Sága an Leathanbhanda!

Sága an Leathanbhanda!

Níl leathanbhanda ardluais agam fós, mar tá fadhbanna móra ag baint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.  Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam, agus cén fáth gur ábhar tábhachtach é, is é atá i gceist ná rochtain idirlín in Éirinn.  Tá rochtain idirlín mar ocsaigin nó uisce sa lá atá inniu ann. Tá sé tábhachtach do dhaoine sa bhaile agus do ghnólachtaí. Tá sé tábhachtach d’eacnamaíocht na tíre anois, agus beidh sé i bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí.  Níl seirbhísí idirlín ag breis is milliún daoine sna ceantair thuaithe. Agus mar sin, déanann na fadhbanna leis an bplean dochar millteanach do na ceantair sin. Ní rud maith don tír é seo!

Táimse féin ag fanacht le leathanbhanda le blianta anuas anois.  Tháinig cábla snáthoptaice chomh gairid dom le leath ciliméadair, ach stad sé ansin.  Tá mo theach i gCarraig Seabhac i ndeisceart an chontae. Shocraigh mé beagán taighde a dhéanamh ar an ábhar, le teann caidéise.  Bhain a bhfuair mé amach siar asam.

Tá scéal an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda dochreidte.  Níl spás anseo an scéal go léir a insint, ach seo na buaicphointí.  Bhí an plean cumtha i 2012 le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach duine agus gach comhlacht in Éirinn faoi dheireadh 2020.  Thógfadh sé sin cáblaí snáthoptaice a crochadh go 840,000 áitreabh. Chuir an Rialtas amach cuireadh chun tairisceana don togra seo. I lár 2016 phioc siad trí thairgeoir agus thosaigh an chéad chéim eile den phróiseas ansin.  Thosaigh an trioblóid freisin.

I lár 2017 rinne ceann de na tairgeoirí – Eir, margadh leis an Rialtas, chun breis ar 300,000 do na háitreabh a choimeád dóibh féin, le gealltanas seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil dóibh roimh dheireadh 2018  . D’fhan Eir in iomaíocht leis an dá thairgeoir eile freisin, sin SIRO (ilchomhlacht ESB agus Vodaphone) agus ENET (comhlacht snáthoptaice faoi úinéireacht Granahan McCourt ag an am sin).

I Meán Fómhair 2017, tharraing SIRO amach, ag rá nach raibh cás tráchtála ann a thuilleadh.  Is dócha tar éis na 300,000 áitreabh a bhaint amach, bhí an cás tráchtála níos measa dóibh.

In Eanáir 2018, tharraing Eir amach, ag rá go raibh imní orthu faoi rialacháin agus praghsáil.   Thart ar an am sin, tháinig SSE (comhlacht fóntais as Albain) agus John Laing (comhlacht forbraíocht infreastruchtúr) isteach le ENET sa mhargadh.  Ansin ní raibh ach an cuibhreannas sin fágtha. An iomaíocht go léir imithe! Agus anois bhí Dave McCourt (fiontraí Gael-Meiriceánach agus bunaitheoir a comhlacht infheistíochta Granahan McCourt Capital) mar chathaoirleach an cuibhreannas.

I lár na bliana 2018, bhí go leor cruinnithe idir an tAire Dennis Naughten, agus Dave McCourt.  I mí Iúl d’fhág SSE an cuibhreannas tairiscint. Rinne Granahan McCourt margadh le Irish Infrastructure Fund (IIF) ( comhlacht infheistíochta faoi thacaíocht an Stáit), agus cheannaigh IIF an chuid is mó den chomhlacht ENET.

I Meán Fómhair fuair an Rialtas an tairiscint dheireanach ón gcuibhreannas.  Bhí an cuibhreannas sin ag athrú fós, mar d’imigh John Laing amach agus tháinig Actavo (comhlacht Denis O’Brien), Nokia, The Kelly Group agus KN Group isteach.  Thart ar an am sin, d’íol McCourt an píosa ENET a bhí fágtha aige go IIF.

Beagán ina dhiaidh sin, thug comhlacht Luxembourg – Cube, cás i leith McCourt, ag deimhniú gur gheall sé go ndíolfadh sé cuid den ENET dóibh, agus mar sin go raibh sé ag sárú an chonartha eatarthu.

Agus ansin, fuair daoine amach go raibh cruinnithe idir Naughten agus McCourt, cruinnithe  príobháideacha san áireamh. Tarraingíodh go leor ceisteanna eiticiúla ansin faoi na cruinnithe sin.   Bhí brú ollmhór ar Naughten ansin, agus d’éirigh sé as a phost go luath ina dhiaidh sin.

I mí an Mhárta 2019, níl aon socrú fós.  Beidh an togra seo an daor – suas le 3 billiún Euro a deirtear.

Scéal an-chasta is ea é, agus ag deireadh an lae, níl ach tairgeoir amháin fágtha, atá tar éis athrú an oiread sin nach é an t-eintiteas céanna anois é.  B’fhéidir go bhfuil sé in am don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean, mar chomh maith le fadhbanna tairgeoirí, is fiú bheith ag machnamh ar theicneolaíochtaí nua freisin atá ar fáil anois nó go luath.

Idir an dá linn, ní bheinn ag féachaint ar Netflix ag mo theach go ceann tamall maith eile!

.

.

.

.

.

.

Sága an Leathanbhanda!

An tOileánach Deireanach

Comhthéacs

Do scríobhas go mion-chruinn ar a lán dár gcúrsaí d’fhonn go mbeadh cuimhne i ball éigin ortha agus thugas iarracht ar mheon na ndaoine bhí im’ thimcheall a chur síos chun go mbeadh ár dtuairisc ’ár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann.

Scríobh Tomás ó Criomhthain é seo sa bhliain 1926, sa leabhar “An tOileánach. Bhí údair cháiliúla eile ó na Blascaodaí ag scríobh leabhair thart ag an am céanna, go háirithe Peig Sayers (Peig) agus Muiris Ó’Suilleabháin (Fiche Bliain ag Fás).

Ba iad eachtrannaigh a thóg faoi deara go raibh Gaelchultúr speisialta caomhnaithe ar na Blascaodaí, agus nach raibh aon áit eile san Eoraip ina raibh seanchultúr beo fós. Ar dtús, i 1907, tháinig an tOllamh Carl Marstrander ón Iorua chun Gaeilge a fhoghlaim. Ba é ‘an Viking’ an leasainm a chur na daoine áitiúla air. Chas le Tomás Ó’Criomhthain agus déirigh sé soiléir gan mhoill gurb é Tomás an Máistir  agus Carl an scoláire. Chuaigh Carl go Baile Átha Cliath tar éis sin ag obair mar Ollamh an tSean-Ghaeilge. Tháinig mac léinn ón Bhreatain Mhór darb ainm Robin Flowers, chun staidéar a dhéanamh faoi stiúir Carl. Spreag Carl é turas a thabhairt ar an Bhlascaod Mór. Thit na hOileánaigh i ngrá le Bláithín, an leasainm a thugtar air!

Tinig daoine eile ansin chun foghlaim agus staidéar a dhéanamh. D’iarr siad ar na hOileánaigh a scéalta féin a scríobh síos ionas nach gcailltear iad. Mar sin scríobh roinnt bheag Oileánaigh na leabhair tábhachtaigh thuas. Léiríonn na leabhair cháiliúla saol mhuintir na Blascaodaí dúinn go léir.  

.

The Loneliest Boy in the World

Le déanaí, léigh mé leabhar Béarla darb ainm “The Loneliest Boy in the World”, le Gearóid Cheaist Ó Catháin agus Patricia Ahern. Chuirmé i gcuimhne na smaointe thuas.

Déanann Gearóid cur síos ar shaol ar an Bhlascaod Mór sular aistríodh amach ar an míntír an tríocha duine a bhí fágtha. Scríobh Liam Robinson alt faoi Ghearóid i 1949, ina ndúirt sé gurb é Gearóid ‘the loneliest boy in the world’, mar ní raibh páiste eile ar an oileán ag an am sin. Cé nach raibh sé sin fíor, bhain Gearóid cáil amach de bharr sin.  

Nuair a chonaic an t-údar Patricia Ahern agallamh teilifíse le Ghearóid ar TG4, bheartaigh sí teagmháil a dhéanamh leis chun comhobair ar leabhar. Ar dtús, níor chreid sé go mbeadh aon suim ag daoine ina shaol. Ach chuir Patricia a mhalairt ina luí air, agus scríobh siad an leabhar.  Bhain sé na deora asam, mar táimid ag léamh scéal brónach faoi dheireadh.

Sa leabhar, buailimid le clann Ghearóid daoine iontacha flaithiúla cé go bhfuil saol deacair acu. Is rud iontach an ceangal idir Gearóid agus a chlann, go háirithe a sheantuismitheoirí. Déanann Gearóid cur síos maith ar shaol a mhuintir ar an Oileán agus i nDún Chaoin inár shocraigh siad tar éis bhogadh ón Oiln i 1954.

D’fhreastal sé ar scoil Naomh Seosamh in Achadh Úr i gCill Chainnigh ar feadh tamaillín, ach níor thaitin sé leis mar scoil forbhannach a bhí ann. Bhí sé níos sásta ag freastal ar scoil sa Daingean agus ba bhreá lena chroí é. Thosaigh sé ag imirt peile le foireann na scoile, and d’éirí go mór leis sa spórt sin.

Tar éis scoil, thosaigh sé ag obair i gCorcaigh le comhlacht leictreachais. Bhí poist éagsúla aige tar éis sin. Phós sé a bhean chéile i gCorcaigh agus bhí beirt chlainne acu.

Sna hochtóidí nuair a d’ iarr Meiriceánach an Blascaod mór a cheannach, tháinig cuthach feirge ar Ghearóid agus chuaigh sé isteach i bhFondúireacht an Bhlascaod agus d’éirigh leo stad a chur leis. Ag an am seo, is leis an Rialtas dhá thrian den Blascaod Mór ach tá an chuid eile le húinéireacht phríobháideach. Dá bhrí sin, níl an Rialtas in ann Páirc Náisiúnta a chruthú fós, ach tá súil againn go mbeidh Páirc Náisiúnta ann lá amháin chun cuimhní cultúr speisialta na háite a chaomhnú. Bheadh sé sin ina Clabhsúr iontach chomh maith le tosach úrnua i ról cultúrtha do na hOileáin speisialta seo.

.

Sága an Leathanbhanda!

Dialann Scoláire

Bhí mé ag siortú trí mo tharraiceáin le déanaí agus rún agam slacht a chur orthu.  Bhí mé istigh ina gceartlár nuair a tharraing rud éigin m’aird. Leabhar nótaí stróicthe a bhí ann, agus bhí m’ainm lámhscríofa go bródúil ar an gclúdach.  Thuig mé láithreach go mba leabhar an-sean a bhí ann, agus bhí sé sin deimhnithe nuair a d’oscail mé é.

Bhí dáta scríofa ag barr gach leathanach, os cionn scríbhneoireacht pháistiúil.  Dialann bheag as Gaeilge a bhí ann, dar m’fhocal, agus míorúilt a bhí ann gur tháinig sé slán chomh fada sin.  Bhí mé ar bís le tosú ar é a léamh. Bhí sé an-suimiúil ar fad agus taisceadán todhchaí mo shaoil féin a bhí ann.  Ó ré eile ar fad an diallann beag seo, agus b’fhéidir go mbeadh suim agat mionsampla as a fheiceáil, mar tugann sé spléachadh daoibh ar shaol scoláire cónaithe i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh ag tús na seachtóidí.

Seo iad an chéad chúpla iontráil dialainne, le cúpla ceartúchán beag.  Cuirim cúpla nóta lena bhfuil ráite, freisin.

Eanáir 21

Tá mé sa staidéar anois, agus tá mé ag obair go dian.  Tá buachaill mór ina shuí ar bhinse os comhair an ranga.  Tá sé i bhfeighil an staidéir, agus má bhíonn aon duine ag cogarnach nó ag casadh timpeall le linn an staidéir, glaonn sé ar an mbuachaill sin agus iarann sé air dul suas go dtí oifig an Athar Ó’Conchubhair agus a insint dó go raibh sé dána.  Ar an drochuair dom, bhí mé féin gafa ag cogarnach, agus bhí orm é sin a insint don Déan, an tAthair Ó’Conchubhair. Geallaimse duit go raibh pian i mo lámha agam agus mé ag teacht ar ais óna sheomra.

Nótaí:

Halla staidéir a bhí i gceist anseo.  Bhí ar na scoláirí cónaithe a bheith ag staidéar sa halla seo ar feadh trí huaire gach lá sa tseachtain.  Bhí briseadh againn i lár an lae chun an dinnéar a ithe. Bhí sé in am dul a chodladh díreach tar éis an staidéir.

Bhí scoláire sinsearach inár gceannas i rith an staidéir, agus cuireadh an locht airsean mar gheall ar iompar a ranga.  Bhí diansmacht curtha i bhfeidhm, mar ba chroíphrionsabal é san oideachas ag an am sin, faoi thacaíocht phionós corpartha.  Is deacair dúinn a chreidiúint go raibh pionós corpartha inghlactha riamh inár scoileanna. D’fhéadfaí tú a chur i gcarcair trí lámh a leagan ar scoláire sa lá atá inniu ann.

Eanáir 22

Tá mé im scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin agus ní maith liom é, mar níl an bia go deas.  Bhí na béilí sa bhaile i bhfad níos fearr.

Ní maith liom bheith ar scoil mar buaileann na múinteoirí mé.

Tá sé fuar sa leaba agus níl ach trí bhlaincéad thanaí orm.

Tá a lán scrúdaithe le déanamh agam – cúig cinn sa bhliain!  Níl ach trí cinn le déanamh ag buachaillí i scoileanna eile.

Ach nuair a bheidh mé mór, beidh a fhios agam ag an am sin gurbh é seo an rogha scoile ab fhearr.

Nótaí:

Is léir dúinn ón iontráil seo go raibh mé ag streachailt leis na dálaí maireachtála ar an iliomad slí.  Tá sé rí-shoiléir go raibh deacracht agam le pionós corpartha, mar luaigh mé é sa chéad iontráil freisin.  Bhí sé seo ríthábhachtach i mo shaol féin, mar dar liom, bhain an scoil mí-úsáid as a gcuid údarás. Spreag an imeagla fisiciúil sin dubhfhuath údaráis ionam don chuid eile dem shaol.  Dar liomsa, theip go mór ar an scoil agus ar an chóras oideachais an rud a bhí beartaithe a chur i gcrích.

I gcás na rudaí eile, ní raibh siad chomh tromchúiseach mar ba  iad gnáthdheacrachtaí an scoláire cónaithe ag an am sin. Sea – ní raibh an  leaba ró-chompordach; ní raibh bia an phroinntí ró-bhlasta agus dar ndóigh, bhí an iomarca scrúdaithe dúshlánacha againn.  Ach neartaigh na rudaí sin ár gcarachtair, agus d’ullmhaigh siad muid don saol mór.

Agus cé go raibh mé míshásta tríd is tríd, bhí a fhios agam, go mbeadh saol níos fearr agam sa todhchaí, agus mar sin gurbh fhiú dom cur suas leis an míchompord sealadach sin!

B’fhéidir go bhfuil ceacht ann dúinn go léir anseo – go háirithe sna laethanta rathúla atá ann anois!

.

Sága an Leathanbhanda!

Taisteal As Séasúr

De Ghnáth, téann daoine thar lear ar a laethanta saoire i lár an tSamhraidh, agus caitheann siad coicís ina luí ar thrá bhán in áit ghrianmhar sa lá, agus ag ithe agus ag ól i mbialanna áitiúla san oíche.

Ach ní hé sin an t-aon bhealach amháin le laethanta saoire a chaitheamh!

Smaointe

Ní mór duit do laethanta saoire go léir a thógáil sa Samhradh.  Tá buntáistí ag baint le hamanna eile sa bhliain. Mar shampla, is é an Samhradh an t-am a bhíonn na táillí eitilte is costasaí i bhfeidhm, i gcomparáid leis na séasúir eile, go háirithe an Geimhreadh.  Mar sin, bí ag smaoineamh ar bheith ag taisteal díreach tar éis na Nollag, nó tar éis na hathbhliana, agus gheobhaidh tú saor-reic ar eitiltí, ach cuir do shuíochán in áirithe go luath! Eitlíonn Aer Lingus agus RyanAir díreach go dtí a lán cinn scríbe san Eoraip, fiú amháin sa Gheimhreadh.

Ní mór duit coicís a thógáil, ach bheifeá in ann saoire iontach a bheith agat ar feadh seachtaine, nó níos giorra, fiú!

An Cur Chuige

Tá sé sin go maith, ach conas is féidir rud mar sin a dhéanamh?

Ar an dea-uair, níl sé ródheacair do shocruithe taistil féin a dhéanamh.  Más mian leat. Déan do shocruithe le gníomhaireacht taistil, ach bheadh sé sin níos costasaí.

Is fearr liomsa mo shocruithe féin a réiteach, mar tá mé in ann na mionsonraí a stiúradh.  A bhuí don idirlíon, táimse in ann gach rud a dhéanamh i mo shuí sa bhaile. Tá a lán acmhainní le fáil ar líne, agus is dócha go bhfuil a lán bealaí leis na socruithe a bhaint amach.  Tá taithí agam ag pleanáil taistil mar seo, and inseoidh mé daoibh mo chur chuige. Dála an scéil, baineann an cur chuige a chuirfidh mé i láthair anseo le gach sórt laethanta saoire, ní hamháin le briseadh gairid!

Tá sé an-tábhachtach cúrsa taistil a shocrú, agus a scríobh síos.  Sin é an máistirphlean, agus sa phlean seo, tá tú in ann gach rud a fheiceáil in áit amháin i saghas féilire shainaidhme.  Sé an aip a úsáidim leis an obair seo a dhéanamh ná ‘TripIt’ (féach ar: www.tripit.com).  Tá tú in ann an aip seo a chur ar d’fhón cliste, ionas go mbeidh rochtain agat air, ar do thuras.  Tá an aip sin an-úsáideach agus an-chliste, ach níl an spás anseo le mioneolas a thabhairt air. Tá roghanna eile ar fáil leis an jab seo a dhéanamh freisin.

Leis an bplean taistil ginearálta a bhaint amach, tá an suíomh www.rome2rio.com go han-mhaith ar fad.  Cuireann tú isteach tús agus críoch do thuras, agus faigheann tú plean taistil.  Tugann an plean seo duit na roghanna taistil atá agat: eitilt, traein, bus, tacsaí agus siúl, chomh maith le costais agus sceidil.  Nuair atá gach céim den turas deilbhithe amach mar sin, tá sé in am áirithintí a dhéanamh. Tá tú in ann óstáin a roghnú i rith na céime seo, nó níos déanaí.

Tá a lán suímh le fáil chun óstáin a fháil.  Is fearr liom www.agoda.com, www.booking.com agus www.hotels.com.  Tá sé furasta cuardach a dhéanamh don áit agus dátaí, agus áirithiú a dhéanamh ar líne.

Leis an áirithiú eitilte a dhéanamh, tá a suímh féin ag RyanAir agus Aer Lingus, agus tá tú in ann cuardach a dhéanamh ann le heitiltí oiriúnacha.  Tá tú in ann aerlínte eile a chuardach ar www.kayak.com agus a lán suímh eile.

Má tá tú ag iarraidh eolas ar na háiteanna a bhfuil tú chun cuairt a thabhairt orthu, is suíomh iontach é http// www.tripadvisor.com agus tá a lán moltaí agus léirmheasanna ann.

Ár dturas

Chuaigh mo bhean chéile agus mé féin go dtí an Ghréig chúpla mí ó shin i lár an Gheimhridh, ag cuairt ar an Aithin agus ar an gCréit.  D’úsaid mé na hacmhainní thuasluaite, agus bhí an costas go réasúnta.

Mar shampla, leis an bheirt againn, d’íoc muid níos lú ná dhá chéad euro ar ticéid fillte ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Aithin.

Bhí óstán iontach againn nach raibh daor, agus ní raibh an iomarca daoine in aon áit a ndeachamar ar thuras, fiú amháin ar an Acropolis fhéin!

Mholfainnse dhaoibh ‘taisteal i rith an tséasúir chiúin’ a sheiceáil, ag úsáid an eolais thuasluaite!

.

Sága an Leathanbhanda!

New Year's Resolutions

Bíonn deis againn ag tosach gach bliana súil a chaitheamh siar ar an mbliain atá caite agus muid ag ullmhú don bhliain atá amach romhainn.  Go minic, bíonn muid ag ullmhú rúin indéanta, athbhliana. Sí an fhadhb is mó a bhaineann le seo ná go ndéanaimid dearmad ar na rúin athbhliana taobh istigh de mhí nó mar sin!  Sin é an fáth go bhfeiceann tú an oiread sin daoine sa spórtlann gach Eanáir, ach i bhfad níos lú daoine ann i mí Feabhra.

Ach tá réiteach agam!

.

Léarscáil

Ceann scríbe is ea rún athbhliana, ach gan léarscáil níl sé ró-úsáideach.  Sa léarscáil sin, leagann muid amach na céimeanna atá i gceist le dul go dtí an áit atá ar intinn againn, agus an modh chun gach céim a bhaint amach.   

De ghnáth, ní bhíonn againn ach céim amháin agus bíonn orainn an rud céanna a dhéanamh lá i ndiaidh lae.  Cé go bhfuil sé seo simplí a thuiscint, níl sé éasca é a dhéanamh. B’fhéidir gur mhaith linn drochnós a chríochnú agus dea-nós a chleachtú .  Mar shampla, drochnós is ea caitheamh tobac, agus dea-nós is ea aclaíocht.

Uaireanta bíonn níos mó ná céim amháin i gceist agus sa chás sin, sprioc fhadtéarmach atá i gceist.  Cé nach ionann nósanna agus spriocanna, tá tú in ann gach sprioc a bhriseadh síos i nós nó i nósanna.   Mar shampla, nós is ea céad focal a scríobh gach lá, ach sprioc is ea leabhar a scríobh. Chun leabhar a scríobh, tá orm plean a chruthú ar dtús agus ansin é a chleachtú.  Siad na céimeanna a chaitear a dhéanamh ná imlíne a chur le chéile; gach caibidil a scríobh go dtí go bhfuil bunchóip agam agus ansin, iad a scríobh arís go dtí go bhfuil mé sásta leo.  Sa chás seo, cé go bhfuil go leor céimeanna le siúl chun leabhar a scríobh, níl ach nós bunúsach amháin agus sé sin a bheith ag scríobh gach lá! Má ta fúmsa bheith aclaí go aeróbach an bhliain seo chugainn, cad a dhéanfaidh mé?

Deirtear go bhfuil trí chéim i gceist le gach nós: an nod, an gnáthamh, agus an luach.

Is é an nod an spreagadh dúinn an gnáthamh a dhéanamh.  Mar shampla, gach uair a mhothaím strus, caithim toitín.  Tar éis an ghnáthaimh tagann luach éigin. Sa chás seo, mothaím ar mo shuaimhneas agus tá an strus imithe ar feadh tamaillín.  Gach uair a tharlaíonn an nod, tagann smaointe an luach, agus déanaim an gnáthamh. Fásann an nós níos láidre gach uair, agus tar éis cúpla mí, bíonn sé uathoibríoch.  Ní thógann sé aon fhuinneamh é a dhéanamh tar éis sin. Chun nós nua a chumadh, siad na ceisteanna a chaithfidh mé a fhreagairt ná…

1. Cad é an nod a spreagfaidh an gnáthamh?

2. Cad é an gnáthamh féin?  

3. Cad é an cúiteamh ar mo shaothar?  

I gcás an aclaíocht, sé an nod a úsáidim ná bheith ag tiomáint abhaile tar éis oibre.  In ionad dul abhaile go díreach, téim go dtí an spórtlann. Sé an gnáthamh ná rang ‘spin’ ar an rothar aclaíochta, mar tá sé go hiontach mar aclaíocht aeróbach.  Ní bheidh an luach céanna ag gach duine. Cé go mbímse faoi stró nuair a shroichim an spórtlann, tar éis aclaíocht bímse ar mo shocairshuaimhneas. Tá sé tábhachtach nós nua a chleachtadh ar feadh cúpla mí ar a laghad, go háirithe nuair nach bhfuil fonn ort é a dhéanamh.  Tógann sé an t-am sin leis an nós nua a bhunú. Bíonn sé éasca go leor an nós nua a chleachtú tar éis sin.

Bain triail as, agus geallaim duit go mbeidh tú an-sásta leis na torthaí!

.

en_USEnglish