I m B é a l a n P h o b a i l .

Ar na Misin 17 .

************************************

.

An Domhnach, an 24u Lúnasa, 2003.

Ar ais arís i gCardiff by the Sea, tar éis dúinn seachtain, nó mar sin, a chaitheamh ag fánaíocht timpeall i measc na Misean Spáinneach úd, ar chuir mé fhéin an oireadh sin suime iontu, ó chéad leag mé cos ar Mhisean San Juan Capistrano, sa bhliain 1988. Ní gá a rá, go raibh ábhar machtnaimh bailithe agam, le linn na seachtaine sin, a choinneodh ag cogaint mé, go ceann scathaimh, ach go háirithe, ach ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, thugamar aghaidh ar Oceanside arís le freastal ar Aifreann, i St. Margaret’s Hall, sa chathair sin. Ní call a rá, gur bhaineamar taitneamh as an gceiliúradh (celebration), agus as an seanmóir freisin, agus tar éis dúinn lón taitneamhach a chaitheamh thíos ag an gcé, thugamar aghaidh ar theach cairde linn, a bhfuil cónaí orthu in Oceanside, ó tharla go raibh cuireadh cuairte faighte againn uathu. Chaitheamar an tráthnóna ansin ag caint is ag comhrá, sea, agus ag seanchas freisin. Caitheadh linn go fial, flaithiúil, agus ar deireadh thiar, bhí sé in am dúinne bogadh, nó bhí socraithe againn, dul chuig dráma a bhí á léiriú i gCoronado, thíos i San Diego.

To Coronado City.

Shroicheamar ár gceann scríbe (destination), amuigh ar oileán Choronado, in am tráth. Anois, bíodh gur oileán é an Coronado seo, caithfear a admháil, go bhfuil an t-oileán céanna seo lom lán le tithe agus foirgintí taitnmeamhacha, taibhseacha, áille, agus chuirfeadh sé ionadh freisin ar an gcuairteoir, go n-áirítear mar chathair é, bíodh go bhfuil sé suite anseo i gcuan agus i gcalafort (harbour) San Diego.

“Twelfth Night” .

Ach le filleadh ar an nDráma úd. Ba é an dráma a bhí le léiriú acu an oíche sin, sa Choronado Playhouse (An Amharaclann cois Cuain), nó Twelfth Night (or What You Will) le William Shakespeare, sea, an fear ceannan céanna sin, a bhfuil sean-aithne againn uilig air, sa taobh seo den domhan freisin.

Tuige, a déarfadh duine liom, b’fhéidir, ar shocraigh sibh ar oíche a chaitheamh ag sheandráma dá leithéid, ar oileán mara, amuigh ansin i gCuan San Diego?

Bhuel, taobh amuigh den dráma spéisiúil, corraitheach fhéin, bhí rud eile dár dtarraingt go Coronado, an oíche chéanna sin freisin, nó tharla gurbh é an Twelfth Night sin an dráma deiridh a léireofaí go brách sa tseanAmharclann sin Cois Cuain, agus cuir le sin, go mbeadh an dráma á léiriú amuigh faoin aer, ar ardán a bhí chomh simplí is a d’fhéadfadh sé a bheith, ach é a bheith oiriúnach don ghnó, ag an am gcéanna, nó ba chuid den “7th Annual Coronado Playhouse Outdoor Shakespeare Festival” an léiriú speisialta seo.

Final Curtain.

Conas a tharla sin, an ea?

Bhuel, ba é an scéal a chualamar nó gur díoladh an talamh ar a raibh an Amhaarclann sin tógtha, agus go rabhthas lena forbairt, gan aon ró-mhoill. D’fhág sin nach mbeadh áras nó díon dá gcuid fhéin ag Comhlacht Aisteoirí an Playhouse, agus go mbeadh orthu áras sealadach (temporary) a fháil dóibh fhéin, go dtí go mbeadh an tIonad Nua Pobail tógtha, faoin mbliain 2005. Sea, agus d’fheidhmigh an Coronado Playhouse céanna sin mar Ionad Pobail, do phobal na Cathrach sin, le breis mhaith is leathchéad bliain anuas. Iarradh orainn uilig ár ndícheall a dhéanamh, le haird an phobail a dhíriú ar fhadhb, agus ar chás, na nAisteoirí.

Ach le filleadh ar an Seó fhéin, caithfidh mé a admháil, gur bhaineamar an-taitneamh go deo as. Bhí an aisteoireacht thar barr, agus nuair a smaoiníonn tú, gur deineadh an dráma sin a léiriú, a fheistiú, agus chur ar an ardán, an oíche áirithe sin, saor in aisce, le deis a thabhairt don Chomhlacht roinnt áirithe airgid a bhailiú dá n-iarrachtaí, sa todhchaí. Caithfidh mé a admháil gur mhóide ár meas uilig orthu, an beart céanna sin a bheith déanta acu.

No Free Lunches !

Smaoinigh freisin, gur ligeadh an lucht féachana isteach chuig an Amharclann, an oíche sin, saor in aisce (for nothing), agus tuigfidh tú ansin, go mba fhlaithiúla go mór fada iad, mar lucht féachana, nuair a iarradh orthu síntiús deonach airgid a bhronnadh ar an gComhlacht Aisteoirí sin, a chleachtaigh a gceird, thar na blianta, sa Phlayhouse úd Cois Cuain.

Chuir suíomh na hAmharclainne go mór le hinchreidtheacht (credibility) an scéil, tharla go raibh sé suite ansin cois cuain, agus boladh agus fuaimeanna na mara á séideadh isteach orainn, saor in aisce, freisin, sea, agus báid agus longa farraige ag seoladh leo isteach is amach faoi Dhroichead álainn, dea-dheartha, cuarach (curved), Choronado.

Ní call dom a rá, gur bhain an lucht éisteachta uilig ard-taitneamh as an léiriú sin, nó b’ócáid speisialta, stairiúil í, agus tuigeadh sin do chuile dhuine den lucht éisteachta, agus do lucht an ardáin fhéin, freisin.

Good to be there .

Sea, bhí áthas orainn uilig, gur tugadh an deis dúinn, bheith ar an bhfód don ócáid stairiúil sin, agus i ndiaidh an dráma, bhuaileamar an bóthar abhaile, go Cardiff by the Sea. Amach linn i dtosach thar dhroichead álainn, cuarach, sin Choronado, agus ansin trí roinnt áirithe de chathair San Diego, agus ansin, abhaile linn ar na Saorbhealaí a chuir ar ár gcumas an baile a bhaint amach, gan mhoill, gan stró, gan tranglam tráchta (traffic jam) nó tada dá leithéid.

Sea, gan dabht ar domhan, ba lá dár saol é.

******************************

An Luan, an 25u Lúnasa 2003.

Ruby’s Diner .

Tuirseach fós, tar éis eacthraí iomadúla na seachtaine seo caite, agus tar éis chodladh go headra (late morning), chuamar go hOceanside, le tamall a chaitheamh ag siopadóireacht, nó bhí deireadh ár saoire ag druidim linn, nós na gaoithe. Tar éis tamall a chaitheamh i mbun an ghnó sin, tuigeadh dúinn go raibh in am lóin, agus mar mhalairt, shocraíomar ar lón a chaitheamh, an lá áirithe sin, thíos ag ceann cé, nó tá Bialann an-neamhghnách, an-álainn, thíos ansin ag barr na cé. Anois, ní gnáthché atá acu ansin in Oceanside, mar síneann an ché seo, leathmhíle ar a laghad, déarfainn, amach sa bhfarraige. Dá chruthú sin, tá feithicilí speisialta acu, le daoine a thabhairt ar thuras amach go dtí “Ruby’s Diner”, an Proinnteach neamhghnách sin, thíos ag barr na cé. Proinnteach maith mór isea “Ruby’s Diner”, agus é feistithe ansin, amuigh i lár na farraige, tonnta móra ag réabadh leo thart air, agus faoi fiú, ag an am gcéanna, sea, agus slua daoine, mar is gnách sa taobh seo tíre, ag iascaireacht leo ar a ndícheall mór, thart ar an bProinnteach neamhghnách sin. Chomh maith le sin, bhí báid de chuile shaghas, agus longa freisin, le feiceáil ag seoladh leo sa chuan. Chuile dhuine agus a phort fhéin á sheint aige, mar adeireadh an seandream fadó. Tar éis tamall a chaitheamh ag breathnú ar na radharcanna, chuamar isteach sa Phroinnteach, agus caithfidh mé a admháil, gur caitheadh go fial flaithiúil linn, agus chuir “Ruby’s Diner” cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, i ngearraimsir.

Alaskan Hallibut .

Céard a bhí againn don lón, an ea? Céard eile ach “Alaskan Hallibut”, iasc chomh blasta sin, go gcuireann sé uisce faoi m’fhiacla, smaoineamh air, anois fhéin fiú. B’in an Bialann ba neamhghnáthaí inar chaith mé béile riamh, déarfainn.

Go dtí an chéad ghála eile, mar sin……….Slán…….

.

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

gaGaeilge