by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Caitríona, a chara,
Níl mé cinnte ar chuir mé an píosa seo chugat cheana, ach seo chugat arís é, ar eagla na heagla!!! Le gach deaghuí, Peadar Bairéad
.
The Shack
Bí ag caint ar leabhar neamhghnách! Ní neamhghnách go dtí é. Ach le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir dom tagairt a dhéanamh i dtosach don údar, do Wm. Paul Young. Ceanadach fir is ea é, a tógadh i measc daoine ó threabh chlochaoiseach, sa Nuaghuine, mar a raibh a thuistí ag obair mar mhisinéirí. Is é, Mackenzie Allen Phillips, príomhcharactar an scéil, agus tá “Mack,” faoi mar a thugann roinnt dá chairde air, tá sé pósta le Nan, agus cúigear clainne orthu.
D’éirigh go maith leo thar na blianta, agus ansin, agus Mack i lár a chaogaidí, thit crann na tubaiste anuas orthu, nó tharla gur fuadaíodh an iníon ab óige, Melissa. Ar ball áfach, tuigeadh óna bhfuarthas i Seantán, i bhfásach iargúlta in Oregon, go raibh chuile sheans gur deineadh í a mharú go brúidiúil ansin. Thit scamall dubhach ar Mhack, agus tháinig athrú ollmhór air mar dhuine.
Ar ball, tharla go bhfuair sé nóta ó Dhia, faoi mar a tuigeadh dó fhéin, ag tabhairt cuiridh dhó, cuairt dheireadh seachtaine a thabhairt ar an Seantán úd in Oregon, agus i ndeireadh na dála, as go brách leis go dtí an bothán úd.
An raibh Dia na Glóire fhéin ag fanacht air sa tseanSeantán úd? Bhuel, tuigeadh do Mhack go raibh, agus i rith an deireadh seachtaine sin, chuir sé aithne ar thrí phearsa na Tríonóide, bíodh go mba neamhghnách na pearsain iad. Ba ghearr ansin é nuair a chuala sé guthanna. B’fhéidir go raibh Dia tagtha ar chuairt! Agus é ar tí cnag a bhualadh ar an ndoras, d’oscail an doras as a stuaim fhéin, agus ansin, os a chomhair amach, sheas bean mhór ghealgháireach Afra-Mheiriceánach. D’fhear sí Fáilte Uí Cheallaigh roimhe, agus rug barróg air. Ansin, nocht bean eile, a raibh cuma na hÁise uirthi, agus ceol draíochta na nAingeal ina guth. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig pearsa eile ar an bhfód, é gléasta mar fhear oibre, agus cuma air gur ón Meán Oirthear dó.
Tuigeadh do Mhack, go mb’fhéidir go raibh sé i láthair Dhia mhór na Glóire, agus chuir an cheist…
“Which one of you is God?
‘I am,’ said all three in unison.”
Bhail, b’in iad trí phearsa na Tríonóide, faoi mar a foilsíodh do Mhack iad. Chaith sé an deireadh seachtaine sin ina gcomhluadar, agus baineadh de an t-ualach bróin a bhí anuas ar a ghuaille, ó fuadaíodh a iníon. Ar a bhealach abhaile, tharla timpiste dhó, agus fágadh gan aithne gan urlabhra é, go ceann i bhfad. An raibh aon tionchar ag an timpiste sin ar a theacht i láthair na Tríonóide? Bhail, le fios fátha an scéal sin a fháil, caithfidh tú an leabhar sin a fháil, is a léamh. B’fhéidir go mbeadh sé deacair chuile fhocal sa scéal seo a cheidiúint, ach ag an am gcéanna, coraíonn soineantacht agus saontacht chur chuige an údair sa scéal seo croí an léitheora. Súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe, fiú, as.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I m B é a l a n P h o b a i l .
****************************
.
The Storyteller’s Daughter…….Return to a Lost Homeland.
by……………………………………………………………………………………… (céadchló…2003.)
.
Saira Shah………………………………………………………………………..£16.99.
****************************
Land of Dreams .
Seo leabhar a tháinig im threo, le déanaí, agus ó tharla go bhfuil an scéal seo dírithe ar an Afganastáin, chuir mé suim ann ó thús. Mar a fheiceann tú thuas, Afganastánach mná a scríobh, cé nach léir, an t-am ar fad, tríd an leabhar, go n-aontódh an t-údar leis an ráiteas céanna sin. Conas a tharla sin, adéarfadh duine, b’fhéidir? Bhuel, bíodh gur i gKent Shasana, a rugadh Saira Shah, ba de bhunadh na hAfganastáine a muintir, agus níorbh é sin amháin é, ach tharla go raibh an mhuintir chéanna sin fíor-bhródúil as a dtír, agus as a gcine. Dá bharr sin, d’fhéach a muintir chuige, go raibh scéal agus seanchas a dtíre tugtha go fial agus go flaithiúil dá gclann. Tugadh le fios dóibh, nár den chosmhuintir iad a sinsear, ach gur den uasaicme iad, cine a d’fhéadfadh a líne ghinealaigh a leanúint siar, trí áirsí na staire, go laethe an fháidh Mathamad fhéin. Sea, agus bhíodh tailte méithe, os cionn chathair Kabul fhéin, mar oidhreacht ag an gclann chéanna sin, rud a d’fhág go mba dhaoine le cumhacht iad, ina dtír dhúchais fhéin, tráth. Ach d’imigh sin is tháinig seo, agus i laethe óige an údair seo, bhí an sealúchas sin uilig caillte ag muintir Shah. Mínitear sin go léir dúinn sa scéal seo, ach nár chóir dom m’aire a dhíriú ar an scéal fhéin? Féach mar a chuireann Saira Shah tús lena scéal…
“I am three years old. I am sitting on my father’s knee. He is telling me of a magical place: the fairytale landscape you enter in dreams………..
On three sides of the plateau majestic mountains tower, capped with snow. The fourth side overlooks a sunny valley where, gleaming far below, sprawls a city of villas and minarets. And here is the best part of the story: it is true.”
Nó b’in mar a raibh sealúchas a muintire suite, go hard os cionn chathair, Kabul, príomhchathair na hAfganastáine. Thar bhlianta a hóige, chuir an t-athair feoil ar chnámha an scéil chéanna sin, go dtí sa deireadh, go raibh oidhreacht agus meon a muintire slogtha go cíocrach ag Saira Shah.
Homing Instinct .
Bhí go maith! ach tháinig an lá, nuair a theastaigh ón mbean óg seo, a fháil amach, cé acu fíor bréagach na scéalta uilig sin a chuala sí óna hathair, agus scéalta freisin, a bhí de dhlúth agus d’inneach i gcroí a beithe fhéin. Ní raibh ach slí amháin le sin a dhéanamh, agus b’in trí chuairt a thabhairt ar an dtír iontach, draíochta, sí, sin, agus b’in é díreach a chuir an bhean óg seo roimpi a dhéanamh, nó tuigeadh di, óna hóige i leith, go raibh beirt i seilbh a croí istigh, ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar a hanam, agus bhí an bheirt chéanna sin in adharca a chéile, ó thús. Ar an gcéad dul síos, bhí an cailín óg, béasach, mánla, a rugadh agus a tógadh i gKent Shasana; agus ar an dtaobh eile, bhí an bhean, a raibh fuil laochra na hAfganastáine ag ropadh lei go fíochmhar, barbartha, trína cuisleanna. An bhféadfaí síocháin, nó réiteach, a dhéanamh idir an bheirt chéanna sin, go brách na breithe? B’fhéidir go bhféadfaí, ach i gcás dá leithéid seo, nach mbíonn an dá b’fhéidir ann? Ach fágfaidh mé an scéal sin fútsa fhéin.
Russian Invasion and Taliban Days .
Rugadh an t-údar sa bhliain 1965, agus nuair nach raibh sí ach cúig bliana déag d’aois, sa bhliain 1980, rinne na Rúisigh ionradh ar thír na hAfganastáine, agus sé bliana ina dhiaidh sin arís, nuair a bhí sí bliain is fiche, bhuail sí bóthar chun na tíre draíochta sin, le fáil amach, cé acu fíor bréagach na scéalta uilig a chuala sí óna muintir, le linn di bheith ag fás suas i Sasana. Sa tslí sin, fuair sí roinnt mhaith amach faoina cine, agus faoina tír. Ar ball arís, sa bhliain 2001, i dtús an aonú haois fichead, thug sí cuairt eile ar thír a sinsir, go bhfeicfeadh sí, arbh fhíor a raibh á clos acu san Iarthar, faoi bharbaracht agus faoi réimeas cruálach, leatromach an Taliban. Ní gá a rá, go mba dhainséarach go deo an misean céanna sin, ach d’éirigh lei é a chur i gcrích, agus ag an am gcéanna, d’éirigh lei ábhar a sholáthar don Chlár Faisnéise Teilifíse, “Beneath the Veil”, do Bhealach a Ceathair den BBC. Thuig an t-údar an baol a bhain le tionscadal dá leithéid, ach nach raibh fuil Afganastánach ag ropadh lei trína cuisleanna cróga? Féach mar a chuireann sí fhéin é……
We have just crossed the border illegally into Taliban-controlled Afghanistan. As a Westerner, if I am caught, I may be imprisoned and accused of espionage. If the Taliban discover my family history and decide I am an Afghan, then I share the same risks as the Afghan women who are helping me: torture, a bullet in the head, or simply disappearing in Pul i Charki, Kabul’s notorious political prison.
Sea, níorbh aon mheatachán í Saira Khan, geallaimse dhuit é!
Crisis of Identity !
Ach ar scaoil sí an fhadhb faoina tír, is faoina cine? Deacair a rá, ach breathnaigh uirthi, agus í ag fágáil na hAfganastáine ina diaidh……
At the ramshackle border post, the officer glanced at my passport, then looked at it again, and said: ‘But that is an Afghan name. Are you from Afghanistan?’ I told him that my father was from Paghman, and then to stop him from launching into the usual rapturous cascade of greetings, I added severely: ‘But I am from Britain. I am from the West’.
Ar bhris an dúchas trí shúile an chait, nó ar threise an oiliúint ná an dúchas, sa chás áirithe seo? Bhuel, caithfidh tú an leabhar spéisiúil, corraitheach, mealltach, seo a léamh duit fhéin, le freagra na gceisteanna sin a fháil, ach geallaimse dhuit é, gur fiú an tairbhe an trioblóid, sa chás áirithe seo.
Sárleabhar, ó pheann líofa an Afganastánach, ildánach, mná seo, a chuirfidh an léitheoir faoi gheasa, atá anseo againn. Bainfidh tú taitneamh as.
.
**************
Peadar Bairéad.
**************
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Feadaire
TheWhistler……..….... le…………. John Grisham
Ceadchlo……………….2016……………….. €17.99
.
(This week we review another book by that master storyteller, John Grisham)
Grisham arís!
Seo Grisham chugainn le húrscéal eile, tar éis dó brosna úrscéalta a chur de cheana féin, agus geallaimse dhuit é nach den díogha é an ceann nua seo, ach oiread. Tar éis dúinn an t-úrscéal, ‘Rogue Lawyer’, a scaoil sé chugainn bliain ó shoin, a léamh, tuigeadh do roinnt mhaith daoine go raibh an tseandraíocht á chailliúint aige, ach tar éis dúinn an scéal nua seo, The Whistler, a léamh, cuireadh ina luí orainn nach bhfuil tada den tseandraíocht caillte aige, ach i ndáiríre, gur i bhfeabas atá a scileanna ag dul, nó is leabhar é seo, ‘The Whistler’, a chuireann an léitheoir faoi gheasa, ó thús deireadh. Tá cumas scéalaíochta ag Grisham ar dheachair é a shárú. Nach maith is cuimhin linn fós draíocht na scéalta a chuir sé ar fáil dúinn cheana, leabhair ar nós, The Runaway Jury, The Last Juror, The Litagators, Syamore Row, agus tuilleadh dá leithéid, leabhair nárbh éasca iad a leagan uainn, Bhail! sílim fhéin, go sciobann an t-úrscéal áirithe seo an chraobh uathu uilig, ar a scéalaíocht, ar a scleondar, ar a chorraítheacht.
An Scéal fhéin
Ach, le filleadh ar an scéal fhéin…..
Mar is gnách le Grisham, suíonn sé a scéal ar laigí a fheictear dó a bheith i gcóras dlí na Stát Aontaithe, agus tá mé cinnte, go bhfuil gar ar leith á dhéanamh aige don chóras céanna sin, trína thaighde, agus trína staidéar, ar na cúrsaí céanna sin. Sa scéal seo, dírionn sé tóirse a thaighde ar iompar breithiúnach na mbreithiúna i Stát ollmhór ‘Florida’. Agus le haird faoi leith a dhíriú ar an iompar céanna sin, tá Bord faoi leith acu, an Bord um Iompar Breithiúnach, nó, ‘The Board on Judicial Conduct’ faoi mar a thugtar air i mBéarla. Is baill den Bhord sin iad, Lacy Stoltz, agus Hugo Hatch, agus ní ró-fhada isteach sa scéal thú, nuair a chuirtear in iúl do na hoifigigh sin, go raibh gearán á dhéanamh ag saoránach áirithe, ag Greg Myers, -iarchoirpeach- i gcoinne Bhreithimh áirithe sa Stát sin, Florida. Anois, níorbh é Greg Myers fhéin, a bhí ag déanamh an ghearáin seo, nó mhínigh sé don bheirt oifigeach sin, go raibh sé ag feidhmiú thar cheann duine eile, duine nár ainmnigh sé, ach ar ‘whistle blower’ a raibh lánmuinín aige as, agus bhí sé sásta doiciméad a shíniú, ag dearbhú, go raibh an Breitheamh áirithe seo, an Breitheamh Claudia McDover, ag obair i gcomhar le drongaire aithnidiúil, Vonn Dubose, agus trí hIonad Cearrbhachais a bhunú ar Chaomhnú Indiach, bhí ag éirí leo beirt, ualach asail d’airgead a chur in áirithe dóibh fhéin, maraon le glac maith airgid a chur ar fáil don Treabh, -an ‘ Tappacola’–, ar leo an ‘Caomhnú’ sin.
Ag fiosrú an scéil
Ní gá a rá, gur aontaigh an bheirt oifigeach sin an scéal a fhiosrú agus gheall siad go dtógfaidís cúis i gcoinne an Bhreithimh, dá mbeidís sásta go raibh substaint sa ghearán sin. Chuaigh an bheirt i gcionn oibre láithreach, agus thosaigh siad ag fiosrú an scéil agus ag pointe áirithe, tugadh cuireadh dóibh casadh le duine áirithe ag cúl an Chaomhnaithe, le faisnéis áirithe a chlos. Ghlacadar leis an gcuireadh sin, agus ar ball, fuair siad amach go mba ghaiste a bhí sa gcuireadh céanna sin, agus ba é toradh a bhí air nó nach raibh éinne ansin leis an scéal a phlé leo. Nuair a bhíodar ar a mbealach amach as an ngaiste sin, deineadh iad a ionsaí agus maraíodh Hugo san ionsaí sin, agus gortaíodh Lacy go dona. Tuigeadh dóibh láithreach go raibh idir bhreitheamh agus drongaire lom dáiríre ina gcath i gcoinne fórsaí an BJC (The Board of Judicial Conduct).
Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar Lacy, agus ba ghearr go raibh sí ar a sainléim arís, agus í fhéin agus oifigeach nua, go géar sa tóir ar an mbreitheamh Claudia agus ar Vonn Dubose, a bhí ina cheannaire ar an mbuíon bithiúnach, agus diaidh ar ndiaidh freisin, d’éirigh leo fianaise a bhailiú, go dtí sa deireadh…….
Bhuel, b’fhéidir gur leor sin uaimse an babhta seo, nó níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ortsa. Ar éirigh leo an buíon bithiúnach úd, agus Claudia, a shacadh isteach i bpríosún, nó ar éirigh leosan éaló as gaiste an BJC.
Bhuel! le fios fátha gach scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar seo, le John Grisham, a fháil is a léamh! Tá mé cinnte nach mbeid a chathú ort má dhéanann……….
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
‘Thin Air’..……by..……Michelle Paver
( Scéal é seo faoi bhuíon shléibhteoir a thug faoi bharr shliabh Kangchunjunga a bhaint amach, sa bhliain 1935, ach buíon a raibh fórsaí an tsaoil mhóir ina gcoinne.)
Peadar Bairéad
Taibhseoireacht?
Tosaíonn an scéal seo i ‘Darjeeling’, i ‘West Bengal’, in Aibreán na bliana 1935, áit a bhfuil ár bpríomhcharactar agus ár scéalaí, An Dr. Steven Pearce, i gcomhrá le, Millicent, iníon Charles Tennant, sléibhteoir.
Ach i dtosach báire, cérbh í an t-údar, an Michelle Paver seo? Bhuel! fuair mé amach, go mba údar cáiliúil í a rugadh i Malawi, sa bhliain 1960. Ba Bheilgeach mná í a máthair, agus bhí a hathair i mbun an nuachtáin, ‘The Nyasaland Times’. Níor fhan sí i Malawi áfach, nó thug siad Sasana orthu fhéin nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Chuaigh sí le Dlí, i dtosach baire, ach ar ball, chuaigh sí le Scríobhnóireacht, agus ba ghearr go raibh a hainm in airde mar údar cáiliúil. Ba dhraoi í i mbun scéalta don Aos Óg, ach ba ghearr gur éirigh lei dul i gcionn ar léitheoirí oilte, seanchleachta, an tsaoil mhóir freisin, agus anois, tá clú agus cáil bainte amach aici, i bhfad agus i ngearr, lena scil, go háirithe, i genre na Taibhseoireachta.
Buíon le Kangchenjunga a dhreapadh.
Ach le filleadh ar thús an scéil seo atá idir chamáin agam:- an ‘Thin Air’ seo… Mar adúirt mé thuas, bhí an Dochtúir Steven Pearce i Darjeeling, áit a raibh socruithe aige buaileadh suas le sléibhteoirí eile, agus é de chuspóir acu Kangchenjunga a dhreapadh. Sin an tríú sliabh is airde ar domhan, agus lena chois sin, táid ann a cheapann, gurb é an ceann is deacra agus is contúirtí amuigh é. Níorbh iad an chéad bhuíon iad a thug faoi bharr an tsléibhe sin a bhaint amach, nó nár lean siad lorg an bhuíon sléibhteoirí úd a thug faoin éacht sin a dhéanamh, sa bhliain 1907, faoi cheannas Charles Lyell, buíon ar theip orthu binn Kangchenjunga a bhaint amach, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, cailleadar cúigear sléibhteoir sa iarracht sin. Suas go dtí an pointe sin, sa bhliain 1935, níor éirigh le dream ar bith sléibhteoirí barr an tslélibhe sin a bhaint amach. Bhí deartháir an Dochtúra Pearce sa bhuíon roghnaithe seo, agus Kits a bhí air. McLeellan, a bhí i gceannas na buíne, agus in éineacht leo sin, bhí beirt eile, Cotterell agus Garrard. Cúigear ar fad a bhí sa bhuíon.
Leis an ‘Heavy Lifting’ a dhéanamh.
Ní gá dhom a rá, go raibh buíon ‘Cúlaithe’ (Coolies) mar chúltaca ag an mbuíon ‘Sahib’ sin, le freastal orthu agus leis an ‘heavy lifting’ a dhéanamh dóibh.
Tar éis chuile ullmhúchán a dhéanamh, agus tar éis dóibh iad fhéin a ghléasadh mar ba chóir, bhuaileadar bóthar, bhuel! b’fhéidir gur chóra a rá gur thug siad aghaidh ar Kangchenjunga, agus é d’aidhm acu a mhullach a bhaint amach, rud a theip ar Charles Lyell a dhéanamh, ocht mbliana is fiche roimhe sin. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht na scéalta fadó. Le cabhair ó na dúchasaigh sciliúla, bhí ag éirí go maith leo, ar feadh tréimhse, ach diaidh ar ndiaidh, bhí fórsaí eile, seachas an aimsir, ag iarraidh laincís a chur ar an n-iarrachtaí. Cuir leis na fórsaí sin, bhí ag neadú in intinn an Dochtúra Pearce, ach go hairithe, agus in aigne na ndúchasach freisin, bhí fórsa, a thug le tuiscint dóibh, go raibh taibhsí bhuíon Lyell in éad leo, agus iad ag iarraidh, b’fhéidir, buairín an amhrais a cheangal dá gcosa. Tá cuma ar an scéal gur luigh na fórsaí seo, go háirithe, ar aigne an Dochtúra Pearce, nó b’fhéidir go bhfeictear sin dúinn, toisc gurbh é an Dochtúir atá i mbun an scéil. Ach, ba é deireadh na mbeart é, nó gur cailleadh Kits, a dheartháir, agus gur éirigh an bhuíon ar fad as a dturas chun na binne. B’éigean dóibh géilleadh do na fórsaí a bhí ina gcoinne, an aimsir, an sioc, an sneachta, caoile an aeir, (an ‘Thin Air’) ach, thar aon rud eile, a bhfaitíos roimh chumhacht an tsaoil dofheicthe.
Scéal atá inchreidte, Ach…..
Scéal é seo a imríonn a dhraoícht fhéin ar an léitheoir, agus mo chuidse de, ba dheacair dom an leabhar seo a chur uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha agam. Ach, i ndeireadh na dála, nár dheacair a chreidiúint, nach raibh ann, i ndáiríre, ach cumadóireacht!
B’fhéidir gur mhaith leat fhéin tabhairt faoi? Tá mé ag ceapadh nach mbeidh a chathú ort.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Hi! Natasha,
Here is the revised version of my New Year’s piece. It is now suitable for publication in the next edition of the Kilkenny People (18th January 2006)……..
Sincerely
Peter.
.
cumhach, nostalgic; umar, trough; Ave atque Vale, hail and farewell; ag síothlú, dying; sciolladóireacht, scolding,; caismirtí, conflicts; faoi anáil Dé, by Divine inspiration; Réalta Eolais, guiding star; Tír Tairngire, the Promised Land
.
Na Cloig Bhuile Arís !
Peadar Bairéad
Annual Lament
.
Tá tráth na gclog buile úd tagtha agus imithe uainn arís.
Cad iad na cloig atá i gceist agam anseo, an ea?
Na cloig a bhuailtear le bás bliana amháin a chaoineadh, agus le breith bliana úire a chomóradh, agus ní gá dhom a chur i gcuimhne dom léitheoirí go mbainimse úsáid, bliain i ndiaidh bliana, as línte oiriúnacha as an gcaoineadh breá cumhach, úd, a chum Alfred Lord Tennyson, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, le bás bliana a chaoineadh, mar sa dán sin, tharla go bhfuil ceathrúna breátha, ag fágáil slán leis na mbliain a bhí ag sleamhnú isteach in umar na staire, agus ag an am gcéanna, ag failtiú roimh an bhliain úr, agus roimh an saol sona séimh a chuirfeadh an bhliain úr chéanna sin ar fáil don chine daonna. Agus ó tharla go mbeadh sé deacair véarsaí an dain chéanna sin a shárú le “Ave atque Vale” a chur in iúl, ar an ócáid chumhach seo, shocraigh mé, mar sin, ar úsáid a bhaint as na véarsaí céanna sin, uair amháin eile, leis na ngnó sin a dhéanamh dom.
Atmosphere
Mar sin, breathnaigh mar a chruthaíonn Tennyson atmosféar oiriúnach don ócáid, le bualadh na gclog buile céanna sin……..
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sea, clingigí libh a chloig chaointe, nó tá an bliain ag síothlú i lár na hoíche seo, clingigí libh, agus lig di bás d’fháil. Sin í an teachtaireacht a sheolann an file chugainn, síos thar áirsí na mblianta.
B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa fós í, an bhliain sin a d’imigh uainn, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an bhliain úr a bheith i bhfad níos fearr fós. Níl dabht ar domhan, ach gur tharla roinnt mhaith rudaí i rith na bliana sin 2005, arbh fhearr an saol dá n-uireasa, rudai ar nós an chrith talún úd a tharla i gcríocha na na Caismíre Pacastánaí. Sea, agus níorbh fhearrde an saol cuairt na Spéirlinge úd, Catrina, ar dhúiche New Orleans, ach oiread, nó buamáil Londain. Ní gá dhom tagairt a dhéanamh do na tuilte, don ngorta, do na creathanna talún, do na chogaí, do na hionsaithe gnéis, do na drugaí, don mhugáil, don bhforéigean, ná do na hoilc eile uilig, a chráigh an cine daonna i rith na bliana atá anois seolta isteach i muileann an ama, bliain sin ár dTiarna, dhá mhíle is a cúig.
The Tailor’s farewell !
Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin síothlaithe anois, is féidir linn sciolladóireacht a dhéanamh uirthi, agus ná cuireadh nath úd na Rómhánach “De Mortuis Nil Nisi Bonum”, ná cuireadh sin bac ar bith orainn ár rogha rud a rá fúithi, sea, agus is féidir linn beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur lei.
Ring out the want, the care, the sin,
The faithless coldness of the times;
Ring out, ring out my mournful rhymes,
But ring the fuller minstrel in.
Bíodh sin mar atá, ach is dócha go bhfuil a liosta fhéin ag chuile dhuine againn de na buanna, agus de na buntáistí, a bhaineamar fhéin as an mbliain atá anois imithe uainn, nó nach mbíonn dhá thaobh ar chuile scéal. Nach féidir linn uilig smaoineamh ar na caismirtí a socraíodh, ar na fadhbanna a scaoileadh, ar an ocras a sásaíodh, ar an tart a múchadh, ar an bhfaoiseamh a tugadh, agus ar na coireanna a maitheadh le linn 2005.
The Thousand Years Of Peace
Ach sin uilig ráite, nach bhfuil chuile dhuine againn ag guí Dé, go mbeidh an bhliain ur seo 2006, i bhfad Éireann níos fearr fós dúinn, ná an fear atá ag éalithe uainn.
Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.
Sea, nach bhfuil chuile dhaonnaí, geall leis, ar thóir na síochána? Agus nach cuimhin linn uilig fís álainn, chorraitheach, Ísáia fáidh, agus nárbh é a chan go fileata faoi laethe úd na síochána a bhí le teacht. Caithfidh gur mhair sé fhéin i ré a bhí corraithe go leor, ach faoi anáil Dé, d’éirigh leis féidireacht eile a leagan os ár gcomhair, mar chine, ré nuair a chuirfí deireadh go deo le troid, agus le cogaiocht; le hár agus le heasaontas; sea agus le trioblóid agus le foréigean. Ní bheadh cogaí, nó fiú a ráflaí ann a thuilleadh, dhéanfaí dearmad de scileanna cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine feasta…
“And they shall beat their swords into plowshares,
And their spears into billhooks,
Races shall not raise the sword against each other hereafter,
Ná ní chleadhtóidís cogadh arís go brách .”
Isn’t that vision beautiful, shining down upon us through the darkness of the night of human history? That is the desire of the human heart, and at this time of year, we pray again the ancient prayer, that prayer of the Angels...
“Glory to God in the highest, and on earth peace to those on whom his favor rests.”
Utopia not here yet
Ach níl an ré sin buailte linn fós. Níl deireadh fós le cogaí, nó le ráflaí cogaidh, nó níl an ruaig curtha againn ar an ngorta, nó ar na plánna uilig a chéasann, agus a chránn an cine s’againne, ach má sea fhéin, tá an Réalta Eolais úd ar an spéir, le sinn a threorú, agus a bhrostú, i dtreo Fhís Ísiáia fáidh. Sin an ród atá rómhainn, sin an bóthar atá le bualadh againn sa bhliain seo 2006, agus nach é sin an bóthar a thabharfaidh go Tír Táirngire sinn?
Agus muid anois ag seoladh linn isteach sa bhliain úr sin, níl le déanamh agamsa ach athbhliain faoi bhláth, is faoi mhaise, a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht.
Ring our the old, ring in the new,
Ring happy bells across the snow,
The year is going, let him go;
Ring out the false, ring in the true.
Many happy returns!
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.