Súil Siar!

Súil Siar!

Tháinig mé ar an bpíosa iontach seo a scríobh m’athair Peadar tamall ó shin, agus cheap mé gurb fhiú é a roinnt libh. Tá sé chomh húr céanna sa lá atá inniu ann is a bhí ag an am ar scríobhadh é.

Carrickshock

Ag léamh píosa faoi Chath Charraig Seabhac a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a tháinig mé ar an gcuntas sin faoin ollchruinniú a bhí acu, thart ar an tráth úd, i mBaile Héil, “ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill”, faoi mar a chuireann an Dialannaí cáiliúil Amhlaoibh Ó Súilleabháin é.

Féach mar a scríobh sé, faoin dáta, 8ú Iúil, 1832…

Lá breá. Gealáin is scailíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.

Nár chorraithe an tráth é i stair na tíre seo, nó ba ghearr roimhe sin a tharla an marú úd i gcath Charraig Seac. Agus cé cheapfadh go raibh an Ghaeilge chomh beo sin sa dúiche sin an tráth úd, sa chaoi go bhféadfadh an Dialannaí cáiliúil fhéin óráid i nGaeilge a thabhairt don slua ollmhór sin i nGaeilge?

Choinnigh an tír an teanga

Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaetha sin, san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic nó na gleannta; na haibhneacha nó na locha; na páirceanna nó na dúichí; dearmad ar an dteanga as ar ainmníodh iad, le sinsearacht. Níl le déanamh ag duine ach dul i dteagmháil leis an taobh tíre ina gcónaíonn sé, le fáil amach, cé chomh Gaelach is atá siad fós. Baineann daoine úsáid as na logainmneacha Gaeilge ina gcomhrá is ina seanchas, lá i ndiaidh lae. Nuair a chloiseann tú duine ag labhairt faoi Bhóthar na Manach, tuigeann tú láithreach, go bhfuil sé ag labhairt faoin mbóthar sin, faoi mar a labhraíodh riamh faoi, sea, agus céard faoin abhainn a sníonn tríd an gCathair álainn fhéin, “An Fheoir”, nach beag difir idir sin agus “The Nore”, faoi mar a thugtar uirthi i mBéarla? Sea, agus an baile ar deineadh tagairt dó thuas, Cnoc an Tóchair, nó i mBéarla Knocktopher, an-chóngarach dá chéile arís. Níl dabht ar domhan, ach go mba uafásach an feall é, ár logainmneacha a bhascadh agus a bhearnadh, faoi mar a deineadh leo, agus arís, nárbh é an feall é, nuair nár deineadh iad a chur i réim arís, tráth raibh an deis ag an tír a leithéid a dhéanamh?

Leabhar Owen Kelly

Arís, má thógann tú leabhar cosúil le “The Place-Names of County Kilkenny” le Owen Kelly, feicfidh tú ansin, cé mar a coinníodh an teanga fhéin sna logainmneacha. Nach minic a thagann duine thar logainm ina bhfuil focail cosúil le….garraí; gráig clais; bán; bóithrín; gort; poll; goirtín; páirc; droim; tobar; log; doire; rath, sceach, agus tuilleadh dá leithéid, agus ansin, ag gabháil leis na focail sin, le hainm iomlán a bhaisteadh ar an áit, gheobhaidh tú focail eile, sa chaoi go ndéanann an péire focal sin carachtar leithleach áite a leagan os ár gcomhair, faoi mar a tharlaíonn sna hainmneacha seo ….Goirtín na mBó, Poll a’ Chapaill, Gort na Móna, An Gleann Mór, Fíodh Ard, Garraí na Cruaiche, Cill Chiaráin, Gráig na Manach, Bóisín na gCloch, agus tuilleadh. Chuir mé spéis ar leith san ainm, Bóithrín na gCloch, mar nach é a ghlaoitear air, de ghnáth, nó Bóisín na gCloch, agus nach suimiúil mar a dhéantar “s” den “r” caol, sa chomhthéacs sin, Tarlaíonn an rud céanna i gcás an fhocail “Máire”, agus tuilleadh. Déantar an cleas teanga céanna díreach, thíos i gContae Mhaigh Eo, thart ar an áit ina raibh an trioblóid go léir sin idir Iorrasaigh agus Muintir Shell.

Feasta, mar sin, bímis ag éisteacht leis an taobh tíre, agus í ag labhairt linn i nGaeilge agus muid ag gabháil thar bráid, cuirimis cluas orainn fhéin, agus tugaimis aird ar a bhfuil le rá aici, nó is uaithi a shíolraigh muid, is ar tháinig romhainn. Sea, mh’anam, tá an Ghaeilge coinnithe beo fós ag cnoc is ag gleann, ag gort is ag cuimín, ag bóthar is ag bóisín; d’éistimis leo, agus tugaimis freagra orthu ina dteanga dhúchais fhéin.

      .

  .

.

.

   .

.

.

.

.

Súil Siar!

Ábhar Conspóideach – Maisc!

Is ábhar polaitíochta é an coróinvíreas i gcúpla tír anois, sna Stáit Aontaithe go mór mór. Níor láimhseáil an PríomhÚtamálaí Trump an ghéarchéim mar is ceart ó thús na pandéime seo. Ar dtús, shéan sé go raibh aon fhadhb ann agus cailltear am luachmhar chun dul i ngleic leis. Ar an drochuair, chaill a lán daoine a mbeatha de dheasca na moille seo. Lena chois sin, bhí fadhb mhór leis na fearais tástála a d’fhorbair an Lárionad um Ghalair a Rialú (CDC). Bhí moill shíoraí tar éis sin, tuairim is sé seachtaine nó breis, fad is a bhí an CDC agus an tÚdarás Bia agus Drugaí (FDA) ina gcíor thuathail ag iarraidh an fhadhb a shocrú, agus iad báite i sraitheanna maorlathais. Ansin, bhí fadhb mhór le trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus aerálaithe, mar bhí ganntanas mór ann. Thosaigh an PríomhÚtamálaí ag argóint leis na Stáit, ag rá go raibh siad freagrach as iad a fháil. Bhí mearbhall mór ansin agus na Stáit in aghaidh a chéile sa phróiseas tairisceana ar PPE agus aerálaithe. Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin agus chuaigh siad ó mhaoil go mullach. Mhol Trump do dhaoine hydroxychloroquine a úsáid, cé nach raibh aon fhianaise eolaíoch ann. Níos measa fós ná sin, mhol Trump do na saineolaithe taighde a dhéanamh ar dhíghalrán agus solas ultraivialait mar leigheasanna do COVID-19. Le déanaí, ionas go bhfuil tástáil COVID-19 ag méadú faoi dheireadh agus mar sin ag aimsiú níos mó cásanna COVID-19, dúirt an PríomhÚtamálaí go gcuirfeadh sé moill ar an tástáil sin! D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh an lá ar fad, ach cuirfidh mé an bhéim ar an rud deiridh seo – ní ghlacann sé le comhairle a rialtas féin maidir leis an víreas! Tá sé níos soiléire gach lá gur dea-chomhairle é clúdach a chaitheamh ar d’aghaidh dá mbeifeá i spás cúng gan deis agat fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile. Ní chaitheann an PríomhÚtamálaí masc ar chor ar bith – ag déanamh neamhaird go hoscailte le moladh an CDC agus ag tabhairt drochshampla do mhuintir na tíre. Ach ní hamháin sin ach leis a dhrochiompar tiontaíodh ceist sláinte phoiblí ina ceist pholaitiúil – agus ní rud maith é sin!

Cén fáth go bhfuil an oiread sin clampair faoi mhaisc sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil an ghéarchéim ag dul in olcas ann?  

Sna Stáit Aontaithe, fiú sular tharla an pandéim seo, bhí cultúr polaitiúil gangaideach ann. Tá dhá phríomhpháirtí ann. Ar thaobh amháin, tá na Poblachtaigh a thugann tacaíocht do na gnóthaí móra agus a chreideann go bhfuil an iomarca rialacháin rialtais ann. Ar an taobh eile, tá na Daonlathaithe atá ar thaobh na gnáthdhaoine, agus mar sin creideann siad i dtimpeallacht rialacháin a chosnaíonn cearta an phobail agus a thugann tacaíocht láidir dóibh trí pholasaithe sóisialta. Tá an bhearna idir na Poblachtaigh agus na Daonlathaithe ag méadú agus ag leathnú le tamall anuas, agus anois tá sé ag déanamh an-damáiste don tír, mar tá easpa comhoibriú eatarthu le linn na pandéime uafásach seo.  

Nuair a thug Trump neamhaird ar chomhairle a rialtas féin agus go háirithe na saineolaithe ann, lean a lucht tacaíochta díograiseach a shampla, agus mar chuid den amaidí sin, diúltaíonn siad glan maisc a chaitheamh. Tá an fhianaise ag carnadh gach lá ar son na mbuntáistí ag baint le maisc a úsáid, go háirithe i gcóngar daoine eile. Ach níl Trump nó a lucht leanúna ag éisteacht. Bhí cúpla slógadh ag Trump (Tulsa, Oklahoma agus Phoenix, Arizona) agus is ar éigean a caitheadh maisc ann.  

Thosaigh roinnt mhaith gobharnóirí Poblachtaigh ag oscailt geilleagair a Stáit róluath, nuair a bhí an víreas ag scaipeadh fós, agus anois tá an ghéarchéim tar éis dul in olcas orthu, go háirithe in Arizona, Florida agus Texas.  Anois, ní mór dóibh athruithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an víreas, ach tá a lán damáiste déanta, cheana féin, agus beidh sé deacair cúrsaí a chur faoi smacht.

Tríd is tríd, tá na Stáit Aontaithe trí chéile ar fad ag déileáil leis an ngéarchéim seo. Tá mífheidhmithe an PríomhÚtamálaí agus a chuid deisceabal le feiceáil go soiléir, agus ní chreideann ach a lucht tacaíochta a leithscéalta leamha. Ar an drochuair, díolfaidh a lán daoine lena n-anam as na gníomhartha mínáireacha amaideacha sin. Tá Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá!

.

  .

.

.

   .

.

.

.

.

.

Súil Siar!

Teicneolaíocht agus Polaitíocht (Moltaí)

Bhí plé bríomhar againn an tseachtain seo caite, agus muid ag caint faoin gcaoi a n-úsáidtear claontacht dearbhaithe chun dúshaothrú a dhéanamh orainn ar an idirlíon, go háirithe ar Google agus Facebook agus a macasamhail.  Sa lá atá inniu ann is é an t-idirlíon a scaipeann scéalta agus táim cinnte go rabhamar ar fad aontaithe faoi na contúirtí ag baint leis sin.  Déanta na fírinne, tá dhá chontúirt bhunúsacha ann. Sa chéad áit, roghnaíonn algartaim na míreanna nuachta a chuirtear faoinár mbráid. Sa dara háit, chomh maith le nuacht ó fhoinsí iontaofa, tá a lán bréagnuacht amuigh ansin ar an idirlíon, agus go minic níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu.  Dá bharr sin, táimid go léir i mbaol dúshaothraithe agus d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann, go háirithe nuair a úsáideann drochdhaoine na laigí sin chun muid a ionramháil chun a leasa féin.        

I rith na Cásca seo caite, cuireadh fiche túr ‘5G’ trí thine sa Bhreatain Mhór. Cén fáth? Scaipeadh bréagnuacht ar an idirlíon, ag maíomh gurbh é 5G an cúis leis an ngalar COVID-19.  Cé gur teoiric áiféiseach atá ann, ina ainneoin sin creideann riar maith daoine an tseafóid sin. Is dócha gur scriosadh an t-infreastruchtúr tábhachtach de bharr na bréagnuachta sin. Sin ach sampla amháin, sampla dochreidte den damáiste is féidir le bréagnuacht a dhéanamh. Nach rud iontach é cé chomh héasca is atá sé dubhéitheach a chur ina luí ar roinnt dhaoine?   Is rud iontach é, gan dabht, ach an mise ceann de na daoine ar cuireadh dallamullóg air? Ní dócha sa chás seo, ach céard faoi gach am eile atáim ag sú rudaí isteach ón idirlíon? Tá sé deacair a rá! Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi?

Seachain eolas nach bhfuil iontaofa!

Tá foinsí eolais agus nuachta ar fáil a bhfuil sé léirithe arís agus arís eile acu gur foinsí iontaofa iad. Mar shampla, b’fhéidir gur léigh tú an ‘Irish Times’ le fada, agus tá tú sásta nach bhfuil aon aidhm fholaigh ag an bpáipéar bréaga a insint duit! Aontaíonn tú le fealsúnacht an fhoilseacháin an chuid is mó den am freisin.  

Ach nuair atá nasc postáilte ar do mheáin sóisialta nach bhfuil eolas agat air mar gheall ar an suíomh (URL), is fearr gan é a chliceáil. Níos fearr fós, molaim go láidir duit gan do mheáin sóisialta a úsáid mar fhoinse nuachta, ar chor ar bith. Úsáid do mheáin sóisialta chun a bheith i dteagmháil le do chairde, agus nuacht pearsanta á roinnt agaibh. Agus úsáid foinsí dílse chun do nuacht eile a fháil.  

Foinsí

Ní mór duit eolas a bheith agat faoi d’fhoinsí.  Is é an rud is tábhachtaí ná cé hé/hí an t-údar. Go minic, ní thugann an léitheoir faoi deara cé scríobh an colún atá á léamh aige/aici. Sin dearmad mór is dócha, mar sa chás sin níl cliú aige/aici faoi dhintiúr an údair.  Mura bhfuil taithí agat ar scríbhinní agus dearcadh an údair, chaith súil ghrinn ar an gcolún. Ach má léann tú colúin an údair go minic agus má tá meas agat air/uirthi, beidh tú in ann a bheith níos compordaí ag glacadh céard atá scríofa aige/aici.

Claonadh

Níl aon dabht ach gur fearr linn nuacht a léamh nó a fheiceáil atá ar aon intinn linn.  Tá sé tábhachtach go bhfuil na fíricí cruinn mar sin féin, agus is nós maith na fíricí agus na tagairtí a sheiceáil má tá aon rud i gceist agat. Tá acmhainní iontaofa iontacha ar fáil ar an idirlíon, cosúil le www.factcheck.org, www.snopes.com, agus www.politifact.com. Cé go bhfuil sé beagáinín pianmhar, is nós maith é freisin nuacht a léamh ó fhoinsí iontaofa a bhfuil dearcadh eile acu, nach n-aontaíonn tú leo.  Saghas seiceáil slánchéille é sin!

Mothúchán

Má airíonn tú mothúchán éigin géar, bí cúramach! Níl tú in ann smaoineamh go soiléir nuair a bhíonn tú i staid mhothúchánach, agus tá a fhios ag drochdhaoine faoi sin.  Má ghineann alt nó físeán mothúcháin láidre ionat, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil sé bréagach, agus drochdhuine ag iarraidh dul i gcion ort. Lorg an t-eolas céanna ar dhóigh eile.

Tá a lán moltaí eile ann, ach is iad na moltaí thuasluaite na cinn is tábhachtaí.  Bain triail astu, agus cuimhnigh – tá dualgas saoránaigh ort do dhícheall a dhéanamh a bheith i gcónaí ar an eolas, chomh maith agus is féidir leat.  B’fhéidir go bhfuil todhchaí ár sochaí féin ag brath air seo!

.

.

.

.

.

.

.

.

Súil Siar!

Teicneolaíocht agus Polaitíocht

Scríobh mé alt le déanaí ar theacht chun cinn na heite deise ailtéarnaí atá ag tarlú in a lán tíortha faoi láthair, na Stáit Aontaithe san áireamh.  Idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus timpeall 2005, bhí tréimhse fhada againn ina raibh síocháin i dtaca le holc – ré óir an daonlathais. Tar éis sin, thosaigh roinnt mhaith tíortha ar an mbealach i dtreo údarásaíochais, agus níl an turas sin críochnaithe fós, is dócha. Tarraingíonn na hathruithe suntasacha sin ceist mhór bhunúsach – cad ba chúis leo? Sa cholún seo, iarrfaidh mé an cheist chasta sin a fhreagairt.

Tar éis rugadh an iPhone sa bhliain 2007, ní raibh an domhan mar an gcéanna arís, mar d’athraigh an fón cliste sin an tslí ina maireann muid. Tá beagnach gach rud ar bharr ár méara sa lá atá inniu ann, an nuacht san áireamh, agus an t-idirlíon ar fáil dúinn an t-am go léir. Bíonn ár laethanta faoi shíor-ionsaí gan sos ag brúfhógraí i mbun cogaíochta ag lorg ár n-airde.  Mar sin, is minic a mbíonn muid trí chéile, agus an iomarca eolais ag briseadh isteach orainn.

Cé go gceapfá nach mbaineann an dá rud thuasluaite le chéile, ní haon timpiste é gur mhéadaigh na hathruithe i dtreo údarásaíochas tar éis teacht an fhóin cliste, i mo thuairim.  Toisc nach bhfuil an t-am againn smaoineamh go domhain faoin na rabhartaí eolais atá ag teacht isteach, in ionad sin úsáidimid ár n-iomas.  “Cén dochar? Cé chuma?” An ea?

Scríobh mé alt tamaill ó shin ag caint faoi bheirt eolaithe sóisialta, Amos Tversky agus Daniel Kahneman. Fuair siad amach go bhfuil lochtanna nádúrtha orainn nuair a dhéanaimid breithiúnais nó tuar – ‘claonadh cognaíoch’ a bhaist siad air. Scríobh Kahneman leabhar iontach darb ainm ‘Thinking, Fast and Slow’, agus molaim go hard é.  Deir sé sa leabhar sin go bhfuil an t-iomas an-úsáideach nuair atá bagairt práinneach ann (mar shampla, leon sa tóir ort!), gan an t-am agat a bheith ag smaoineamh roimh rud éigin a dhéanamh.  Is córas fabhtach é sin, áfach, agus tá an réasúnaíocht i bhfad níos sofaisticiúla, níos cumhachtaí agus níos cirte ná an t-iomas. Nuair a bhíonn strus orainn, úsáidimid ár n-iomas in ionad na réasúnaíochta, ag déanamh dóighe dá mbarúil. Tagann claonadh cognaíoch agus go háirithe claontacht dearbhaithe isteach sa scéal ansin nuair atá iomas i gceist.

Le claontacht dearbhaithe, déanfaimid faisnéis a chuardach, a léirmhíniú, a fhabhar, agus a thabhairt chun cuimhne a dhearbhaíonn ár gcreideamh atá ann cheana féin.  Sin an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn muid báite le heolas an t-am go léir. Toisc go mothaíonn daoine faoi bhrú, ní dhéanann siad taighde ar fhoinsí an t-eolas, chun idirdhealú a dhéanamh idir foinsí iontaofa agus foinsí neamhiontaofa. Ansin, glacann siad na scéalta a dhearbhaíonn a gcreideamh, agus diúltaíonn siad scéalta eile, beag beann ar an fhírinne!

Tá sé i bhfad níos measa ná sin fós, mar fhormhór an ama déanann algartaim na cinntí faoi céard a thaispeánfar duit, go háirithe ar na meáin sóisialta! Taispeántar duit an nuacht agus an t-eolas is ansa leat, ag iarraidh tú a choimeád ar líne chomh fada agus is féidir, mar ansin tá deis ann níos mó fógraí a thaispeáint duit, agus is é fógraíocht an rud a shaothraíonn airgid ar an idirlíon.  Ach, is cineál claontacht dearbhaithe é sin freisin, bunaithe ar na rudaí a dhéanann tú ar an idirlíon, go háirithe in áiteanna cosúil le Google agus Facebook. Ní rud maith é sin, agus tá téarmaí speisialta ann as Béarla cosúil le ‘filter bubble’ agus ‘echo chamber’ ag baint le tionchar na halgartaim sin orainn.

Úsáideann grúpaí éagsúla an t-idirlíon – go háirithe na meán sóisialta – mar arm, chun tionchar a imirt ar dhaoine, ar mhaithe leo féin. Mar sin, tá siad in ann cuir isteach ar an bpróiseas polaitiúil. Sa tslí sin, tá naimhde an domhain thiar ar iarraidh ár ndaonlathais a dhíchobhsú, agus tá na torthaí le feiceáil go soiléir, go háirithe sna Stáit Aontaithe.

Ach níl aon tír slán sábháilte ó ionsaithe mar sin, agus ní foláir dúinn go léir aghaidh a thabhairt ar an mbagairt mhór seo, sula mbeidh sé ródhéanach. Cad is féidir linn a dhéanamh? Bhuel, sin scéal eile do cholún eile.

.

.

.

.

  .

Súil Siar!

Cruachás na Navachóch

An tseachtain seo chaite, bhíomar ag caint faoin Náisiún Choctaw sna Stáit Aontaithe agus faoin síntiús airgid ar thug siad dúinn le linn an Ghorta Mhóir. Thosaigh sé sin sraith imeachtaí atá ar siúl fós, agus is é an ceann is deireanaí ná an lámh chuidithe atá muintir na hÉireann ag tabhairt do bhundúchasaigh Navachóch agus Hopi chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.  Nuair a léigh mé alt a scríobh Nicholas Kristoff sa ‘New York Times’ le déanaí, cheap mé go mbeadh sé oiriúnach cuid amháin den alt a roinnt leat, a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá sé cuidiú leis na treibheanna bundúchasacha sin in am a ngátair, go háirithe mar tá neamhaird thubaisteach tugtha ag rialtas feidearálach na Stáit Aontaithe orthu. Anois, seo scéal Shawna Gonzalez.

Is as Chinle, in Arizona, ar dhúiche na Navachóch í Shawna. Tá seachtar páiste aici, agus iad go léir ina gcónaí i dteach traidisiúnta na Navachóch darb ainm ‘hogan’. Níl ach seomra amháin ann, agus níl uisce reatha acu.  Inimirceach mídhleathach Meicsiceach is é a fear céile, ach díbríodh é tamall ó shin.  Ní bheadh Shawna in ann leanúint ar aghaidh murach cabhair óna máthair, ach níorbh fholáir í a chur san ospidéal le déanaí nuair a bhí sí ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas.  Tar éis sin, ní raibh an dara rogha aici ach rudaí a choinneáil ar siúl ar bhealach éigin, cé go ndeachaigh cúrsaí in olcas di.

Gan aon uisce reatha, bíonn ar Shawna tiomáint i bhfad i gcéin go minic chun seasca lítear uisce a fháil.  Ní foláir di an t-uisce a úsáid go barainneach ansin.  Caithfidh Shawna dul go dtí Oifig a Phoist chun a post a fháil, mar níl aon seachadadh poist ar fáil di. Ní mór di dul go dtí ionad níocháin chun éadaí an teaghlaigh a ní freisin.  Tá rioscaí go dtolgfaidh Shawna an coróinvireas ag baint leis na turais sin, mar bíonn go leor daoine eile bailithe le chéile sna háiteanna sin. Ach níl an dara rogha ag aon duine acu, i ndáiríre.

De ghnáth, bíonn Shawna ag obair ar leoraí bia a dhíolann fulachtaí fia. Le linn na pandéime, áfach, ní théann an leoraí amach ach go hannamh. Cé go raibh sí ar ioncam íseal roimh na pandéime, níl ach fíorbheagán airgid ag teach isteach anois. Dá dheasca sin, bíonn sí ag streachailt chun a clann a chothú. Deir sí go bhfuil go leor imní uirthi faoi sin.

As ábharaí an tsaoil, tá eagraíocht dheonach in Chinle darb ainm ‘Chinle Planting Hope’. Tá feachtas Gofundme acu anseo: https://www.gofundme.com/f/support-for-elderly-on-navajo-nation. Tá siad ag déanamh obair iontach in Chinle le linn na géarchéime, ag seachadadh bia do theaghlaigh bhochta, Shawna agus a páistí san áireamh.  Is seirbhís éigeantach é seo freisin do dhaoine nár cheart dóibh a bheith gar do dhaoine eile; daoine atá i bhfíorchontúirt ón gcoróinvíreas.  Is oibrí deonach í Shawna ag banc bia, mar is maith léi an comhar a íoc leis an bpobal.

Cé go bhfuil sé go hiontach go bhfuil daoine ar fud an domhain ag cabhrú leis na Navachóch agus treibheanna eile, níl aon leithscéal don easpa tacaíochta a bhfaigheann siad ó Rialtas Feidearálach na Stáit Aontaithe, atá ag déanamh neamairt iontu le fada.  Déanta na fírinne, bhí siad in umar na haimléise cheana féin, agus chuaigh siad in olcas le teacht an choróinvíris ar an bhfód.

Chuir rialtas na Stáit Aontaithe an tarcaisne i gceann na héagóra maidir le dáileadh an airgid éigeandála a bhí curtha ar leataobh acu do threibheanna bundúchasaí. Bhí an rialtas ag iarraidh cuid den airgead sin a thabhairt do chomhlachtaí in Alasca nach bhfuil cáilithe mar threibheanna. Mar sin, bhí ar na Navachóch agus treibheanna eile caingean dlí a thabhairt i gcoinne an rialtais chun stop a chur leis sin, agus chun an t-airgead ceart a fháil dóibh féin. Faoi dheireadh – sé seachtaine níos déanaí ná mar ba cheart – fuair siad $600 milliún ón rialtas chun dul i ngleic leis an bpandéim. Is fearr déanach ná riamh, agus idir an dá linn, bhí an t-airgead a fuair siad go dtí seo ón Éireann an-úsáideach ar fad, agus tá an Náisiún Navachóch an-buíoch dúinn as.  Níl aon dabht faoi sin, mar ghabh Ard-Aighne an Náisiún Navachóch Doreen McPaul buíochas dúinn in Éireann, ag rá freisin go bhfuil dúchas Éireannach aici a bhfuil sí an-bródúil as. Is as Éireann a seanaithreacha, agus tá déshaoránacht ag a hathair. Nach é an domhan atá beag!

.

.

.

.

    .

.

.

.

  .

.

.

en_USEnglish