Bóithrín na smaointe, memory lane; leochaileach, delicate; eachtraigh dúinn, tell us; i mbun saothair, at work; ar scor, retired; taibhseach, showy; fís, vision; stádas, status; Ní bheathaíonn na briathra na bráithre, you cant live on words; an iarraidh seo, this time

.

A Blast from the Past

Peadar Bairéad

.

Glaoch telefóin a chuir siar bóithrín na smaointe mé, an oíche faoi dheireadh.

“Cé chuir an glaoch sin orm, an ea?”

Dalta a bhí im rang Gaeilge agam, breis is leathchéad bliain ó shoin, a ghlaoigh orm!

“Agus ar mhiste dúinn a fhiafraí, céard faoi ar labhair sé leat, le tú a chur siar thar áirsí caola, leochaileacha, na mblianta?”

“Muise! níor mhiste in aon chor, nó níl uaim, i ndáiríre, ach gaoth an fhocail, le scéal an ghlaoch telefóin chéanna sin a insint dhaoibh.”

Tell us then!

“Eachtraigh dúinn, má sea!”

“Tá go maith, seo chugaibh an scéal.”

“I gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, a thosaigh mé fhéin ag cleachtadh mo cheirde, mar mhúinteoir, i dtús chaogaidí na haoise seo caite, agus tharla go raibh an gasúr seo, – Muireadhach a thabharfaidh muid air sa scéal seo – sa chéad rang a cuireadh faoi mo chúram. Ag smaoineamh siar anois dom ar na laethe geala, grianmhara, úd, ba dhaltaí iad faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin iad a bheith, a bhí sa rang céanna sin, iad béasach, múinte, díograiseach chun foghlama, agus ómósach dá múinteoirí freisin. Bhí an t-ádh dearg ormsa gur dhaltaí dá leithéid a casadh orm, i dtús mo ré mar mhúinteoir, nó is amhlaidh a chuir siad go mór leis an bhfonn a bhí orm máistreacht a fháil ar an gceird a bhí roghnaithe agam. Ach ní chuige sin atá mé an iarraidh seo.

Into Exile

Rinne mé mo dhícheall, ní hamháin ar Ghaeilge a mhúineadh dóibh, ach ag an am gcéanna, theastaigh uaim meas agus urraim a thabhairt dóibh dá dtír, dá bpobal, agus dá dteanga. Chaiteamar blianta glórmhara i bhfochair a chéile, agus ar deireadh thiar, rinneadar a gcuid scrúduithe, thréig siad an nead, agus chuaigh amach sa saol mór ag saothrú a gcoda, faoi mar is dual do Chlann Éabha a dhéanamh. D’éirigh go maith le Muireadhach s’againne, agus tar éis dó Céim Ollscoile a bhaint amach dó fhéin in Ollscoil na hÉireann san Ardchathair, chuaigh sé thar lear, agus chaith an chuid eile dá shaol oibre, i mbun saothair thar sáile.

Retired

Ar deireadh thiar, nuair a bhí a shaothar thar lear churtha i gcrích aige, agus é imithe amach ar scor, d’fhill sé ar fhod a dhúchais go hInis Crabhain, i gContae Shligigh. Bhreathnaigh sé timpeall air, go bhfeicfeadh sé céard a bhí déanta againn mar phobal, ó d’imigh seisean ar deoraíocht sna caogaidí. Chaith sé roinnt ama i mbun an ghnó chéanna sin, agus thug sé faoi deara, go raibh dul chun cinn iontach déanta againn i gcúrsaí tionscail agus tráchtála, ach thug sé faoi deara freisin, go raibh a lán caillte againn san idirlinn. Ba shoiléir go raibh daoine i bhfad níos gaire dóibh fhéin anois ná mar a bhídís sna seanlaethe. Cinnte, bhí i bhfad níos mó airgid ag daoine, tithe níos fearr acu, agus éadaí níos daoire á gcaitheamh acu, gan trácht in aon chor, ar na caranna taibhseacha a bhí á dtiomáint acu, ach taobh thiar den saibhreas sin uilig, ní raibh an glún nua inchurtha leis na glúnta a bhí imithe rompu ina lán slite, i gcarthannacht, i gcomharsanúlacht, nó i gcomhluadar. Bhí bail i bhfad Éireann níos fearr ar an bhfostruchtúr, agus cuma níos fearr ar bhailte agus ar chathracha ná mar a bhíodh, ach i ndáiríre, ní ar na cúrsaí sin uilig a dhírigh Muireadhach s’againne a aire, ach ar staid na teanga inár measc, agus chomh fada is a bhain sé leis-sean, níor thug sé faoi deara sa ghné sin de shaol an náisiúin ach cúlú, agus teip, ó bhun go barr.”

What of our vision then?

“Cad a tharla don bhfís a leag tusa os ár gcomhair amach i gcaogaidí na haoise seo caite?. Tuigeadh domsa, agus dom chomhdhaltaí, ag an am, go mbeadh talamh slán déanta de shlánú na Gaeilge, taobh istigh de cupla scór bliain nó mar sin, ach nuair a bhreathnaím ar chúrsaí, faoi mar atá anois, feictear dom, go raibh breall orainn uilig ag an am. Céard a tharla in aon chor d’athbheochan na teanga?”

“Bhuel,” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh é a fhreagairt, “Níl an ceart ar fad agat sa mhéid sin. Níl an fhís sin caillte fós ag cuid againn. Tuigtear dom fhéin go ndéanfaidh muintir na tíre seo an tseanteanga a shlánú fós.”

“Ó sea,” ar seisean go searúsach, “agus gheobhaidh Ó Dubhda Ard na Rí, am eicínt sa todhchaí! An bhfuil rud ar bith curtha i gcrích agaibh ó d’fhág mise an tír seo, sna caogaidí, a thabharfadh misneach do dhuine, go bhfuiltear meáite, mar phobal, ar an dteanga ársa s’againne a shlánú fós?”

Progress made

“Bí cinnte go bhfuil, agus níos mó ná rud amháin. Breathnaigh i dtosach ar an bhfás dochreidte atá tagtha ar Ghaelscoileanna, ó cheann ceann na tíre seo, agus níos fearr fós, ní hé an Rialtas is cúis leis an bhfás sin ach tuismitheoirí na tíre seo, tuismitheoirí a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a thabhairt mar oichreacht dá gclann. Chomh maith le sin, tá stádas Náisiúnta bainte amach ag an dteanga i dtír seo na hÉireann, agus chomh maith le sin, tá stádas idirnáisiúnta bainte amach aice freisin mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, gan tagairt in aon chor don ionad atá bainte amach aici sna meáin chumarsáide. Ní beag nó suarach an dul chun cinn é sin i dtréimhse leithchéad bliain.”

“Sea, tagaim leat cuid den bhóthar sin, ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre, agus i ndeireadh na dála nach deacair an seanfhocal a bhualadh?”

“Cén seanfhocal é fhéin?”

Backward Steps

“Beatha teanga a labhairt, agus ar mo thaisteal dom tríd an tír seo, ó d’fhill mé ón gcoigríoch, caithfidh mé a admháil dhuit, gur bheag Gaeilge a chluala mé ó óg nó ó aosta, agus rud eile de, nach bhfeictear dom anois, nach gá feasta Gaeilge a bheith ag baill an Gharda Síochána. Céim mhór ar gcúl gan aon agó, agus nach bhfuil Páirtí tábhachtach Poilitíochta ag moladh anois go gcuirfí deireadh le Gaeilge éigeantach do churaclam na hArdteistiméireaachta feasta. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl déanta ó d’imigh mé ach cúlú i ndiaidh cúlaithe, fhad is atáthar ag iarraidh dallamullóg a chur ar an bpobal le caint faoi shaoirse, agus cearta daonna. Nach bhfuil a fhios ag an saol is ag a mháthair nach bhfuil cead nó ceart ag buíon ar bith teanga an phobail a dhíothú, nó a chur ar ceal. Agus féach”, ar seisean, “an bhfuil áit ar bith ina bhféadfainn téipeanna, nó a leithéid a fháil a thabharfadh deis dom an teanga a athfhoghlaim, nó tá roinnt mhaith di dearmadtha agam sna blianta a chaith mé thar sáile?”

He hung up!

Chuir mé ar an eolas é faoi na cúrsaí sin, agus bhí mé díreach chun a chur ar a shúile dó, nach raibh ar intinn ag éinne an dteanga s’againne a thréigint. Ach, ar mh’anam, níor thug sé an deis sin dom, nó is amhlaidh a chroch sé suas, sul a raibh deis agam a thuilleadh a rá. Ní hé anois go raibh fearg air, nó tada dá leithéid sin, ach is amhlaidh a bhí díomá an domhain air nach raibh an fhís náisiúnta, i leith na teanga, curtha i gcrích againn, faoi’n am seo, agus ar bhealach, déarfainn gur leag sé chuid den mhilleán ormsa, toisc go raibh mo shaol oibre caite agamsa ag saothrú an ghoirt sin o bhí seisean ina ógánach.

Caithfidh mé a admháil, gur chaith mé seal ar mo mharana, tar éis do Mhuireadhach s’againne crochadh suas orm, agus i ndáiríre, níl ar mo chumas fós dearcadh an fhir seo a thuiscint go huile is go hiomlán.

An bhféadfása, a léitheoir, cás Mhuireadhaigh a mhíniú dom?

gaGaeilge