I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ancient Light…….by…….  John Banville

.

Ní fhilleann an óige ar óg nó ar aosta.

hé seo an chéad úrscéal ó pheann líofa an údair Éireannaigh seo, nó i ndáiríre, seo an cúigiú úrscéal déag a chuir sé ar fáil dúinn. I Loch Garman a rugadh é agus cónaí air anois i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh “The Sea”, an “Man Booker Prize dó, sa bhliain 2005. Úrscéal a chuaigh i gcionn go mór ar lucht a léite. Ach le filleadh ar an úrscéal atá idir chamáin againn anseo, mar is é seo an tríú leabhar de thriológ leis an údar seo. Ba é an chéad leabhar sa tsraith sin nó, “Eclipse” agus ba é “Shroud” an dara ceann. Foilsíodh an chéad leabhar den triológ sin sa bhliain 2000, an dara ceann sa bhliain 2002, agus an tríú ceann i mbliana. Tuigtear dúinn mar sin gur chaith sé deich mbliana i mbun “Ancient Light”, agus tá a chuma air, nó is píosa breá cumadóireachta, agus seoid lonnrach scríbhneoireachta é. Is dócha go bhféadfá a rá go bhfuil sé deacair an leabhar seo a chur uait, ach ag an am gcéanna, níor ró-olc an tseift í sos a ghlacadh, anois is arís, le foirfeacht an leabhair seo a bhlaiseadh i gceart.

Alexander Cleave

Is é, Alexander Cleave, an príomhcharactar sa scéal, fear atá tar éis a shaol a chaitheamh ag aisteoireacht, agus tar éis dó clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin sa cheird chéanna sin, tá socraithe aige anois filleadh ar an ardán arís, le páirt Alex Vander a léiriú i scannán. Bhí Alexander faoi bhuairt fós tar éis dá iníon, Cass, lámh a chur ina bás fhéin, agus faoin am seo, tosaíonn sé ag dul siar ar chuimhní a óige fhéin, agus bíodh nach bhfuil sé ró-chinnte faoi chruinneas a chuimhní, éiríonn leis scéal suimiúil a shníomh astu.

Iompaíonn a aire agus a chuimhne ar an chaoi ar dúisiodh a dhúil sa chollaíocht, a chéaduair. Ba í Mrs Gray, máthair a dhlúthdhara, Billy, a d’adhain tine sin na collaíochta ann. Ní raibh sé cinnte arbh í a chéad-mhúscail an mothú sin ina chroí, an lá úd a chonaic sé brístín bhanrothaí, nochtaithe go básta ag siota mí-mhúinte gaoithe. Ach faraoir! níor stop cúrsaí leis an radharc úd a fuair sé ar an mbrístín nochtaithe sin, nó faoin am a raibh Alexander cúig bliana déag d’aois, bhí sé fhéin agus Celia, mathair Bhilly, ‘ag greadadh leathair’ chuile sheans dá bhfaighidís chuige. Ach má bhí fhéin, bhí faitíos an domhain orthu go mbéarfaí orthu, ‘in flagrante’, luath nó mall. Arbh iontaofa amach is amuigh iad na cuimhiní céanna úd, nó arbh fhiannaíocht nó samhlaíocht de chineál eicínt iad?

Thángthas orthu‘in flagrante’

Ag pointe áirithe tuigeadh do Alexander gur ligeadh an cat as an mála, agus gur ghearr go raibh an scéal imithe ina loscadh sléibhe ar fud an bhaile, agus dá thoradh sin, gur bhailigh Celia lei as an áit, agus gur chuir sí a teach ar an margadh. Bhí siad náirithe os comhair an tsaoil mhóir dár le Alexander. Ach an raibh? i ndáiríre. Féach mar a chuireann an t-údar é, nuair a chas Alexander le Kitty, deirfiúr Bhilly, blianta ina dhiaidh sin, agus í, faoin am sin, ina bean rialta, ‘Sister Katherine’, i gclochar i bhfad o bhaile.

Seo Alexander ag caint…..

It seems I was mistaken about everything. Nobody knew about her mother and me. She had told no one what she had seen in the laundry room that day. …..Why, she asked, had I imagined that everyone knew?”

B’fhéidir gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, ag an bpointe sin….agus más uait fios fátha chuile scéil a fháil amach duit fhéin, b’fhéidir go bhféadfá greim a fháil ar an leabhar seo, agus é a léamh. Déarfainn go mbainfeá toit agus taitneamh as, nó éiríonn leis an údar a léitheoir a chur faoi gheasa, chomh luath is a léann sé an chéad líne…Féach mar a osclaítear an scéal sa chéad líne sin…..

“Billy Gray was my best friend and I fell in love with his mother.”       

.

.

.

gaGaeilge