Bean an Ghréasaí

Peadar Bairéad

The Shoemakers Wife…..…..Céadchló……..2012.

le

Adriana Trigiani………………………..………£12.99.

Banúdar cáiliúil

An teideal, agus ainm an údair, a dhúisigh mo spéis sa leabhar seo a chéaduair, nó cheap mé go mba ait an t-ainm é le baisteadh ar úrscéal. Ar ball áfach, tuigeadh dom, go mba nádúrtha go leor an rud é ag an mbanúdar seo, de phór Iodáileach, teideal dá leithéid a bhaisteadh ar an leabhar áirithe seo. Ní hé seo an chéad leabhar a bhain clú agus cáil amach don údar seo, a bhfuil cónaí uirthi in éineacht lena céile fir agus a n-iníon, i Nua Eabhrac. Nó tá cáil domhanda bainte amach aice, agus leabhair lei foilsithe i sé thír is triocha, ó cheann ceann na cruinne cheana féin, agus seo a deichiú húrscéal mór-ráchairte!

Leabhar sainiúil isea an leabhar seo, nó cé gur leabhar finscéalaíochta é, tá cos aige i ndomhan na réaltachta freisin, mar bíodh go bhfuil scéal á chumadh faoi charachtair, agus faoi shaol samhalta, ag an am gcéanna, tá súil á conneáil ag an údar ar an saol, agus ar an gcine, ónar shíolraigh sí. Sea, tá súil an tseabhaic siar aice, tríd an scéal ar fad, ar áilleacht na tíre, agus ar mhacántacht na muintire ar díobh í, daoine a chuir fúthu faoi scáth Shliabh Alpa, le sinsearacht.

Comóradh an Chéid

Sea, agus scríobh an t-údar an leabhar seo, mar leacht, le cuimhne theacht a seanathair go Meiriceá, sa bhlain 1912 a chomóradh. Chaith an t-údar thart ar scór bliain ag iompar an scéil seo, agus tá a chuma sin air, gan aon agó. Féach mar a chuireann sí é, mar iarscríbhinn, lena leabhar…

“This novel is being published during the 100th anniversary year of Carlo Bonicelli’s immigration. He arrived in New York City from Le Havre, France on the S.S. Chicago on February 19 1912. Imagine my elation when I first visited their villages on the mountain where they were born.”

Tá sí ag caint faoina seanathair sa phíosa sin agus faoina theacht go Meiriceá, sa bhliain 1912. Ba sna Stáit a casadh seanmháthair agus seanathair an údair ar a chéile, a chéaduair, agus chuir Adriana an-suim go deo ina scéalsan agus ba é an scéal céanna sin a spreag í leis an úrscéal seo a chur i dtoll a chéile. Tá cúrsaí grá, agus cúrsaí imirce ón Iodáil, fite fuaite le brón agus briseadh croí, tríd an scéal seo, ó thús deireadh.

Eduardo agus Ciro fágtha sa Chlochar

Tosaíonn an scéal seo le Caterina Lazzari ag fágáil a beirt mhac faoi churam na mban rialta, i gclochar, toisc nach raibh ar a cumas fhéin aire a thabhairt dóibh tar éis bhás a céile fir. Féach mar a chuireann an t-údar é, agus í ag labhairt leis an mbean rialta…

“I’m Signora Lazzari,” Caterina said. “These are my sons. Eduardo and Ciro.” …..

”Follow me,” the nun said.

B’in an margadh déanta, agus thógfadh na mná rialta na gasúir sa chlochar mar a thuillfeadh siad a mbeatha, trí chúramaí áirithe a dhéanamh timpeall an chlochair, agus ansin, d’imigh an mháthair lei, le slí bheatha eicínt a thuilleadh di fhéin.

Tamall roimhe sin, casadh cailín óg, álainn, Enza Ravanelli, ar Ciro, agus bíodh go raibh siad óg, tharla splanc eicínt eatarthu, splanc a lasfadh tine an ghrá eatarthu, ar ball, nuair a chasfadh an bheirt acu ar a chéile in ospidéal, thall i Meiriceá. Níorbh aon ribín réidh é, a saol thall, ach tar éis dóibh iliomad deacrachtaí a shárú, agus tar éis do Ciro ceird na gréasaíochta a fhoghlaim, chaith sé a laethe i mbun na ceirde sin, thall, agus tar éis do Enza ceird na fuála a fhoghlaim is a chleachtadh, go dtí an leibhéal ab airde, thit an bheirt i ngrá lena chéile agus pósadh ar ball iad, thall. Is iontach an scéal grá é a scéalsan, agus tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh nach beag as. Tá mé cinnte freisin, go mbainfidh an scéal céanna deoir asat, corruair, nó is annamh a gheofá úrscéal chomh rómánsach, chomh corraitheach, nó chomh greamaitheach, leis an scéal tarraingteach seo. Is deacair an leabhar seo a chur uait, tar éis don údar thú a chur faoi gheasa le draíocht a sainchumas scéalaíochta.

.

gaGaeilge