“The 5th Horseman”

by James Patterson agus Maxine Paetro

.

Peadar Bairéad

Patterson strikes again

Mar is eol daoibh uilig, ní hé seo an chéad uair agamsa tagairt a dhéanamh do leabhar le James Patterson, sa cholún seo, nó cheana féin, scríobh mé píosaí faoi leabhair éagsúla dá chuid. Leabhair ar nós, The Beach House, The Big Bad Wolf, Four Blind Mice, agus roinnt eile freisin. Ní gá a rá, gur leabhar lorgaireachta atá anseo againn, nó sin an “genre” litríochta a shaothraíonn an t-údar sciliúil seo. Ní gá a rá, ach oiread, gur leabhar mór-ráchairte eile é seo, an cúigiú ceann i sraith faoi leith, “The Women’s Murder Club”, sraith ina n-úsáideann an t-údar na teidil seo leanas :-

The 1st to Die, The 2nd Chance, The 3rd Degree, The 4th of July, agus anois an cúigiú ceann, ar a mbaisteann sé, The 5th Horseman.

Co-Authors

Minic a scríobhann sé i gcomhar le húdar eicínt eile, cleas a oibríonn go seoigh dó. Leabhair den scoth isea chuile cheann a shileann óna pheann líofa, agus chuile cheann acu ag cur síos ar fhoshaol cruálach, fodhaonna, na coirpeachta, agus leabhair freisin, ina léirítear scil agus ealaíon dochloíte, dobhuailte, na lorgaireachta.

Éiríonn le James Patterson a léitheoirí a chur faoi gheasa, áit a gcoiníonn sé iad, go dtí go mbíonn an deoir deiridh diúgtha acu as cibé leabhar mór-ráchairte dá chuid, a bhíonn idir chamáin acu, ag an am.

The Fifth Horseman

Ach le filleadh ar an leabhar breá seo atá idir chamáin agam anseo, tugann muid faoi deara an teideal a bhaist sé air, “The 5th Horseman”. Dár ndóigh, is minic a chualamar cheana faoi “The Four Horsemen of the Apocalypse, agus arís, faoi mar is eol do chách, is iad na “Marcaigh” atá i gceist san Apoclaypse, nó an Bás, Gorta, Plá agus Cogadh. Cuireann an t-údar aguisín leis an liosta sin, agus sé an cúigiú “Marcach”, dár leis, nó “An Duine”, an beithíoch is contúirtí agus is fealltaí díobh uilig.

Suíonn an t-údar an scéal seo i “Municipal Hospital” chathair San Francisco. Ospidéal Poiblí, a bhí ann go dtí le déanaí, nuair a deineadh Ospidéal Príobháideach de. Ospidéal ollmhór a bhí ann ag freastal ar bhreis is céad míle othar in aghaidh na bliana. Faoin am áirithe seo, tosaíonn othair áirithe ag fáil bháis, tar éis dóibh pé leigheas a bhí oiriúnach dóibh, a fháil. Tuigeadh dá lán go rabhthas á marú, agus ó tharla go raibh baint ag an an nDochtúir “Dennis Garza, MD, Dir. Emergency Services”, le bunús na ndaoine sin a cailleadh, ba ghearr gur thosaigh daoine ag ceapadh, go raibh lámh eicínt ag mo dhuine ina mbás.

Hospital Neglect?

Tharla ag an am áirithe seo freisin, go raibh Aturnae cáiliúil mná ag feidhmiú sa limistéar sin, Aturnae a raibh sé deacair an lámh in uachtar a fháil uirthi i gCúirt Dlí ar bith sa dúiche sin. Bhuel, ba é deireadh an scéil é, nó gur shocraigh an tAturnae cáiliúil sin, Maureen O’Mara, caingean dlí a thógáil i gcoinne an Municipal Hospital, a luadh thuas, agus dár ndóigh, tharraingeofaí an Dochtúir Dennis Garza MD isteach sa chaingean céanna dlí sin, mar fhinné. Bhí foireann póilíní i mbun fiosruithe freisin, agus dár ndóigh, orthu sin, bhí duine de phríomhcharachtair an scéil, an Leifteanant Lindsay Boxer, agus í ar a míle dícheall, ag iarraidh a chruthú go raibh an Dochtúir Garza ciontach i ndúnmharú na n-othar úd uilig, a fritheadh marbh agus boinn phráis socraithe ar a súile.

Brass Buttons

Lean an marú i rith an ama seo go léir, agus bhí síniúchán an dúnmharfóra le léamh ar shúile na marbhán sin, i bhfoirm na mbonn práis úd, a luaigh mé.

Lean an chúis dlí chun tosaigh. Fianaise á tabhairt, agus fianaise á cealú, ach le sceéal fada a ghiorrú, ba é a tháinig chun solais, i ndeireadh na preibe, nó go raibh an Dochtúir sciliúil sin, Garza, agus an tAturnae cáiliúil, ag obair as lámha a chéile, sa chaoi go bhfaighfí an tOspidéal ollmhór sin, an “San Francisco Municipal Hospital” ciontach, agus go n-íocfaí na milliúin, agus na milliúin, le gaolta na ndaoine a cailleadh, trí fhaillí an Ospidéil, nó tuigeadh dóibh, dá dtarlódh a leithéid, go dtuillfeadh an tAturnae cáiliúil sin, Maureen O’Mara, lab mór airgid, na milliúin, i ndáiríre. Sea, agus b’in é díreach a tharla, ach ansin, tharla ceataí eicínt sa scéal, agus tháinig coirptheacht na beirte sin chun solais, trí ghéarchúis, agus trí scil na lorgairí agus na bpóilíní a bhí sa tóir orthu, ach má dhein, níor scaoileadh rún na ndúnmharuithe, nó mistéir na mbonn práis, ag an bpointe ama sin.

Epilogue…..Chapter 139

Ach in Iarfhocal leis an scéal, i gCaibidil Céad Triocha a Naoi, scaoiltear an rún sin, agus ní gá a rá, go raibh lámh ag an Leifteanant Lindsay Boxer san éacht gairmiúil, sciliúil, lorgaireachta sin.

Ach b’fhéidir gur fearr an chuid eile den scéal a fhágáil fút fhéin, nó níor mhaith liom an scéal iontach, corraitheach, lán teannais, seo, a mhilleadh ort.

.

.

.

.

gaGaeilge