I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Bail na gCúig nArán…

Léitear ag Matha, XIV. (15-21), faoin chaoi ar bheathaigh Íosa an cúig mhíle duine úd, amuigh ar an iargúl, sa bhfásach, agus gan ag na Deisceabail dó, an lá céanna sin, ach cúig bhuilín aráin agus cupla iasc. Caithfidh gur chuir caint an Mháistir an slua faoi dhraíocht an lá sin, nó níor thug siad faoi deara go raibh an t-am ag sleamahnú thart, agus go raibh an déanaí ag teacht i ngan fhios dóibh. Ar deireadh, mhothaigh na Deisceabail go raibh an lá sleamhnaithe uathu, agus go raibh sé ina thráthnóna. Tháinig siad chuig an Máistir, lena bhfadhb a mhíniú dhó. “Fásach é seo”, ar siad, “áit nach bhfuil fáil ar bhia nó ar dheoch ann, agus dá bharr sin, tá sé thar am againn na daoine bochta seo uilig a chur abhaile, sa chaoi gur féidir leo bia a cheannach dóibh fhéin, sna bailte máguaird. Féach, táimid amuigh anseo sa bhFásach, agus gan dóthain againn leis an slua ollmhór seo a bheathú, agus chosnódh sé pingin mhaith, bia a cheannach dóibh.”

“Ní gá iad a chur abhaile” ar Seisean, “tugaigí sibhse bia dóibh anseo.” “Ach” ar siadsan, á fhreagairt, “níl againne ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

Having said the Blessing…

Bhuel, tá an chuid eile den scéal ag chuile ghasúr scoile. D’iarr Íosa orthu iad a thabhairt chuige. Choisric sé iad trí ‘Bhail na gCúig n-Arán agus an Dá Iasc’ a rá os a gcionn. Ansin, tar éis do na Deisceabail na daoine uilig a chur ina suí, ina ngrúpaí, dháil siad orthu, agus bíodh go raibh goile mhaith ag na daoine faoin am sin, bhí dóthain acu do chuile dhuine, agus nuair a bhí chuile dhuine acu sáthach, bhailigh na Deisceabail a raibh fágtha, agus líon siad dhá chiseán déag leis an bhfuíollach sin. Is dócha gur chosúil an bheannacht chéanna sin le…Go méadaí Dia do Stór… mar b’in an toradh a bhí uirthi, amuigh ansin sa bhfásach.

The Blessing of the Five Loaves

Cuireadh ceist orm, tamall de bhlianta ó shoin, ar chuala mé riamh faoi “Bhail na gCúig nArán”, agus bhí orm a admháil nár chuala, ach d’fhan “an Bhail”, nó “an bheannacht” sin liom, agus í neadaithe i gcistin mo chuimhne istigh, agus í á iompar thart agam go ndeachaigh sí i gcionn i gceart orm, agus go dtí go raibh orm í a shníomh isteach sa dáinín beag seo thíos :-

.

Bail na gCúig nArán

Bail na gcúig n-arán

Is an dá iasc in éineacht

Go raibh ortsa is ar do chúram,

Anois, is feasta, le héifeacht.

.

Agus bíodh nach mbeidh ortsa

Ach toradh gan fónamh,

Iarr coisreacan Dé air,

Is méadófar an fómhar.

.

Íosa fhéin a choisric,

Is thug Dia an méadú,

Nuair nach raibh acu sa bhfásach

Ach an beagán gan éifeacht.

.

Nuair a chuirfear do shaolsa

I meá an bhreithiúnais,

Go raibh dhá chiseán déag

Fágtha mar fhuíoll buan air.

.

Bail na gCúig n-Arán

Is an Dá Iasc in éineacht,

Ort fhéin is ar do shaothar,

Go mbreacfaidh Lá an tSléibhe.

.

*************************

.

.

.

gaGaeilge