithe!

Sea, agus bheadh sin dona go leor, ach leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, téann scéalta fada, ó Shamhain go Bealtaine, le chuile phictiúr acu sin, ar eagla nár dhein na pictiúir fhéin dochar go leor, as a stuaim fhéin. Sea, a chara, is fada liom uaim é Lá Samhna, an lá sin, nuair a ardóidh mé mo sheolta arís, le haghaidh a thabhairt ar thír álainn ghrianmhar na Spáinne.”

“Ach a Shéimí, nach mbaineann roinnt mhaith daoine sásamh as na pictiúir chéanna sin, agus nár mhór an throscadh orthusan é, pictiúir dá leithéid a fhágáil ar lár?”

“Bhuel, níl de fhreagra agam ar an ráiteas sin, ach, faoi mar adúirt an té adúirt….’Tá muid uilig sa láib, ach coinníonn cuid againn ár súile dírithe ar na réalta…..

What about the Ads?

Bhí mé chun tagairt a dhéanamh do na fógraí gránna, amaideacha, a dhírítear orainn, ó mhaidin go hoíche, ar na meáin uilig, agus an chaoi nach féidir le cuid acu fógra ar bith a ullmhú, gan ceirín den ghnéas a chuimilt leis. Sea, agus cá bhfágfainn láithreoirí áirithe, nach bhfuil ar a gcumas srian a choinneáil ar a dteanga, le linn dóibh bheith i láthair an phobail, ach iad béalscaoilte, graosta, gáirsiúil, freisin. Ó bhuel, b’fhéidir nuair a fhillfidh mé ón Spáinn i ndiaidh na Féile Bríde seo chugainn, go mbeadh deis agam áladh a thabhairt ar na maistíní gránna céanna sin. Ach, déarfainn, go bhfuil mo sháith ráite agam don bhabhta seo”

Agus le sin, thug sé an doras amach air fhéin, faoi mar ba chat scólta é.

“Slán abhaile” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, ach tá faitíos orm nár chuala sé mé, nó faoin am sin, bhí sé imithe an geata amach, de rúid reatha. Ba é mo thuairim fhéin, go ndearna an Spáinn amadán ceart críochnaithe de, an créatúr, nó cé go mbíodh ábhairín den bhuile ag baint leis chuile lá riamh, ag an am gcéanna, d’fhéadfá ceart eicínt a bhaint as, ach é a ghlacadh go deas réidh. Ó, bhuel, is dócha nach bhfuil leigheas ar an scéal ach é a mharú le foighid!

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

  .

S a o i r s e     C a i n t e

S a o l t a a g A t h r ú

.

S a o l t a a g A t h r ú .

.

***********************

.

Rinne mé tagairt cheana, d’fhógraíocht sna meáin, agus d’fhógraíocht ar an teilifís, ach go háirithe. Labhair mé faoi chomh hamaideach, saonta, is a bhíonn cuid de na fógraí a léirítear ar an scáileán beag, agus rinne mé tagairt freisin, don chlaonadh atá i measc lucht déanta na bhfógraí sin, ar bhealach an ghnéis a thaisteal, am ar bith a bhíonn sé ag teacht crua orthu smaoineamh ar bhealach na samhlaíochta a ghabháil chun an cheann scríbe chéanna a bhaint amach, ach go bhfios dom, níor dhein mé aon ró-thagairt fós, don chlaonadh atá ann, le tamall anuas, úsáid a bhaint as bealach an chreidimh, lena mangaireacht a fhógairt ar an scáileán beag, geal.

.

Anois, bíodh go raibh na smaointe sin ag sníomh trí phóirsí m’aigne, agus ag dó na geirbe agam, le scathamh anuas, níor dhein mé tada faoi, agus b’fhéidir nach ndéanfainn anois fhéin, ach go bhfaca mé litir san eagrán, dár dáta, 2 Bealtaine, den Kilkenny People. Litir a scríobh John Fitzgerald, as Calainn, faoin gceannteideal “Seven Deadly Sins become choc ices !” Chuir an litir sin an lasair sa bharrach dom, nó caithfidh mé a admháil dhuit, go gcuireann an fógra sin le báiní mé, chuile bhabhta a fheicim ar scáileán an teilifíseáin é.

.

Tuige a gcuirfeadh fógra dá leithéid an oiread sin feirge ort? adéarfadh duine liom, b’fhéidir. Ba chóir a lua anseo, gur duine mé a bhfuil meas thar na bearta aige ar chreideamh, ar chreideamh ar bith, dá ndéarfainn é, agus nuair a thagann duine, nó eagraíocht ar an bhfód, agus nuair a dhéanann siad mugadh magadh den chreideamh sin, bhuel, nach bhfuil sé de cheart agamsa sin a chur in iúl go neamhbhalbh dóibh? Sa bhfógra faoi na, “Deadly Sins”. a chuireann lucht déanta “Magnum” ar an scáileán, le daoine a mhealladh chun a gcuid uachtar reoite seacláideach, nó “seacoighrí”, a cheannach, cuireann na fógróirí na seacht gcinnpheacaí marfacha i gcomparáid le huachtar reoite seacláideach, agus deineann siad an scéal a chur in ár lathair, trí bhean a léiriú agus í ag ithe a slí go pléisiúrtha, trí na seacht gcineálacha uachtair reoite seacláideacha sin, a chuireann lucht déanta Magnum ar an margadh. Cheapfadh duine, nár chóir go gcuirfeadh sin fearg ar dhuine ciallmhar ar domhan, ach má fhéachann tú go grinn ar an bhfógra arís, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil na fógróirí ag iarraidh a chur i dtuiscint dúinn, nach bhfuil difir ar bith idir na seacht gcinnpheacaí mharfacha sin, agus ceann ar bith de na cineálacha uachtair reoite seacláideacha a chuireann siadsan ar an margadh, agus nach bhfuil sé intuigthe uaidh sin, gur chóir dúinn dul tríotha uilig, chomh tapaidh is a ghabhann an bhean úd, go neamhnáireach, trí na peacaí céanna sin.

.

Anois, má thuigtear domsa gur ábhar tromchúiseach é bheith ag cur síos ar na peacaí thuasluaite, fágann sin go dtuigtear dom freisin, gur maslaitheach an beart é mugadh magadh a dhéanamh de na peacaí céanna sin. Nach gceapfadh duine, go bhféadfadh lucht déanta na bhfógraí céanna sin, go bhféadfadh siad teacht ar bhealach eile lena gcuid uachtar reoite seacláideeach, nó “seacoighrí”, a fheistiú i lár an aonaigh, gan bheith ag maslú daoine neamhurchóideacha, nár dhein tada riamh lena bhfaltanas siúd a thuilleadh. Ach is dócha nár chóir dom, scéal chailleach an anró, a dhéanamh de scéal seo na bhfógraí, ach ag an am gcéanna, níor chóir ligint do dhaoine úsáid dá leithéid a bhaint as creideamh ar bith, le hearraí a fhógairt ar mhodh a dhéanann mugadh magadh den chreideamh sin.

.

Agus anois, ó tharla gur tharraing mé an scéal ar an gcineál sin fógraíochta, nár chóir dom, tagairt a dhéanamh do chupla sampla eile d’fhógraíocht ar an dtéad céanna sin. Is é an chéad fhógra eile den chineál sin, a ritheann liom, nó an fógra sin a dhéanann iarracht ar dhaoine a mhealladh le cáis bhog, bhlasta, eatrom, áirithe a cheannacht, agus arís, in áit iarracht a dhéanamh ar sin a dhéanamh go deas cliste, is amhlaidh a bhaineann siad úsáid as creideamh arís, mar thaca acu, lena ngnó a dhéanamh. Sa bhfógra seo, cuirtear dhá aingeal bhaineanna, inár láthair ar an scáileán, aingil nach bhfuil ar a n-aire acu ach bia, agus, ar mhodh magúil arís, tugtar le tuiscint go bhfuil gnéas ar an gclár acu freisin, nó labhraíonn duine de na haingil sin, nach mbíonn text i gceist riamh, ar an gcead choinne, aicese, agus ní gá dhom a rá gur sex, in áit text, atá ar aigne an fhógróra, mura bhfuil sé ar aigne an aingil fhéin fiú! Cuirtear críoch leis an bhfógra sin le gáire ard, amaideach, a chuirfeadh an nath i mBéarla i gcuimhne do dhuine…”the loud laugh that spake the vacant mind.” Agus arís anseo, tuigteear dom, gur beag duine a cheapfadh gur masla do chreideamh ar bith é, daoine a bheith ag baint úsáide as, ar bhealach magúil dá leithéid. Ach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl cur chuige dá leithéid inghlactha, feasta. Ní dóigh liom, gur chóir cur suas le “carry on” dá leithéid. Tuige a gcuirfeadh muidinne suas leis?

.

Anois, ní gá dhom a rá, nach n-aontaím go ró-mhinic le lucht déanta fógraí, ach ní orthusan amháin atá an locht sa chás seo. Ní hea, mh’anam. Bheadh ar dhuine roinnt mhaith den mhilleán a leagan ar lucht stiúrtha RTE, nó má tá siadsan sásta na fógraí céanna sin a theaspáint ar an teilifís, ansin leanfaidh na comhlachtaí a dhéanann na fógraí, leanfaidh siad leo, ag soláthar fógraí, faoi mar atá á dhéanamh acu faoi láthair. Bheadh duine ag súil go leagfadh lucht stiúrtha an stáisiúin polasaí cinnte amach, a chuirfeadh ar a súile dóibh, nach mbeadh cineálacha áirithe fógraí inghlactha, feasta.

Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, céard faoi na fógraí uilig sin, a dhéanann buanna iomadúla an tobaca agus an óil a mholadh, d’óg agus d’aosta, d’fhir is do mhná, an náisiúin seo? Ní “Cool” duit, mura gcaitheann tú toitín.

Ach, fan neomat anois, nach bhfuil fógraí tobaca dá leithéid crosta ar na stáisiúin s’againne, ag an am áirithe seo?

Tá, muis! ach má tá fhéin, tá bealaí eile le cat a mharú, seachas é a thachtadh le him! Nach mbíonn caitheamh an tobaca á léiriú go minic ar scannáin, agus ar fhógraí a thagann chugainn isteach ón iasacht? Sea, agus cuir le sin, mar a dheintear an t-earra sin a fhógairt, nuair a bhíonn cluichí áirithe ón iasacht, á léiriú ar ár scáileáin fhéin, anseo in Éirinn. Sea, sa tslí sin, mealltar sinn le tuiscint, go bhfuil soifisticiúlacht eicínt ag baint le húsáid, nó le mí-úsáid fiú, na fiaile mallaithe céanna sin.

.

Agus céard faoi’n ól? An ndéantar an t-earra sin a fhógairt ar bhealach míchuibhiúil freisin?

Bí cinnte go ndéantar, dár liomsa, nó tá’s ag an Rí fhéin, gur dream sinn, nach réitíonn an iomarca den alcól linn, olc, maith, nó dona. Sílim go bhfuil na saineolaithe ar aonfhocal faoi sin fiú, agus ní focal beag nó bídeach é sin, geallaimse dhuit é!

Ach conas a dheintear an t-ól sin a fhógairt ar an scáileán beag, geal, má sea?

Bhuel, déantar chuile iarracht é a chur ar ár súile dúinn, nach féidir spraoi nó toit a bhaint as an saol gruama seo, gan tamall a chaitheamh “ag cur preab san ól”. Féach ar na fógraí, agus feicfidh tú dream de dhaoine óga, agus spórt an domhain acu, iad ag gáire is ag baint sult as an saol, sea, agus ábhar a ndeaghiúmair, i bhfoirm rang pionntaí, ina líne, os a gcomhair amach ar chuntar an tí ósta. Ó sea, agus breathnaigh ar chleas eile a úsáideann lucht déanta na bhfógraí céanna sin, agus sin a chur ar ár súile dúinn, nach bhfuil seans dá laghad ag an mbuachaill óg cailín a mhealladh, mura bhfuil ualach óil faoina chrios aige. Ní “cool” go dtí é! Ceannaigh an deoch chuí di, agus is leatsa í, an mana a bhíonn á chraoibhscaoileadh tríd na fógraí sin. Agus nach tríd na fógraí céanna sin a dhéantar mangaireacht ar na hAlco-pops, agus ar na Red Bulls, agus ar dheochanna eile den chineál céanna sin. Ach, nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach, i láthair na huaire seo, nach grá nó gean, spórt nó spraoi, a shaothraítear trí dhul thar fóir leis an ól céanna sin. Ní hea, mh’anam, ach troid, agus póit, imreas agus tinneas cinn. Ó, sea, agus an Rialtas s’againne ar a míle dhícheall, ag iarraidh srian a chur leis an troid agus ar an mbrúidiúlacht, a dhéanann fuil a dhoirteadh ar ár sráideanna, chuile oíche, geall leis, sea, agus a spreagann an óige le gluaisteáin a ghoid, ar mhaithe lena scileanna tiomána a léiriú don tsaol mór. Agus arís, níl fúm scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh den bhfógraíocht chéanna sin, nuair is léir do chuile dhuine, gur chóir deireadh a chur leis, gan aon ró-mhoill.

.

Mar sin, le críoch a chur leis an bpíosa seo, nach bhfuil sé thar am againn, mar chine, agus mar Phoblacht, breathnú ar lucht déanta na bhfógraí céanna sin, nó is dream iad nár chóir don Stát cead a gcinn a ligint leo, feasta. Ba chóir gan cead a thabhairt dóibh, dul i mbun na ceirde sin, mura bhfuil ceadúnas chuige, bainte amach acu, agus ansin, mura leanfadh an fógróir sin na rialacha, go bhféadfaí a cheadúnas a bhaint de, rud a fhágfadh, nach mbeadh ar a chumas fógraí a dhéanamh feasta, agus déarfainn go múinfeadh leagan amach dá leithéid fios a bhéas dó, feasta.

Agus anois, tá socraithe agam, gan scríobh faoin ábhar seo arís, go ceann bliana! Sé sin, mura dtagann fógra uafásach, dána, míchuibhiúil, os ár gcomhair, ar scáileáin ar dteilifíseán, san idirlinn!!!

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

S a o i r s e     C a i n t e

S a o l t a a g A t h r u

S a o l t a a g A t h r ú .

***********************

.

Nach nádúrtha an rud é, an tráth seo bliana, agus muid ag bogadh linn go misniúil isteach i mbliain 2002, súil a chaitheamh siar, ar na hathruithe atá tagtha ar an saol, go nuige seo, ach go háirithe, ó thosach na bliana seo 2001, agus nach bhfuil sé díreach chomh nádúrtha, an tsúil eile a chaitheamh romhainn, féachaint cad iad na hathruithe atá le teacht, nó is féidir linn uilig a bheith cinnte de rud amháin, nach bhfanfaidh an saol ina stad, ach go leanfaidh sé ag síor-athrú ó lá go lá, ó bhliain go chéile, agus ó aois go haois.

Cé chreidfeadh, bliain ó shoin, go leagfaí na Túir Thrádála Domhanda sin i gcathair Nua Eabhrac, agus go gcaillfí na mílte san ár gan áireamh úd, a imríodh ar phobal Mheiriceá, ar an lá cinniúnach úd an 11, Meán Fómhair, 2001?

Cé chreidfeadh, ach oiread, go bhfógrófaí cogadh buan ar sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, de bharr an áir chéanna sin, gan choinne, a deineadh i dtír úd na saor?

Ní gá a rá, nach bhfuil an cogadh sin ach tosaithe, agus n’fheadar éinne againn go díreach cá bhfuil cónaí ar an namhaid, a bhfuiltear sa tóir air, sa chogadh neamhghnách seo, nó níl fhios againn, ach oiread, cathain a bheidh an troid sin críochnaithe, ach faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, is cosúil go leanfaidh an troid chéanna sin píosa fada eile. Is dócha gurb é an cineál cogaidh a bheidh ann, nó cath á chur anseo, agus síocháin tamall dá éis, agus ansin cogadh á fhógairt san áit úd eile, go dtí sa deireadh, go mbeidh críoch curtha leis an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta sin, a raibh sé de chuspoir aici, cos i bpoll a chur leis an tsibhialtacht, faoi mar a bhfuil aithne againne uirthi.

Ní gá a rá, gur tháinig athruithe eile ar chúrsaí, le tamall anuas. Is dócha go bhféadfaí a rá, gur tháinig feabhas ar chúrsaí ó thuaidh, le scathamh anuas. N’fheadar an bhfuil baint ar bith ag an gcogadh úd a fógraíodh ar an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta leis an maolú a tháinig ar an gcogaíocht ó thuaidh. Ní féidir a shéanadh, ag an am gcéanna, go bhfuil buíonta áirithe ann fós, nár thug aird dá laghad ar pholasaí Mheiriceá agus a Chomhghuallaithe Idirnáisiúnta i leith na sceimhlitheoireachta, mar ghléas polaitíochta, le troid a chur ar Stát oifigiúil, a bhfuil aitheantas faighte aige ón gcomhluadar idirnáisiúnta.

Ní gá a rá, ach oiread, go bhfuil athruithe bunúsacha tagtha ar chúrsaí sa Mheán-Oirthear, ó thús na bliana seo, fiú. I dtús na bliana seo, bhí daoine ag ceapadh, go raibh na trioblóidí sa limistéar sin ag druidim chun críche. Bhí iarracht eicínt á déanamh le socruithe áirithe a choimhlíonadh, ar an dá thaobh, agus ansin, níorbh fhada gur cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh daoine áirithe sásta leis an méid a bhí le fáil ag a dtaobh fhéin, agus ní raibh bealach ar bith eile acu le tuilleadh a éileamh ach trí filleadh ar an mbuama agus ar an bpiléar. Pléascadh buamaí i mbailte agus i gcathracha Iosrael, agus mar a tharlaionn i gcás dá leithéid, bhain Iosrael díoltas amach, gan aon ró-mhoill. Ba é toradh a bhí ar an ndíoltas sin nó tuilleadh buamaí agus tuilleadh piléar. In olcas atá na cúrsaí sin ag dul, i láthair na huaire seo, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, dá bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, thaobhaigh Uachtarán Mheiriceá, George W. Bush, le Rialtas Iosrael, á dhearbhú go raibh an ceart acu smacht a chur ar na sceimhlitheoirí, agus ag moladh freisin dá chomhghuallaithe, cúnamh a thabhairt dóibh, sa bhfiontar sin. B’fhéidir nach raibh an dara rogha aige, sa chás seo, nó dá ndéarfadh sé gur chóir d’Iosrael éirí as an gcogaíocht, agus slí na síochána a lorg feasta, d’fhéadfadh Iosrael a rá leis, nach raibh á dhéanamh acusan sa Mheán-Oirthear ach díreach mar a bhí á dhéanamh ag an gComhghuallaíocht i dtír na hAfganastáine, sin nó b’fhéidir go ndéarfadh Príomhaire Iosrael leis dul ag feadaíl! Céard d’fhéadfadh an tUachtarán Bush a dhéanamh i gcás dá leithéid, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh, go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh cúnamh Iosrael ag teastáil go géar uaidh, amach anseo, nuair a bheidh cath eile, sa chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, le bualadh.

Nach ait freisin mar a tháinig Meiriceá agus an Rúis níos cóngaraí dá chéile, le bliain anuas. I láthair na huaire seo, is comhghuallaithe iad, ag cur catha ar fhórsaí na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta. Bí ag caint ar athrú! Ní hathrú go dtí é! An tír a scanraigh an t-anam asainn uilig, ar feadh tarraingt ar dhá scór bliain, breathnaigh uirthi anois, agus ár seasamh uilig uirthi i gcoinne fhórsaí ár mbasctha. Sea, is ait an mac an saol, gan aon agó! Agus nach ait freisin a rá is go raibh an domhan i bhfad níos sábháilte, nuair a bhí na Stáit Aontaithe agus an Rúis in adharca a chéile, ó lá go lá agus ó bhliain go bliain! Tharla sin toisc nach raibh meá na cumhachta ag stát acu thar an stát eile, agus dá bharr sin, bhí eagla orthu, go bhfaigheadh an fear eile an lámh in uachtar orthu i gcoimheascar ar bith a tharlódh eatarthu. Sea, agus muidinne ag ceapadh, go mbeadh linn, dá bhféadfaí an Rúis a chloí! Sea, ait an mac an saol, geallaimse dhuit é.

Leanamar linn, sa tír seo, ag fáil tuilleadh amach faoi na daoine a bhí thuas, tamall de bhlianta ó shoin. De réir a chéile, tá sé ag éirí soileir, nach raibh i roinnt mhaith díobh ach scabhaitéirí den chéad ghrád. Gan dabht ar domhan, d’éirigh leo dallamullóg ceart críochnaithe a chur orainn, tráth raibh chuile chamastaíl níos measa ná a chéile é dhéanamh acu. Sea, mh’anam, agus níorbh iad na sagairt amháin a bhí ag baint a bhfaic amach. Níorbh ea, muis, bhí chuile dhream, níos ghradamaí ná a chéile, ag briseadh chuile riail ina mbunreacht fhéin, ar mhaithe leo fhéin, faoi mar a dhéanann an cat crónán! Ach uisce faoin droichead é sin uilig anois, agus scaoilimis tharainn é.

B’uafásach an bhliain í, ar bhealach eile, nó cé go raibh an tíogar Ceilteach fós ag guairdeall thart inár measc, agus ag líonadh sparáin anseo is ansiúd, ag an am gcéanna, tháinig an galar crúb is béil, le sinn a chrá. Cuireadh rialacha dochta i bhfeidhm ar fud an Stáit uilig, agus caithfear a rá, gur deineadh pobal amháin dínn i gcoinne an anachain, agus de bharr an chur le chéile uilig sin, d’éirigh linn cosc iomlán a chur le leathadh na bhfrídíní diobhálacha sin, sa tír seo. Ba mhór an t-éacht é sin, i dtír chomh beag leis an tír s’againne, ach ní gan dua a deineadh sin, nó chaill roinnt mhaith daoine cibé sochar a bhainfeadh siad amach, de ghnáth, an tráth sin bliana, ina n-iarrachtai, le srian a chur le leathadh an ghalair dhiabhalta sin. Táid ann adéarfadh nár íoc na feirmeoirí an comhar leis an bpobal s’againne, nuair a chuir siad stop iomlán le forbairt ár bhfostruchtúir, i gcás na mbóithre ach go háirithe, go dtí go bhfuair siad an craiceann is a luach, mar íocaíocht as a gcuid talaimh. Ach sin an saol agat adeirtear, mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis, nó sin an áit a bhainfidh tú an phingin is airde amach air, agus níor dhein ár bhfeirmeoirí ach mar a dhéanfadh duine ar bith eile sa stát seo ‘gainne, dá dteastódh ón Rialtas beart a dhéanamh a mhillfeadh, nó a bhearnódh a slí bheatha, nó sin mar a tharlaíonn go minic, nuair a chuirtear bóthar nó bealach mór trí lár feirme. Níor chóir go mbeadh trioblóid ar bith againn feasta i dtógáil bóithre sa tír seo, agus nach mór an gar é sin, dúinn uilig?

Athrú ollmhór eile a chuirfear i gcrích, tús na bliana seo chugainn, 2002, agus sin breith an Euro ( € ), nó ó Lá Coille na bliana sin, beidh an Euro céanna ina airgead reatha, ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh, geall leis, nó tá cupla tír san Aontas, nach bhfuil réidh le páirt a ghlacadh sa bhfiontar sin, go fóill beag. Cheana féin, tá muid uilig ar na mine ghéire ag ullmhú don athrú ollmhór céanna sin. Ní call dom a rá, go mbeidh deacrachtaí ag baint leis an léim seo sa dorchadas, go háirithe, do na daoine atá imithe anonn sna blianta, ach, “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, mar adeireadh an seandream fadó, agus mar a gcéanna linne, caithfimid glacadh leis an athrú Alpach seo. Tá dream amháin sa tír, dár ndóigh, agus ní chuirfidh athrú dá leithéid stró ar bith orthu, nó nach bhfuil cleachtadh laethúil acusan ar bheith ag deighleáil le hairgead ó thíortha éagsúla a láimhseáil go cruinn éifeachtach, agus do bharúil, nach bhfuil lab airgead le fáil acusan as deighleáil leis an athrú seo ón bPunt s’againne go dtí an Euro! Agus ar smaoinigh éinne ar lab beag, fiú, a bhronnadh ar an gcosmhuintir s’againne, a bhfuil a n-airgead reatha á chur ar ceal, agus airgead nua á thabhairt dóibh ina áit. Nach mbeidh sé i bhfad níos deacra dóibhsean deighleáil leis an ollathrú seo, ná mar a bheidh sé ar lucht na mBanc? Céard a tharlódh, dá ndéarfadh an chosmhuintir, nach raibh fúthusan glacadh leis an airgead nua seo, mura ndéanfaí cúiteamh a thabhairt dóibh ann? An bhféadfaí a leithéid a dhéanamh? Cinnte, d’fhéadfaí, ach cur chuige. Sea, agus bheadh toradh ar bheart dá leithéid freisin, agus nach bhfuil fhios ag an saol Fodlach, gurb iad an chosmhuintir chéanna sin a dhéanfar a lomadh, amach anseo, de bharr an athraithe chéanna seo. Deirimse ‘Cothrom na Féinne’ leat! Ní fhaigheann éinne dinnéar saor ar an saol seo, nó ní call a rá, go mbíonn ar dhuine eicínt íoc as, i ndeireadh na feide.

B’fhéidir go bhfuil mo sháith chlamhsáin déanta agam don bhabhta seo, ach ó tharla go bhfuil bliain nua romhainn uilig anois, nár mhaith an rún athbhliana againn uilig é, súil ghéar, súil an tseabhaic fhéin, a choimeád orthu siúd a dhréaachtann, agus a dhéanann na dlithe dúinn, nó nár chóir dúinn uilig féachaint chuige, go ndéanfadh an dream céanna na dlithe céanna sin a choimeád, go cruinn, pointeáilte, agus gan a bheith ar nós an Tréadaí úd, a ndéanann Shakespeare tagairt dó, an Tréadaí sin, a mholann an tslí chaol, anacair, chun na bhFlaitheas dá thréad uilig, fad is a leanann seisean fhéin casán sámh, éasca, an phléisiúir.

Ní gá dhom a rá, go leanfaidh mé fhéin nós an ‘Chéadchoisí’, nó an “firstfooter” arís i mbliana. Nós ba ea é sin, a thóg m’athair abhaile leis ó Albain, mar ar chaith sé blianta a óige ag náibhíocht. Sé sin, rachaidh mé amach as an teach, díreach roimh mheánoíche, agus ansin, tiocfaidh mé isteach arís tar éis bhuille an mheánoíche, le rath, agus ádh, na bliana úire a thabhairt isteach liom. Is dócha go gceapfá nach bhfuil ansin ach amaidí, agus pisreoga, ach nach doiligh críoch a chur le nós a lean mé ar feadh mo laethe, agus ar lean m’athair romham? Ná déan nós agus ná bris nós, mar adeirtí fadó. Beidh mé ag smaoineamh oraibhse freisin, agus an bhliain úr sin á thabhairt isteach agam, agus beidh mé ag guí chuile shonas oraibhse freisin, ag an nóiméad sin, a bheidh ina dhroichead idir dhá bhliain.

Níl le déanamh agam anois, ach athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí orainn uilig. Go mbeirimid beo ag an am seo aris, agus gura seacht fearr a bheidh chuile dhuine againn, bliain ó anocht.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

en_USEnglish