I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week, I mBéal an Phobail checks out some of the challenges facing Democracy.)

An Daonlathas faoi Léigear

Is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil a thuiscint fhéin ag gach éinne ar an nDaonlathas, ach, tríd is tríd, is í ciall a bhaintear as, nó pobal á rialú fhéin, le leas an phobail sin a dhéanamh. Tá go breá, ach conas a dhéanann an pobal iad fhéin a rialú? Is dócha go bhféadfá a leithéid a dhéanamh dá mbeadh an pobal sin sách beag, agus go bhféadfaí iad uilig a shlógadh in aon áit amháin, le dlí a achtú, nó a chealú, ach fiú amháin sa chás sin, d’fhéadfá an cheist a chur, cé dhéanfadh an dlí úd a dhréachtú agus a chur os comhair an phobail, agus cé dhéanfadh an pobal a shlógadh? Agus ní pobail bheaga dá leithéid atá idir chamáin againn anseo. Ní hea in aon chor, ach pobail ollmhóra nach bhféadfaí a shlógadh in ionad faoi leith, ar mhaithe le dlithe nó rialacha a achtú. Ach, ní fál go haer é, nó ní bhíonn fadhb ar bith do-scaoilte don té a bhíonn sásta tabhairt faoi réiteach na faidhbe sin a lorg. Is í an fhuascailt is fearr a dtángthas air, go nuige seo, nó ionadaíocht chionmhar, is é sin, go ndéantar an tír a roinnt ina dhoghlaigh bheaga, agus go dtoghann pobail na dtoghlach sin ionadaí, nó ionadaithe, lena dtuairimí-sean a chur i láthair Dála, nó Párlaiminte Náisiúnta. Sin an córas atá againne sa tír s’againne, agus is é an dála céanna é i gcás bhunús thíortha na hEorpa. Go teoiriciúil, ba dheacair an córas sin a shárú, ach, sa saol lochtach, neamhfhoirfe seo, bí cinnte go mbeidh daoine ann a dhéanfaidh chuile dhícheall le leas a bhaint as, ar mhaithe leo fhéin, dála an chait is a chrónan! Feiceann muid uilig conas is cóir córas dá leithéid a oibriú, agus feiceann muid freisin, na buntáistí a bhaineann leis, ach, nach bhfuil sé de dhualgas orainn freisin, súil a chaitheamh ar na lochta atá ar chóras dá leithéid.

Máthair an Ghoir

Ar an gcéad dul síos, feictear dúinn uilig, nach n-oibreodh córas dá leithéid, mura mbeadh na hionadaithe tofa uilig sásta, agus réidh, le feidhmiú ar mhaithe lena bpobail fhéin agus ar mhaithe leis an bpobal náisiúnta, frí chéile, freisin. Sin an áit a bhfuil máthair an ghoir le fáil, nó ní chuile ionadaí a bhíonn sásta, réidh, i gcónaí, leis an dá dhualgas sin a choimhlíonadh faoi mar ba chóir. Cuir leis an leagan amach sin, an nós atá ag Daonlathais, Freasúra ionsaitheach, naimhdeach, a bheith acu, le súil seabhaic a choinneáil ar an Rialtas, agus feicfidh tú ansin, gurb ionann sin agus madra a fháil leis an tír a chosaint, agus ansin chuile iarracht a dhéanamh gobán a chur ann. Agus ní hé sin amháin é, nó sa tslí sin, scaoiltear rúin an Stáit, agus nach bhfuil a fhios againn uilig, nach maith an rud é poll a bheith ar theach ar bith, bíodh an teach sin príobháideach, nó náisiúnta.

Nach é an scéal céanna é i gcás léirsithe?

Déanann an pobal náisiúnta Rialtas a thoghadh leis an dtír a rialú ar feadh tréimhse áirithe, agus chomh luath is atá sin déanta acu, tosaíonn an Freasúra ag cur ina gcoinne, chomh tréan is atá ar a gcumas a dhéanamh. Nach mbeifeá ag súil, go nglacfadh an Dáil ar fad le breith an Phobail, agus nach n-ionsófai an Rialtas tofa, chomh géar, binibeach, eascairdiúil, sin, go háirithe nuair a bheadh an Stát fhéin i gcruachás? Sea, agus tosaítear láithreach freisin, ar léirsithe a eagrú, le hiachall a chur ar an Rialtas toil na léirseoirí a dhéanamh, cuma faoi leas an phobail. Ní beart ró-chiallmhar nó ró-dhaonlathach é madra a cheannacht le bheith mar chosaint agat in aghaidh na robálaithe, agus ansin tú fhéin an tafaint a dhéanamh, in ionad bheith ag súil go ndéanfadh an madra é sin duit. Leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, minic go leor is féidir le lucht léirsithe slua ón dtaobh amuigh a earcú, le téagar a chur sa léirsiú sin. Baineann a leithéid de dháiríreacht an léirsithe sin.

Lucht na Meán

Sea, agus céard faoi lucht na meán? Caitheann siadsan freisin a ndúthracht ag iarraidh gníomhartha an Rialtais a dhíspeagadh. Anois, d’fhéadfadh duine a mhaíomh gur maith an rud é sin, nó coinníonn sé tóirse an phobail dírithe ar an Rialtas, le déanamh cinnte dhe, nach mbeadh aon uisce faoi thalamh ar siúl acu i gcoinne leas an phobail, ach tá faitíos orm, go bhfuil an baol ann, go ndhéanfadh siad a leithéid, ar mhaithe le páipéir a dhíol, nó stáisiúin teilifíse, nó raidió, a chur i mbéal an phobail, nó fiú, le cos i bpoll a chur le polaiteoir áirithe. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil deis ag lucht na meán tionchar míchuíosach a bheith acu ar iompar Rialtais, bíodh sin le leas an phobail, nó a mhalairt. Nach minic a fheictear polaiteoir á chur faoi agallamh ag láithreoir agus é á chroscheistiú faoi mar ba choirpeach déanta é.

Deacrachtaí

Is soiléir, mar sin, go bhfuil deacrachtaí iomadúla le sárú ag Rialtas a thoghtar go daonlathach, más uathu a ndualgaisí a choimhlíonadh, agus leas an phobail frí chéile, a dhéanamh, ar bhealach daonlathach, agus cuir le sin, an claonadh chun oilc agus breabaireachta atá neadaithe, go háirithe iontu siúd a dtugtar cumhacht de chineal ar bith dóibh, ach go háirithe, dóibh siúd a dtugtar cumhacht rialaithe dóibh. Nach cuimhin libh uilig an nath adeir go dtruaillíonn cumhacht, ach go ndéanann lánchumhacht ollthruailliú. Anois an t-am le prionsabail agus cleachtais ár ndaonlathais a scrúdú, a scagadh, agus a chur sa mheá, féachaint an féidir linn, mar phobal, é a chur in oiriúint, agus faoi úim, dár riachtanais iomaí, ag uair seo na cinniúna dár náisiún?

  .

.

.

gaGaeilge