An Teanga is a Todhchaí

.

(This week we take a look at the findings of another Linguistic Study)

“Oh wise men riddle me this: what if the dream comes true?.. P. H. Pearse.

.

Cinneadh Thuairisc Teangeolaíochta eile

Bíodh go bhfuil a thuairim fhéin ag ’chuile dhuine faoin Tuairisc chéanna sin, ní dóigh liom go bhféadfá a rá, le fírinne, go mbeadh a mbunús ag cur thar maoil le dóchas go bhféadfá bheith ag súil go ndéanfaí an teanga a athbheochan, mura ndéanfaí ár gcur chuige i leith na teanga céanna sin a athrú, agus a athrú go mór. Féach mar a chuir an Coimisinéir Teanga fhéin, Rónán Ó Domhnaill é, san Irish Independent, dár dáta 30ú Bealtaine, 2015….

“The findings outlined in the linguistic study wont come as much of a surprise to those of us living in the Gaeltacht. Nevertheless, to see the future of the language laid out in such stark terms is paricularly poignant and difficult.”

Caithfidh, mar sin, gur tháinig cinnidh na Tuairisce seo aniar aduaidh ar an gComisinéir Teanga fhéin, bíodh go bhfuiltear ag tuar bás agus buanéaga na Gaeilge s’againne le blianta fada anois. Nárbh é Daniel O Conaill fhéin adúirt, sa bhliain 1833, de réir píosa san Independent…

“Although the Irish language is connected with many recollections that twine arround the hearts of Irishmen, yet the superior utility of the English tongue, as the medium of modern communications, is so great, that I can witness without sigh the gradual disuse of the Irish”

Dhealródh sé nár dhíograiseoir ar bith i leith na teanga é an Fuascailteoir fhéin, ina lá!! Ach caithfear a chur san áireamh gur mhair sé i ré eile ar fad, agus caithfidh gur thug sé faoi deara, gur bheag a d’fhéadfadh sé a dhéanamh le cúis na cosmhuintire a fheabhsú gan ábaltacht i dteanga na nGall a bheith ar a dheis aige.

D’imigh sin, is tháinig seo

Ach d’imigh sin, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, bíodh go bhfuil gá fós le scil sa teanga sin, ag an am gcéanna, tá sé soiléir anois, go bhfuil stádas oifigiúil bainte amach ag an nGaeilge a chuirfeadh, go teoiriciúil, ar chumas an tsaoránaigh a ghraithe a dhéanamh trí mheán na chéad teanga náisiúnta. Ach, bíodh gur mar sin atá, ní hionann sin is a rá, go bhfuil na saoránaigh ag baint na sál dá chéile ag iarraidh leas a bhaint as an dteanga chéanna sin, le chuile shórt gnó a dhéanamh leis an Stát nó leis an gcomhluadar frí chéile. Agus bíodh go ngríosaíonn an Stát sinn taisteal fan an bhóithrín chéanna sin, ach ag an am gcéanna, nuair a thagann an crú ar an tairne, feictear go mbeadh driseanna casáin scaipthe go flúirseach fan an chasáin sin, dá dtogródh muid taisteal air.

Níl aon ró-dhóchas ag Michael Wolsey in alt leis ar an Kilkenny Reporter

“Daily speakers of Irish have fallen below the tipping point of 67% in 134 of the 155 electoral areas in the Gaeltacht. So says a report commissioned by Udaras na Gaeltachta which warns that Irish is unlikely to be the majortity spoken language of Gaeltacht areas in 10 years’ time.”

l dabht ar domhan, ach go bhfuil tráth na cinniúna an doras isteach chugainn, nó cé go bhfuiltear ag tuar bás agus buanéaga na Gaeilge le breis is céad bliain anois, ach, go dtí an pointe seo, d’éirigh lei na cosa a thabhairt lei slán, ach faoin am seo, caithfimid ár n-aigne a dhéanamh suas agus bealach amháin, nó bealach eile, a roghnú feasta. Caithfimid cloí, as seo amach, le polasaí an theangachais, nó mura bhfuil muid sásta dul síos an bealach sin, caithfimid slán a fhágáil feasta ag an nGaeilge, nó tá tráth an chur i gcéill thart. Sea, agus caithfidh ár Rialtas déanamh mar adeir siad, in áit bheith dár ndalladh le “Gríosófar” seo, agus molfar siúd. Feicimis dath a gcuid airgid feasta!

Sea! agus céard faoi Fhís Laochra na Cásca anois, agus muid ar bhruach chomóradh céad bliain an Éirí Amach?

.

.

gaGaeilge