I mBéal an Phobail.

Ar na Misin . 15 .

An Aoine, 22 Lúnasa 2003.

In ár suí arís le giolc an ghealbhain, an mhaidin Aoine seo, nó bhí ullmhúcháin agus pacáil le déanamh againn, don turas, fós. I ndiaidh ár mbricfeasta a scaoileadh siar, luíomar isteach ar an bpacáil, agus níor thóg sé an oiread sin ama orainn, a raibh le déanamh a dhéanamh, agus bhíomar réidh cun bóthair, thart ar a deich a chlog ar maidin. Ar SLO, sé sin, San Luis Obispo, a thugamar aghaidh i dtosach, nó tá Misean breá, álainn, sa mbaile sin, agus bhí socraithe againn cuairt a thabhairt air, ó tharla sna bólaí sin muid. Shroicheamar SLO, ar deireadh thiar, agus caithfidh mé a rá leat, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad teacht ar an Misean céanna sin, ach ar deireadh thiar, tháinig muid air “downtown” ag Coirnéal Monterey and Chorro Streets.

Padre Serra again.

Ba é Padre Serra fhéin, a bhunaigh an Misean seo, agus ainmníodh é as Naomh Luis, Easpag Toulouse, easpag a mhair sa dara haois déag. Bunaíodh an Misean seo, ar an gcéad lá de Mheán Fómhair na bliana 1772, an cúigiú Misean, den misean is fiche, a bhunaigh na Proinsiascánaigh fan chósta Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco.. Nuair a bunaíodh an Misean a chéaduair, ní raibh air ach díon giolcaí. Anois bhí na hIndiaigh sa dúiche sin cairdiúil, ach bhí Indiaigh níos faide ó dheas, agus ba é a mhalairt de scéal acusan é, agus ba ghearr go bhfuair siad an ball lag i gcosaint an Mhisin, agus chuireadar an díon giolcaí sin tré thine le saigheada bladhmsacha (flaming arrows) a scaoileadh leis. Ach, faoi mar adeir an seanfhocal, nach ionann is muc fear gan seift. Bhuel, smaoinigh na Padres ar na tíleanna tinedhíonacha (fireproof) a bhíodh acu sa Spáinn. Thosaigh orthu, agus ba ghearr go raibh díon tíleanna tógtha acu ar Mhisean San Luis Obispo, agus cead ag na hIndiaigh naimhdeacha dul ag feadaíl ansin, nó ní bhainfeadh a gcuid saighead feanc dá laghad as an Misean feasta.

Rinneadar an Misean a atógáil (rebuilt), sa bhliain 1794. Ar deireadh thiar, sa bhliain 1934, socraíodh ar an Misean a athchóiriú, agus a athnuachan, faoi mar a bhíodh sé sa tsean-am, agus ó shoin i leith, feidhmíonn sé mar theach pobail don pharáiste áitiúil, sea, agus caithfidh gur paráiste réasúnta mór é, nó tá triúr sagart ag freastal ar phobal sin San Luis Obispo.

Mission Visit .

Ní gá a rá, go ndeachaigh muid ar thuras an Mhisin, agus bheadh ar dhuine a rá go raibh an Misean seo an-chosúil leis na Misin eile, ar thugamar cuairt orthu. Bhí le feiceáil againn ann, Séipéal álainn, agus seomrai leagtha amach mar iarsmalanna beaga, agus iarsmai de na seanlaethe ar teaspáint iontu. Faoi dheireadh, bhí sé in am againn bóthar a bhualadh arís, ach shocraigh muid ar lón beag a chaitheamh ansin i San Luis Obispo, agus nuair a bhí cúl curtha againn ar an ocras agus ar an tart, thugamar an bóthar ó dheas orainn fhéin, nó bhí turas réasúnta fada romhainn amach, mar bhí socraithe againn an oíche sin a chaitheamh i Ventura, baile a bhfuil Misean álainn eile ann, Misean a ainmníodh as San Buenaventura, Misean a bunaíodh ar an 31 Márta, sa bhliain 1782, agus an deichiú Misean, a tógadh fan chósta Chalafóirnia, ag na Padres Spáinneacha. Ach ó tharla go raibh píosa fada le taisteal againn, sár a leagfadh muid spág i gcathair álainn Ventura, ní dhéanfaidh mé aon chur síos ar an Misean álainn sin, go dtí an chéad ghála eile. Ach le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, caithfidh mé cur síos a dhéanamh ar an turas corraitheach, spreagúil, a bhí le taisteal againn, ar an mbealach ó San Luis Obispo go Ventura.

We Travel Inland .

Thaistil muid píosa i dtósach ar ár seanchara, Saorbhealach 101, agus ghabhamar thar Pismo Beach arís, agus Grover City, agus ansin, sular tháinig muid chomh fada le Santa Maria, d’iompaigh muid ar thaobh na ciotóige (to the left), agus isteach linn ar Bhealach 166, le go mbeadh deis againn, spléachadh a fháil ar thaobh tíre nach mbíonn le feiceáil, ach go hannamh, ag an turasóir, nó fanann an turasóir, de ghnáth, ar na Saorbhealaigh mhóra, nó is iad is áisiúla, agus is tapúla, le dul ó áit amháin go háit eile, sa tír ollmhór seo. Ar aon nós, bhí am le spáráil againn, agus bhí tiománaí toilteanach againn, fear a bhí sásta sinn a thógáil píosa maith intíre ó Shaorbhealach 101 isteach. Ní raibh na bóithre fan an turais seo, chomh háisiúil leis na Saorbhealaigh, ach ag an am gcéanna, bhí siad sásúil, agus bheadh tír ar bith lán tsásta bóithre den chaighdeán seo a bheith acu. Ach ó tharla go raibh orthu na bóithre seo a thógáil trí shléibhte, agus thar chainneoin agus gleannta doimhne, níorbh aon ionadh nach raibh siad ar chaighdeán na Saorbhealach. B’éigean dúinn, i dtosach, dul thrí chuid de na “Coastal Ranges” raon sléibhte, a shíneann síos suas fan chósta láir Chalafóirnia. Nuair a bhí sin déanta againn, d’iompaigh muid soir ó dheas ansin, síos tré Cuyama Valley. B’álainn go deo an tír trínar ghabhamar. Talamh cuir (Tillage land), den chuid is mó, ag síneadh uait ó thaobh an bhóthair go bun na sléibhte i bhfad uait. Ba bheag ní, i bhfoirm baile, a bhí le tabhairt faoi deara, fan an bhealaigh. Anseo is ansiúd, d’fheicfeá corrtheach, neadaithe ar thaobh cnoic, nó feistithe go dána, amuigh i lár machaire. Caithfidh gur tháinig na hoibrithe feirme amach chuig na feirmeacha seo ó bhailte, a bhí folaithe orainn, i measc na gcnoc, nó bhí oibrithe ina sluaite le feiceáil ag saothrú leo go dícheallach sna goirt bhláfara, leibhéalta, torthúla, a bhí chomh flúirseach sin, ar gach aon taobh dínn.

Beautiful and Wild Country .

Ar ball, chuamar trí bhaile beag, ar chosúil le baile Indiach é, an baile “New Cuyama”, agus stadamar tamall, le peitreal a cheannacht agus roinnt deochanna fuara freisin, leis an gceann is fearr a fháil ar an tart, a thiocfadh aniar aduaidh ort, sna críocha teo seo. Chun tosaigh linn arís. Tar éis scathaimh, tháinig muid chomh fada le “Bealach 33”, agus d’iompaigh muid ar dheis ansin, nó bhí orainn na sléibhte a thrasnú ag an bpointe sin, le teacht chomh fada le Ojai (fuaimítear an t-ainm seo faoi mar ba…”Oh High”, a bheadh agat ann), agus Ventura. Níor dhada a raibh feicthe againn go dtí sin den tír iontach, éagsúil, scoite, scanrúil, seo, go dtí an pointe sin, taobh lena raibh le feiceáil againn anois, nó bíodh go raibh talamh cuir linn fós, ní raibh réimsí leathana den talamh céanna sin linn anois, nó ní raibh ann ach gleann deas, agus talamh cuir ar gach taobh dínn, ag síneadh amach go bun na sléibhte, ach faoin am seo, ba ghiorra go mór fada na sléibhte céanna dúinn anois, nó cheana. Diaidh ar ndiaidh, chúngaigh an talamh cuir, go dtí, sa deireadh, nach raibh rian ar bith de thalamh cuir ag taobhanna an bhóthair. Anois bhíomar linn fhéin, istigh i lár na sléibhte uafara, scanrúla, sin. Ba bheag carr a bhí le feiceáil againn, ach muid ag dreapadh linn (climbing) ar ár míle dhícheall suas cliathán an tsléibhe. Anois is arís, d’fhéadfá stopadh tamall, ag leataobh, le radharc a fháil ar an tír a bhí taistealta agat, agus ar na gleannta doimhne, scanrúla, a bhí fút thíos, ar deireadh thiar, bhíomar ag an bpointe ab airde ar an mbóthar sin, pointe a bhí 4,500 troigh os cionn leibhéal na farraige! Stadamar seal ansin, le háilleacht an radharcra a ól isteach, agus a sábháil i bhfoirm cuimhne, lenár gcroí a thógáil am eicínt sa todhchaí.

Beautiful Ojai .

Chun bóthar linn arís, agus le fána linn síos ar an dtaobh thiar den sliabhraon sin, agus níor thóg sé i bhfad orainn Ojai (fuaimigh an t-ainm seo faoi mar ba “Oh High” a bheadh á rá agat!) a bhaint amach. Ligeamar ár scíth ansin, agus chaith béile ann, nó bhí seanaithne againn ar Ojai, ó thuras na bliana 1988.

Níor thóg sé i bhfad orainn ansin ceann ár scríbe don lá sin, Cathair Ventura, a bhaint amach, áit ar chuireamar fúinn an oíche sin, nó bhí socraithe againn, dul ag breathnú ar Mhisean San Buenaventura, an mhaidin dár gcionn.

Beidh tuilleadh le rá againn faoin Misean sin, sa chéad ghála eile.

.

.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge