M i s e a n S a n t a B a r b a r a .

*********************************

Ba é Junipero Serra, Aspal Chalafóirnia, a shocraigh ar Mhisean a bhunú i Santa Barbara, a chéaduair, bíodh nárbh eisean a thóg, i ndeireadh na dála, ach a chomharba, Padre Lasuén, a rinne an beart sin sa bhliain 1786. D’éirigh go breá le Misean Santa Barbara ó thús, agus faoi dheireadh an ochtú haois déag, bhí taiscumar, trí ghráinseach, siopa leathair, ceárta, agus stórais, tógtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin freisin, bhí thart ar 800 clann Indiach, de Threibh Chumash, ina gcónaí, agus ag saothrú leo, sa Mhisean sin. Tríd na blianta sin go léir, níor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali, ina Chríostaí, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chríostaí é, agus tugadh Pedro air. Bhásaigh sé sa bhliain 1805, agus é ocht mbliana is trí scór d’aois.

D’fhás an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus é d’aidhm acu, an saibhreas sin uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheidís siúd baiste, agus oilte ar thalmhaíocht.

Galraí an fhir ghil.

Ní mhaireann rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an scéal céanna ag Misean Santa Barbara é, nó tharla go raibh an mí-ádh ag rith leo. Sa bhliain 1801, bhuail ráig niúmóine na hIndiaigh, agus ba iad na nuachreidmhigh ba mhó a bhí thíos leis, i ndeireadh na feide. Sea, agus fiú na hIndiaigh a tháinig slán ón niúmóine, bhuail galraí áirithe eile, a d’iompair na Spáinnigh chucu, iad, galraí a chriog a lán acu, galraí cosúil le slaghdán, bruitíneach, agus a leithéid, agus mar bharr an an gclampar, thit an ráta beireatais freisin, ina measc. Ba ghearr gur tuigeadh nár chun leas na nIndiach í an Chríostaíocht.

……Laige is Gabháil……

Faoin mbliain 1820, bhí Misean Santa Barbara ag titim ar gcúl, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalafóirnia, bhí caiscín an Mhisin chéanna sin, maraon le Misin eile na tíre, meilte. Ba ghearr gur deineadh an Misean a dhíeaglaisiú. Sa tslí sin, taobh istigh d’achar réasúnta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Mhisin, agus ina áit, d’fhás sochaí nua, ina raibh na rainséirí móra, agus lucht gnó, in uachtar. Anois, ba chóir a rá anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt áirithe de thailte an Mhisin, agus dóibh siúd a thoiligh chuige sin, tugadh síolta agus stoc dóibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas slí bheata a bhaint amach, mar fheirmeoirí, ach, ba é críoch an scéil sin é, nó gur dhíol roinnt mhaith acu a ngabhaltais leis na rainséirí móra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, trí chaimiléireacht, agus le scéal gairid a dhéanamh de, níor éirigh, olc maith nó dona, leis an scéim sin. Tharla scaipeadh na mionéan ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bhí ann, le tír dá gcuid fhéin a bhunú thart ar an Misean sin.

……….Ré na Stát Aontaithe…….

Faoin mbliain 1847, ba leis na Stáit Aontaithe Santa Barbara. Deineadh cathair Mheiriceánach, den mbaile IndSpáinneach sin, ar an 9 Aibreán, 1850, cúig mhí sular fógraíodh Calafóirnia ina Stát. Leanadh ag baint úsáide as Séipéal an Mhisin, mar Theach Pobail, ó tógadh i dtosach é, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus deirtear, nár ligeadh don lampa sa Sanctóir dul as, ó lasadh a chéaduair é, sa bhliain 1786, agus ní focal beag nó suarach é sin, nuair a chuirtear san áireamh, a ndeachaigh an dúiche sin tríd, thar na blianta fada uilig sin. Sa bhliain 1865, tugadh an Misean ar ais don Eaglais Chaitliceach arís.

Ní haon ionadh, gur tugadh “Banríon na Misean” ar an Misean céanna seo, nó ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, ar a mhéad, ar a áilleacht, ar a dhearadh.

Cuma clasaiceach atá le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh álainn sin, agus glactar leis an dtuairim, nach bhfuil a leithéid eile le fáil in aon cheann den Mhisean is fiche, a thóg na Spáinnigh, fan chósta Chalafóirnia, idir na blianta 1769 agus 1823. Anois, tá an taobh sin tíre an-tugtha do chreathanna talún, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a óige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bhí i mbun tógáil an Mhisin álainn atá le feiceáil againn sa lá atá inniu ann, ná na Padres, Antonio Ripoll, agus Francisco Suner.

……..Foirgneamh Claisiceach…….

Bhí spéis thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na Rómhánach, agus tharla go raibh ailtire Rómhánach, Vitruvius Polion ann, a d’fhoilsigh saothar, sa bhliain 27 BC. “Sé Leabhar na hAiltireachta” a bhaist sé ar an saothar céanna sin. Tháinig Ripoll ar an saothar sin, agus ní shásódh tada é, ach dearadh le Polion do Theampall Páganach, a réaladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, tá a shliocht sin ar an Misean céanna, go dtí an lá atá inniu ann, nó tá dearadh Gréag-Rómhánach le léamh air, ó bhun go barr. Chuir méad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, tá scairdeán álainn Múrach le feiceáil fós, agus taobh thiar den Mhisean, éiríonn sléibhte áille bánghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh áilleacht an fhoirgnimh, i bhfráma ollmhór na timpeallachta.

Isteach linn. Ba chosúil le hIarsmalann é. Bhí seomraí ansin agus iad leagtha amach díreach mar a bhídís, i laethe an Mhisin. Anseo, d’fheicfeá seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In áit eile, tá saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlisí agus saothar na gceardaithe Indiacha le feiceáil ansin ag an turasóir.

……Turas an Mhisin……

Thóg sé cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus dár ndóigh, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainn, nó an séipéal. Ní séipéal beag nó suarach atá i gceist anseo againn, ach séipéal mór, atá céad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dhá throigh is daichead, ar airde. Seasann an dá Thúr ochtó seacht troigh os cionn leibhéal na talún. Chuir maisiú agus ornáidíocht an tséipéil chéanna sin ionadh nár bheag orainne, nó bhí idir dhealbha agus phictiúir ansin, le croí agus anam an adhraitheora agus an chuairteora, a ardú, agus a spreagadh. Ach, thar aon rud eile, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainne, nó na dealbha móra, ealaíonta, inchreidte a bhí le feiceáil againn i gceann de na taobhshéipéil. Bhí beogacht, inchreidteacht, agus fírinne dochreidte, le tabhairt faoi deara iontusan nach bhfeictear ach go hannamh in obair ealaíonta dá leithéid. Bhí ceann acu thar barr ar fad. Ba é a bhí á léiriú sa cheann sin, nó Íosa ag lorg dí ar an mbean Samáireach. Beag nach bhféadfá a gcomhrá a chlos!

Ar deireadh, bhíomar amuigh faoin aer arís, agus ualach asail de chuimhní bailithe, stóráilte againn, cuimhní a ghealfadh cibé laethe gruama, dorcha, a bhí os ár gcomhair amach, sa todhchaí.

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

gaGaeilge