.

A r n a M i s i n . 10 .

********************

In the Visitor’s Centre.

Mar a mhínigh mé dhaoibh, sa ghála deiridh, shroicheamar Ionad Páirceála Chaisleáin Hearst in am agus i dtráth, agus ó tharla go raibh ár dturas curtha in áirithe againne roimh ré, ar chostas ocht nDolar déag an duine, bhí deis againn seal gearr a chaitheamh ag guairdeall timpeall tríd an Ionad Fáiltithe atá suite acu ansin, in aice leis an Ionad Páirceála sin, fad is bhí muid ag fanacht ar ár mbus, nó níl slí ar bith eile leis an turas go dtí an Caisleán a dhéanamh, ach ar bhus speisialta, ceann de bhusanna Chorparáid Hearst Castle. Nuair a bhí an t-am spriocáilte ag druidim linn, thugamar ár n-aghaidh ar stad na mbus, mar a raibh ár mbus ag fanacht orainn. Ba ghearr an mhoill a bhí orainn ansin. Ligeadh ar bord an bhus faoi leith muid, ar a raibh suíocháin curtha in áirithe dúinn, nó bhí bus ag fágáil an Ionaid sin chuile dheich neomat, le dreapadh inairde na cúig mhíle slí, go dtí an Caisleán draíochta sin a bhí suite go péacach ar bharr na binne.

….The climb to the summit begins ….

Díreach ag a fiche neomat chun a haondhéag, d’fhág ár mbusna an stad, agus thosaigh ag dreapadh a bhealaigh leis, go réidh, cúramach, cáirseánach, suas i gcoinne an aird. Bheadh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an turas céanna sin, nó bíodh nach raibh sa turas ar fad ach cúig mhíle slí, bheadh sé deacair turas ní b’éagsúlaí a shamhlú, fiú. Anois, bheadh an bus ag sníomh a bhealaigh leis ar imeall faille, agus arís, ag dul thar chainneon diabhalta doimhin; ar ball, bheadh a theanga bheag amuigh aige ag iarraidh barr binne a bhaint amach, agus níos déanaí arís, bheadh muid ag dul siar, faoi mar a bheadh a mhisneach caillte ag an diabhal bus, agus go raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís, ach ansin, de phlimp, chasfadh sé timpeall, agus thabharfadh ruathar faoi aird eile, a d’fhágfadh muidinne ag greamú taobh ár suíochán, ar eagla go gcaithfí trí fhuinneoga an bhus amach muid. Aerfort le feiceáil píosa thíos uainn, agus in áit eile, ainmhithe allta ag iníor leo go sásta i ngleann féaruaithne, gleoite, doimhin.

….The Castle, at last!…

Ar deireadh thiar áfach, shroicheamar “Hearst Castle” caisleán a tharraingíonn thart ar mhilliún turasóir chuige, in aghaidh na bliana. Bhí beirt treoraí linn ar an mbus, agus chuaigh siadsan i mbun oibre láithreach, bíoidh go raibh a gcion fhéin á dhéanamh acu feadh an turais in airde, nó bhí tráchtaireacht reatha ar siúl acu, feadh an ama sin. Threoraigh siad sinn uilig suas na gcéimeanna iomadúla úd, ar chuala mise a dtásc, agus a dtuairisc, go minic, sular leag mé spág ar bharr an tsléibhe seo Santa Lucia. Ait go leor, ba é an t-ainm a bhaist William Randolph Hearst fhéin ar a áras ar bharr an tsléibhe sin, nó La Cuesta Encantada, sé sin, An Cnoc Draíochta. Clúdaionn an t-eastát sin 137 acra, sa lá atá inniu ann, agus ar an gcnoc draíochta sin, tá ceithre áras ollmhóra, árais a dhear an t-ailtire clúiteach mná sin, Julia Morgan, bean a fuair cuid dá traenáil san Ecole des Beaux Arts i bPáras na Fraince. Chomhoibrigh sí fhéin agus Hearst i ndearadh, agus i dtógáil, an Chaisleáin, agus trí cinn de Thithe Cuairteoiri, thar thréimhse seacht mbliana is fiche! Sa tréimhse sin, d’ordaigh Hearst, agus dhear Morgan, na hárais thuasluaite, maraon le dhá linn snámha, ceann faoi dhíon agus an ceann eile amuigh faoin aer, chomh maith leo sin, bhí garrraithe, cúirteanna leadóige, agus fiú Garraí na nAinmhithe. Is dócha go bhféadfá a rá, nár fíoradh riamh, ina iomláine, fís Hearst, nó i ndeireadh na dála, ba é an bás a chuir lán stad leis an dtionscadal draíochta, samhlaíoch, dochreidte sin, Hearst Castle.

.

….Our tour begins….

Tar éis dúinn sraith amháin céimeanna a dhreapadh, bailíodh i bhfáinne muid, agus chuaigh na treoraithe i mbun oibre. Mhínigh siad dúinn chomh deacair is a bhí sé fís Hearst a fhíoradh, ar bharr sléibhe, ansin i gCalafóirnia. Mhínigh siad freisin, an chaoi a raibh orthu chuile shórt a iompar ó Shan Simeon, thíos ag leibhéal na farraige, suas taobh an tsléibhe, go hionad an Chaisleáin. Ar leoraithe a deineadh an t-éacht oibre sin, agus thógadh sé uair a’ chloig ar chuile leorai acu an turas sin a dhéanamh, agus nuair a smaoiníonn tú ar an méid ollmhór earraí, agus ábhair, a bhí le hiompar acu go barr an tsléibhe sin, leis an bhfís neamhaí seo a réaladh ansin ar an mbinn, is beag nach gcuirfeadh sé meadhrán cinn ort. D’iompaigh sí ansin ar thaobh na ciotóige, agus d’iarr orainn lán súl a bhaint as an linn snámha, a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair amach.

…..A Poll fit for an Emperor!….

Baineadh an chaint dínn uilig, agus ní raibh le clos ó dhuine ar bith againn, ach “Wow!” iontais, agus a chúis sin againn, geallaimse dhuit é.

Nó, ansin os ár gcomhair amach, chonaic muid an linn snámha ab éagsúlaí dár leag duine ar bith againn súil riamh uirthi. Ba é a rith liom fhéin, láithreach bonn, nó nach raibh a leithéid seo de Linn Snámha ag Impire Rómhánach ar bith riamh, Cuma cé chomh saibhir is a bhí sé. As tíleanna marmair a tógadh chuile shórt anseo, idir urlár, taobhanna, agus timpeallacht. Bhí gréas álainn ornáideach le feiceáil ar urlár na linne, agus bhí an t-uisce sa linn sin chomh glé, glan, sin, gurbh ar éigean a chreidfeá go raibh uisce ann in aon chor, ach an gréas álainn ar urlár na linne, le feiceáil go glan, soiléir, thíos ansin. Tíleanna de mharmar geal a bhí timpeall na linne, agus ansin, bhí dealbha áille dea-dheartha, agus uaimheanna maisithe marmair, sa timpeall freisin, uaimheanna a chuirfeadh teampaill phágánacha i gcuimhne dhuit.

….The Neptune Pool….

Ní haon ionadh gur, Linn Neptune, a baisteadh ar an Linn iontach seo. Thart anseo bhí colúin áille marmair, agus díon clasaiceach os a gcionn in airde, thall ansin, bhí líne eile colún agus balastráid leagtha go healaíonta, taitneamhach, os a gcionn. Agus méadaítear ar an ionadh, nuair a chuirtear san áireamh, gur dealbha bunaidh iad na dealbha áille sin uilig, atá feistithe go péacach timpeall na Linne. Sea, mh’anam, dóthain Rí, nó Impire, de Linn Snamha, a bhí le feiceáil againn ansin, amuigh faoin aer, os comhair ceann de na Tithe Cuairteoirí amach, agus b’éigean dúinn seal a chaitheamh ansin, agus muid ag iarraidh roinnt éigin den áilleacht chlasaiceach, chorraitheach, a ól isteach, agus a stóráil, áit eicínt i measc na gcuimhní, a thógfadh muid linn, i ndeireadh an lae seo.

Ach, b’fhéidir gur leor sin do ghála na seachtaine, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a leanfaidh muid linn ag breathnú ar iontaisí an Chaisleáin draíochta úd, Hearst Castle.

.

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

   .

gaGaeilge