S c é a l     C r á i t e

S c é a l C r á i t e

S c é a l C r á i t e .

************************

.

Nach iomaí sin scéal a léann muid, agus a chloiseann muid, na laethe seo, a bhaineann stanagadh asainn. Tá sin fíor i gcás chuile dhuine againn, nó tá an saol seo ’gainne ag eirí níos cruálaí, níos fuarchúisí, agus níos scoite, ó lá go lá. Bíodh sin mar atá, ach ag an am gcéanna, tharlaíonn, anois is arís, go mbuaileann scéal áirithe linn, a bhaineann deoir asainn, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, a dhéanann a shlí isteach go smior na gcnámh ionainn. Admhaím anois, go mbíonn na nuachtáin lomlán de scéalta cráite, céasta, chuile lá dá dtagann, scéalta nach gcuireann fiacail i mídhaonnacht an duine daonna i leith a chomhdhaonnaí. Nach minic a léann muid faoi dhúnmharuithe, agus faoi dhúnorgana, faoi bhrúidúileacht, agus faoi bhatráil, agus nach dtéann na scéalta céanna sin i bhfeidhm go mór orainn, nó nuair a théann tú go cnámh na huillinne leis an scéal, is é atá dár scanrú, nó an baol atá ann go dtarlódh an rud céanna dúinne, nó nach féidir linn sinn fhéin a shamhlú sa chás céanna sin Ach tháinig mé ar scéal, ar na mallaibh, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fad orm, sea agus ba bheag nár bhain sé deoir asam.

Cen scéal é fhéin, an ea?

Scéal a léigh mé ar “Irish Independent” an 10 Samhain, 2001, scéal le David Sapsted i Londain, fear a scríobhann don Daily Telegraph. Anois ba é an chéad rud a rith liom, nó a mhinicí a thuigtear dúinne anseo in Éirinn, nach bhfuil cine ar bith ar dhroim talún chomh cruálach, cruachroíoch, lenár muintir fhein, go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar an íde, nó an drochíde, a thugtar ar ainmhithe sa tír seo ‘gainne. Ach nuair a léigh mé an scéal úd le David Sapsted, tuigeadh dom, nach bhfuil aon mhonoplacht againne ar na duáilcí céanna sin.

Ach le filleadh ar an scéal úd a dteastaíonn uaim a chur i mbéal an phobail, an tseachtain seo, ba é an ceannteideal a bhain stangadh asam i dtosach. Féach ar seo mar cheannteideal….

“Boys guilty of burning tramp to death ‘for a laugh’.”

Níorbh aon chur i gcéill, nó mugadh magadh a bhí i gceist ag údar an scéil sin, ach oiread, níorbh ea muis, ach lomchlár na fírinne. B’in é díreach a dheineadar. Loisceadar an créatúr bocht ina bheatha. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhfeadfaí sin a dheanamh, b’fhear siúil é, a bhí ag déanamh codladh na hoíche ar bhinse faiche, ag an am. Anois, níor sheanfhear in aon chor é an fear siúil céanna sin, nó ní raibh sé ach bliain is daichead d’aois, ag an am, agus dá ndéarfainn é, níor ghasúir ró-óg a bhí sna gasúir chéanna sin, ach oiread, nó bhí duine acu trí bliana déag, agus bhí a leathbhádóir sé bliana déag d’aois. Déagóirí ba ea an bheirt acu, mar sin, agus ón nóiméad a rinne siad an gníomh barbartha sin, go dtí an nóimead a ghearr an breitheamh sé bliana go leith príosúntachta orthu, diabhal doilíos, nó aithreachas, nó tada dá leithéid, a bhí le léamh orthu, ach iad ar nós cuma liom, an t-am ar fad.

Ach conas a tharla gur dheineadar an gníomh barbartha sin?

Casadh an bheirt ghasúr sin ar a chéile i ndiaidh scoile, agus adhantaithe fulachta, nó Barbecue lighters, acu. Thugadar aghaidh ar fhaiche an bhaile, i Dartford, Kent. Chonaic siad fear siúil ólta, ina chodladh, ar bhinse faiche. Chraitheadar cuid de phúdar adhantaí fulachta ar a fhéasóg, agus chuir trí thine é. Ba mhór an sport acu an fear siúil bocht ag dúisiú as a mheisce, agus é ag iarraidh an tine sin a mhúchadh. D’éirigh leis, ach má sea, ní raibh an bheirt áilteoir críochnaithe leis fós. Nuair a fuaireadar ina chodladh arís é, d’fhilleadar, agus dheineadar a bhróga agus a chóta a phacáil le hadhanthaithe fulachta lasta. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, tharla go raibh nuachtán taobh istigh dá chóta ag an bhfear siúil bocht le cúl a chur ar an bhfuacht, agus dhein sin an donas ar fad air, agus ba é deireadh an scéil é nó gur dódh ina bheatha an fear bocht sin, dárbh ainm George Johnstone. N’fheadar arbh Éireannach é? Cuireadh an dlí ar an mbeirt, agus fuarthas amach nach raibh ag Brookes, an duine ba shine den bheirt ghasúr, ach aois intinne d’aon bhliain déag, cé go raibh na sé bliana déag bailithe aige, ag an am. Níor aontaigh an bheirt acu agus iad os comhair na cúirte, ach chuile dhuine acu ag iarraidh an milleán a chur ar an bhfear eile, agus gan bhuairt, nó doilíos, ar dhuine acu thar an duine eile. Ní gá a rá, gur baineadh stangadh as idir bhreitheamh agus phóilíní, nuair a leagadh an cás cruálach, éigiallda seo, os a gcomhair amach sa chúirt. I gcás dhearthár an té a dódh, bhí seisean sásta go maith leis an téarma príosúntachta a gearradh ar na gasúir, ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn air, nó nuair a d’admhaigh siad, gur dhein siad an beart gránna sin, ar mhaithe le píosa spóirt a bheith acu…

“We did it for a laugh…”

adúirt siad.

Anois, ná ceapadh éinne, nach bhféadfadh a leithéid a tharlú anseo, i dTír seo na Naomh is na nOllamh, nó d’fhéadfadh, agus níl le déanamh againn ach súil a choinneáil ar ár nuachtáin fhéin, le scéalta dá leithéid a fhail iontu, go rialta. Uaireanta, is iad ár gcairde, na hainmhithe, a bhíonn thíos leis an ndroch-íde i imrítear orthu, agus uaireanta eile, is iad ár gcomhdhaonnaithe bochta, a fhulaingíonn pianta sin an fhuatha, an leithliseachais agus an aineolais.

Céard is cúis leis an gcruáltacht seo uilig atá fréamhaithe i gcroí an duine, go háirithe i gcroí na n-óg?

Nach deacair an cheist sin a fhreagairt, ach tá an chuma ar an scéal, gur toisc go bhfuil dearmad déanta againn uilig, idir óg is aosta, ar bhráithreachas an chine s’againne. Má thuigtear gur duine daonna atá os ár gcomhair amach, duine cosúil linn fhéin, ansin tá sé i bhfad níos deacra íde na muc is na madraí a imirt air, agus má smaoinítear gur chóir dúinn deighleáil le daoine eile, faoi mar ba mhaith linn go ndéanfadh siadsan linne, is féidir a bheith cinnte ansin, nach ndéanfadh muid mórán dochair dóibh.

Tá rud eile i gceist freisin, agus caithfear tagairt a dhéanamh dó anseo, agus sin go bhfuil ár sochaí, sochaí an Iarthair, frí cheile, sásta glacadh le hiompar dá leithéid. Breathnaigh ar chúrsaí, agus cás dá leithéid os comhair cúirte. Éist leis na dlíodoirí ag pléadáil os comhair an bhreithimh. Leagann siad leithscéal i ndiaidh leithscéil os comhair an bhreithimh, ag iarraidh ciontacht an chúisí a mhaolú, nó a laghdú, sa chaoi go gceapfá gur ar dhuine eile, nó ar an sochaí frí chéile, a bhí an locht. Sea, agus ar deireadh thiar, breathnaigh ar bhreith an bhreithimh, agus tuigfidh tú go ndéanann seisean freisin, chuile iarracht ar shochar an amhrais a bhronnadh ar an gcúisí, agus arís feicfidh tú go bhfuil meá an dlí lúbtha i bhfábhar an chúisí chéanna sin. Caithfear an leagan amach sin a athrú, má theastaíonn uainn, deireadh a chur leis an gcruáltacht seo uilig in ár measc. Níor chóir go mbeadh a leitheid de iompar inghlactha feasta. Céard faoin “Zero Tolerance” úd, a raibh an chaint sin uilig faoi roimh an Olltoghchán deiridh? Bhuel, tá Olltoghchán eile os ár gcomhair amach arís, agus nach bhfuil sé thar am againn an Zero Tolerance sin a éileamh ónár bpolaiteoirí anois, agus sa tslí sin, b’fhéidir go n’éireodh linn druidim beagáinín níos cóngaraí don Útóipe sin, a mbíonn chuile dhuine againn ag brionglóideach faoi. Nó, faoi mar atá cúrsaí, faoi láthair, tá muid uilig ag druidim le luas lasrach i dtreo na barbarthachta, agus an anoird, sna laethe atá romhainn amach.

Sea, agus muidinne ag ceapadh go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas! Ach nach é sin scéal na sibhialtachta i gcónaí riamh? trí chéim chun tosaigh, agus dhá chéim ar gcúl, ach mar sin fhéin, má leanann muid den dul chun cinn sin, éireoidh linn, ar deireadh thiar, críoch a chur le marú is le batráil, le héigniú agus le slad, le goid is le fuadach.

Ach fan ort nóiméad anois, an é ata a rá agam ansin, nó go nglacfadh chuile dhuine leis na Deich nAithne,amach anseo?

Bhuel, nach bhféadfadh siad beart níos measa a dhéanamh na glacadh leis na rialacha céanna sin, a scríobhadh go doscriosta, ó thús ama, ar choinsias an daonnaí. Má éiríonn linn riamh an bhuaic sin a shroichint ar an saol seo, ní gá a rá, go mbeidh cónaí orainn feasta sa Útóipe. Ní gá a rá go mbeadh muid uilig sásta le feabhas ar bith a bhaint amach, lenár linn fhéin, ar ár mbealach i dtreo na hÚtóipe céanna sin.

Nára fada uainn an lá céanna sin!

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

S c é a l     C r á i t e

S é i p é i l

S é i p é i l , S a g a i r t , a g u s A i f r i n n t í .

***********************

.

Nach mór go deo idir inné agus inniu? Go háirithe, nuair atá duine ag cur síos ar na hábhair thuasluaite. Is cuimhin liom fhein, breis agus trí scór bliain ó shoin anois, nuair a théadh chuile dhuine sa pharáiste s’againne chun an Aifrinn, chuile Dhomhnach agus Lá Saoire d’fhéadfá a rá, sé sin, mura raibh sé tinn, nó ag tabhairt aire do rudaí beaga, nó a leitheid. B’ordú sóisialta, chomh maith le hordú creidimh é, freastal ar na hAifrinntí sin, ag an am. Ach d’imigh sin is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, ní hordú sóisialta é a thuilleadh, agus ní gá a rá, ach oiread, nach nglactar, chomh dáiríreach, leis an ordú creidimh, sa lá atá inniu ann. Anois, bhí sé éasca go maith, an tráth úd, teacht ar Aifreann, Domhnach nó Dálach ar bith, mar bhí flúirse séipéal agus flúirse sagart ar fáil i ngach paráiste sa tír, murab ionann is an lá atá inniu ann, nuair atá an dá earra céanna sin ag éirí níos gainne, agus níos gainne, in aghaidh na bliana.

Céard a tharla dhom an tseachtain seo, an ea? Nó an amhlaidh go bhfuil mé tagtha chun creidimh, i ndeireadh mo laethe thiar?

Bhuel, mar a tharla go minic cheana, is amhlaidh a chuir colún an Athar Brendan Hoban, “Just a Thought”, sa Western People, ag tochrais ar an gceirtlín sin mé. Nó sin iad na hábhair atá idir chamáin ag an bhfear céanna sin, sa “Western”, dár dáta 8ú Bealtaine, 2002.

Is é an tús a chuireann sé lena cholún san eagrán sin nó, tríd is tríd, go bhfuil an iomarca séipéil, agus an iomarca Aifrinntí, curtha ar fáil do Chaitlicigh na tíre seo. Tógadh na séipéil sin an-ghar dá chéile, sna seanlaethe, ionas go mbeadh ar chumas chuile dhuine sa tír freastal ar Aifreann Domhnaigh agus Saoire, gan aon ró-stró a chur air fhéin, cuma cá háit sa tír a raibh cónaí air, agus dár ndóigh, luigh sé sin le réasún, an tráth úd, nuair nach raibh de chóir iompair ag bunús na cosmhuintire ach an choisíocht. Ach, scéal eile ar fad atá i dtreis, sa lá atá inniu ann, nó is beag duine anois nach bhfuil carr aige, nó nach féidir leis síob chun an tseipéil a fháil, le freastal ar Aifreann i bhfad níos faide ó bhaile, ná mar a bhíodh, sna seanlaethe.

Níl dabht ar domhan, ach nach mbeidh an dara rogha againn, sa todhchaí, ach glacadh leis, nach mbeidh flúirse sagart againn le freastal ar na séipéil iomadúla, a tógadh i mblianta úd na bhfuíoll, agus go gcaithfear bheith sásta fuineadh in aice na mine, agus bheith sásta leis an méid is féidir a chur ar fáil dúinn le freastal ar ár riachtanaisí, sna laethe atá romhainn amach. Ach ní hionann sin is a rá, gur chóir dúinn na séipéil áille sin a leagan, nó a dhíol. Ba chóir iad a choinneáil mar áiseanna do phobal an pharáiste, áit ina bhféadfaidís teacht le chéile mar phobal, le guí, b’fheidir, nó fiú, le léamh, nó le ham a chaitheamh ann i bhfochair a chéile.

Caithfear glacadh leis freisin, nach mbíonn an fonn céanna ar Chaitlicigh, an lae inniu, freastal ar Aifreann chuile Dhomhnach agus Saoire, faoi mar a bhíodh, agus i ndáiríre, go bhfuil muid ag druidim, go mall, réidh, síos an bóithrín atá taistealta ag bunús Chaitlicigh na hEorpa, le céad bliain anuas. Is cuimhin liom an chaoi a mbreathnaímis, ábhair sagairt, ar chomh fuarchúiseach is a bhí na hEorpaigh i gcúrsaí creidimh, agus léann an tsagairt á chur orm, thart ar leathchéad bliain ó shoin anois. Is beag nach ndéanadh muid fiodmhagadh faoi éadan na ndaoine sin Caitlicigh a thabhairt orthu fhéin, ar a laghad cúise! Ba é an scéal a bhí amuigh orthu, nó nach mbíodh aon bhaint acu leis an Eaglais, ach amháin, do bhaisteadh, do phósadh, agus do lá na lice freisin. Idir na hócáidí sin, thugadh siad corr chuairt ar an séipéal, ar eagla go gcaillfeadh siad fios na slí! Ach, bunús an ama, d’fhágadh siad na cúrsaaí sin ag na mná agus ag na rudaí beaga. Bhuel, sa lá atá inniu ann, táid ann adéarfadh, go raibh muidinne fhéin ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar an ród céanna sin, mura bhfuil roinnt mhaith dínn píosa maith síos an bóithrín céanna sin, cheana féin!

Agus, cé go bhfuil sé soiléir, nach mbeidh an oiread céanna Aifrinntí á gceiliúradh in ár measc, amach anseo, agus nach mbeidh sé indéanta úsáid a bhaint as na séipéil uilig sin atá againn, i láthair na huaire seo, deir an tAthair Brendan, go gcaithfear tábhacht an Aifrinn a chur abhaile ar na fíréin feasta, más uainn iad a mhealladh chun an tséipéil maidin Domhnaigh agus Saoire. Agus bíodh nach gnó éasca, nó simplí é sin, ag an am gcéanna níor chóir smaoineamh air mar fhál go haer, nó is gnó indéanta é, ach cur chuige le flosc agus le fonn, ach ní mór cúnamh eicínt ón Spiorad Naomh fhéin a chur leis an bhflosc agus leis an bhfonn céanna sin, nó ní gnó daonna, amach is amuigh, é.

Tá ceataí beag eile sa séeal seo áfach, nó ag am seo an ghátair, nuair atá fonn agus flosc ag teastáil go géar uainn, caithfear a admháil go bhfuil bunús ár sagart sleamhnaithe anonn sna blianta, agus gan an fuinneamh, nó an spleodar, céanna ionntu anois is a bhíodh iontu blianta ó shoin, ach mar sin fhéin, nach breá le Dia fhéin, corruair, éacht oibre a dhéanamh trí dhaoine mar iad, mar i ndáiríre, níl Dia ag brath ar fhuinneamh, nó ar spleadar, a dheisceabail, lena thoil a chur i gcrích “ar Thalamh, faoi mar a dhéantar ar Neamh”. Nach minic a oibríonn sé tríd an lag, leis an mustar gan ghustal a bhaint den láidir? Ach, caithfear brath ar thuataí i bhfad níos mó sa todhchaí, freisin, nó nach cuid bhunúsach den eaglais fhéin iad? Nár baisteadh sa Chríostaíocht iad? Agus nár deineadh iad a chóineartú sa chreideamh céanna sin, nuair a chuaigh siad faoi láimh an Easpaig? Agus má sea, nár chóir dóibh anois páirt ghníomhach a ghlacadh i dtógail, agus i gcothú, na heaglaise sin, anseo inár measc? Tuigtear don Athair Brendan nach leor do shagart a Aifreann a léamh feasta, ach go gcaithfidh sé a Aifreann a cheiliúradh do phobal gníomhach, pobal a ghlacann páirt leis sa cheiliúradh sin, mar chléirigh, mar léitheoirí, mar mhinistrí, mar chór, nó mar chantairí. Tuigtear dó nár chóir Aifreann a cheiliúradh mura bhfuil an pobal gníomhach sin ar an bhfód, le dul i gcomhar leis an sagart fhéin, sa cheiliúradh sin.

Is cuimhin liom fhéin, go dtí an lá atá inniu ann, Misean a d’eagraigh na Slánaitheoraigh, sa pharáiste s’againne, le linn m’óige-se. Bhíodh Aifreann faoi leith do na daoine óga, chuile mhaidin, agus bhíodh an tAthair Mór Ó Conaola ansin in ár measc, le chuile shórt, a bhí ar siúl ag an sagart ar an altóir, a mhíniú dúinn. B’in an sagart a thugadh na seanmóirí móra uaidh, faoi phoitín, agus faoi chuile olc a lean úsáid na dí diabhlaí sin. Mhíníodh seisean cúrsaí an cheiliúrtha sin dúinn agus é ag siúl síos suas, inár measc, agus é ag míniú chuile ghníomh a dhéanadh an sagart, le linn an Aifrinn. Le cluasa na cuimhne, cloisim fós gíoscán a bhróg le linn na siúlóide sin. D’fhan ar dhúirt sé glas im chuimhne, anuas go dtí an lá atá inniu ann. Ní call dom a rá, gur chuir mé leis an eolas sin le linn na mblianta fada a chaith mé im ábhar sagairt. Ní gá dhom a rá, gur chóir cúrsa dá leithéid a reachtáil i ngach paráiste, ionas go bhféadfaí a bheith cinnte, gur thuig chuile dhuine den phobal a raibh ar siúl ag an sagart ag an altóir. Ba chóir freisin, go mbeadh chuile pháirt den Aifreann cleachtaithe, snasta, sa tslí go mbainfeadh pobal Dé taitneamh agus tairbhe as an gceiliúradh sin. Nach cuimhin linn uilig léitheoirí a chlos, agus iad ag iarraidh teorainn luais eicínt a bhriseadh, sa tslí nach raibh ar chumas éinne, a raibh á léamh ag an léitheoir sin, a thuiscint. Uaireannta eile, chloisfeá duine ag léamh, ar bhealach a thabharfadh le fios dá lucht éisteachta, nár chleachtaigh sé, nó nár ullmhaigh sé, a raibh á léamh aige, roimh theacht os a gcomhair amach dó. Níl a leithéid inghlactha feasta. B’fhearr bheith dá éagmais ná glacadh lena leithéid de léitheoireacht. Ní call dom a rá, gur chóir don sagart fhéin, ullmhúchán agus cleachtadh a dhéanamh ar a raibh le déanamh aigesean freisin, nó ceiliúradh i gcomhar isea an tAifreann, ceiliúradh ina gcuidíonn pobal Dé leis an sagart aithléiriú a dhéanamh ar íobairt an tSlánaithe.

Agus os ag caint ar cheiliúradh muid, nach bhfuil fhios ag chuile dhuine, nach ceiliúradh go cantain, agus cá bhfuil an cantain sin le fáil anois inár nAifrinntí? Má chuireann tú ceist ar na húdaráis faoi na cúrsaí seo, is é is dóichí go ndéarfaidh said leat, nach bhfuil féith an cheoil sna Gaeil, agus dá thairbhe sin nár mhaith leo an nós sin a thosú ina measc. Sin, nó nach maith leo bheith ar éisteacht le hiomainn, nó le ceol cráifeach, le linn dóibhsean bheith ag rá a bpaidreacha. Níl i gceist sa mhéid sin ach leithscéalta, agus lena chois sin, níl iontu ach leithscéalta ar leathchois. Nó má cheistíonn tú na daoine, a théann chuig an Aifreann, faoi na cúrsaí sin, inseoidh siadsan duit, gur breá ar fad leo ionainn a chanadh, agus gur breá leo freisin, dreas ceoil chráifigh a chloisint, ag an am ceart, le linn an cheiliúrtha. Ach, déarfadh duine, b’fhéidir, nach bhfuil na hiomainn sin ar eolas ag na daoine, agus conas mar sin a d’fhéadfá iad a chur ag ceol? Éasca go maith, mar nach eol do chuile dhuine, nach bhfuil mórán deacrachta ag baint leis na hiomainn a chantar sna séipéil a fhoghlaim, agus go dtiocfadh an pobal isteach orthu, gan stró ar bith. Dár ndóigh, d’fhéadfadh cór beag a bheith ag séipéal freisin, le cúnamh a thabhairt don phobal, le linn dóibhsean bheith ag canadh. Is maith ann an cór freisin, le ceol casta, séasúrach, a chur ar fáil, in am tráth, ach ní hé mo thuairimse fhein, gur chóir dúinn cór a úsáid le labhairt thar cheann an phobail, nó le freagairt thar a gceann, ach oiread. Caithfear an pobal a spreagadh le seilbh a ghlacadh ar a gcuid fhéin den Aifreann, agus gan an chuid sin a ligean le héinne, cór nó cléir. Ní bheadh sé do-dhéanta leabhrán iomann a chur i dtoll a chéile, sa chaoi go mbeadh thart ar thrí scór iomann, de na hiomainn is coitianta, ar fáil ann, sa chaoi go mbeadh na focail le fáil go héasca ag chuile dhuine sa séipéal, nó bheadh leabhar iomann fágtha ar an suíochan teampaill ansin, os comhair chuile chríostaí acu.

An bhfuil a leithéid indéanta?

Cinnte tá, nó nach cuimhin le chuile dhuine, a rinne freastal ar mhisean, go n-éiríonn le lucht eagraithe an mhisin sin, an pobal a chur ag canadh, trí chleachtadh gearr a chur sa tsiúl, tamall roimh chuile Aifreann. Tagann na daoine isteach go héasca ar, idir cheol agus fhocail, agus ní hé sin amháin é, ach baineann siad ard-taitneamh as freisin, nó teann siad amach abhaile agus ceol ina gcroí leo.

Ní gá don sagart an lá uilig a chaitheamh ag léamh an Aifrinn, ach níor chóir dó, ach oiread, dul tríd an searmanas ar chosa in airde. Tá gá le cráifeacht agus le dáiríreacht le linn cheiliúradh an Aifrinn, nó caithfear anam agus spiorad phobal Dé a ardú, agus a mhealladh tríd an gcuirtín caol sin, a scarann an dá shaol óna chéile. Tá an pobal céanna sin ar thóir bheatha a n-anamacha, agus má deintear iad a bheathú sa tslí sin, fillfidh siad arís, agus arís eile, ar na hAifrinntí a riarann an bheatha spioradálta sin orthu.

Cé go mbainim fhéin taitneamh agus tairbhe as na hAifrinntí Domhnaigh agus Saoire, faoi mar a cheiliúrtar iad abhus, anseo in Éirinn, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go ndeachaigh ceiliúradh an Aifrinn sna Stáit i gcionn go mór orm, agus chomh maith le sin, cá bhfágfá na hAifrinntí breátha sin a cheiliúrtar i measc na Spáinneach? Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt don chráifeacht agus don dáiríreacht a léirítear lena linn, sea, agus an pháirt ghníomhach a bhíonn ag an bpobal i gcúrsaí agus iad ag déanamh comhair leis an sagart, le linn an cheiliúrtha.

Ach, b’fhéidir go bhfuil an iomarca ráite agam faoi seo, agus b’fhéidir freisin, gur chóir dom na cúrsaí sin a fhágáil fúthu sin, a bhfuil scil faoi leith acu iontu, ach nach críostaí mé fhéin, chomh maith le duine, agus is dá bharr sin, a thuigtear dom, go bhfuil chuile cheart agam mo ladar a chur sa scéal, ag súil, go spreagfainn daoine eile chun smaointe, agus chun gnímh. Nó b’fhéidir, gur mar sin a oibríonn an Spiorad Naomh fhéin, agus é ag baint úsáide as an lag, leis an láidir a spreagadh. Agus má tharlaíonn ganntanas sagart orainn, amach anseo, nár chóir smaoineamh ar na mna atá ag fanacht go foighdeach ar na cliatháin, le mám maith blianta anois, sea, agus nach bhfuil fir phósta ansin freisin, a bheadh sásta seal a chaitheamh ag freastal ar an dtréad, dá n-iarrfaí orthu a leithéid a dhéanamh. Má tharlaíonn an ganntanas sin, léireofar a leigheas dúinn.

Leor sin do thuras na huaire seo. Go dtí an chéad bhabhta eile…

Slán……..

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

S c é a l     C r á i t e

S l a d a í o c h t g a n C h ú i s

S l a d g a n C h ú i s !

.

**********************************

.

Scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin chaoi a bhfuil ruifínigh, agus lucht foréigin, ag glacadh seilbhe ar shréideanna agus ar bhóithre na Cathrach Áille seo, Chill Chainnigh, agus mar is eol do chách, d’fhéadfá an rud céanna, geall leis, a rá, na laethe seo, faoi chuile bhaile agus faoi chuile chathair, i gCríoch seo na Naomh is na nOllamh. Dá chomhartha sin, nach beag duine againn a mbeadh sé de dhánacht ann, spág a leagan in ionaid áirithe, le linn uaireannta an dorchadais, nó fiú, i lár an lae ghil fhéin, ar eagla go ndéanfaí ionsaí air, ar chúis amháin, nó ar chúis eile. Ar an drochuair, ní scéal scéil atá i gceist agam anseo, ach lomchlár na fírinne. Ar chúis amháin, nó ar chúis eile, adúirt mé, bhuel, mo dhearmad, nó tá boicíní gránna amuigh ansin, a bheadh sásta duine a ionsaí, gan chúis dá laghad chuige, agus gan ar chumas éinne, miniú a thabhairt ar a ghníomh, ach amháin go bhfuil an drochbhraon ann. Sin mar atá cúrsaí, faoi láthair, agus nach beag oíche a théann thart, gan mugáil nó robáil, ionsaí nó bualadh, briseadh nó bascadh, a tharlú áit eicínt, i mbaile, nó i gcathair eicínt, i dtír seo na hÉireann, agus gan ar chumas Rialtais, nó Údaráis, Garda nó Airm, go nuige seo, ach go háirithe, stop a chur leis an ruifíneacht, nó leis an sladaíocht seo.

Táid ann, gan amhras, adéarfadh, nach bhfuil ach leigheas amháin ar scéal seo an fhoréigin, agus sin tomhas a láimhe fhéin a thabhairt dóibh, nó ní thuigeann fear buile tada ach adhmad! go háirithe, nuair a thugtar blas an adhmaid sin sa cheann dó! Go breá, ar fad, ach ní tráth magaidh é, nó ní tráth faille é, ach oiread. Tá an t-am tagtha ag saoránaigh an Stáit seo, beart a dhéanamh, le deireadh a chur leis na céapair seo, agus seilbh a ghlacadh athuair, ar sráideanna agus ar bhóithre a mbailte agus a gcathracha. Mura ndéantar go luath é, beidh sé ró-dhéanach chuige, agus beidh seilbh bhuan gafa ag na ruifínigh, ar ár mbailte, agus ar ár gcathracha, agus beidh faitíos orainne ár dtithe a fhágail, fiú i lár an lae ghil. Bhuel, b’in an port a bhí á sheint agam anseo, tamall ó shoin, agus ní dóigh liom, gur tháinig mórán feabhais ar chúrsaí, san idirlinn. Anois, caithfear a rá go bhfuil an foclóir ceart á úsáid ag an Aire Dlí agus Cirt, agus é ag cur síos ar na cúrsaí seo, agus tá moladh tuillte aige, as an méid sin fhéin, ach an gcuirfear leis an bhfoclóir céanna sin, amach anseo, nó an ndéanfar beart dá réir, feasta. Sin í an cheist. Agus táimid uilig ag súil go ndéanfar.

Ach, i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, in aon chor, an tseachtain seo, ach chuige seo.

Céard tá idir chamáin agam in aon chor, an ea?

Tá seo. Gur cuireadh ag smaoineamh ar na cúrsaí sin uilig mé, athuair, nuair a léigh mé an t-alt breá, spreagúil, leis an nDochtúir John Bradley, ó Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuat, ar Kilkenny People na seachtaine seo caite. Ní hamháin go bhfuil na ruifínigh seo ag iarraidh sinn fhéin a bhascadh, ach anois, tá siad ag dul níos fuide fós, nó tá siad ag iarraidh ár n-oidhreacht a mhilleadh orainn freisin.

Cén oidhreacht at idir chamáin agam anseo, an ea?

Is é atá i gceist agam nó an sladaíocht, agus an creachadh, atá á ndéanamh, agus déanta, thart ar Eaglais Mhuire, i lár na cathrach áille seo. Labhair an Dochtúir oilte, ildánach, seo, faoi na tuamaí, na leachtanna, agus na clocha cuimhne luachmhara, ar deineadh slad orthu, i Reilg Eaglais Mhuire, atá suite taobh thiar den Tholsel fhéin, i lár na cathrach. Briseadh agus bascadh cuid acu, agus deineadh roinnt eile a mhilleadh le péint, agus le péinteáil, sa chaoi go bhfuil, faoin am seo, dochar, beagnach doleigheasta, déanta do roinnt acu. Tá an scéal chomh dona sin, go ndeir an Dochtúir linn, go mbeadh náire air cairde leis a thabhairt isteach ansin anois, le breathnú ar sheoda sin ár n-oidhreachta, seoda, adeir sé, nach bhfuil fáil ar a leithéid, áit ar bith eile sa tír, nó b’fhéidir taobh amuigh di, ach oiread.

Anois, ar an gcéad dul síos, caithfidh mé a rá, gur mór an feall go deo é, gur fágadh seoda chomh luachmhar sin in áit go bhféadfaí a leithéid de shlad a imirt orthu. Is cuid den stór, de sheoda luachmhara, náisiúnta, a fágadh againne le huacht, agus a rabhthas ag súil, go seolfadh muid ar aghaidh, slán, sábháilte, iad chuig na glúnta a bhí le teacht, inár ndiaidh. Ní hamháin gur le Cill Chainnigh, nó le hOsraí iad, is leis an náisiún, frí chéile, iad, agus sa chás seo, nach féidir dul i bhfad Éireann níos sia leis an scéal, agus a rá, gur chuid d’oidhreacht saibhir na hEorpa iad, agus go bhfuil dualgas orainne, mar sin, na seoda sin a chosaint láithreach, ar ruifínigh bharbartha na haoise seo, atá meáite ar ollmhaitheasaí luachmhara sin ár n-oidhreachta, a mhilleadh agus a bhascadh, mar spórt agus mar spraoi, agus le caitheamh aimsire spóirtiúil a chur ar fáil dóibh, lena laethe a líonadh le scleondar agus le corraíl !

Ach, céard is féidir linn a dhéanamh le sin a chur i gcrích? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad ásc, mura bhfuil ar chumas úinéirí na hEaglaise, agus na Reilge sin, Naomh Mhuire, iad a chosaint ar bharbaracht, déarfainn go bhfuil de dhualgas ar an Údarás Áitiúil freagracht a ghlacadh chucu fhéin as. Tá cupla bealach acu le sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís dul i bpáirt leis na húinéirí, leis an gcosaint chuí sin a chur ar fáil, nó mura bhféadfaidís sin a dhéanamh, ní bheadh de rogha acu, ach freagracht iomlán a ghlachadh chucu fhéin as, tríd an suíomh ársa sin a cheannacht, nó trí sheilbh a ghlacadh air, ar bhealach eicínt eile, dá dteipfeadh orthu sin a dhéanamh. Is dócha freisin, go bhféadfaí smaoineamh ar dhualgas an Stáit s’againne, séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, agus a chaomhnú, mar chuid d’oidhreacht an Aontais Eorpaigh, agus i gcás dá leithéid, d’fhéadfadh sé, go mbeadh an tAontas céanna sin sásta teacht i gcabhair orainn, leis an gcuspóir sin a chur i gcrích.

Agus an bhfuil bealach ar bith eile le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint ar bharbaracht na haoise seo?

Bí cinnte go bhfuil, agus ualach asail de bhealaí eile ann, leis an mbeart sin a dhéanamh.

Agus, gan ach trácht a dhéanamh ar bhealach amháin le sin a dhéanamh, céard faoi áit na gcúirteanna i réiteach faidhbe dá leithéid? Am ar bith a thógtar coirpeach os comhair na cúirte, agus dá dtarlódh go bhfaighfí ciontach é, i sladaíocht, nó i réabadh reilge frithshóisialta, bhuel, in áit seal i bpríosún a ghearradh ar dhuine dá leithéid, nár chóir é a chur isteach i suíomh dá leithéid, lena ghlanadh suas, agus chomh maith le sin, nár chóir go gcuirfí iachall air, bail a chur athuair ar na huaigheanna millte, agus ar na clocha chinn uaighe a briseadh ansin, gan chúis gan ábhar. Dá ndéanfaí a leithéid, ar a laghad, chuirfí toradh na barbarthachta ar ceal, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go múinfí ceacht do lucht réabadh reilge, sa chaoi nach mbeadh fonn orthu, milleadh dá leithéid a dhéanamh, feasta.

Ná síltear anois, go bhfuilim ag maíomh anseo, nach bhfuil dualgas ar bith ar an Rialtas s’againne, tada a dhéanamh, le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, nó nílim. Tá de dhualgas ar an Rialtas, sa chead áit, dlithe cuí a achtú, le srian a chur ar iompar réabadhreilgeach dá leithéid, agus ansin, sa dara háit, ba chóir dóibh féachaint chuige, go gcuirfí na dlithe céanna sin i bhfeidhm, chuile bhabhta, ar cibé a fhaighfí ciontach, in iompar frithshóisialta dá leithéid. Agus tabhair faoi deara anseo, cé go bhfuil Eaglais áirithe anseo i gCill Chainnigh i gceist agam, toisc go bhfuil an Reilg thart uirthi réabtha, millte, ar ruifínigh bharbartha, tá mé cinnte, go bhfuil gníomhartha réabadhreilgeacha dá leithéid ag tarlú i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo, agus ní gníomh annamh atá i gceist agam anseo, ach rud a tharlaíonn áit eicínt, chuile sheachtain, geall leis, d’fhéadfá a rá. Níl iompar dá leithéid inghlactha feasta, nó má tá muid sásta glacadh le céapair dá leithéid, ansin, níl dabht ar domhan ann ach go bhfuil muid ag filleadh ar ré na barbarthachta, gan mhagadh, gan bhréag.

Agus céard fúinne, saoránaigh?

Arís, níl dabht ar domhan ach go bhfuil orainne freisin seasamh daingean cinnte a ghlacadh, sa chogadh seo i gcoinne na sibhialtachta. Caithfidh muid bheith ar thaobh amháin, nó ar an taobh eile. Agus má theastaíonn uainne críoch a chur leis an gcineál seo iompair, bhuel, ansin, caithfidh muid sin a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, dár muintir fhéin, agus ansin, do mhuintir an phobail, de réir mar a fhaigheann muid an deis chuige sin.

Dá ndéanfaí mar adúirt mé sa phíosa seo, tá mé cinnte, nach mbeadh aon ghá le filleadh anseo, taobh istigh de bhliain, le píosa eile a scríobh ar an dtéad céanna seo arís, ag iarraidh daoine a spreagadh, le deireadh a chur le hiompar réabadhreilgeach, barbartha, dá leithéid, arís. Mar sin, anois an t-am againn uilig, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dho-scaoilte, mhíthaitneamhach, ghranna seo. Sea, agus smaoinigh ar an seanrá adeir, go dtéann focail le gaoth, ach go dtéann buille le cnámh.

Agus féach, mar bhuille scoir, céard faoi chomórtas nua a chur sa tsiúl, féachaint cén baile, nó cén chathair, is fearr a thugann aire dá séadchomharthaí. Nach gcabhródh comórtas dá leithéid, le daoine a chur ag smaoineamh arís, ar a seandachtaí, ar a séadchomharthaí, ar a n-oidhreacht? Sea, agus b’fhéidir go gcuirfeadh comórtas dá leithéid críoch leis an réabadh reilge atá coitianta inár measc, na laethe seo.

Sea, agus ná ceap gur dhein mé dearmad ar na scoileanna, nó ar na múinteoirí, nó níl dabht ar domhan, ach go bhféadfadh idir dhaltaí agus mhúinteoirí, an-chúnamh a thabhairt dúinn, agus muid ag iarraidh spiorad na sibhialtachta a chothú, agus a fhorbairt, i gcroí ár bpobail, feasta. Nár chomhartha an chultúir é, chuile lá riamh, go mbeadh ómós ag daoine dóibh siúd a d’imigh rompu, ar Shlí na Fírinne, agus go mbeadh meas acu ar shaothar a lámh agus a n-aigne. Agus tá súil agam, nach mbeidh altanna le léamh againn feasta, ó sheandálaithe aithnidiúla, áitiúla, arís, ag éagaoin mhilleadh ár n-oidhreachta uaisle.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

S c é a l     C r á i t e

S t a i r n ó F i a n n a í o c h t

S t a i r , n ó F i a n n a í o c h t ?

*********************

A SECRET HISTORY

OF T H E

I R A .…………………………………………………………………………….2002.

Le

E D M O L O N E Y ………………………………………………………32.25. Euro

Foilsithe ag ………………………………………………………………….Penguin Press.

.

*************************

.

De thaisme, i ndáiríre, a léigh mé an leabhar spéisiúil seo, nó ar an gcéad dul síos, is annamh a léann mé leabhar chomh mór, toirtiúil, leis an gceann seo, nó tá thart ar sé chéad leathanach le fáil taobh istigh dá chlúdaigh, cuir le sin, go bhfuil an cló sách beag ann freisin, agus chomh maith le sin, ní go ró-mhinic a léim cuntas dá leithéid seo, faoi na trioblóidí i dTuaisceart na tíre seo, nó b’fhearr liom fanacht, go mbeidh síocháin iomlán faoi réim arís, ó cheann ceann na tíre seo, sul má léim stair dá leithéid. Ba é a tharla, áfach, nó gur tugadh an leabhar dom, agus gur iarradh orm spléachadh a thabhairt air, agus b’in a dhein an dochar, nó thosaigh mé ag an tús, le cupla leathanach a léamh. Rinne mé sin, agus chuaigh an leabhar chomh mór sin i bhfeidhm orm, nár fhéad mé é a chur uaim, go raibh sé uilig léite agam, ó chlúdach go clúdach. D’oibrigh an leabhar , nó an t-údar b’fhéidir, a dhraíocht fhéin orm, agus cuireadh faoi gheasa mé an leabhar iomlán a léamh. Féach mar a chuireann Ed Moloney tús lena Réamhrá…

“There were never any strategic considerations at stake, like those in the Middle East, for example, nor did the killing ever approach the carnage or savagery of the Balkans or Rwanda. There were no oil fields or gold mines to be captured, or any ideology to be overthrown or vindicated. But the Troubles in Northern Irealand had one quality that marked the violence there as special, and that was the sheer length of the conflict – that and the fact that no one could really see an end to it.”

Is dócha go mbeadh sé deacaiar duine níos oiriúnaí a roghnú don ghnó seo ná Ed Moloney, nó bhí blianta fada caite aige mar thuairisceoir, agus mar iriseoir, ag scríobh faoi na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí na nótaí aige, bhí na téipeanna aige, bhí na cuntais aige, sea, agus thar aon rud eile, bhí aithne aige ar na príomhimreoirí uilig, geall leis, agus teagmháil déanta aige leo, thar a bhlianta iriseoireachta. Ní gá a rá, gur mhair na Trioblóidí céanna, seal fada de bhlianta, ó thuaidh, agus dár ndóigh, ní gá a rá, ach oiread, gur chuir siad thar maoil, anois is arís, agus gur fhág siad a lorg i dtíortha eile, ar nós Sasana, Giobráltar, an Ghearmáin, an Fhrainc, agus tuilleadh.

“Thirty years after they exploded, the Troubles have ended in what is arguably a most definitive fashion, an ending that marks not merely the closing of a war but rather the conclusion of the historic conflict between Ireland and Britain.

They have ended with the leadership of the provisional IRA accepting Britains neutrality in Northern Irealand. No longer do its leaders preach that London is a colonial, occupying power, usurping the right of the Irish people to decide their own future.”

B’fhéidir nach n-aontódh chuile dhuine leis an ndearcadh sin ar thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta, nó táid ann fós adeir, nach bhfuil sa socrú uilig sin ach buidéal deataigh, agus má scaoiltear an corc ar an mbuidéal sin, amach anseo, go n-éalóidh an deatach as, agus nach mbeidh tada fanta againn ansin, ach an buidéal folamh.

Tosaíonn an leabhar seo ag cur síos ar an IRA, agus an stair as ar fhás an t-arm neamhoifigiúil paramíliteach sin. Tosaíonn sé le bunú an Stáit Tuaisceartaigh, ba thoradh ar an gCogadh Angla-Éireannach, 1919 – ’21, agus ansin, déanann sé ceangal idir bhunú an stáit Tuaisceartaigh agus breith Gerry Adams, thart ar chúig bliana fichead níos deanaí. Ba Chaitlicigh iad an tríú cuid de dhaonra an stáit ó thuaidh, agus caitheadh go dona leosan, tríd is tríd, sa chaoi go mbeadh trioblóid ansin, gach re seal. Tharla gur ghlac athair Gerry Adams páirt i dtrioblóidí ansin, sna luathdachaidí, agus ba é an scéal céanna é i gcás cuid dá ghaolta, ar an dá thaobh den teach, agus ar a sheal féin, freisin, ghlacfhadh an Gerry Adams sin, a rugadh sa bhliain 1948, ghlacfadh sé páirt, thar a bheith tábhachtach, sa chogaíocht agus sa trioblóid i dTuaisceart Éireann. Sea, agus i ndáiríre, dá dtabharfaí Cothrom na Féinne don mionlach ó thuaidh, chuile sheans, nach dtarlódh na trioblóidí ina mbeadh Adams páirteach iontu, in aon chor.

Sciorr an blianta thart, agus déanann an t-údar tagairt don chaoi ar theip ar óglaigh na heagraíochta sin, sráideanna Bhéal Feirste a chosaint, sa bhliain 1969, ceal airm, is dócha. Ba é toradh a bhí ar an dteip sin, nó gur scoilt an eagraíocht o bhun go barr, agus b’in mar a tháinig na Sealadaigh ar an bhfód a chéaduair. Taobh istigh d’achar réasúnta gearr, d’éirigh leosan, trí cheangal a shnaidhmeadh leis an gCornal Muammar Quaddafi, d’éirigh leo na tonnaí airm a iompórtáil ón dTúinéis, agus uaidh sin amach, ni hamháin go raibh ar a gcumas a sráidaeanna a chosaint, ach bhí ar a gcumas, saighdiúirí Shasana agus Chonstáblacht Ríoga Uladh freisin, a ionsaí agus a throid, i bhfeachtas sceimhlitheoireachta, a mhair ar feadh breis is cúig bliana fichead.

Tugann an t-údar cuntas mion dúinn ar chúrsaí polaitíochta i nDeisceart Éireann freisin, agus ar na fórsaí a tháinig chun tosaigh anseo, sna blianta idir bhunú an tSaorstáit abhus, agus Próiseas na Síochána ó thuaidh, nó bheadh páirt bhunúsach le himirt ag na fórsaí sin uilig i bpróiseas na Síochána ó thuaidh, ar ball. Chuaigh Adams isteach san IRA, go luath ina shaol, nó is dócha gur cheap sé go mba dhual athar dó é..

It was into this maelstom of conflicting political ideas and personalities that Gerry Adams plunged when he joined the Belfast IRA’s E Company, although for a while it did not impinge much on his life. As he was to say himself many years later, all this ferment was “going on, if you like, above my head”. He was only sixteen when he joined the republican movement, and the debate within it was taking place far away, at leadership level and mostly in Dublin, where the IRA policymakers were based.

B’in mar a bhí, an tráth úd, ach dhéanfaí sin a athrú, le himeacht aimsire, agus d’fhágfaí an chuid ba mhó den obair sin faoi óglaigh an Tuaiscirt fhéin. Tá le tuiscint ón leabhar seo, gur theastaigh ó Gerry Adams céim ard a bhaint amach dó fhéin san IRA, agus de réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh, tharla i dtosach, sa bhliain 1971, gur cuireadh i gceannas ar an Dara Cathlán, i mBéal Feirste é, agus ba sa phost sin a bhain sé cáil amach dó fhéin, mar smaointeoir, agus mar eagraí. Ní hé anois go ndeachaigh sé amach ar mhisin, lena ghunna. Níorbh é sin a saghas duine é, de réir an chuntais seo, ach ba é a rinne na pleananna, agus a d’fhéach chuige, go gcuirfí na pleananna sin i gcrích.

“Inasmuch as Gerry Adam’s Second Battalion had, by it’s bombing and his strategic foresight, helped to precipitate this disaster for British policy in Northern Ireland, the IRA had benefited from his strategic talents, and this enormously boosted his standing within the IRA. Cahill and Twomey became even more dependent upon his advice.”

Ba é an “disaster for British policy” atá idir chamáin ag an údar anseo, nó polasaí an imtheorannaithe a cuireadh i gcrích, de thoradh na buamála, agus na troda, a dhein Cathlán Mhic Adhaimh. Mar sin a cuireadh tús lena dhul chun cinn san IRA. Ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile án tobar, áfach, agus ar an 14ú Márta 1972, gabhadh Mac Adhaimh, agus is dóigh go raibh na Fórsaí Slándála lán tsásta leo fhéin, go raibh fear chomh tábhachtach sin gafa acu. Cuireadh i bpríosín é, áit ar coinníodh é go ceann scathaimh. Bhíothas cinnte, geall leis, gur scéitheadh air, agus b’in an fáth a raibh na Fórsaí Slándála chomh cinnte sin, gurbh é Mac Adhaimh a bhí faoi choinneáil acu. Níorbh é an t-aon cheannaire é áfach, a gabhadh ag an am sin, ach níor chuir sin deireadh leis an bhfeachtas míleata. Comhartha eile de thábhacht Adams san eagraíocht fhéin isea gur tugadh “The Big Lad” mar leasainm air, ag déanamh aithrise, is dócha, ar leasainm Uí Choileáin, nuair a baisteadh “The Big Fellow” airsean. Ag caint ar Bloody Friday, nuair a tiomáineadh scór carrbhuama isteach go croílár Bhéal Feirste, agus gur pléascadh ansin iad, taobh istigh d’uair a’ chloig, geall leis. Maraíodh naonúr, agus gortaíodh céad triocha. Ní raibh uathu an oiread sin marú a dhéanamh, ach is dócha gur tuigeadh do cheannairí an IRA go mbeadh ar chumas Arm Shasana deighleáil leis na buamaí sin uilig, agus iad a chur ó mhaith, in am. Ní raibh áfach, agus deineadh ár agus sléacht ar lár na cathrach sin.

“Bloody Friday was the one great black mark against Adam’s strategic record in the early 1970’s. The man himself was incandescent with rage after the botched bombings, according to IRA sources. ‘The Big Lad’s doing his nut, about the warnings not being phoned in or being bungled’.”

Tharla rud eile freisin, i ndiaidh don Rialtas ó thuaidh imtheorainniú a chur i bhfeidhm, tháinig earcaigh ina mílte chuig an IRA, sa chaoi, nuair a chuireann tú sin, agus na hairm uilig sin a rinneadh a iomportáil ón Túinéis, go raibh ar chumas na heagraíochta sin, ní hamháin a sráideanna a chosaint ar ionsaithe na ndílseoirí, ach chomh maith le sin, bhí ar a gcumas freisin, cath a chur ar na Fórsaí Slándála, agus ar na Péas.

Ar an 18 Iúil 1973, gabhadh Gerry Adams, maraon lena chúntóirí tábhachtacha i mBriogáid Bhéal Feirste. Tar éis dóibh iad a cheistiú, agus a bhualadh, sacadh isteach sa Cheis Fhada iad. Bhíothas cinnte arís, geall leis, go mba bhrathadóir ba chúis leis an ngabháil sin. Thóg sé dhá bhliain orthu an t-eolas sin a chinntiú, áfach, agus tar éis dóibh a cheistithe, scaoileadh é, i Samhradh na bliana 1975. Bhí an dochar dáanta áfach, agus bhí greim scornaí faighte ag na Fórsai Slándála ar eagraíocht, agus ar mheaisín troda, na bPoblachtánach, nó chomh maith le greim a fháil ar cheannairí na heagraíochta, d’éirigh leo freisin, greim a fháil ar chuid mhaith dá stórais airm.

Fad is a bhí Mac Adhamh sa Cheis Fhada áfach, d’éirigh leis fhéin, agus le roinnt eile dá chomhphríosúnaigh, an cheist ar fad a phlé, ó bhun go barr, agus d’éirigh leo freisin, chuile iarracht a dhéanamh, lena bhfadhbanna iomadúla a scaoileadh, ní hamháin i gcúrsaí troda, ach chomh maith le sin, bhí orthu bealach éalaithe, as an dtranglam ina raibh siad gafa, a chuartú. Shocraigh siad ar a gcóras míleata a atheagrú ina ndiormaí beaga, nó in Active Service Units, na hASU’nna sin, nach mbeadh i ngach ceann acu ach cúigear, nó seisear, agus nach mbeadh aithne nó eolas ag ASU amháin ar aon ASU eile, ní bheadh an t-eolas sin ach amháin ag na ceannairí, agus sa tslí sin, tuigeadh dóibh, nach mbeadh ar chumas na bhFórsaí Slándála eolas ar bith a bhailiú fúthu. Ach dár leis an údar, bhí laige amháin sa chóras sin, agus b’in dá n-éireodh leis na Fórsaí Slándála duine amháin de na ceannairí sin a iompú, bhuel, ansin bheadh an t-uafás eolais le fáil acu, ón t-aon duine amháin sin.

Caitheann an t-údar ansin, roinnt mhaith ama ag plé le cúrsaí inmheánacha an IRA, agus ag cur síos faoin pholaitíocht uilig a bhí ar siúl istigh ansin, agus faoin chaoi ar éirigh le Mac Adhamh dul i gcionn orthu, agus a dhearcadh, agus a léargus fhéin a chur abhaile orthu. Ní in aon oíche amháin a d’éirigh leis sin a dhéanamh, ach ba é an bua ba thábhachtaí dá raibh aige, nó bua na foighde, agus mura n-éireodh leis an babhta seo, chreid sé, go diongmhálta, go mbeadh lá eile ag an bPaorach, nó ag an Adhamhach fiú, agus dá mbeadh seisean sásta fanacht, go dtiocfadh a lá. Bíodh sin mar atá, nó ná bíodh, áfach, níor fágadh gan freasúra é, agus bíodh gur dhein siad siúd a ndícheall cos i bpoll a chur leis, tháinig Mac Adhamh slán, agus lean sé leis, i ndeireadh na dála, i mbun an pholasaí a d’ullmhaigh sé, blianta roimhe sin, i gCage 11. Sea, agus ba mhór a mhuinín freisin as a Kitchen Cabinet. Agus mar chruthú ar a chumas, agus a scil, feictear dúinn, go bhfuil sé fós ina cheannaire ar Shinn Féin, agus ní beag ná suarach an t-éacht é sin.

Is dócha gur féidir a rá, ag an bpointe seo, gurb é scéal Gerry Adams, atá á ríomh ag an údar sa leabhar seo. An chaoi ar thosaigh sé mar earcach san eagraíocht phoblachtánach, ag a sé déag, agus ansin, an chaoi ar éirigh leis dréimire na heagraíochta sin a dhreapadh, céim ar chéim, go dtí gur éirigh leis an barr a bhaint amach, dár leis an údar seo.  

Ag an bpointe seo, caithfidh mé a rá, gur thaitin an leabhar liom, nó is leabhar dea-scríofa, suimiúil, corraitheach é, ach ag an am gcéanna, is leabhar é, a leag scéal os mo chomhairse amach nár aithin mé. Bíodh gur choinnigh mé suas chun dáta le scéal an Tuaiscirt, faoi mar a léiríodh é sna meáin, ó lá go lá, ag an am, ba bheag cosúlacht a bhí idir an scéal sin, agus an scéal faoi mar a ríomhtar é sa leabhar seo. Is dócha go bhféadfá a rá, go mba chlaonchó (negative) é ar ar léigh mé, ina lán slite. De réir an leabhair seo, ní raibh á fháil againn sna meáin, bunús an ama, ach scéal scéil, ar bheag a chosúlacht leis an bhfírinne, go minic. Ag an am gcéanna, tá an chuma ar chúrsaí, go bhfuil fios fátha gach scéil ag an údar, agus go bhfuil tóirse na taighde á scaladh aige ar phóirsí, a bhí dorcha go leor, go dtí an pointe seo. Tá an chosúlacht ar an scéal, go raibh ar a chumas, eolas cinnte a bhailiú, ó chuile thaobh. Níl dabht ar domhan, ach go gcuirfeadh an leabhar seo go mór le do stór eolais faoi scéal an Tuaiscirt, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, caithfidh mé a admháil, nach bhfuil mé cinnte fós, an Stair, nó Fiannaíocht atá le fáil in áiteacha áirithe sa leabhar seo, ach tá an taighde chomh cruinn, cúramach, agus an cur chuige chomh scolártha, d’fhéadfá a rá, agus tá an t-údar fhéin gafa chomh mór sin ina scéal, agus an oiread sin ama caite aige ag gabháil dó, go bhfuil sé deacair, gan ghlacadh lena léamh-san ar chúrsaí na dTrioblóidí ó thuaidh, faoi mar a tharla siad, thar thréimhse dheich mbliana fichead anois. Ach bíodh sé fíor bréagach, is léitheoireacht éigeantach é do dhuine ar bith, ar mór aige, cúrsaí ó thuaidh, le triocha bliain anuas.

Mar adúirt mé cheana, ní chuile lá a chuirfinn romham leabhar chomh toirtiúil leis an gceann seo a léamh, agus cuir le sin, go bhfuil an cló cineál beag ann freisin, ach i ndiaidh an iomláin, ní shásódh tada mé, ach an leabhar a léamh, ó thús deireadh. Níl fhios a’m fútsa, ach caithfidh mé léamh, agus tuiscint an leabhair bhreá seo a fhágáil fút fhéin, sea, agus caithfidh tusa do bhreith fhéin a thabhairt air, i ndeireadh na dála thiar.

*****************

Peadar Bairead.

*****************

    .

.

.

.

S c é a l     C r á i t e

Saicéadach agus Luaithreach

Saicéadach agus Luaithreach

Peadar Bairéad

Pionós agus Aithrí

Nach minic a léitear sa tSean Tiomna faoi’n nós a bhí acu sna laethe úd saicéadach agus luaithreach a úsáid mar chomhartha aithrí. Chaithidís saicéadach, agus shuídís i luaithreach, le teaspáint don tsaol mór, go raibh pionós á dhéanamh acu ina bpeacaí. Gan dabht, don té a raibh cleachtadh aige ar éadach breá, bog, uasaicmeach, ba mhór an gaisce spioradálta dósan é, an saicéadach garbh, gránna, míchompórdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann tú le sin, go gcaithfeadh sé a sheal ina shuí ar luaithreach shalach céasta, cráite, in ionad bheith suite ar a sháimhín só ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid léargas eicínt ar an bpionós a bhí á dhéanamh aige, mar chomhartha aithrí ina pheacaí. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn léamh faoi ghaisce úd Rí Nineveh, nuair a thug an Fáidh Jonah cuairt ar an gcathair ollmhór ársa sin, agus nuair a thairngir sé go scriosfaí Nineveh i gcionn daichead lá. Thug an Rí cluas dá thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir sé uaidh a róbaí ríoga agus shuigh sé síos ar luaithreach, i saicéadach an aithrígh, agus níorbh é sin amháin é, ach chuir sé iachall ar a mhuintir uilig an cleas céanna a dhéanamh, agus d’fhógair troscadh do dhaoine agus do bheithígh, ar mhaithe le fearg Dé a mhaolú. Shásaigh pionós sin an Rí úd Dia, agus níor agair Dia díoltas air fhéin, nó ar a mhuintir. Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín seo muid, is dócha gur chóir a lua, nach iad na gnáthdhaoine a dhéanadh an beart seo, de ghnáth, nó nach mbíodh an saol sách-dian orthusan, cheana féin? níorbh iad a chaitheadh an saicéadach, nó a shuíodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, níorbh iad muis! nó b’iad na ríthe agus na boic mhóra a theaspáinfeadh go raibh aithrí á dhéanamh acu trína comharthaí sin, mar nárbh iad ba mhó a dhéanadh an éagóir, agus an slad, ar bhochtáin agus ar oibrithe, agus b’iad freisin ba mhó a dhéanadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tslí sin, a tharraingíodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal frí chéile.

B’in iad na seanlaethe

Ach b’in iad na seanlaethe, b’in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia Mór na Glóire sna Flaithis thuas, a raibh súil ghéar á choinneáil aige ar chúrsaí daonna, agus a d’fhéadfadh díoltas a agairt ar phobal, mura ndéanfaidís siúd a orduithe agus a aitheanta a choimhlíonadh. Nach éasca a shleamhnaíonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shamplaí dá leithéid.

Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, nó ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, nó an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pionós oiriúnach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, a raibh siad ina mbun, faoi stiúir an Stáit, blianta ó shoin . Tá daoine ar aon fhocal anois gur chóir oiread áirithe airgead a bhailiú ó na hOird agus ó na Cumainn Chrábhaidh sin, a raibh roinnt dá mbaill ciontach sa mhí-iompar sin uilig, agus a tharraing mí-chlú, agus náire, anuas orthu fhéin, ar a nOird, agus ar an Eaglais frí chéile, agus go ndéanfaí an t-airgead sin a úsáid, le chuile chúnamh a chur ar fáil dóibh siúd, ar deineadh an éagóir sin orthu. Tá daoine eile ann adéarfadh, gur chóir an dlí a chur ar na baill chéanna sin, agus iad a tharraingt tríd na cúirteanna, len iad a ainmniú agus a náiriú. Sea, d’fhéadfá a rá, go bhfuil a shocrú fhéin ag chuile dhuine ar an scéal céanna sin, ach, níl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur chóir go n-íocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as mí-iompar roinnt áirithe dá mbaill, agus dá dtarlódh go bhfágfaí gan sciúrtóg fhéin cuid acu, ní dóigh liom, go gcuirfeadh sin as go ró-mhór do roinnt áirithe daoine.

Glanadh an Scláta

Ach, fiú dá ndéanfaí a leithéid, agus níl dabht ann ach gur chóir go ndéanfaí, ní dóigh lena lán, go nglanfadh sin an scláta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid eile i gceist freisin sios tríd na blianta, ag daoine a mbeifeá ag súil le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais chéanna sin. Bhí mé ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, agus tháinig seisean leis an socrú sin freisin, ach chuaigh sé píosa níos fuide ná sin leis an scéal, nó ba é a dhearcadh siúd nó gur chóir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain ár dTiarna, 2010, a fhógairt mar Bhliain Aithrí, le deimhin a dhéanamh de, nach ndéanfaí dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thréimhse úd an mhí-iompair agus na mí-úsáide do-thuigthe, do-chosanta sin. B’fhéidir gur leag mo sheanchara Séimí a mhéar ar an gcnaipe ceart an babhta seo.

Céard a cheapanns tú fhéin faoi?

en_USEnglish