Rún Na Nordach!

Rún Na Nordach!

Bíonn na tíortha Nordacha ar bharr an dréimire i mbeagnach gach suirbhé a chuireann i gcomparáid tíortha an domhain. Mar shampla, i suirbhé bliantúil a thomhaiseann sonas tíortha an domhain, bhuaigh an Fhionlainn an chéad áit don dara huair i 2019. Bhí an Iorua, an tSualainn, an Danmhairg agus an Íoslainn ard sa liosta sin freisin. Bhí Éire sa 16ú háit sa liosta céanna, agus na Stáit Aontaithe sa 19ú háit. Cén phríomhchúis a bhfuil ag éirí leis na tíortha Nordacha chomh maith sin, go háirithe an Fhionlainn? Cad is féidir linn a fhoghlaim?

Ar an dea-uair, tá an freagra againn, agus seo é i bhfocal amháin – ‘bildung’ – sin é bunús an tsonais!  

Sa 19ú haois, thuig éilít intleachtúil na Fionlainne go raibh sé tábhachtach do dhaoine a bheith ag foghlaim i rith a saolta. Bhí siad cleachtadh le hobair na fealsúna Gearmáinise, cosúil le Immanuel Kant agus Johann Gottfried von Herder. Nuair a bhí oideachas maith ag duine, bheadh sé/sí in ann maireachtáil go neamhspleách mar shaoránach rannpháirteach. Mar sin, bhí an comhthéacs sóisialta agus polaitiúil an-tábhachtach freisin san idé-eolaíochta seo. Stól tríchosach a bhí ann, oideachas an duine féin, oideachas faoin gcaidreamh idir an duine agus an domhan mór, agus oideachas faoin gcaidreamh idir an duine agus a shochaí. Chomh maith le hoideachas acadúil, d’fhoghlaimeodh na scoláirí faoina bhfreagrachtaí tábhachtacha, maidir leis a gcuid muintir agus cairde, leis an bpobal áitiúil, leis an náisiún, agus fiú leis an gcine daonna.  San fhealsamh seo, bhí teanga na ndaoine an-tábhachtach, mar dúradar gur tríd lionsa a dteanga a bhaineann daoine brí as gach rud, agus a fhaigheann siad a ndearcadh náisiúnta agus a bhféiniúlacht freisin. Nár aithin na Sasanaigh go maith é sin, nuair a chuir siad coscanna orainn mar gheall ar úsáid ár dteanga féin!

Ar aon nós, chuir rialtas na Fionlainne córas oideachas in áit ag úsáid na bprionsabal sin ag deireadh an 19ú haois, agus choimeád siad in áit é ó shin i leith.  D’éirigh leis an gcóras sin le himeacht aimsire, agus anois tá aitheantas idirnáisiúnta ar chóras oideachais na Fionlainne mar cheann de na cinn is fearr ar domhan.  

An oibreodh córas mar sin in Éirinn? Níl fáth ar bith nach n-oibreodh! Tá olltáirgeacht intíre (OTI) an duine i bhfad níos mó (caoga faoin gcéad) in Éirinn ná san Fhionlainn. Caitear níos mó airgid in Éirinn (fiche cúig faoin gcéad) ar an gcóras oideachais freisin. Níl aon leithscéal againn, mar sin! Seo ach cúpla moladh don rialtas nua a bheidh againn lá amháin, chun ár gcóras oideachais a fheabhsú.

Sa chéad áit, tá sé thar a bheith uafásach go bhfaigheann na múinteoirí a thosaigh ag obair tar éis 2010 níos lú pá ná na múinteoirí a thosaigh roimhe sin. Rinne an cinneadh sin in aghaidh na géarchéime eacnamaíochta a tharla i 2008. Ach cén fáth go bhfuil sé i bhfeidhm fós? Tá an difríocht timpeall deich faoin gcéad idir phá an dá leibhéal, agus leanann sé mar sin gach bliain. Ag an am céanna tógann sé níos mó ama go minic na cáilíochtaí múinteoireachta a bhaint amach sa lá atá inniu ann.  Cleachtais éagóracha fostaíochta é sin a dhéanamh, agus cuireann sé lagmhisneach ar fhormhór na mic léinn ollscoile dul leis an ngairm sin, go háirithe nuair a ardaíodh costas tithíochta méid mór le déanaí.  Mar sin, is é mo chéad mholadh ná an éagothroime sin a chur i gceart gan a thuilleadh moille. Chabhródh sé sin go mór leis an easpa mhór múinteoirí atá sa tír.

Sa dara háit, tá sé an-tábhachtach go mbeadh spriocanna coiteanna ag saoránaigh na tíre, ó thaobh a ról sa tsochaí.  Tá sé an-tábhachtach freisin go mbeadh coinsias sóisialta comhroinnte le chéile. Is iad teanga, cultúr agus stair na tíre a nascann an pobal le chéile.  Dá luaithe a mhúinfear na luachanna sin, is ea is fearr é.  Chun na haidhmeanna sin a chur i gcrích, mholfainn ardú ar líon na Gaelscoileanna, ag úsáid airgid a bheadh curtha ar an leataobh ag an rialtas chuige sin gach bliain. Tá éileamh ardghlórach ann cheana féin, mar éiríonn go hiontach leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna.

Tá moltaí eile ar intinn agam freisin, ach dá ndéanfaí dul chun cinn ar na moltaí thuasluaite, is dócha go mbeimis go léir sásta leis na torthaí luath go leor!

.

.

.

.

Rún Na Nordach!

Pionós an tSamáraigh Mhaith!

An tseachtain seo caite, rinne mé achoimre ar dhaoine a rinneadh éagóracha móra orthu faoi lámh gnó ar an mórscála. Tá a fhios agam gur gheall mé scéal duit freisin, ach tar éis réamhrá fada, ní raibh spás agam don scéal! Gabh mo leithscéal agus gan a thuilleadh moille, seo é scéal an tSamáraigh Mhaith agus cad a tharla!

.

Thosaigh an scéal ar Oíche Nollag, 2019, i bPortland, Oregon, sna Stáit Aontaithe. Bhí fear darb ainm Marc Eugenio ag stáisiún peitril ag iarraidh tanc folamh a athlíonadh. Ní raibh ach fadhb amháin aige leis sin. Ar an drochuair, fadhb mhór a bhí ann – bhí a iarmhéid cuntais folamh. Ach lóisteáil sé a seic pá sa bhanc cúpla lá ó shin, agus níor ghlan siad a sheic go fóill. Bhí sé tréigthe ar fad. Ní raibh sé in acmhainn íoc as braon peitril, agus bhí sé rófhada dó siúl abhaile san fhuacht.

Bhí sé ag an mbanc níos luaithe an lá céanna, ag iarraidh an fhadhb a réiteach, agus dúirt fostaí an bhainc leis go mbeadh a chuid airgid ar fáil i gceann tamaillín. B’fhéidir go ndúirt an fostaí é sin ionas go bhfágfadh Marc!

Ar aon nós, chuir sé glaoch ar uimhir saor in aisce a bhí ag an mbanc, ag súil go mbeadh sé in ann teacht ar réiteach ar an gceist. Emily James a d’fhreagair an fón, oifigeach sinsearach ag ionad glaonna an bhainc i bPortland. Bhí sí ag iarraidh cabhair a thabhairt dó ar feadh uair a chloig, nuair a rith sé léi nach mbeadh an t-airgead ar fáil dó lá ar bith feasta.

De ghnáth, chríochnódh an scéal ag an tráth seo, agus ní bheadh a fhios againn cad a tharlódh do Mharc, ach go deimhin bheadh sé i gcruachás.  Ach tharla eachtra neamhghnách ag an bpointe sin, b’fhéidir mar aimsir na Nollag a bhí ann!

D’airigh Emily go dona mar bhí a custaiméir i bponc ceart agus thairg sí cúnamh a thabhairt dó. Thiomáinfeadh sí ón ionad glaonna go dtí an stáisiún peitril agus thabharfadh sí fiche dollar dó. Ar dtús, dhiúltaigh sé don tairiscint. Níor mhaith leis cur isteach uirthi. Ach dúirt sí go dtabharfadh sí sos ón obair chun an t-airgead a sheachadadh dó, agus d’aontaigh sé go drogallach ansin.

Fuair Emily cead óna maoirseoir agus thiomáin sí achar gearr go dtí an stáisiún peitril ina raibh Marc ag fanacht. Ghuigh sí beannachtaí na Nollag ar Mharc, agus í ag tabhairt an t-airgead dó. Scéal deas spreagúil é sin dá gcríochnódh sé anseo, ach arís, níl sé críochnaithe fós!

Dúirt Emily níos déanaí nach ndéanfadh fiche dollar a lán difríocht di, ach dhéanfadh sé an-difríocht do Mharc, mar bheadh sé in ann dul abhaile go dtí a theaghlach.  Ach ní raibh an banc ar aon intinn léi faoi! Is é fírinne an scéil gur thug an banc an bhóthair di agus dá maoirseoir freisin. Dúirt an banc léi gur bhris an bheirt acu na rialacha agus gur chuir siad an banc agus iad féin i mbaol nach gá. Ní bhfuair Emily aon phá scarúna, cé go raibh sí ag obair ann le breis is dhá bhliain anuas.  Níl Emily pósta, ach d’úsáid sí a seic pá deireanach chun bia a fháil dá madraí.  Fágadh beo bocht í, agus bhí uirthi a plasma fola a dhíol le leanúint ar aghaidh.

Tá ráiteas físe ag an mbanc i gceist – U.S. Bank – ina maíonn siad: Tá ár bhfostaithe cumasaithe an rud ceart a dhéanamh.

Nuair a rinne Nicholas Kristoff iarracht ceist a chur ar príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhainc, níor fhreagair Andrew Cecere an fón. Ach nuair a d’fhoilsíodh a cholún, fuair Kristoff glao gutháin ó Cicere féin.

“Nílimid mar sin – tá botún déanta againn” a dúirt Cicere go doilíosach. ‘Glacaim úinéireacht ar an drochghníomh sin agus cuirfidh mé i gceart é!’

Fuair Emily glao gutháin ó Cicere, agus bhí sé soiléir go raibh Cicere buartha i dtaobh Emily agus a maoirseoir.  Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an mbanc ar an gcás seo anois, agus is dócha go ndéanfar athruithe i bpolasaithe an bhainc ar ball beag. B’fhéidir go dtabharfar a bpoist ar ais don bheirt fhostaithe!.  Rinne Cicere rud amháin ceart faoi dheireadh, ach is dócha nach dtarlódh fiú amháin é sin, mura nochtadh an fhírinne i gcolún Kristoff sa chéad áit!  

.

Rún Na Nordach!

Comhlachtaí Cruálacha!

Níl aon rud chomh cumhachtach le scéal daonspéise chun teachtaireacht thábhachtach a chur in iúl dúinn.  Rith an smaoineamh tuisceanach liom le déanaí agus mé ag léamh alt scríofa ag Nicholas Kristoff sa ‘New York Times’. Is iriseoir é a bhfuil duaiseanna Pulitzer buaite aige. Clúdaíonn sé topaicí le hábhair éagsúla mar cearta daonna, cearta na mban, cúrsaí sláinte agus cúrsaí domhanda.

Agus an t-alt á léamh agam, bhuail smaoineamh eile mé. Tá tuairimí polaitíochta Bernie Sanders agus a lucht tacaíochta ar chroí na ceiste acu thall i Meiriceá. Tá comhlachtaí ilnáisiúnta ag scriosadh sochaí na linne, ionas go bhfuil sé ag titim as a chéile i Meiriceá.  An gceapann tú go bhfuil siad á n-iompar iad féin níos fearr anseo in Éirinn?

Is ábhair mhachnaimh na samplaí seo, a bhfuil láithreacht ag roinnt acu in Éirinn.

Phillip Morris USA, R.J. Reynolds, Altria, Lorrilard:

Iadsan i dtionscal an tobac atá ciontach i mbás na milliúin duine gach bliain, agus mharaigh siad i bhfad níos mó daoine ná Stalin féin. Shéan na comhlachtaí gur cúis ailse é an tobac, nó gur druga é nicitín a chothaíonn andúil an-chumhachtach. Shéan siad na fíricí go dtí rialú na Cúirte Feidearálaí ar an chás, nuair a dhírigh siad dóibh i 2017 na fíricí a ghlacadh agus a insint do phobal na Stáit Aontaithe. Ach meastar fós go bhfaighidh timpeall deich milliún duine bás ó nicitín sa bhliain 2030. Conas a d’fhéadfadh rud mar sin a tharla? Tarlóidh seacht milliún de na básanna i dtíortha an Tríú Domhan, áit nach bhfuil a lán rialacháin tobac i bhfeidhm.

Purdue Pharmaceutical, Johnson and Johnson, Teva Pharmaceutical, Mc Kinsey & Company agus comhlachtaí eile:

Tá géarchéim sna Stáit Aontaithe le drugaí ópóideacha, agus faigheann a lán úsáideoirí bás gach bliain. Bhí pionóis gearrtha ar chuid de na comhlachtaí luaite, ach tá cásanna móra ar siúl fós. is mar a chéile straitéis comhlachtaí cógaisíochta agus na comhlachtaí tobac, is é gach rud a shéanadh, agus ansin moill a chur ar gach cás sa chúirt.  Tar éis an tsaoil, nach bhfuil comhlachtaí tobac agus comhlachtaí cógaisíochta sa ghnó céanna – mangairí drugaí an t-iomlán acu!  

Dála an scéil, maraíonn tionscal an tobac ocht n-uaire níos mó daoine ná tionscal cógaisíocht, fiú i ndiaidh treascairt tionscal an tobac sa chúirt!

Boeing:

Bhí a fhios ag cuid mhaith de na fostaithe ag obair ag Boeing go raibh fadhbanna maidir leis an eitleán ‘737 Max’. Rinne siad iarracht an fhírinne a cheilt ó rialtóirí an Údaráis Eitlíochta Feidearálach (FAA). Thuairteáil dhá eitleán (737 MAX) an bhliain seo caite agus níor tháinig aon duine slán. Ar dtús, d’fhógair Denis Muilenberg, príomhoifigeach feidhmiúcháin, nach raibh aon fhadhb leis na heitleáin. Ach go luath ina dhiaidh sin, bhí athrú poirt air! Ní raibh sé rófhada tar éis sin gur éirigh sé as a phost. Níos déanaí, in Eanáir 2020, tháinig a lán cáipéisí inmheánach chun solais a chuir neart fianaise doshéanta le fáil atá cáinteach do Boeing. Bhí go leor ábhar gáirsiúil sna cáipéisí sin. Mar shampla, fuarthas an ráiteas gránna seo: “Fir agus mná grinn le moncaithe mar stiúrthóirí acu, a dhear an t-eitleán seo.”  Ní gá dom rud eile a rá faoi!

Facebook agus Cambridge Analytica.

Abair slán le do shonraí pearsanta. Mura gcreideann tú cad atá i gceist, b’fhéidir nár chuala tú cad a tharla. D’úsáid Cambridge Analytica aip ar Facebook chun ceisteanna a chur ar dhaoine a d’íoslódáil an aip. Ghoid Cambridge Analytica sonraí pearsanta ó na daoine sin, agus ó gach duine eile a bhí ina ngréasán sóisialta freisin. Sa tslí sin, fuair siad sonraí pearsanta ar 87 milliún duine agus dhíol siad iad do bhithiúnaigh nach ar mhaithe linn atá siad. Gan dabht, bhí tionchar polaitiúil á imirt acu ar an bpróiseas, agus go háirithe ar thoghcháin thábhachtacha i Meiriceá agus sa Riocht Aontaithe. Níl Cambridge Analytica ann fós, agus tá ar Facebook céimeanna a dhéanamh chun do shonraí pearsanta a dhaingniú. Ach bí cinnte gur armrás atá ann.

Scéal?

Ach nach ndearna mé tagairt do scéal Nicholas Kristoff? Rinne, agus luaigh sé cinn de na comhlachtaí thuasluaite ina scéal. Chuir mé béim ar ainghníomhartha na gcomhlachtaí ionas go mbeifeá in ann a fheiceáil cé chomh truaillithe is atá siad. Ansin, beidh comhthéacs níos fearr agat an tseachtain seo chugainn, nuair a inseoidh mé an scéal duit faoi dheoidh.

.

  .

.

.

.

.

.

.

.

Rún Na Nordach!

Ceisteanna Móra na Fichidí!

Tá deis mhaith againn ag tús na fichidí cúpla buncheist a chur orainn féin!

Cad iad na dúshláin atá amach romhainn? Agus cad iad na céimeanna is féidir linn a thabhairt i dtreo réitigh inoibrithe?    

Ar an drochuair, níl aon easpa fadhbanna ann, ach roghnóidh mé ceann amháin an-tábhachtach an tseachtain seo, agus cinn eile in ailt atá ar na bacáin.

.

Téamh Domhanda

Tá a fhios agam go bhfuil beagnach gach duine ar fud an domhain buailte leis an ghéarchéim seo. B’fhéidir gurb é seo an dúshlán is contúirtí aon áit ar thalamh an domhain. Bhí cuma dhearfach ar chúrsaí sa bhliain 2016, nuair a tharla an Comhaontú Pháras, an príomhchomhaontú idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide. Bhí an comhaontú seo daingnithe ag beagnach gach tír ar fud an domhain.  Ar an drochuair, chuaigh rudaí in olcas tar éis sin.

Sa chéad áit, fágtar do gach tír a spriocanna féin a leagan amach, agus níl aon phionós mura mbuailtear iad. Sa dara háit, níor shroich aon tír mhór tionsclaithe fiú amháin a spriocanna féin go dtí seo. Níos measa i bhfad ná sin, tá na Stáit Aontaithe – an truaillitheoir is mó ar an domhan – ag tarraingt amach as an gComhaontú. Fiú dá shroichfeadh gach tír a spriocanna, ní shroichfí spriocráta an Chomhaontaithe. Ag deireadh an 21ú céad, bheadh méadú 3°C (os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch) ar an laghad, in ionad 2°C mar a shonraítear sa Chomhaontú agus in ionad an 1.5C a chreidtear atá ag teastáil. Déanta na fírinne, chun an 1.5°C a shroicheadh, bheadh orainn leath na n-astúchán dhíobhálacha a ghearradh roimh 2030. Is mór an jab é sin!

An féidir linn aon rud a dhéanamh chun an scéal sin a fheabhsú? Bhuel, níl an dara rogha againn agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh. Ach is iomaí bac atá le sárú againn!

.

Clabhtaí Dorcha Bagracha

Is náire shaolta iad na coireanna timpeallachta atá á dhéanamh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe. Nuair a thosaigh sé a théarma oifige, bhí rialacháin timpeallachta láidre i bhfeidhm. Ceann de na chéad rudaí a rinne sé ná cheap sé Scott Pruitt mar cheannaire Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA). Seo fear le stair fhada ag dul go dubh in éadan na Gníomhaireachta sin, agus fear a thionscain go leor agraí ina n-aghaidh! D’fhág sé an post dá bhrí líomhaintí caimiléireachta. Ní raibh sé ann ach timpeall bliain amháin, ach rinne sé an-dochar san am a bhí sé sa ról. Fuair Trump ceannaire nua ansin, fear darb ainm Andrew Wheeler, iarstocaire tionscail an ghuail! Bí ag caint ar shionnach I measc na sicíní!

Ní aon údar iontais anseo. Nach é an tUachtarán féin a dúirt nach bhfuil sa Téamh Domhanda ach bréagnuacht, cé go maíonn a rialtas féin go bhfuil an Téamh Domhanda ag tarlú gan dabht, agus an cine daonna ar chúis leis! Is trua mhór na rudaí atá á dhéanamh ag Trump ina thír féin, agus níl seans go mbuailfidh na Stáit Aontaithe na spriocanna a bhí acu. Cuir leis sin a dtarraingt amach as an gComhaontú Pháras agus ardaíonn sé an cheist – an bhfuil aon ábhar dóchais againn?

.

Plean Tarrthála?

Tá codarsnacht iomlán idir an Trumpach – tarbh i dteach itheacháin agus an tslip bheag girsí atá i nGreta Thurberg, nach bhfuil ach seacht mbliana déag d’aois anois. In ionad raiméis agus bréagacha an Uachtaráin, nuair a labhraíonn Greta Thurberg, cloiseann tú guth na chéile. Ach cad a d’fhéadfadh an cailín scoile seo a dhéanamh in éadan cumhacht mar sin. Iontas na n-iontas, méid mór! D’eagraigh an cailín seo an ghluaiseacht is mó sa phláinéad ó thaobh na daoine óga de, chun brú a chur ar dhaoine fásta agus rialtais an domhain dul i ngleic le Téamh Domhanda. Rinne sí óráidí ag cruinnithe éagsúla a bhí ag na Náisiúin Aontaithe agus an Fóram Eacnamaíochta Domhanda (WEF). Labhair sí ar ‘TED Talks’, bhí sí ar an teilifís agus an raidió agus glacann sí páirt ghníomhach ar na meáin shóisialta agus an t-idirlíon.  Roghnóidh ‘Time Magazine’ Greta mar ‘Person of the Year’ i 2019 freisin!

Tá an domhan ag tabhairt aire do Ghreta agus a lucht leanúna, agus tá súil agam go mbeidh siad in ann an taoide a iompú, agus bua a fháil ar an mian bháis atá ag scriosadh ár bpláinéad.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Rún Na Nordach!

Go dté tú slán, a Pheadair

Chuaigh Peadar Bairéad ar shlí na fírinne breis agus mí ó shin, agus méala mór a bhás, ní hamháin dá theaghlach agus cairde, ach do Ghaeilgeoirí i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre. D’fhág sé oidhreacht shaibhir dúinn go léir. Cé nach bhfuil an fear iontach seo linn níos mó, tá a thionchar beo slán.  Bhí tionchar mór aige ar na daoine go léir ar chas sé leo agus freisin ar na daoine ar léigh a chuid scríbhinní.

Toisc gur rugadh Peadar timpeall an ama céanna agus a rugadh ár dtír, bhí cosúlachtaí láidre eatarthu ar dtús. Bhí siad bocht nuair a bhí siad óg, ach bhí misneach acu. D’éirigh siad níos saibhre de bharr a eitic oibre. Bhí grá acu dá dteanga, cultúr agus creideamh. Bhí a bhféiniúlacht an-tábhachtach dóibh.  Le himeacht ama, áfach, d’fhás difríochtaí eatarthu. Tháinig maolú sa tír seo ar ghnéithe áirithe den teanga, cultúr agus faoi dheoidh, creideamh freisin, ach d’fhág Peadar dílis dóibh i gcónaí.  Sa tslí sin, is féidir saol Pheadair a fheiceáil mar thaisceadán todhchaí, cosúil le saolta Peig Sayers agus Tomás Ó’Criomhthain a chuaigh roimhe.  Agus cosúil le Pheig, Tomás agus údair eile, d’fhág Peadar taifead scríofa dona shaol, i ngach rud a scríobh sé, ach go háirithe ina dhírbheathaisnéis.   

Sárscríbhneoir ilchumasach agus bisiúil ba ea Peadar, le bailiúcháin leathan liteartha chun é sin a chruthú.  D’fhág Peadar seoid náisiúnta dúinn agus don tír, gan dabht ar bith.

D’fhág sé oidhreacht thábhachtach i gCill Chainnigh freisin, is mó mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin agus mar cholúnaí nuachtáin sa Kilkenny People. Thosaigh sé ag múineadh i gColáiste Chiaráin sa bhliain 1966, nuair a bhí an ceantar in ísle brí, ní hionann is sna laethanta seo. Ní raibh mórán tionscail ann, seachas monarcha bróga, ina ndéanadh ‘Mocassins’ ó 1967 go dtí 1987, agus grúdlann Smithwick’s, ceannaithe ag Guinness i 1965.   Ní raibh earnáil na turasóireachta ann ar chor ar bith, gan trácht ar bhialanna!  

Duine forásach agus macánta ba ea Peadar, agus cé mar gnáthrud é pionós corpartha sna scoileanna ag an am sin, níor leag sé a lámh ar dhalta riamh. Agus aon uair a bheadh argóint idir daltaí nó fiú idir múinteoirí, glaodh ar Pheadar, mar bhí an cháil sin air a bheith in ann réiteach síochánta a fháil. Ba mhar a chéile aige gach duine, agus mar sin, bhí meas mór idir dhaltaí agus mhúinteoirí air. Mar mhúinteoir, mhúscail Peadar dúil sa léann i mbeagnach gach dalta, ionas gur mhaith leis aithris a dhéanamh air. Dúirt a lán iarscoláirí liom gur spreag Peadar go mór iad, agus ní haon timpiste é go bhfuil go leor acu ina múinteoirí agus sagairt anois, fiú amháin leas-phríomhoidí nó príomhoidí! Tá roinnt mhaith daoine cáiliúla ann freisin ar mhúin Peadar iad, san áireamh iománaithe, bainisteoirí iománaíochta, polaiteoirí, Ardeaspag agus máinlia croí! Agus tá a lán daoine eile ann a bhí tionchar dearfach ag Peadar orthu freisin.

.

Ach b’fhéidir gurb é an tionchar is láidre a bhí ag Peadar ar mhuintir na háite go hiondúil ná a cholún sa Kilkenny People. Scríobh Peadar as Gaeilge, agus ní raibh mórán le léamh as Gaeilge sna nuachtáin áitiúla ag an am sin. Lasadh tine bheag agus thosaigh daoine ag léamh a cholún gach seachtain. Scríobh sé faoi gach ábhar, ó chúrsaí reatha go spórt, ó chreideamh go polaitíocht, ó scéalta agus dánta go léirmheasanna leabhar agus scannán. Bhí an lucht léitheoireachta chomh dílis sin, gur chuir siad go tréan i gcoinne an cholúin a stadadh nuair a bhí sé sin ar tí ag an bpáipéar. Nuair a d’aithin an páipéar an méid suim a bhí ag daoine sa cholún sin, d’athraigh siad a intinn, agus lean an colún ar aghaidh.  Spreag an colún daoine eile freisin agus thug sé misneach dóibh an Ghaeilge a úsáid agus mar sin, diaidh ar ndiaidh, méadaigh an ghluaiseacht. Anois, tá Gaelscoileanna, ciorcail comhrá agus popup Gaeltachta ar fáil, agus tá eachtraí Gaeilge eile ar siúl i gCill Chainnigh freisin. Bhí ról beag ach tábhachtach ag an gcolún seo sa mhéadú sin. Sin tionchar mór a bhí ag Peadar ar staid na Gaeilge i gCill Chainnigh. Agus sin fáth iontach leanúint ar aghaidh leis an gcolún, cé nach bhfuil Peadar inár measc níos mó!

.

.

en_USEnglish