I  mBéal  an  Phobail Playing for Pizza

I mBéal an Phobail Playing for Pizza

I mBéal an Phobail

Playing for Pizza

by

John Grisham

Another Grisham Story

Leabhar eile ó pheann líofa an údair cháiliúil, Mheiriceánaigh, seo, is ea Playing for Pizza, ach caithfear a rá, láithreach bonn, gur chineál eile leabhair, amach is amuigh, isea an ceann seo. Is minic cheana a léigh sibh píosaí sa cholún seo, faoi leabhair eile le John Grisham, ach den chuid is mó, ba chúrsaí dlí a bhí mar chúlra, agus mar dhúshraith, ag na scéalta sin, agus ní gá a rá, go mba leabhair spéisiúla, tarraingteacha, lán- teannais, iad uilig. Nach cuimhin libh píosaí a léamh anseo faoi leabhair ar nós:-

The Firm, the Pelican Brief, The Runaway Jury,

The Summons, The Last Juror, agus The Broker.

Rinne sé cupla iarracht freisin, ar leabhair a ghaibhniú taobh amuigh den dlí, leabhair ar nós:-

A Painted House, Skipping Christmas, agus Bleachers.

Ach ba chumadóireacht a bhí sna leabhair sin, taobh amuigh den Painted House, b’fhéidir. Ní gá a rá, gur scríobh sé leabhar de chineál eile ar fad, anuraidh, leabhar a bhí bunaithe ar fad ar an bhfírinne. The Innocent Man, ata idir chamáin agam anseo, agus ba é mo bhreith ar an leabhar sin, nó ar bhealach eicínt, go mba iontaí ar fad an scéal é ná mar a bhí le fáil ina chuid leabhair ficsin.

A change of direction

Ach sa scéal seo, Playing for Pizza, fágann sé na cúirteanna agus an dlí ar leataobh arís, agus tugann sé faoi scéal a chumadh, taobh amuigh den ghort úd ab ansa leis. Cúrsaí Peile Meiriceánaí atá idir chamáin aige anseo. Tharla, agus é i mbun taighde do leabhar eile ar fad, go bhfuair sé amach, go raibh Peil Mheiriceánach á imirt san Eadáil, agus go raibh lear mór foirne bainteach leis an gcleachtas seo. Ar leibhéal amaitéireach a deintear an cluiche a eagrú ansin. Bhí de nós ag cuid de na foirne sin, Meiriceánach, nó dhó, a fhostú, le cúnamh a thabhairt dóibh fanacht i dteangmháil leis an gcluiche Meiriceánach. Cá bhfuair an t-údar an teideal dá leabhar? Bhuel, in ionad pá a íoc leis na himreoirí Eadáileacha, is amhlaidh a bhíonn féasta acu, go rialta, agus is é an Pizza an príomh earra ar an mbiachlár, do na féastaí céanna sin!

The Quarterback

Is é an príomhcharactar sa scéal seo nó Rick Dockery, ceathrúchúlaí, nó quarterback, mar a thugtar ar imreoir dá leithéid thall. Ba é Arnie a ghníomhaire, agus bíodh go raibh seal maith caite ag Rick, ag gabháil don chluiche sin thall, ag an am gcéanna, níor éirigh leis clú, nó cáil faoi leith, a bhaint amach dó fhéin mar imreoir. Tharla nach mbíodh an t-ádh ina chaipín, de ghnáth, agus ba é toradh a bhí ar sin, nó go mbíodh air bóthar a bhualadh minic go maith, ach faoi thús an scéil seo, bhí sé ag imirt mar cheathrúchúlaí do na Cleeveland Browns. Tharla go raibh an Fhoireann sin ag imirt sa chraobhchluiche. Bhí ag eirí thar barr leo, agus iad 17 pointe chun tosaigh, ach sa chuid deiridh den chluiche sin, d’éirigh le Rick Dockery páirt chinniúnach a ghlacadh san imirt, agus, mo bhrón! trína leibideacht, agus trí dhrochphasanna, d’éirigh leis bua gan choinne a bhronnadh ar a gcéilí imeartha. Ba é toradh a bhí ar an bpáirt a ghlac sé sa chluiche sin, nó gur deineadh staicín áiféise de os comhair an náisiúin, agus dá bharr sin, ní raibh foireann ó cheann ceann na Stát Aontaithe, a bheadh sásta baint nó páirt a bheith acu leis!

Football Americano!

Bhí a ghníomhaire, Arnie bocht, i gcruachás agus é ag iarraidh post a fháil dá cheathrúchúlaí, i bhfoireann ar bith de lucht imeartha Peile Meiriceánaí sna Stáit, agus ar deireadh thiar thall, ba é an post ab fhearr a d’fhéadfadh sé a fháil dó nó mar cheathrúchúlaí leis na Parma Panthers, foireann a d’imir Peil Mheiriceánach san Eadáil. Ní gá a rá nach saothródh sé an oiread céanna airgid san Eadáil agus a shaothríodh sé thall, ach nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! agus ba é an dála céanna ag Rick s’againne é.

Bhuail sé an bóthar chun na hEadáile, agus fáiltíodh roimhe sa tír sin, nó ba pheileadóir aithnidiúil é, a d’fhoghlaim a cheird mar cheathrúchúlaí i gcliabhán na Peile Meiriceánaí. Is léir go dtaitníonn cultúr agus sibhialtacht na tíre sin leis an údar, agus caitheann sé a dhúthracht ag cur síos dúinn ar chleachtais bia agus dí na nEadálach. Nach é a chuireann síos go blasta, cruinn, ar na féastaí a chaitheadar, agus an pléisiúr a bhaineadar as a mbéilí agus as a bhfíonta. Ar ball ansin, déanann an t-údar a dhícheall cur síos cruinn, soiléir, a thabhairt dúinn ar an gcluiche fhéin, ar Pheil Mheiriceánach.

Italian Super Bowl !

Caithfidh mé a admháil, nár éirigh leis dul i gcionn orm fhéin, lena chur síos mion, chúramach, ar Pheil Mheiriceánach, bunús an ama, ach ag an am gcéanna, caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh as a chur síos ar theannas, ar fhhisiciúlacht, ar dhíograis, agus ar dháiríreacht na n-imreoirí agus a lucht leanúna. Ba e aidhm agus cuspóir na bPanthers nó Super Bowl a bhuachaint, rud nár éirigh leo a dhéanamh, riamh cheana, ach anois, ó tharla go raibh an ceathrúchúlaí iontach Meiriceánach seo acu, tuigeadh dóibh, go raibh an-sheans acu mian a gcroí a bhaint amach.

Ar éirigh leo sin a dhéanamh? agus conas a d’éirigh lena gceathrúchúlaí nua, dul i gcionn ar a chomhimreoirí? Bhuel, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar seo a fháil, is a léamh, más uait freagra na gceisteanna sin a fháil! Ní déarfainn gurb é an leabhar is fearr fós é, ó pheann an údair cháiliúil seo, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis dul i gcionn orainn, lena dháiríreacht, lena scil, agus lena chur chuige. Fágfaidh mé an chuid eile fútsa, a léitheoir!

  

I  mBéal  an  Phobail Playing for Pizza

I mBeal an Phobail Roads. – Copy

Bóithre na Banban

Clocha Duirlinge agus gairbhéal !

Agus córas bóithre na tíre seo idir chamáin agam, ní féidir liom, i dtosach báire, gan súil a chaitheamh siar ar an gcineál bóithre a bhí againne thiar, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas fadó. Mór idir na bóithre sin agus na bóithre atá againn, ar fud na tire, sa lá atá inniu ann. Nár bhaist an file ‘na bóithre fada bána’ orthu, agus b’in a bhí iontu an t-am sin, nó ní raibh deoir fhéin tarra spréite ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, agus roinnt mhaith bóithre eile freisin, an tráth úd. Sea, bóthar bán, anacair, sclaigeach, a bhí ann, gan aon agó, agus ansin, nuair a bhí mise thart ar dhá bhliain déag d’aois, socraíodh ar an mbóthar sin a tharráil. Ba mhór an gar dár gcosa bochta nochta é an socrú céanna sin, nó bhí an tarra go deas, bog, compórdach, teolaí, fúinn, i gcomparáid leis na clocha duirlinge agus an gairbhéal, a bhíodh coitianta leata air, roimhe sin.

De réir a chéile ansin leanadh leis an bhfeabhsú. Deineadh taobh an bhóthair a thaoscadh, trí dhíogacha agus ceiseanna a dhéanamh, nó a fheabhsú, fan an bhóthair sin, agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, dheineadar líne bán a phéinteáil suas síos lár an bhóthair, líne a deineadh a mhaisiú le súile chait a fheistiú inti, anseo is ansiúd. Ach ní bóithre Iorrais atá i gceist agam, i ndáiríre, an tseachtain seo, ach Bóithre na Banban, frí chéile, agus an bhail atá orthu, i láthair na huaire seo.

Faoi mar adúirt mé cheana !

Ba chóir dom labhairt i dtosach faoi na timpealláin bheaga, a d’fhás fan ár mbóithre, faoi mar ba fhás aon oíche iad. Is dócha gur féidir a rá fúthu, go ndéanann siad cúis, agus ar an mórgóir, éiríonn leo smacht eicínt a choinneáil ar thrácht buile ár mbóithre. Ach nár mhór an chabhair é don ghluaisteánaí, dá dtógfaí colún sofheicthe, i lár an timpealláinín, sa chaoi go bhféadfaí é a fheiceál go soiléir, píosa ó bhaile, mar adéarfá. Agus nár chóir an bóthar a leathnú roinnt, timpeall an timpealláinín, sa chaoi go mbeadh iachall ar an dtiománaí, tiomáint timpeall an cholúin chéanna sin.

Sea, agus céard faoi na constaicí úd, na rampaí, a chuireann ár n-Udaráis Áitiúla trasna ár mbóithre, agus é mar aidhm acu, srian a chur ar luas na dtiománaithe a thiomáineann timpeall, faoi mar ba chúrsaí rásaíochta iad. Arís, ní gá a rá, nach dtaitníonn na rampaí céanna sin liom, nó mura mbeadh duine san airdeall, is beag nach gcuirfeadh na rampaí céanna sin an tiománaí bocht, ar mhullach a chinn, trí dhíon an chairr amach. Ach arís, éiríonn leo srian a chur le tiománaithe buile, trína gcoinneáil faoi smacht, agus seans a thabhairt don phobal áitiúil úsáid chuí a bhaint as na bóithre sin. Ach, mar aguisín ar sin, ba chóir deireadh a chur leis na rampaí miotail úd a leagtar ar bhóithre áirithe. Níor chóir go nglacfaí lena leithéid in aon tír shibhialta, nó tá mé cinnte, go ndéanann siad dochar do chabhail agus d’inneall na gcarranna a sheolann tharstu. Tá mé ag ceapadh, gur ghearr go mbainfidh gluaisteánaí éigin leas as an dochar sin, le cúis dlí in aghaidh Chomhairle Áitiúil eicínt a thosú. Scéal eile ar fad é, nuair a deintear na lánaí tráchta sin a mharcáil ar ár mbóithre. Thug mé faoi deara, i gContae airithe, ar na mallaibh, go raibh nós tosaithe acusan lána do Rothuithe a mharcáil ar bhóithre a bhí cúng go leor, cheana féin.

Lánaí Glasa ?

Ach, nach ar na taobhchasáin a dhéantar na lánaí sin a mharcáil, i gcónaí?

Ní hea, muis! ach déantar iad a mharcáil freisin amuigh ar thaobh an bhóthair fhéin, agus nuair a bhreathnaíonn tú ar ghluaisteán ag tiomáint leis, os do chomhair amach, feictear duit, nach bhfuil sách slí sa lána atá fágtha don tiománaí lena fheithicil a thiomáint agus a choinneáil faoi smacht ann. Sea, agus nar chuala mé, áit eicínt, go bhfuil ár gComhairle fhéin ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh, anseo sa Chathair Álainn. Tá súil agam go ndéanfaidh siad athsmaoineamh ar an ábhar seo, sára dtabharfaidís faoi scéim dá leithéid, nó chuirfeadh lána dá leithéid go mór le líon na dtimpistí ar bhóithre bána na Banban.

Céard ba chóir a dhéanamh, mar sin?

Tada! Ba chóir an scéal a fhágail mar atá, agus dualgas a chur ar chuile dhuine a úsáideann ár mbóithre, bheith san airdeall i gcónaí, agus bheith ag faire amach don duine eile, ar eagla go ndéanfadh sé dochar ar bith dó. Mar dhealródh sé, go bhfuil sé níos contúirtí iad a mharcáil ná gan a leithéid a dhéanamh in aon chor! Is é tuairim mo sheanchara, Mhártan a’ Tairbh, gurb iad na Glasaigh is cúis le polasaí dá leithéid, agus dár leis-sean, ba chóir ‘an Lána Glas’ a bhaisteadh ar Lána úd na Rothuithe.

Modh Fógraíochta !

Is dócha gur thug tú faoi deara, freisin nach mbíonn glaine ár mbóithre thar mholadh beirte, corruair, agus cé go ndéanann an Chomhairle Áitiúil, agus an Bardas, chuile iarracht an áit a choinneáil glan, néata, ach gan chabhair an phobail, is snámh in aghaidh easa dóibh é. B’fhéidir dá ndéanfadh siad mar a dheintear thall sna Stáit, agus deis a thabhairt do Lucht Gnó na dúiche, píosa áirithe sraide, nó bóthair, a ghlacadh faoina gcoimirce-sean, agus fógraí a chur in airde, fan na coda sin, ag cur ar a súile don phobal, gurb iadsan atá freagrach as an stráice sin a choinneáil glan. D’fhéadfaidís sin a úsáid mar mhodh fógraíochta dá ngnó, agus nárbh oiriúnach, ciallmhar, agus comharsanúil, an bealach é le fógraiocht a dhéanamh?

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail Playing for Pizza

I mBeal an Phobail Roads.

Bóithre na Banban

.

Bóithre Clochacha

Agus córas bóithre na tíre seo idir chamáin agam, ní féidir liom, i dtosach báire, gan súil a chaitheamh siar ar an gcineál bóithre a bhí againne thiar, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas fadó. Mór idir na bóithre sin agus na bóithre atá againn sa lá atá inniu ann. Nár bhaist an file ‘na bóithre fada bána’ orthu, agus b’in a bhí iontu an t-am sin, nó ní raibh deoir fhéin tarra spréite ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, an tráth úd. Sea, bóthar bán a bhí ann, gan aon agó, agus ansin, nuair a bhí mise thart ar dhá bhliain déag d’aois, socraíodh ar an mbóthar sin a tharráil. Ba mhór an gar dár gcosa nochta é an socrú céanna sin, nó bhí an tarra go deas, bog, compórdach, teolaí, fúinn, i gcomparáid leis na clocha duirlinge agus an gairbhéal, a bhíodh coitianta leata air, roimhe sin.

De réir a chéile ansin, leanadh leis an bhfeabhsú. Deineadh taobh an bhóthair sin a thaoscadh, trí dhíogacha agus ceiseanna a dhéanamh, nó a fheabhsú, fan an bhóthair sin, agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, dheineadar líne bán a phéinteáil suas síos lár an bhóthair, líne a deineadh a mhaisiú le súile chait a fheistiú inti, anseo is ansiúd. Ach ní bóithre Iorrais atá i gceist agam, i ndáiríre, an tseachtain seo, ach Bóithre na Banban, frí chéile, agus an bhail atá orthu, i láthair na huaire seo.

Timpealláin Bheaga !

Scríobh mé cheana faoi na timpealláin bheaga, a d’fhás fan ár mbóithre, faoi mar ba fhás aon oíche iad. Is dócha gur féidir a rá fúthu, go ndéanann siad cúis, agus ar an mórgóir, go n-éiríonn leo smacht eicínt a choinneáil ar thrácht buile ár mbóithre. Ach nár mhór an chabhair é don ghluaisteánaí, dá dtógfaí colún sofheicthe, i lár an timpealláinín, sa chaoi go bhféadfaí é a fheiceál go soiléir, píosa ó bhaile, mar adéarfá. Agus nár chóir an bóthar a leathnú roinnt, timpeall an timpealláinín, sa chaoi go mbeadh iachall ar an dtiománaí, tiomáint timpeall an cholúin chéanna sin.

Sea, agus céard faoi na constaicí úd, na rampaí, a chuireann ár n-Udaráis Áitiúla trasna ár mbóithre, agus é mar aidhm acu, srian a chur ar luas na dtiománaithe, a thiomáineann timpeall, faoi mar ba chúrsaí rásaíochta iad. Arís, ní gá a rá, nach dtaitnionn na rampaí céanna sin liom, nó mura mbeadh duine san airdeall, is beag nach gcuirfeadh na rampaí céanna sin an tiománaí bocht, ar mhullach a chinn, trí dhíon a chairr amach. Ach arís, éiríonn leo srian a chur lenár dtiománaithe buile, trína gcoinneáil faoi smacht, agus seans a thabhairt don phobal áitiúil úsáid chuí a bhaint as na bóithre sin. Ach, mar aguisín le sin, ba chóir deireadh a chur leis na rampaí miotail úd a leagtar ar bhóithre áirithe. Níor chóir go nglacfaí lena leithéid in aon tír shibhialta, nó tá mé cinnte, go ndéanann siad dochar do chabhail agus d’inneall an chairr. Tá mé ag ceapadh, gur ghearr go mbainfidh gluaisteánaí éigin leas as an dochar sin, le cúis dlí in aghaidh Chomhairle Áitiúil eicínt a thosú. Scéal eile ar fad é, nuair a deintear na lánaí tráchta sin a mharcáil ar ár mbóithre. Thug mé faoi deara, thuas i gContae Chill Dara, ar na mallaibh, go raibh nós tosaithe acusan lána do rothuithe a mharcáil ar bhóithre a bhí cúng go leor, cheana féin.

Lánaí Glasa ?

Ach, nach ar na taobhchasáin a dhéantar na lánaí sin a mharcáil, i gcónaí?

Ní hea, muis! ach déantar iad a mharcáil freisin amuigh ar thaobh an bhóthair fhéin, agus nuair a bhreathnaíonn tú ar ghluaisteán ag tiomáint leis, os do chomhair amach, feictear duit, nach bhfuil sách slí sa lána atá fágtha don tiománaí lena fheithicil a thiomáint agus a choinneáil faoi smacht ceart ann. Sea, agus nár chuala mé, áit eicínt, go bhfuil Comhairlí eile ag smaoineamh ar a leithéid céanna a dhéanamh ina gContae fhéin. Tá súil agam go ndéanfaidh siad athsmaoineamh ar an ábhar seo, sára dtabharfaidís faoi scéim dá leithéid, nó bheadh baol ann go gcuirfeadh lána dá leithéid go mór le líon na dtimpistí ar bhóithre bána na Banban.

Fuascailt na Faidhbe

Céard ba chóir a dhéanamh, mar sin?

Tada! Ba chóir an scéal a fhágail mar atá, agus dualgas a chur ar chuile dhuine a úsáideann ár mbóithre, bheith san airdeall i gcónaí, agus bheith ag faire amach don duine eile, ar eagla go ndéanfadh sé dochar ar bith dó. Dhealródh sé, go bhfuil sé níos contúirtí iad a mharcáil ná gan a leithéid a dhéanamh in aon chor! Is é tuairim Mhártan a’ Tairbh, gurb iad na Glasaigh is cúis le polasaí dá leithéid, agus dár leis-sean, ba chóir ‘an Lána Glas’ a bhaisteadh ar Lána úd na Rothuithe.

Ba iad Muintir X a ghlan an bóthar seo………

Is dócha gur thug tú faoi deara, freisin nach mbíonn glaine ár mbóithre thar mholadh beirte, corruair, agus cé go ndéanann an Chomhairle Áitiúil, agus an Bardas, chuile iarracht an áit a choinneáil glan, néata, ach gan chabhair an phobail, is snámh in aghaidh easa dóibh é. B’fhéidir dá ndéanfadh siad mar a dheintear thall sna Stáit, agus deis a thabhairt do Lucht Gnó na dúiche, píosa áirithe sraide, nó bóthair, a ghlacadh faoina gcoimirce-sean, agus fógraí a chur in airde, fan na coda sin, ag cur ar a súile don phobal, gurb iadsan atá freagrach as an stráice sin a choinneáil glan. D’fhéadfaidís sin a úsáid mar mhodh fógraíochta dá ngnó, agus nárbh oiriúnach, ciallmhar, agus comharsanúil, an bealach é le fógraiocht a dhéanamh, agus lenár mbóithre a choinneáil glan, néata, ag an am gcéanna?

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail Playing for Pizza

I mBéal an Phobail Ruin athbhliana

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Rúin athbhliana

Tá an tráth sin bliana tagtha arís! Na Gearróga dubha curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go cúramach i dtreo na Féile Bríde. Seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh. Seo an t-am le seolta a ardú arís, le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a ní is a scóladh, le bainne úr milis na beatha a scaoileadh isteach iontu, ar eagla a mhillte. Sea, gan dabht ar domhan, seo an tráth le claíocha bearnaithe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamh ar fhiaile shantach, bharrphlúchtach ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoin ábhar thuasluaite.

A Thriochadú breithlá

Bliain faoi leith domsa isea bliain seo ár dTiarna, 2009, nó triocha bliain ó shoin go díreach, sea a thosaigh mé ar an gcéad alt den Cholún seo, I mBéal an Phobail a scríobh. Is maith is cuimhin liom an ócáid, nó b’in í bliain an Phápa, an bliain 1979, nuair a cuireadh tús leis an gColún seo. Tharla cupla uair, san idirlinn, gur cheap mé fhéin go gcuirfí deireadh leis an gColún céanna sin, ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, tháinig sé slán, agus beidh sé ag ceiliúradh a triochadú breithlá, am eicínt, amach anseo, ag deireadh na bliana seo. Bí cinnte go gcuirfidh mé an ócáid sin i gcuimhne dhaoibh, ag an am ceart, ach ar eagla na heagla, bígí ag faire amach don ócáid, sibh fhéin. Is dócha gur chóir dom tagairt a dhéanamh do rud amháin eile anseo freisin, agus sin, go dtarlaíonn sé corruair, nach mbíonn fáil ar an gcolún seo, in eagrán, nó dhó, den Kilkenny People, agus ar ócáid dá leithéid, b’fhéidir go gceapfadh duine go raibh deireadh leis an gcolún feasta! Bhuel, beag an baol! Ní bhíonn i gceist ach nach mbíonn spás le fáil don cholún, san eagrán, nó sna heagráin, áirithe sin.

Ach le filleadh ar na rúin athbhliana sin………..

Deireadh leis an Mustar!

Tugann an bhliain áirithe seo deis faoi leith dúinn breathnú athuair ar chúrsaí an tsaoil s’againne. Is dócha go dtuigtear do chuile mhac a’ pheata againn anois, go bhfuil deireadh leis an mustar! nó bhailigh an Tíogar Ceilteach a chip is a mheanaithe leis anuraidh, agus thug Críocha Coimhthíocha Grianmhara Dofhála air fhéin, agus caithfidh muidinne tuiscint athuair, nach bhfuil Cathair bhuan ar bith againn ar an saol seo, agus nach bhfuil buaine ar bith ag baint le saol, le saibhreas, nó le gradam. Bliain ó shoin, bhíomar uilig ar dhroim na muice, agus féach orainn anois! Nár thapaidh a leagadh sa mhoirt sinn? Tá laethe anróiteacha romhainn amach, laethe an anró, agus an chruatain, nuair a bheidh dífhostaíocht forleathan go maith, inár measc arís, agus nuair a bheidh ganntanas airgid ag cur as do roinnt mhaith daoine. Ach, faoi mar adeireadh an tseandream fadó, “an rud is measa le duine na a bhás, b’fhéidir gurb é lár a leasa é,” agus b’fhéidir gurbh acusan a bhí an chiall, nó ní tagann olc i dtír nach fearrde duine eicínt é! agus mar sin, is é is lú is gann dúinn a dhéanamh, nó leas a bhaint as an anachain. Sea, ach conas is féidir le duine a leithéid a dhéanamh? Bhail! caithfidh sé dul ar a mharana agus leas a bhaint as na coinníollacha nua beatha a scaoiltear chuige. caithfidh muid breathnú ar na botúin a rinneamar, agus atá á ndéanamh fós againn, agus fáil réidh leo feasta. Níl dabht ar domhan, ach go raibh airgead agus am á gcaitheamh go diomailteach againn, in áit iad a dhíriú ar an ngad ba ghiorra don scornach. Bhail! feasta, is féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó na dearmaid a rinneamar le linn laethe na flúirse, nuair a bhí saol na bhfuíoll á chaitheamh, ag íseal is ag uasal. Caithfidh muid cúbadh chugainn feasta, agus deireadh a chur le diomailt, le fábhraíocht, agus leis an teanga liom leat.

Athbhreithniú

Tabharfaidh na laethe seo deis dúinn freisin, féachaint ar na bealaí éagsúla a úsáidtear inár measc, le pá, teacht isteach, agus tuarastal, a mheas, agus a shocrú, sea, agus nár chóir breathnú freisin ar na liúntais éagsúla, a íoctar le hoibrithe áirithe, nó nach liúntais saor ó cháin a leitheid, gur fiú mórán d’oibrí ar bith iad, bíodh sé ina dhochtúir, ina theachta dála, nó ina iascaire. Nár chóir, ag an am áirithe seo freisin, breathnú arís ar na pinsin a íoctar do dhreamanna áirithe sa Stát s’againne, nó níl dabht ar domhan, ach go n-éiríonn le dreamanna áirithe an córas úd a chrú, ar mhaithe leo fhéin.

B’fhéidir go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, agus gur leor é, le daoine a chur ag cur is cúiteamh faoi na cúrsaí céanna sin. Má d’éirigh liom sin a dhéanamh, beidh mé breá sásta liom fhéin. Agus fillfidh mé, amach anseo, ar chúrsaí coirpeachta, agus ar na bealaí is fearr le deighleáil leo.

I  mBéal  an  Phobail Playing for Pizza

I mBéal an Phobail Saiceadach agus Luaithreach

Saicéadach agus Luaithreach

Peadar Bairéad

Pionós agus Aithrí

Nach minic a léitear sa tSean Tiomna faoi’n nós a bhí acu sna laethe úd saicéadach agus luaithreach a úsáid mar chomhartha aithrí. Chaithidís saicéadach, agus shuídís i luaithreach, le teaspáint don tsaol mór, go raibh pionós á dhéanamh acu ina bpeacaí. Gan dabht, don té a raibh cleachtadh aige ar éadach breá, bog, uasaicmeach, ba mhór an gaisce spioradálta dósan é, an saicéadach garbh, gránna, míchompórdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann tú le sin, go gcaithfeadh sé a sheal ina shuí ar luaithreach shalach agus é céasta, cráite, in ionad bheith suite ar a sháimhín só ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid léargas eicínt ar an bpionós a bhí á dhéanamh aige, mar chomhartha aithrí ina pheacaí. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn léamh faoi ghaisce úd Rí Nineveh, nuair a thug an Fáidh Jonah cuairt ar an gcathair ollmhór ársa sin, agus nuair a thairngir sé go scriosfaí Nineveh i gcionn daichead lá. Thug an Rí cluas dá thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir sé uaidh a róbaí ríoga agus shuigh sé síos ar luaithreach, i saicéadach an aithrígh, agus níorbh é sin amháin é, ach chuir sé iachall ar a mhuintir uilig an cleas céanna a dhéanamh, agus d’fhógair troscadh do dhaoine agus do bheithígh, ar mhaithe le fearg Dé a mhaolú. Shásaigh pionós sin an Rí úd Dia, agus níor agair Dia díoltas air fhéin, nó ar a mhuintir. Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín seo muid, is dócha gur chóir a lua, nach iad na gnáthdhaoine a dhéanadh an beart seo, de ghnáth, nó nach mbíodh an saol sách-dian orthusan, cheana féin? níorbh iad a chaitheadh an saicéadach, nó a shuíodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, níorbh iad muis! nó b’iad na ríthe agus na boic mhóra a theaspáinfeadh go raibh aithrí á dhéanamh acu trína comharthaí sin, mar nárbh iad ba mhó a dhéanadh an éagóir, agus an slad, ar bhochtáin agus ar oibrithe, agus b’iad freisin ba mhó a dhéanadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tslí sin, a tharraingíodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal frí chéile.

B’in iad na seanlaethe

Ach b’in iad na seanlaethe, b’in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia Mór na Glóire sna Flaithis thuas, a raibh súil ghéar á choinneáil aige ar chúrsaí daonna, agus a d’fhéadfadh díoltas a agairt ar phobal, mura ndéanfaidís siúd a orduithe agus a aitheanta a choimhlíonadh. Nach éasca a shleamhnaíonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shamplaí dá leithéid.

Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, nó ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, nó an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pionós oiriúnach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, a raibh siad ina mbun, faoi stiúir an Stáit, blianta ó shoin . Tá daoine ar aon fhocal anois gur chóir oiread áirithe airgead a bhailiú ó na hOird agus ó na Cumainn Chrábhaidh sin, a raibh roinnt dá mbaill ciontach sa mhí-iompar sin uilig, agus a tharraing mí-chlú, agus náire, anuas orthu fhéin, ar a nOird, agus ar an Eaglais frí chéile, agus go ndéanfaí an t-airgead sin a úsáid, le chuile chúnamh a chur ar fáil dóibh siúd, ar deineadh an éagóir sin orthu. Tá daoine eile ann adéarfadh, gur chóir an dlí a chur ar na baill chéanna sin, agus iad a tharraingt tríd na cúirteanna, len iad a ainmniú agus a náiriú. Sea, d’fhéadfá a rá, go bhfuil a shocrú fhéin ag chuile dhuine ar an scéal céanna sin, ach, níl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur chóir go n-íocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as mí-iompar roinnt áirithe dá mbaill, agus dá dtarlódh go bhfágfaí gan sciúrtóg fhéin cuid acu, ní dóigh liom, go gcuirfeadh sin as go ró-mhór do roinnt áirithe daoine.

Glanadh an Scláta

Ach, fiú dá ndéanfaí a leithéid, agus níl dabht ann ach gur chóir go ndéanfaí, ní dóigh lena lán, go nglanfadh sin an scláta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid eile i gceist freisin sios tríd na blianta, ag daoine a mbeifeá ag súil le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais chéanna sin. Bhí mé ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, agus tháinig seisean leis an socrú sin freisin, ach chuaigh sé píosa níos fuide ná sin leis an scéal, nó ba é a dhearcadh siúd nó gur chóir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain ár dTiarna, 2010, a fhógairt mar Bhliain Aithrí, le deimhin a dhéanamh de, nach ndéanfaí dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thréimhse úd an mhí-iompair agus na mí-úsáide do-thuigthe, do-chosanta sin. B’fhéidir gur leag mo sheanchara Séimí a mhéar ar an gcnaipe ceart an babhta seo.

Céard a cheapanns tú fhéin faoi?

en_USEnglish