.

.

A n R ó d S e o R o m h a i n n …… 2003 .

*************************

(Scríobhadh an píosa seo, Oíche Chinn Bliana 2002)

                                             .

***************************

.

Beannachtaí na hAthbhliana.

.

Tá an bhliain náid a dó anois sínte,

Go tréithlag faoi chiach is faoi chrá,

Is gan súil go dtiocfaidh sí slán

Ó ghalair an ama is an bháis,

Is táimse ag fanacht le fonn

Ar uair an mheánoíche, gan chiach,

Nuair a dhiúgfaidh mé gloine go bun,

Ag fáiltiu roimh bhliain náid a trí.

.

Tá cos i bpoll curtha againn leis an tseanbhliain, le 2002, agus tríd is tríd, bhí daoine den tuairim, nár den togha í mar bhliain. I dtír seo na hÉireann, thosaigh cúrsaí ag dul le sruth orainn. Anuas go dtí an pointe sin, bhí chuile shórt mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an Tíogar bocht Ceilteach ag tál, gan stad, gan sos, gan staonadh, orainn, agus bhí ag éirí thar cionn leis an gComhrialtas a bhí i gcumhacht againn. Ó, sea, agus tuigeadh dúinn freisin, go raibh ag éirí leis an Eaglais Chaitliceach tosú arís, tar éis a raibh d’anró, agus de chéasadh, fulaingthe aice, trí mhí-iompar roinnt áirithe dá ministrí. Bhíomar ag ceapadh, go mb’fhéidir go suaimhneodh cúrsaí tuilleadh, agus go mbeadh ar ár gcumas, creideamh, trust, agus muinín, a atógáil inár measc arís, go réidh, mall, cúramach. Ní mar sin a tharla áfach, nó in áit a bheith réidh leis na cúrsaí sin, is amhlaidh a ligeadh tuilleadh cat as an mála, sa chaoi go mbeidh tamall eile fós le caitheamh againn ag taisteal sa díthreabh, sul má éiríonn linn Tír Tairngire a bhaint amach arís. Ach nach ‘in an saol agat, a mhiceo?

Ní raibh muid gan ár scéalta móra spóirt i rith na bliana, 2002, áfach. D’éirigh thar cionn lenár ngalfairí ar ardán an domhain, go háirithe, Ó hArrachtáin, an fear a fuair an lámh in uachtar ar churadh an domhain fhéin, Tiger Woods, agus ar éirigh leis an milliún a bhuachan thall i Meiriceá, díreach an méid a bhuaigh an Tíogar fhéin anseo, i Mount Juliet s’againne, i rith na bliana céanna sin, 2002. Ní call dom a rá anseo, ach oiread, go raibh an-bhliain go deo ag iománaithe Chill Chainnigh, nó níl sé éasca, nó fuirist, na laethe seo, Craobh na hÉireann a bhuachan sa chluiche chéanna sin! Ach ba iad lucht sacair a sciob na ceannlínte spóirt chucu fhéin, i rith na bliana seo caite. Nach orainn uilig a bhí an bród, agus an t-áthas, nuair a d’éirigh le foireann na hÉireann sa Sacar, fáil isteach i gComórtas Chorn an Domhain, agus níorbh é sin amháin é, ach nach rabhthas ag súil go ndéanfadh siad ainm dóibh fhéin sa Chomórtas gradamach céanna sin. Bhí foireann mhaith acu, agus nach raibh ceann de na himreoirí ab fhearr ar domhan againn i Roy Keane, Nach raibh an seans ansin, go bhféadfaidís an beart a dhéanamh amuigh ansin sa tSeapáin agus sa Chóiré. Bhí go maith is ní raibh go holc! Chuaigh siad amach ansin, tamall roimh ré, sa chaoi go dtiocfadh siad isteach ar aimsir na dtíortha sin, nó bhí sé te go maith iontu, an tráth sin bliana. Bhuel, bhí chuile shórt ag dul go breá, agus ansin, go tobann, d’éirigh idir an mBainisteoir, An Cárrthach, agus an Cathánach. Ba ghearr go raibh craiceann agus cleití á gcur san aer, agus ba é deireadh na mbeart é, nó gur thug an Bainisteoir bata agus bóthar do Roy s’againne, agus b’in sin. Ná síl anois nár dhein ár n-imreoirí a míle dhícheall, ina dhiaidh sin, nó dhein, agus chruthaigh siad go hiontach maith, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, ach ar deireadh thiar thall, níor éirigh leo an Corn gradamach Domhanda sin a tharlú leo abhaile go hÉirinn. Ach sin scéal eile ar fad, do leabhar mór toirtiúil eile! agus tá mé cinnte, go mbeidh tuilleadh le léamh agat sna nuachtáin náisiúnta faoi, go ceann i bhfad fós! Chruthaigh Sonia O Sullivan go maith freisin, agus choinnigh sí ainm na hÉireann, agus a hainm fhéin, i mbéal an phobail, i rith na bliana sin, 2002, freisin.

Bhí daoine ann freisin, a cheap go raibh muid gar do bheith réidh le scéalta uafáis na mBinsí Fiosraithe. Ansin, tháinig an bhliain 2002, agus ba ghearr gur tuigeadh dúinn, go raibh breall orainn, mar díreach nuair a tuigeadh dúinn go raibh tóin pholl tí liabáin sroichte againn, i gcúrsaí scannal agus eile, léiríodh dúinn, nach raibh muid i ngar fiú, don ghrinneall fós. Léiríodh sna Binsí Fiosraithe, go raibh tuilleadh líomhaintí á ndéanamh in aghaidh ár lucht polaitíochta. Bhí daoine áirithe á rá freisin, go raibh ceisteanna le freagairt ag baill áirithe den Gharda Síochána. Le fírinne, tá an oireadh sin fiosraithe á ndéanamh, i láthair na huaire seo, agus tuilleadh geallta! go gceapfadh duine, nach mbeidh ar ár gcumas teacht ar an bhfírinne uilig choíche, agus go bhfuil pointe áirithe ag teacht, nuair a bheidh orainn, mar phobal, líne a tharraingt faoi na Binsí Fiosraithe, agus na leabhair uilig a dhúnadh, ionas go bhféadfaimis tosú arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an babhta seo, na gaistí mímhorálta a bhain leagan as daoine go nuige seo, a sheachaint feasta. Nó mar adúradh sa taifeadadh úd, a deineadh ar ghuth an pháiste ÁthCliathach sin fadó, nuair a bhíomar uilig i bhfad Éireann níos saonta ná mar atá muid anois…nuair adúirt sí….

……Give up yer oul sins…

Bhí sin olc go leor, ach ar na mallaibh, leath an scéal ina loscadh sléibhe i measc daoine, go raibh comharthaí báis agus buanéaga ag teacht ar ár dTíogar bocht Ceilteach. Sea, mh’anam, agus go raibh a chaiscín meilte, an créatúr! Geallúintí toghchánaíochta a thacht an gadaí, adeirtear! Níl dabht ar domhan ach go mothóimid uainn an Tíogar bocht céanna sin, nó nárbh é a thál go fial flaithiúil ar ár muintir, le roinnt mhaith blianta anois. Nárbh é a d’fhág bunús thíortha an domhain in éad linne anseo i gCríoch Fodla, as an bhail bhreá sláintiúil a bhí ar eacnamaíocht ár dtíre. Ná caillimis dóchas áfach, nó pé rud a dheineamar san am atá thart, beidh ar ár gcumas é a dhéanamh arís, agus ina leitheid de chás, fillfidh an Tíogar fial sin orainn an athuair, má oibríonn muid chuige, mar phobal.

Agus cúrsaí aimsire de! Óra fuist! Nó a leithéid de bhliain ní raibh againn le fada anois. Nach cuimhin libh uilig an Samhradh nach raibh againn anuraidh? In áit an tSamhraidh chéanna sin, ba é a bhí againn nó báisteach agus stroirmeacha, ceo agus smúit. Sea, ba bheag fiach a raibh a theanga bheag amuigh aige leis an dteas, i rith an tsamhraidh seo caite, geallaimse dhuit é! Ó, admhaím go raibh Samhradh beag na nGéanna againn, i Mí Dheireadh Fómhair, agus cé go mba mhaith ann é, déarfadh duine, go raibh sé tuillte, agus tuillte go maith, againn! Agus céard faoi Mhí na Nollag fhéin? Nárbh é breith na saineolaithe é, gurbh í an mhí ba fhliche riamh í, agus ní beag ná suarach an focal é sin. Sea, chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí aimsire, tá mé ag ceapadh go mbeidh sé deacair fear nó bean a fháil a chaoinfeadh an bhliain 2002.

Ní gá dhom anseo dul siar ar na scéalta sin anois, nó nach cuimhin le chuile dhuine agaibh iad, agus fiú má bhí dearmad déanta agaibh ar na huafáis sin uilig, nár dhein na Meáin Chumarsáide a míle dhícheall len iad a chur ar bhur súile daoibh arís iad. Bhuel, ní haon mhaith bheith ag dul siar arís ar na cúrsaí sin anois, san aiste seo, agus muid ar thairseach na bliana úire, mar cé gur chóir dúinn súil a chaitheamh siar, thar an bhliain atá imithe uainn, isteach i muilleann an ama, agus nár dhein mé sin daoibh an tseachtain seo caite, nuair a bhí Oíche Chinn Bliana idir chamáin agam. Anois an t-am le súil a chaitheamh romhainn, féachaint céard tá os ár gcomhair amach, agus céard tá beartaithe againn fhéin a dhéanamh, i rith na bliana seo chugainn. Sin iad na rúin athbhliana, a bhíonn i mbéal gach éinne, thart ar an am seo.

Fáiltímis uilig roimh an bhunóc atá anois á bogadh i gcliabhán an ama, agus gan mórán deanta aice fós. Sea, agus guímis fad saoil uirthi, agus Brat Mhuire á cosaint ó Lá Coille go hOíche Chinn Bliana. Síocháin, sástacht, sonas, agus séan, go raibh ag chuile dhuine de chlann Éabha a mhaireann ar thalamh na cruinne seo anocht.

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre áfach, agus cé gur bhreá linn uilig an dea-fhocal, ag an am gcéanna, sa chás seo, tá fhios againn, nach mar sin go díreach a tharlóidh ar an saol anróiteach seo, i rith na bliana seo 2003, atá díreach ag leathadh a leabhair os ár gcomhair amach anois. Is beag duine beo, a bhfuil aon choinnlíocht ann, nach bhfuil ag ceapadh, go bhfuil baol cogaidh ag bagairt orainn uilig, sul má théann an bhliain seo anonn sna míonna. Tá súile an chine dhaonna dírithe anois ar an Iaráic, agus ar an té atá i gceannas ar phobail na tíre míámharaí sin. Tá Meiriceá, -George Bush ach go háirithe, – den tuairim, go bhfuil airm ilscriosacha stóráilte ag Sadam Hussein, rialtóir na tíre sin, agus tuigtear dóibh, gur bhaol dá thír fhéin, agus do thíortha eile, na hairm ilscriosacha céanna sin. Tá an saol ag coinneáil a n-anála, féachaint céard a tharlóidh sna laethe, agus sna seachtainí atá romhainn amach. Nár lige Dia mór na Glóire dóibh cogadh fíochmhar dá leithéid a thosú, nó cé go bhfuil sé éasca go maith cogadh a thosú, níl sé chomh héasca sin a rá cathain a chríochnódh sé, nó dá dtosódh an cogadh sin, ag Dia amháin atá a fhios, cad iad na fórsaí a ligfeadh scliúchas dá leithéid saor i measc daoine. Dia idir sinn agus an anachain! Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, nach bhfuil an Chóiré Thuaidh ag cur na cosa uaithe freisin, agus í ag bagairt go raghadh sí a bealach fhéin, chomh fada is a bhaineann sé le cumhacht núicléach a ghiniúint agus a fhorbairt. Ní bheadh sin chomh holc sin, ach amháin go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin, go bhfuil ar chumas na tíre sin, buamaí eithneacha a chur i dtoll a chéile, taobh istigh de roinnt míonna. Ó, bhuel! B’fhéidir le Dia go mbeifear ábalta an tine sin a choigilt, sul má séidtear an sop sin tuilleadh eile.

Bhuel, sin agat anois dualgas tráth seo na bliana coimhlíonta agam, sé sin, súil caite siar againn ar an mbóthar a thaisteal muid i 2002, agus muid ag iarraidh freisin, an tsúil eile a chaitheamh, ar an ‘ród seo romhainn’. Agus sin déanta, níl ach rud amháin eile le déanamh agam, agus sin tagairt a dhéanamh do rúin athbhliana. Nár mhór go deo an scéal iad tráth raibh mise i mo ghasúr? Chuile dhuine a chasfadh ort thart ar Lá Coille, d’fhiafródh sé díot, céard a bhí beartaithe agat a dhéanamh don bhliain nua? Déanta na fírinne, ba é a bhíodh i gceist ag a mbunús, nó céard a bhí beartaithe agat gan a dhéanamh, i rith na hathbhliana.

“What are yeh givin’ up for the new year?”

Bhíodh a fhreagra fhéin ag chuile dhuine ar an gceist sin. Fear amháin, agus ba é a bheadh beartaithe aigesean nó éirí as an dtobac, sé sin, as an bpíopa, nó as na toitíní, mar ba bheag duine sa phobal s’againne, a raibh tóir ar bith aige ar thodóga, an tráth úd! Fear eile, ba é a bheadh socraithe aigesean nó go n-éireodh sé as milseáin, agus a leithéid, nó bhí an dochtúir tar éis sin a mholadh dó, ar mhaithe lena shláinte. Fear eile fós, agus bheadh seisean meáite ar éirí níos moiche ar maidin, agus obair níos crua, san athbhliain, agus féach, nach bhfaighfeá duine eile arís, agus gan ag teacht idir chodladh na hoíche agus é, ach an saol a ghlacadh go breá, bog, feasta. Bhuel, b’in mar a bhíodh, chuile dhuine agus a rún, nó a rúin fhéin, aige, agus ba léir don saol mór, nár lia duine na rún. Ach céard fúinne fhéin? Céard tá beartaithe againne a dhéanamh, nó gan a dhéanamh, san athbhliain?

Diabhal mórán beartaithe agam fhéin. Ach tá socraithe agam, leanacht liom ag scríobh, chomh maith agus is féidir liom. Déanfaidh mé iarracht ar ábhar spéisiúil a leagan os bhur gcomhair, anseo i mBéal an Phobail, ó sheachtain go seachtain, agus ó tharla go mbeidh an Colún seo, “I mBéal an Phobail”, ceithre bliana is fiche d’aois, am eicínt i rith na bliana seo, bí cinnte, nach bhfuil mé meáite ar éirí as, go foill beag, ar aon nós!! Agus ó tharla gur mar sin atá, céard fútsa? B’fhéidir nár mhiste dom a mholadh duitse, rún athbhliana a dhéanamh an Colún céanna seo a léamh go rialta, chuile sheachtain, feasta!!

.

Ar uair an mheánoíche anocht,

Raghaimid thar an gceis úd anonn,

Go msiniúil, dána, gan bhuairt,

Is siúlfaidh go cróga, le fonn,

Thar thairseach na bliana seo nua,

Lán dóchais, is creidimh, is brí,

Mar scalann dúinn solas go glé,

D’ár mealladh chun bóthair is slí.

B’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo, agus mar sin, níl le déanamh agamsa, ach an tseanghuí chéanna a ghui oraibh arís i mbliana

Go mbeirimid beo ar an am seo arís!

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

gaGaeilge