Thug mé suntas dó, I noticed it; i bhfastó, entangled; go smior na gcnámh, totally involved (to the marrow of the bones); bainteach le, involved in; screamh na macántachta, a crust of honesty; cuirfidh me cnaipe leat, I’ll bet you a button.

.

I mBéal an Phobail

Recollections of a Writer by Accident

by………………… J. Anthony Gaughan

.

By Accident

Thíos i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé an lá cheana, agus mé ag iarraidh teacht ar leabhar eicínt, le seal léitheoireachta a bhaint as, nuair a tháinig mé ar Recollections of a Writer by Accident. Don chlúdach a thug mé suntas i dtosach, nó ar an gclúdach céanna sin bhí grianghraf de roinnt áirithe d’ár scríbhneoirí cáiliúla, daoine ar nós, John B. Keane, Brendan Keneally, Frank O’Connor, Séamus Heaney, Bryan McMahon, agus tuilleadh. Caithfidh mé a admháil freisin, gur chuir mé suim in ainm an údair fhéin, nó ní dhéarfainn go raibh an oiread sin aithne curtha agam ar a shaothar thar na blianta, bíodh go raibh sé ag scríobh leis go rábach, os íseal, thar na blianta fada. Tuigeadh dom, i dtosach, go mba dhuine ón Iarthar a bhí agam ann, nó is líonmhar an cine iad na Gáchanaigh thiar againne in Iorras. Bhí breall orm sa mhéid sin áfach, nó ba ghearr go bhfuair mé amach, go mba Chiarraíoch go smior na gcnámh é an scríbhneoir céanna seo, J. Anthony Gaughan.

Cen cineal leabhair ata idir chamain againn anseo, an ea?

Recollections

Bhuel, d’fhéadfá cuimhní cinn, nó dírbheathaisnéis, a thabhairt air, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is cuimhní cinn atá i gceist anseo, ina leagann an t-údar, os ár gcomhair amach, na tarlúintí, agus na scríbhneoirí, a chuaigh i gcionn air mar dhuine a ndeachaigh frídíní na scríbhneoireachta i bhfastó i smior na gcnámh ann, le linn dó bheith ag treabhadh iomaire eile ar fad i bhfíonghort an Tiarna. Sea, mh’anam, agus níor bheag é a shaothar scríbhneoireachta, fiú dá mba dhuine é a raghadh i gcionn na ceirde sin go lánaimseartha. Agus tar éis dom an leabhar céanna sin a léamh, geallaimse dhuit é, nárbh é mo thuairim fhéin, gur de thaisme a thug sé faoin gceird sin, nó is scríbhneoir sciliúil, ildánach, nádúrtha é, a bhfuil bua scríbhneoireacht gafa go smior na gcnámh ann.

Style and Sincerity

Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh idir stíl agus phearsantacht an údair i gcionn go mór orm, le linn dom an leabhar seo a léamh. Tá de bhua ag an nGáchanach gur féidir leis an léitheoir a chur faoi gheasa, lena dháiríreacht, lena scil, agus lena thaighde. Ní bréag a rá go bhfuil blas na scoláireachta, agus boladh na taighde agus na daonnachta, le fáil ar a shaothar. Féach mar a chuireann sé tús leis an leabhar seo:-

“I was born in Listowel in 1932. Like most of my fellow-townspeople mine was only a second-generation Listowel family. My grandfather, John Broderick (known as John Broder/Bruadair before moving into the town) was born in 1863 into a large family on a small farm in Gortdromagowna in the parish of Moyvane/Knockanure.”

Rud a fhágann go bhfuil sé ag tarraingt ar thrí bliana déag is trí scór faoin am seo, aois an-oiriúnach le bheith ag dul siar bóithrín na smaointe, agus ag bailiú na gcuimhní cinn chomh tiubh géar agus is féidir le duine a dhéanamh. Bhí cuid den cheart agam, i dtosach báire, nó níor Lios Tuathailigh ó dhúchas iad na Gáchanaigh, nó labhrann an t-údar faoi Catherine Broderick, daughter of John Broderick, a rugadh sa bhliain 1894, agus faoi mar adeir sé fhéin:-

“She married Anthony Gaughan in 1930. He was one of the large family of Sergeant Anthony Gaughan who retired from the Royal Irish Constabulary in April 1916. After leaving Summerhill College, Sligo, Anthony Gaughan was a clerk in the Great Northern Railway in Portadown, and later in Drogheda. On its establishment he joined the Irish Free State army as a lieutenant and until he left the service was stationed in the Curragh Camp. Subsequently he was in charge of the Labour Exchange in Passage West County Cork.”

Caithfidh go mba Iartharach é an Anthony Gaughan céanna sin, a fuair a chuid scolaíocht i gColáiste Summerhill, i Sligeach.

Born in 1932

Saolaíodh an t-údar fhéin sa bhliain 1932, bliain na Comhdhála Eochairistí, agus bhí a mhuintir seisean ar thaobh an tSaorstáit i mblianta bunaithe an Stáit s’againne. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gContaethe éagsúla i ngeall ar fhadhbanna clainne, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leis an chloch phréacháin a chur ar a chuid oideachais trí Théis a scríobh dá MA, ar “The Metaphysical Value and Importance of the Concept of Being.” Níor bheag nó suarach é mar ábhar do Théis, geallaimse dhuit é.

Sa leabhar atá idir chamáin againn anseo, leagann sé os ár gcomhair amach, ábhair in ar chuir sé fhéin spéis, go minic toisc go raibh siad bainteach lena dhúiche fhéin. Cuirim i gcás, scéal faoi “Stampaé Shanahan”, agus faoin chaoi ar bhain Paul Singer úsáid as ainm Shanahan le screamh na macántachta a chur ar a ghnó seisean i ndomhan casta na Stampaí. Chuir sé spéis freisin, i scéal Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, fear a raibh breac aithne agam fhéin air, tráth raibh mé ag freastal ar an gColáiste Ollscoile céanna sin, tarraingt ar lár dhaichidí na haoise seo caite, agus ní call dom a rá, go mbaininn an-taitneamh as a léacht bhliantúil ar Chéasadh Chríost ar an gCrois. Caitliceach den scoth ab ea Alfred O’Rahilly

Chaith an Gáchanach a dhúthracht freisin, mar bhall den Listowel Writers Week. Níor dhein sé dhá leath dá dhícheall agus é i mbun na hoibre céanna sin, nó is duine é, de réir dealraimh, a bhfuil an-chumas ann, i mbun gnó dá leithéid.

“I met Seamus Wilmot early in 1971. He told me that he had read Doneraile and was glad I was interested in local history. However, he said: ‘Fr.Tony, you should focus your attention on your own area. There are very few places in the country as fascinationg as North Kerry’. Then he told me about the Writers’ Week to be held that summer and that the organising committee were planning to provide some lectures on the area’s history and culture. He invited me to provide a talk and I replied that I would be delighted to do so.”

Work with Writers Week and with PEN

Ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó uaidh sin amach, ba dhuine de thacaí tréana an Listowel Writers Week é an tAthair Ó Gáchain, mar léachtaí, agus mar eagraí. Nárbh é an scéal céanna é i gcás a pháirt i PEN, an eagraíocht domhanda úd, a raibh sé bainteach lei freisin.

Tá píosa breá aige freisin, faoin chaoi ar thaitin sé leis, daoine a chur faoi agallamh, agus é ag iarraidh eolas a bhailiú do leabhar, agus ní haon dóichín é i mbun na ceirde céanna sin, nó téann sé i gcionn ar dhaoine, ar bhealach a chuireann ar a chumas daoine a chur ar a sástacht

“One of the great pleasures in preparing a book for publication is the opportunity to seek out and engage interesting and distinguished persons. In this reagard over the years I have interviewed hundreds of persons……”

Labhrann sé faoi phoiblíocht i gCaibidil a Sé, agus tá píosa spéisiúil aige sa chaibidil chéanna sin faoi Beathaisnéis Tom Johnson, comhbhunaitheoir, agus céad Uachtarán Pháirtí an Lucht Oibre. Is spéisiúil an méid a fuair sé amach, trína chuid taighde, faoi James Larkin:-

“Towards the end of the 1913 lock-out and strike, with the Dublin workers and the trade-union movement in disarray, Larkin, despite the objections of colleagues, left for a lecture tour in the US. His proposed visit lasted more than nine years and he missed out on the Easter 1916 Rising and the war of Independence. On his return to Irealand he attempted unsuccessfully to reagain control of the Irish Transport and General Workers Union.”

Agus an méid sin ar aigne aige, ba thaircuisneach mar a chaith sé le Johnson agus le William O’Brien, agus níorbh fhás aon oíche é an naimhdeas céanna sin, nó lean sé ar feadh na mblianta fada, agus dár leis an údar seo, b’easaontas é….

“which for decades thwarted the attempts of the labour movement to be a major influence in Irish politics.”

Over to you !

Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh faoi sin, ach fágfaidh mé fút fhéin anois é taitneamh agus tairbhe a bhaint as an sár-leabhar seo, agus cuirfidh mé cnaipe leat go mbeidh mo shúil in airde agamsa feasta le leabhair J. Anthony Gaughan.

An-léamh, an-leabhar, agus an-iarracht ar chúrsaí liteartha a shaoil fhéin, a leagan os ár gcomhair amach, ag duine dár scríbhneoirí spreagúla, corraitheacha, ildánacha.

.

gaGaeilge