An Pocán sa Pharlús!

.

Cáil a cailleadh

“Nach minic a chloistear an leagan cainte sin ‘The Elephant in the Room’ i mBéarla an lae inniu, nuair a theastaíonn ó dhuine a chur in iúl go bhfuil fadhb dhoscaoilte os ár gcomhair amach, agus gan éinne ag déanamh tagairt di.”

B’in mar a chuir Séimí an Droichid tús lena chomhrá liom, an oíche faoi dheireadh, agus muid beirt sáite go dtí na cluasa, istigh sa Smugairle Róin, thíos ag tóin an bhaile, áit a raibh muid beirt ag cur cúl ar thuirse an lae.

“An bhfuil aon Ghaeilge agat ar an leagan dothuigthe sin?” arsa mé fhéin.

“Ní héasca, dár ndóigh, an leagan sin a thabhairt isteach sa Ghaeilge, ar bhealach a bheadh nádúrtha, dúchasach, ach d’fhéadfá cnaipe a chur air, nach ndéanfadh an cainteoir ó dhúchas iarracht ar é a aistriú, focal ar fhocal ón mBéarla. Mar sin, caithfear teacht timpeall air, ar bhealach eicínt eile. Céard faoi ‘An Pocán sa Pharlús’ a úsáid. Mar díreach sa chaoi nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh den Elephant sa Seomra, ar a mhéid, is ar a chontúirt, is féidir leat a bheith lán chomh cinnte, nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh den phocán úd, ach oiread, ar a bholadh, nó ar a mheigeallach. B’in iad na smaointe a rith liom fhéin, an lá cheana, agus mé ag éisteacht le diospóireacht faoi Chluichí Oilimpeacha Bheijing,” arsa mo Shéimí liom, go deas réidh.

Cuimhní ar Chuairt

“Ach cén bhaint atá ag na Cluichí Oilimpeacha leis an bPocán sin agatsa?”

“Bhuel! sa diospóireacht úd, bhíothas ag caint faoin ndornálaí seo, agus faoin reathaí úd, faoin snámhaí seo, agus faoin mbádóir úd eile. Chuathas siar ar stair na gCluichí sin go dtí na tráth ar cuireadh tús leis na Cluichí Oilimpeacha Nua-aoiseacha, a tionóladh san Ataen, sa naoú haois déag. Ní call dom a rá, nár ligeadh i ndearmad an chéad bhonn óir a buadh sna Cluichí stairiúla sin, an bonn úd a bhuaigh an tÁrainneach cáiliúil sin, Ó Conghaile, sna cluichí sin, lena Phreab, Céim, agus Léim. Deineadh tagairt do Ronnie s’againne, an reathaí, agus do Mhicheál, an Dornálaí cáiliúil, beirt a bhuaigh boinn óir ina ndisiplin fhéin. Tagairt déanta freisin do na hiarrachtaí ollmhóra a rinne lúthchleasaithe eile le cáil a bhaint amach dóibh fhéin sna Cluichí Oilimpeacha, ach tharla nach raibh an t-ádh ina gcaipín, ar an lá, agus nár éirigh leo a raibh saothraithe acu a bhaint amach, daoine cosúil le Sonia O Sullivan, agus Eamonn Coughlan, bíodh gur bhaineadar siúd cáil domhanda amach dóibh fhéin, ar ball, i gcomórtaisí domhanda eile.!

Bodhaire Uí Laoghaire

“Ach a Shéimí! cén bhaint atá aige sin go léir lenár bPocán buile?”

“Bhuel, i rith na diospóireachta sin uilig, ó thús deireadh, bíodh go raibh chuile dhuine ag súil leis, níor deineadh oiread is tagairt amháin do na héachtaí uilig a rinne ár snámhaí cáiliúil, Michelle Smith de Bruen. Níor deineadh an tagairt ba lú di, sa chaint uilig sin, agus nach é an scéal céanna é, i gcás na meán cumarsáide uilig? Ní bheadh duine ag súil lena leithéid uathu, mar nárbh í an Michelle chéanna sin a thóg ár gcroíthe ag Cluichí Oilimpeacha na bliana 1996, Cluichí a tionóadh in Atlanta, Georgia, i Stát Aontaithe Mheiriceá

Brosna Bonn

Is cuimhin liom fhén go maith,” arsa Seimí, “an bród a bhí orm as ár mbanlaoch sna Cluichí céanna sin. Sea, agus an brosna bonn a bhuaigh sí. Nár mhór an t-éacht é trí bhonn óir, agus bonn cré-umha, a bhuachaint i Linn stairiúil Snámha Chluichí na bliana sin 1996. Tuigeadh domsa, nach ndéanfaí dearmad ar an mbanlaoch chéanna sin go raghadh soir anoir. Ach bhí breall orm áfach, nó cheana féin, taobh istigh de dhá bhliain déag, tá sí ligthe i ndearmad ag taoisigh na meán.”

“Tuige? a d’fhiafraigh mé fhéin.”

“Cúrsaí Drugaí, adéarfadh na saineolaithe.”

“Ach, ar cruthaíodh gur bhain sí úsáid as drugaí, le linn na gCluichí Oilimpeacha sin Atlanta, mar sin?”

“Níor cruthaíodh, go bhfios domsa,” arsa mo Shéimí cóir.

Táid ann a chreideann….

“Cén fáth, mar sin, ar cuireadh na líomhaintí sin ina leith?” arsa mé fhéin.

“Toisc gur cruthaíodh gur baineadh úsáid as substaint neodraithe i sampla múin a bailíodh uaithi, tamall i ndiaidh na gCluichí sin, agus dár leis na hÚdaráis, ba leor sin. N’fheadar mé an gchruthódh a leithéid nárbh fhiú an deich triuf na boinn a buadh lei sna Cluichí in Atlanta? Ach, táid ann a chreideann go ndéanann, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ní féidir liom an bród a chuir éachtaí Mhichelle orm, i rith na gCluichí sin, a chealú, agus chomh fada is a bhaineann sé liomsa, fanann Michelle ina banlaoch Oilimpeach fós, agus ní cosúil go n-athróidh na cúrsaí sin, go ceann i bhfad. Fanann sí ansin i measc ar gcuimhní, ach gan éinne sásta tagairt a dhéanamh di. Bí ag caint ar Phocán sa Pharlús! Ó a Thiarcais!” arsa Séimí, “tá mé déanach. Maróidh Naipí s’againne mé.” agus amach an doras leis, gan fanacht le torann a bhróg, ach d’fhág sé ábhar smaointe ina dhiaidh, sea, agus ábhar an ailt seo, freisin!!!

gaGaeilge