An Gasúr ab’ uaigní ar an Saol

(Oisín i ndiaidh na Féinne)

………………………………………………………………….

THE LONLIEST BOY IN THE WORLD.…Céadchló…..2014

by

Gearóid Cheaist Ó Catháin with Patricia Ahern……€12.99

.

Guth úr ón mBlascaod Mór

’s ag an saol, go bhfuil roinnt mhaith leabhar curtha ar fáil ag pobal an oileáin seo, cheana féin, ach seo ceann úr curtha ar fáil ag duine a rugadh ar an oileán fhéin, sa bhliain 1947, agus a bhí thart ar sé bliana d’aois nuair a thréig a mhuintir an Blascaod Mór, sa bhliain 1953. Mar sin fhéin, chaith sé sé bliana dá óige mar bhall de phobal an oileáin agus dá bhrí sin, bhí ar a chumas traidisiún agus cultúr phobal an oileáin, a ól isteach agus a chuid fhéin a dhéanamh de, go réidh nádúrtha, faoi mar a dhiúlfadh leanbh bainne na beatha óna mháthair. Sna ‘Cuimhní Cinn’ seo, cuireann Gearóid, le cabhair óna chomh-údar, Patricia Ahern, cuireann sé síos ar chúrsaí a shaoil fhéin agus ar an saol mór a bhí thart air, feadh a ré.

Faoin am ar rugadh é sa bhliain 1947, ní raibh leanbh ar bith eile á luascadh i gcliabhán ar an oileán. Bhí Gearóid fágtha ina Oisín i ndiaidh na Féinne, gan éinne dá chomhaois ar an mBlascaod le bheith ag déanamh spraoi leis, agus ba é a uncail an duine ab óige de na daoine a bhí fágtha ar an oileán, agus bhí seisean thart ar thriocha bliain d’aois ag an am, nó bhí pobal an Bhlascaoid laghdaithe go mór, faoin am sin, ag an imirce go Meiriceá agus ag daoine óga ag tréigean an oileáin, mar bhí teipthe ar an eacnamaíocht a thug slí bheatha do na hoileánaigh go dtí sin. Faoin am sin, bhí pobal an Bhlascaoid fágtha ar an mblár folamh, gan aibhléis, gan dochtúir, gan sagart, gan scoil, gan eaglais, ach má bhí fhéin, deir Gearóid linn, go raibh óige iontach aige fhéin i measc na gcomharsan. Ach tuigeadh ag an am nach raibh an dara suí sa bhuaile ag na hoileánaigh ach an t-oilean a thréigean, agus tuigeadh do Ghearóid, go raibh fonn ar a mháthair an t-oileán a thréigean, nó bhí a mháthair ag smaoineamh ar scolaíocht a chur ar fáil dó, agus ní raibh scoil nó múinteoir le fáil ar an mBlascaod. Féach mar a chuireann sé sin ina leabhar…

”She was becoming more concerned about my schooling, as I was nearly six years of age. Making sure I got an education became her priority”.

Mar sin, nuair a bhí Gearóid thart ar sé bliana d’aois, d’fhág siad an tsean-áit ar an oileán agus thug siad Dún Chaoin orthu fhéin, áit ar fhás sé suas. Fuair sé a chuid Meánscolaíochta in Achadh Úr, i gContae Chill Chainnigh agus sa Daingean freisin.

I mBéarla a scríobhadh na Cuimhní Cinn seo

Tríd an leabhar seo, cuireann Gearóid síos ar an saol a chaitheadh daoine timpeall air ag an am, agus bíodh gur i mBéarla a scríobh sé a chuimhní cinn, ní locht ar bith air é sin, mar tugann sé le fios dúinn dán na mBlascaodach, a raibh orthu dul i ngleic le saol an Bhéarla, tar éis dóibh an t-oileán a thréigean. Ní hé seo an chéad leabhar a scríobh Blascaodaigh, agus iad ag cur síos go cruinninn, ar shaol a bhí ag dul i léig os comhair a gcuid súl amach, saol nach bhfuil fáil air a thuilleadh, taobh amuigh de na leabhair iontacha sin. Smaoiníonn muid ar, ‘An tOileánach’, le Tomás Ó Criomhthain, Peig, le Peig Sayers, ‘Fiche Bliain ag Fás’, le Muiris Ó Súilleabháin agus tuilleadh. Ní bheidh ar ár gcumas dul chun an tobair sin go deo arís, mura n-éiríonn le Gearóid dul i mbun pinn arís, amach anseo. Ach cibé ar bith é, tá a dhualgas déanta, agus déanta go maith ag Gearóid, mar cuireann sé síos ar shaol a mhuintire, agus ar an dteangmháil a bhí acu leis an saol mór amuigh, agus na daoine cáiliúla a thug cuairt ar an oileán sin le blas an chultúir dúchais sin a fháil, sula leagfaí na hordóga air, nó faoi mar a chuir Tomás Ó Criomhthain go cruinn ceart é…”Ní bheidh ár leithéidí arís ann.”

Leor sin don bhabhta seo, nó tá mé cinnte go mbainfidh tú fhéin taitneamh as Cuimhní Cinn Ghearóid Cheaist Uí Chatháin.

gaGaeilge