A n S p u a i c S h o l a i s .

************************

.

Bí ag caint ar scéal a bheith i mbéal an phobail, le tamall anuas! Nó ní fhéadfá éisteacht leis an raidió, breathnú ar an teilifís, nó iris nó nuachtán a léamh, ar na mallaibh, gan scéal na Spuaice Spéire sin Shráid Uí Chonaill thú a bhualadh idir an dá shúil. Ní lia duine ná tuairim, i gcás na spuaice céanna sin, nó dár le daoine áirithe, ní raibh ann ach airgead amú, dealbh dá leithéid a thógáil ansin, i gcroílár Shráid Uí Chonaill, nuair a bhí an oiread sin slite eile, leis an airgead sin a chaitheamh, le leas an phobail frí chéile a dhéanamh. Dár le duine amháin, d’fhéadfaí tearmann a thógáil le freastal orthu siúd atá gan foscadh, gan dídean, le díon a chur os a gcionn san oíche, agus sa tslí sin, iad a choinneáil ó fhuacht agus ó bháisteach, agus b’fhéidir, béile na hoíche a chur ar fáil dóibh, in atmosféar cairdiúil, carthannach. Daoine eile ag rá gur chóir Iarsmalann a thógáil leis an airgead sin, le deis a chur ar fáil dúinn, iarsmaí an lae inné a choinneáil slán, agus a sheachadadh ar na glúnta atá le teacht fós. Agus daoine eile fós ag rá, gur mhór an chabhair é, an méid sin airgid a chur ar fáil d’ár n-ospidéil, le freastal ar othair bhochta na tíre seo. Agus dár ndóigh, ní fhéadfá a rá nach bhfuil a gciall fhéin ag chuile cheann de na hargóintí céanna sin, ach, ag an am gcéanna, chomh maith le bia a chur ar fáil don cholainn, is inmholta an nós é freisin, beatha a sholáthar don anam, nó teastaíonn níos mó ná bia ón duine daonna, le talann agus cumas iomlán an duine sin, a fhorbairt agus a chothú…”Ní ar arán amháin a thagann an daonnaí i dtír, ach ar chuile bhriathar a shileann chugainn ó bhéal Dé anuas”. Mar sin, caithfidh mé a admháil, go bhfuilim fhéin tagtha den tuairim anois, nach dochar ar bith é, an dealbh chéanna sin a shuíomh ansin, istigh i gcroílár ár bPríomhchathrach. Seo an dealbh, den chineál sin, is airde ar domhan, agus gan dabht ar bith, mairfidh an dealbh seo mar chomhartha leithleach faoi leith, le cathair Átha Cliath a dhealú ó chathracha uile an tsaoil mhóir, agus ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gurb incháinte an gaisce é sin. Sea, mh’anam, caithfear a admháil anois, go bhfuil bunús mhuintir na tíre seo i bhfábhar an spuaic spéire, nó an spuaic sholais, faoin am seo, go háirithe, ó chonaic siad an tsleá gheal solais seo, ag saghdú a slí i dtreo na spéire, ó lár Shráid Uí Chonaill s’againne, i gcroílár Átha Cliath.

Bhí daoine eile den tuairim, gur chóir úsáid a bhaint as an airgead sin, le scoláireachtaí a bhunú do mhic léinn na tíre seo, go háirithe, dóibh siúd nach raibh ar chumas a muintire, léann Ollscoile a sholáthar dóibh as a n-acmhainn fhéin, scoláireachtaí a chuirfeadh ar a gcumas siúd, saol an mhadaidh bháin a bhaint amach dóibh fhéin, agus dá bpobail, in éineacht leo, amach anseo.

Ar an dtaobh eile den scéal ansin, tá muintir na cathrach, agus muintir na tíre frí chéile, ag imeacht as a gcrann cumhachta, ag iarraidh teacht ar ainm oiriúnach don dealbh neamhghnách spíceach seo. Caithfear a rá, gur i mBéarla atá bunús na n-iarrachtaí seo cumtha, agus sin an fáth gur chuir mé romham, i bpíosa na seachtaine seo, roinnt áirithe ainmneacha oiriúnacha Gaeilge, a leagan os bhur gcomhair amach, le deis a thabhairt daoibh, bhur mbreith fhéin a thabhairt orthu. Ní gá dom tagairt a dhéanamh do na hainmneacha Béarla a baisteach ar an Spíce seo, cheana féin. Mhol daoine áirithe gur chóir “The Spire in the Mire” a thabhairt air, agus dár le duine eicínt eile, b’fhearr “The Nail in the Pale” a chur air, ó tharla go bhfuil an dealbh seo suite i lár na Páile, faoi mar a bhí, fadó. Sea, agus céard faoi “The Viking Needle” mar ainm air. Sin ceann a bhaist mé fhéin air! Ach le hiompó ar an gcéad teanga oifigiúil anois…

Céard faoin ainm atá mar theideal ar an bpíosa seo, An Spuaic Sholais? Dheamhan a bhfuil basctha de, ach oiread, go háirithe, nuair a smaoiníonn tú ar an gClaidheamh Solais, a beartaíodh ag an ionad sin, tarraingt ar nócha bliain ó shoin, anois. Mholfadh duine eile “An Mhéar Fhada” a bhaisteadh mar ainm air. Níl dabht ar domhan, ach go bhféadfadh duine roinnt mhaith earraí a chur ar an méar chéanna sin. Agus céard a cheapfá de “Méirín Dé” mar ainm ar an mball troscáin seo? Is féidir a rá gur ball troscáin é an Spuaic Spéire seo, nó bíonn gá le troscán, amuigh sa tsráid, díreach faoi mar a bhíonn gá leis, taobh istigh de bhallaí tí. Ach le filleadh ar na hainmneacha sin, uair amháin eile, bhí mé ag ceapadh, nárbh olc an smaoineamh é, an dealbh seo a bhaisteadh as eachtra cháiliúil, náisiúnta, eicínt, eachtra a tharla i gcúinne ar bith den tír álainn seo. Nach mbeadh daoine ann, a thiocfadh le hainm, cosúil le, “Píce Nócha hOcht”. Agus tá mé cinnte, go mbeadh daoine ann, a dtaitneodh an t-ainm “An Crann Cruach” leo. Nó d’fhéadfá crann a thabhairt ar an ndealbh seo, agus nach bhfuil sé déanta as cruach dhomheirgthe? Sea, taitníonn an t-ainm sin liom, agus bhronnfainn duais air, dá mbeadh ar mo chumas sin a dhéanamh !!!

Ach níl sa mhéid sin ach an tús, nó tá ualach asail d’ainmneacha oiriúnacha eile, anseo áit eicínt i gcúl mo chuimhne agam.

Ar mhaith leat tuilleadh a chlos?

Ceart go leor, scaoilfidh mé roinnt bheag eile chugat, má sea.

Cuirfidh mé geall, nár smaoinigh éinne fós ar “Tacóid an Bhaic” a bhaisteadh air, nó nach ionann “Bac” agus lúb in abhainn, chomh maith leis an ngnáth mhíniú a iompraíonn an focal céanna sin. Ceann eile dhuit isea, “Dréimire an Diabhail”, sin dréimire a bheadh ag an diabhal le pionós a ghearradh ar a dheisceabail, nuair a bheadh siad ag dul ó smacht air! Geallaimse dhuit é, go mbainfeadh cupla bliain ag gabháil don dréimire sin, an teasbach as, gan aon agó ar domhan!

Ar ball, deirtear liom, go mbeidh sé go hálainn san oíche, nuair a bheidh barr na Spuaice lasta suas, agus ag tréimhse áirithe den oíche, beidh bun na Spuaice dofheicthe. Anois, i gcás mar sin, nach n-oirfeadh an t-ainm “Liam na Giúise” dó? Nó, sa tseanam, d’fheicfeadh daoine solas geal-ghorm ag bogadh timpeall os cionn an phortaigh, san oíche, agus is uaidh sin a tháinig an t-ainm seo, “Liam na Giúise”.

Ainm eile a ritheann liom isea “Sail Chruach”, sea agus céard faoi “An Bior Beannach”, “An Spíce Spéire” “An tSnáthaid Ghréine”, agus tuilleadh, ach caithfear filleadh ar deireadh, agus smaoineamh ar théarma a shásódh searbhús na nÁth Cliathach, ach dár ndóigh, ní ligfinn téarmaí áirithe thar mo bhéal amach, toisc nach maith liom gáirsiúlacht a chothú, am ar bith, agus cé go bhfuilid ann, a dhéanann iarracht ar aithris a dhéanamh ar an logainm Iartharach sin, Bod an Mhanaigh, agus a dteastódh uathu, téarma dá leithéid a bhaisteach ar an Spuaic Spéire s’againne, ní thaobhóinn, in aon chor, lena leithéid, ach céard faoi “Cos gréine cois Life”, nó “An Spicéad Spéire”, nó “Méar an Eolais”, an Spuaic a thóg Seáinín, mar nach minic a bhaistear Seáinín mar leasainm ar an Áth Cliach, sea, agus tuilleadh ar an dtéad chéanna sin, ar liosta le háireamh iad anseo.

Bheadh sé deacair, sílimse, téarma a shásódh searbhas na nÁth Cliathach, a chumadh i nGaeilge, ach ní hionann sin is a rá, nach bhféadfaí téarmaí greannmhara a cheapadh, sa chéad teanga oifigiúil, téarmaí a shásódh cumas grinn an Ghaeil, agus mar sin, le filleadh arís ar théarmaí sásúla.

Cuimhnigh ar an gcuaille a bhíodh acu ar shráideanna an Iarthair Fhiáin, fadó, le capaill a chur i gceangal. Ansin nach bhféadfá téarma cosúil le “Bacán téide do chapaill traochta” a bhaisteach ar an spíce spéire s’againne, nó is ionann ‘bacán téide’ agus an cuaille ceangail sin. Ceann eile a shásódh duine isea, “Bior taiscithe do gheallúintí briste! Sa chás seo, is ionann an ‘bior taiscithe’ sin agus spíce ar a gcuirfeadh siopadóir a chuid billí, ar eagla go gcaillfí iad. Nach mbeadh spíce dá leithéid an-áisiúil, i ndiaidh fheachtas toghchánaíochta, le go bhféadfadh an Freasúra geallúintí briste an Rialtais a spíceáil go poiblí, ionas go bhféadfadh an pobal an scór a choinneáil, le méar ar eolas a dhéanamh dóibh, don chéad toghchán eile. Sea, mh’anam, agus nach n-oirfeadh bior, nó spíce, dá leithéid, don Rialtas freisin, le cuntas a choinneáil ar na geallúintí a cuireadh i gcrích, le linn a dtéarma i gcumhacht! Sé sin, dá mbeadh mórán gaisce dá leithéid déanta acu!

Déarfainn faoin am seo, go bhfuil sibh ag éirí tuirseach den tionscnamh seo ar fad, agus b’fhéidir, go dtuigtear daoibh, go bhfuil scéal mhadra na n-ocht gcos á dhéanamh agam de, agus glacaim leis, go bhfuil cuid den cheart agaibh, ach is ábhar é a bhfuil uaireanta an chloig caite agam ina bhun anois, agus sin an fáth go bhfuil an oireadh sin ainmneacha bailithe agam, cheana féin, agus mar bhuille scoir, ní thabharfaidh mé ach téarma amháin eile daoibh, agus ansin, fágfaidh mé fúibh fhéin é, le téarmaí níos fearr fós a chumadh, agus a cheapadh, i rith na seachtaine seo chugainn. Seo chugaibh, má sea, an t-ainm deiridh anois. Céard faoin gceann seo? “Bior fiacha na bhFathach aosta”

Caithfidh mé é a fhágáil ansin, nó tá mé beagnach imithe as mo mheabhair ag gabhail don chleachtadh seo. Bain tusa triail as anois…….

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

(Peadar Bairéad

Cill Chainnigh.)

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge