by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Garraí dearmadta
Peadar Bairéad
The Lost Garden……………………Céadchló…………..2014
by
Kate Kerrigan……………………………………………..€16.99
– “Can love bloom twice in one lifetime?” –
.
(This week we take a look at Kate Kerrigan’s latest book)
Ardmholadh
Féach mar a scríobh Marian Keyes faoin leabhar seo…
“I devoured this book in one sitting – I LOVED IT!”
Ní beag nó suarach an moladh sin ó dhuine dár n-údair cháiliúla. Ach i dtaobh an scéil, is dócha go bhféadfá a rá gur ghlac an t-údar le dóiteán tubaisteach Kirkintilloch mar chúlra, agus mar spreagadh, don úrscéal corraitheach, beoga, inchreidthe, seo. Tharla an tubaiste uafásach sin ar oíche an chúigiú lá déag de Mheán Fómhair na bliana 1937, nuair a tharla go raibh “Tattie Hokers” ó Acaill ag obair sa dúiche sin, ag piocadh prátaí d’fheirmeoirí Albanacha. Chodlaídís i ‘mBothy’ san oíche. Cineál stábla a bhí sa ‘mBothy’ céanna sin, a raibh doras mór air, doras a dhéantaí a bholtáil ón dtaobh amuigh. Thosaigh an tine sa ‘mBothy’ i rith na hoíche, agus ní rabhthas in ann an doras mór a oscailt ón dtaobh istigh, agus cailleadh deichniúr sa dóiteán sin. Bhí an dochar déanta nuair a tugadh an tine faoi deara. Saol eile ar fad a bhí sa treis an tráth úd, agus smaoinigh go dtéadh thart ar 4,000 duine ó Chontae Mhaigh Eo ag “Tattie hokáil” nó ag piocadh prátaí, d’fheirmeoirí thall, chuile bhliain.
Ag brath ar an Imirce
Ach le filleadh ar an úrscéal corraitheach seo…
Suíonn an t-údar a scéal ar “Illaunmore”, áit a gcónaíonn muintir Uí Dhochartaigh, an t-athair, Paddy, ar gheafar ar an ‘squad’ é, agus a bhean, Anne, agus a gcúram, Paddy junior, Martin, agus Aileen. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag an gclann seo, agus thagaidís i dtír trí thréimhse, chuile bhliain, a chaitheamh mar ‘Tattie Hokers’ i ngoirt phrátaí in Albain. An bhliain áirithe seo, shocraigh an t-athair ar Aileen a thabhairt leo go hAlbain, le deis a thabhairet di bheith ina ‘Tattie Hoker’ in éineacht lena deartháireacha agus lena hathair. Bhí go maith. Ba ghearr gur casadh gasúr óg, as Aghabeg, Jimmy Walsh, uirthi, agus ní call dom a rá gur thit an péire i ngrá, go dtí na cluasa, lena chéile agus chaithidís bunús a gcuid saor–ama i bhfochair a chéile. D’éirigh go hiontach maith le h–Aileen thall, agus ba ghearr go raibh sí ag cabbhrú leis an ‘Fore Graipe’, Biddy, a bhí i gceannas lucht cócaireachta agus a leithéid.
Bothy trí thine
Lean cúrsaí mar sin go ceann tamaill, ach ansin, nuair a bhí chuile shórt ag gluaiseacht ar aghaidh go hálainn do Jimmy agus d’Aileen. Faoi mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, thit an tóin as na brionglóidí áille, draíochta, a bhí á gcumadh agus á maisiú ag an mbeirt ghasúr sin, nó chuaigh an ‘Bothy’ ina raibh na fir ina gcodhladh trí thine, agus ba é deireadh an scéil sin é nó gur cailleadh deichniúr de na ‘Tattie Hokers’ sin. Rinne Jimmy iarracht dul isteach sa ‘Bhothy’ lena chairde a shábháil, ach bhí sé ró-dhéanach, nó bhi an deichniúr sin caillte cheana féin, ach, ar an ndrochuair, gortaíodh Jimmy go dona agus ba bheag nár cailleadh é.
Leabhar le léamh
Tógadh na coirp abhaile, lena gcur in Éirinn, ach scaradh Jimmy agus Aileen óna chéile. D’fhan Jimmy thall, agus d’fhill Aileen ar Illaunmore, ach má d’fhill, bhí a croí agus a spiorad millte, briste, ag an dtubaiste úd sa mBothy thall. D’fhan sí lei fhéin feasta, agus thosaigh sí ar gharraí dearmadta an tí mhóir a dheisiú. Má theastaíonn uait a fháil amach ar tháinig na leannáin sin le chéile arís? Ar tháinig Jimmy chuige fhéin? nó ar éirigh le h-Aileen an fear maith a fháil ar a buairt agus ar a briseadh croí? Bhuel, má theastaíonn uait freagraí na gceisteanna sin a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar corraitheach, spéisiúil seo a fháil agus a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó is breá go deo an léamh é, agus níl fúmsa é a mhilleadh ort, trí rúin an leabhair bhreá seo a scaoileadh anseo! Sea, is leabhar le léamh é…..
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
The Man from Beijing
By
Henning Mankell
.
A Mankell Creation
Anuraidh a foilsíodh an leabhar seo, a chéaduair. Ní hé seo an chéad leabhar ó pheann líofa an údair Sualannaigh seo, Henning Mankell, nó tá sraith leabhar againn uaidh cheana féin, leabhair lorgaireachta, ina bhfeidhmíonn Kurt Wallander mar laoch iontu, isea a mbunús. Ach, mór eatarthu sin agus seo, nó sa leabhar seo, bíodh go bhfuil páirt ghairmiúil ag póilíní na háite ann, ní hiad, i ndáiríre, a scaoileann fadhbanna iomadula an scéil, ach breitheamh meánaosta ó Dheisceart na Sualainne.
Judge Birgitta
Ach b’fhéidir gur chóir dom an breitheamh céanna sin a chur in aithne dhaoibh, i dtosach. Birgitta Roslin a bhí uirthi, agus ba bhreitheamh í i gcóras dlí agus cirt na Sualainne. Bhí cónaí uirthi i Helsingborg, sa tír sin, agus tharla gur chuir sí suim, agus dhá shuim, i gcoir uafásch a tharla i mbaile beag iargúlta Hesjovallen, um mheán oíche, ar an 12ú Eanair na bliana 2006. I lár na hoíche sin, rinne an Síneach, Liu Xan, sléacht ar mhuintir an bhaile bhig tuaithe sin, nuair a mharaigh sé, gan trua gan taise, muintir an bhaile sin uilig, cé is moite de thriúr seanduine, a tháinig slán ón mbúistéireacht dothuigthe sin. Níor fágadh fiú fear, nó bean, inste scéil, taobh amuigh den triúr thuasluaite, i ndiaidh an áir a deineadh orthu le Liu Xan, agus níorbh é sin amháin é, nó maraíodh chuile ainmhí, idir chait agus mhadraí, freisin.
Speak of Horror !
Roinnt laethe ina dhiaidh sin, tharla go raibh Karsten Hoglin ag taisteal tríd an dúthaigh iargúlta sin, agus ó tharla go mba dhuine é a chuir an-spéis i ngrianghrafanna, tuigeadh dó, go bhfeilfeadh sé dá ghnó, pictiúr nó dhó a thógáil de thithe an bhaile chéanna sin, Hesjovallen. Agus é i mbun an ghnó sin, tháinig sé ar radharc a bhain dá chosa é, beagnach, nó ba ghearr gur tuigeadh dó, go raibh muintir an bhaile sin uilig, chomh fada is a chonaic seisean é, sínte i gcosair cró, tar éis do dhuine éigin búistéireacht a dhéanamh orthu.
Amach leis as an mbaile sin le luas lasrach, agus tharla píosa ar shiúl ó Hesjovallen é, nuair a chuaigh a charr ó smacht, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tharla imbhualadh idir a charr agus feithicil eile a bhí ag teacht ina threo, ag an am. Ach sula bhfuair sé bás de thaom croí, d’éirigh leis cupla focal a rá, agus bhí, Hesjovallen, ar cheann de na focail sin.
Who did it?
Bhí go maith. Ba ghearr go raibh na póilíní i mbun oibre sa bhaile iargúlta sin, agus ba ghearr freisin, go ndeachaigh sé i gcionn orthu, nach mbeadh sé éasca in an chor, bonn an dúnmharfóra seo a chur. Ach, má sea fhéin, tuigeadh dóibh, go raibh an cás scaoilte acu nuair a d’admhaigh fear buile eicínt, go mba eisean a rinne an sléacht uilig ar áitreoirí an bhaile sin, Hesjovallen, Ba ghearr freisin gur chuir an Breitheamh Birgitta Roslin spéis sa scéal, nó ba ghaolta dá cuid fhéin iad, cuid de na daoine a maraíodh. Fuair sí Dialann i measc na marbh, dialann a scríobh Jan Andren, gaol dá cuid fhéin, a chuaigh ar imirce go Meiriceá, tarraingt ar chéad go leith bliain roimhe sin, agus a chaith blianta fada i mbun oibre ag tógáil bhóithre iarainn tras-mhór-Roinneacha, sa tír ollmhór sin. Ba leor sin leis an mBreitheamh Birgitta a chur i mbun oibre, agus í ag iarraidh teacht ar fhuascailt na faidhbe ollmhóire a d’fhág ‘fadhb Hesjovallen’ le scaoileadh ag póilíní na Sualainne.
The Man from Beijing
Tá scéal eile le léamh againn sa leabhar seo, faoi thriúr Síneach, a gabhadh, agus a seoladh, ina sclábhaithe, geall leis, go Meiriceá, thart ar an am gcéanna sin, agus níl léamh ná insint scéil ar an gcruatan, nó ar an anró, a d’fhulaing na créatúir sin agus iad i mbun an ghnó sin. Tháinig deartháir amháin acu sin slán, agus chuaigh ar ais chun na Síne, agus a chuntas, nó a Dhialainn fhéin, aigesean, faoin éagóir a rinne saoiste Sualannach orthu, le linn dóibh bheith faoina smacht thall. Ní call a rá, gur theastaigh díoltas ón Síneach cráite céanna sin. Bhuel, ar na táirní sin, éiríonn leis an údar ildánach Sualannach seo úrscéal ar dóigh a chrochadh. Tá mé ag ceapadh, go mbainfeá taitneamh agus toit as an úrscéal neamhghnách seo, nó le linn don údar bheith ag tabhairt an léitheoir leis ar thurasanna iomadúla ar fud an domhain mhóir, tugann sé léargus leathan-intinneach dúinn faoi pholaitíocht agus faoi shocheolaíocht domhanda an lae inniu.
An-scéal, an-láimhseáil. An-aistriúchán le Laurie Thompson.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
The Moment
le
Douglas Kennedy
.
Peadar Bairéad
Seo an deichiú húrscéal ó pheann líofa an údair cháiliúil Mheiriceánaigh seo de bhunadh Mhanhattan, agus údar a chaitheann a laethe, ag babhtail idir Londain, Páras, Berlín, agus Maine na Stát Aontaithe. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach cheana féin aige, mar úrscéalaí, agus mar údar leabhair taistil. Tá a shaothar aistrithe go breis is scór teangacha iasachta, agus áirítear “The Pursuit of Happiness”, agus “Leaving the World” ar leabhair mhór-ráchairte an lae inniu.
Ach i dtaobh an leabhair shuimiúil, inchreidte, corraitheach, seo, is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Thomas Nesbitt a phríomhcharactar, cé go bhfuil áit faoi leith ag Petra Dussmann sa scéal freisin. Seo mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal iontach seo :-
“I was served with divorce papers this morning. I’ve had better starts to the day. And though I knew they were coming, the actual moment when they landed in my hand still threw me. Because their arrival announced: This is the beginning of the end.”
D’fhéadfainn smaoineamh ar thús níos measa! B’in deireadh lena phósadh le Jan, ach le fírinne, ní raibh a chroí riamh sa phósadh céanna sin, nó ina bhean Jan, ach oiread. Iníon amháin, Candace, a bhí orthu, agus ba ise grá geal a chroí. Ansin, tar éis dó seal a chaitheamh ina chónaí leis fhéin, i Maine sna Stáit Aontaithe, fuair sé litir, lá amháin a chuir cor eile ina chinniúint. Ó chathair Bherlín a tháinig an litir sin, agus ba é ainm an té a sheol chuige é nó, Dussmann, Petra Dussmann. Ba bheag nár bhain an litir sin radharc na súl de, nó, ba í an Dussmann chéanna a mheall agus a mhill é, i laethe a óige. Mar sin, bhain an litir sin an clár de umar na gcuimhní dó, agus scaoil amach, ar fud na bhfud, chuimhní iomadúla faoi laethe a óige, cuimhní a bhí curtha faoin bhfód aige le fada.
Litir ó Bherlín
Thóg an litir sin, a tháinig chuige ó Bherlín, siar siar thar dhroichead na mblianta é, siar go dtí an t-am nuair nach raibh laethe a óige caite ar fad aige fós, agus é tagtha go cathair Bherlín sa bhliain 1984, le bail eicínt a chur ar leabhar a bhí ar na bocáin aige, leabhar faoi Bherlín, chathair an Bhalla, cathair a bhí roinnte ina dhá chuid ag Balla an fhuatha, Balla a choinnigh an t-Iarthar agus an t-Oirthear scartha óna chéile. Bhí socraithe aige bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, agus dár ndóigh bhí leabhar amháin i gcló aige cheana, leabhar faoin Éigipt.
“Over the next half-hour I sketched out how I wanted to spend a year living in the city, and write a book that would be very much a fiction that happened….twelve months in that Westerrn island floating within the Eastern bloc.”
B’in an tionscnamh a bhí leagtha amach aige dó fhéin. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, chuir a dhán a ladar isteach ina scéal agus thit sé i ngrá le Petra Dussmann, bean a ruaigeadh as an nGearmáin Thoir, sea, agus bí ag caint ar ghrá! Bhí an bheirt acu sáite go dtí na cluasa in abhainn an ghrá, ach nach annamh a bhíonn an grá céanna saor ó bhuairt, is ó chrá croí, agus ba é an dalá chéanna sin ag an bpéire seo é. Nuair a tharla idir dháil agus pósadh iad, scaoileadh rún Phetra le Thomas, agus bhí an rún céanna sin chomh fealltach, do-chreidte, gur chuir Thomas an ruaig ar Phetra, agus b’in deireadh leis an gceangal ceana a bhí idir an mbeirt seo, a raibh socruithe pósta fiú, déanta acu cheana féin.
D’imigh na blianta, agus anois, tar éis breis is scór de bhlianta a bheith caite acu scartha go hiomlán óna chéile, agus Thomas ar ais sna Stáit, é pósta le Jan, agus iníon amháin orthu, agus iadsan colscartha óna chéile freisin, faoi mar a chonaic muid i dtus an ailt seo. tagann an litir seo tríd an bpost, chuig Thomas, ó mhac Phetra Dussman, litir ina raibh dialann Phetra, dialann a d’fhág sí mar uacht ag Thomas….Céard a bhí le léamh aige sa dialann sin, an ea? Bhuel, caithfidh tú é sin a fháil amach dhuit fhéin tríd an leabhar iontach lán-teannais, seo a léamh.
Leabhar neamhghnách, corraitheach, inchreidte. Tiocfaidh sé idir thú fhéin is codladh na hoíche!

Litir faoi Shéala
Peadar Bairéad
.
The Sealed Letter…………..……………………………
by…………………………………………………………….
Emma Donoghue………………………………………..
.
Ní gá dhom an t-údar seo a chur in aithne dhaoibh, nó nach bhfuil a fhios go maith ag chuile dhuine againn gurbh í a scríobh an sár-leabhar úd, “Room”, tamall ó shoin, leabhar é a chuaigh i gcionn go mór ar léitheoirí an tsaoil mhóir, agus dá chomhartha sin, tá sé aistrithe cheana féin go dhá scór teanga eile, agus tá go leor duaiseanna gnóite aige, ó cuireadh i gcló é, sa bhliain 2010. Jack, a bhaist sí ar an bpríomhcharachtar sa leabhar sin, gasúr óg cúig bliana d’aois, gasúr nár leag spág taobh amuigh de bhallaí an tseomra úd, ó rugadh é, agus anois, tosaíonn sé ag cur ceistanna ar a Mham faoi chúrsaí an tsaoil mhóir taobh amuigh de bhallaí an tseomra. Trí shúile Jack a cuireadh an sár-scéal sin inár láthair. In Éirinn a rugadh an t-údar seo, sa bhliain 1969. Bhain sí Céim Dochtúireachta amach i Sasana, agus tá cónaí uirthi anois i gCeanada.
Carachtair inchreidte
Ach, ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, nó ní air a tharraing mé an scéal, ach ar an leabhar nua seo, The Sealed Letter, leis an údar céanna sin, Emma Donoghue. Tá cuid mhaith den leabhar seo bunaithe ar tharluithe stairiúla, ach ag an am gcéanna, cruthaíonn an t-údar seo carachtair shuimiúla, inchreidte, leis an scéal a chur inár láthair. Casann an scéal thart ar Helen Codrington agus ar a cara dhílis, Emily Faithful, nó Fido, mar a thugtar uirthi, bunús an ama, sa scéal seo. Bean a bhí sáite go dtí na cluasa i ngluaiseacht na mban i Sasana, ag an am, ba ea Fido. Phós Helen Harry Codrington, fear atá ina ‘Vice-Admiral’ ag tús an scéil seo. Ach, blianta roimhe sin, ba dhlúthchairde iad Fido agus Helen, cairde chomh dlúth sin gur chónaigh Fido le muintir Codrington, bunús an ama, nó dhealródh sé, nach raibh an lánúin phósta sin ró-cheanúil ar a chéile, agus freisin, dhealródh sé, go mba chóngaraí an gaol a bhí idir na mná sin ná mar a bhí idir Harry agus Helen.
Scannal
Tar éis do mhuintir Codrington seal a chaitheamh i Malta, d’fhill siad ar an mBreatain arís, agus faoin am sin, ba bheag cion, nó meas, a bhí ag ceachtar den bheirt pósta sin ar a chéile, agus nuair a cuireadh ar a shúile don ‘Vice-Admiral’, go raibh a bhean, Helen, ag fealladh air, agus go raibh leannán fir aice le blianta roimhe sin. Ní raibh leigheas ar an scéal sin, dár le Harry, ach colscaradh a lorg, agus dár ndóigh, ba scannalach, amach agus amuigh, an socrú é sin, i Sasana, sa mbliain 1866. Ní gá a rá gur éirigh le Helen Fido a tharraing isteach sa scraith ghlugar sóisialta sin, ach trí chleas na litreach séalaithe, d’éirigh le Harry cor in aghaidh an chaim a thabhairt di, rud a chuir d’iachall ar Fido, iompó ar a seanchara dhílis Helen, rud a chinntigh gur tugadh cead colscartha don ‘Vice-Admiral’, ach, ní gá a rá gur ghreamaigh cuid eicínt den láib díobh uilig, nó ba nós é an colscaradh nach raibh faiseanta i measc na ‘nuasal’, ag an am, ach bíodh nach raibh baint ró-mhór ag Fido leis an scéal, ba uirthi ba throime a luigh an milleán toisc nár sheas sí lena dlúthchara, agus chomh maith le sin, ba bhean í ar theastaigh uaithi stádas na mban sa sochaí a ardú, agus lena chois sin, ba bhean í, a bhí ag brath ar thacaíocht an phobail, le teacht i dtír mar ghnóthadóir mná, i ré úd na bhfear.
Más uait fios fátha chuile scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar corraitheach seo a fháil, is a léamh. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú toit agus taitneamh as.……………..
.
.