Binn Béal….
Peadar Bairéad
Ní gá dhom an seanfhocal sin a chríochnú, nó bhí sé de nós ag Gaeil, chuile lá riamh, gan ach tús seanfhocail a lua, nó tuigeadh dóibh, go mbainfeadh an lucht éisteachta, nó an lucht léite, scil agus ciall as an méid a tugadh. Sea, agus gan dabht ar domhan, ní bheadh mórán measa ag pobail na haoise seo ar chine nach mbeadh sásta chuile shórt, gan chur leis, nó baint uaidh, a chur i mbéal an phobail, bíodh sé olc, maith, nó dona. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa áfach, caithfidh mé a admháil, go dtuigtear dom, go mbíonn ócáidí ann, nuair is fearr go mór fada an tost ná an bhéalscaoilteacht. Ach, fillfidh mé ar an ndearcadh sin arís, ar baillín beag.
“Agin the Govermint!”
Bhuel! Nuair a bhí mé fhéin im mhac léinn, blianta fada ó shoin! bhí múinteoir againn, arbh é an leasainm a bhí againn air nó “an Tíogar”, agus d’insíodh seisean scéilín dúinn go rialta, scéilín a cheap seisean a bheith greannmhar, scéilín faoin Éireannach a shnámh i dtír, tar éis dá long a dhul go tóin poill. Caitheadh isteach ar an trá iasachta é, áit a dtangthas air, ar ball, agus é gan aithne gan urlabhra. Rinne na dúchasaigh iarracht ar é a chur ar a chosa arís. Tháinig sé chuige fhéin, tar éis tamaill, agus tar éis dó breathnú timpeall ar an slua a bhí bailithe thart air, chuir sé ceist orthu..
“An bhfuil ‘Govermint’ agaibh anseo,” ar seisean.
Chuir na dúchasaigh i dtuiscint dó, go raibh.
Bhuel! Ar seisean, “má tá, táimse ‘agin it’.”
Sea, léirigh a raibh le rá ag mo dhuine, léirigh sé dearcadh a bhí coitianta go maith inár measc, blianta ó shoin. Má tá ‘Govermint’ anseo, táimse ‘agin it’.
Cuid d’ar nOidhreacht?
N’fheadar an bhfuil an dearcadh sin coitianta inár measc sa lá atá inniu fhéin ann?
Táid ann adéarfadh nach bhfuil, nó déarfaidís go bhfuil an dearcadh sin fágtha inár ndiaidh againn, le blianta fada anois, agus i ndáiríre, dhéanfaidís iarracht ar é a chur ar do shúile dhuit, go raibh baint ag an ndearcadh sin le laethe ár ndaoirse, nuair a tuigeadh don Éireannach, go raibh dualgas air a dhícheall a dhéanamh fáil réidh leis an ‘nGovermint’ eachtrannach, a choinnigh ár ndaoine faoi smacht, thar ocht gcéad bliain. Ach, ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann adéarfadh, go bhfuil an dearcadh frith’ghovermint’ sin neadaithe i smior na gcnámh ionainn fós, agus go bhfuil sé éasca go maith é sin a fheiceáil i ndearcadh an phobail s’againne, ar ócáidí speisialta.
Cláracha don Ghearánaí !
An bhféadfá cupla ceann de na hócáidí sin a liostáil dúinn anseo?
Cinnte, d’fhéadfainn. I ndáiríre, déarfainn nach bhfuil le déanamh ag duine ar bith ach éisteacht le cupla clár raidio, nó teilifíse, cláracha atá oscailte don phobal, atá i gceist agam anseo, cláracha ar nós Liveline, no Clár an Mheánlae.
Ach, ní fhéadfá a mhaíomh, go bhfuil Joe Duffy ‘agin the Govermint.’
Cinnte, ní fhéadfainn, agus níl fonn ar bith orm a leithéid a dhéanamh. Ach céard faoi na héisteoirí a ghlaonn isteach ar Joe, lena dtuairimí a nochtú? ‘Agin the Govermint’, adeir tú! ‘Agin the Govermint’! an ea? D’fheicfheadh an té is dúire amuigh gur mar sin atá. Luaitear ábhar áirithe, i dtosach báire. Abraimis ‘ardú cáineacha’ nó ‘ísliú pá’, agus ansin tá cead ag éisteoir ar bith glaoch isteach, le luach a dháphingne a fháil. Ní bheadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, sára mbíonn slua bailithe ansin le dul ar an gclár, le stiallacha a bhaint as an ‘nGovermint’ agus as na bainc, as na Státsheirbhísigh, as an gcléir, agus as dream ar bith eile, a bhfuil cumhacht nó údaras ag baint leo. Cheapfadh duine ar bith go bhfuil an mhuintir s’againne ‘Agin the Govermint’ ó thus deireadh.
‘Sé an Rialtas s’againne é
Anois, nílimse ag maíomh go bhfuil an Rialtas s’againne thar mholadh beirte, ach sin raite agam, ag an am gcéanna, nach é an Rialtas a thoigh an pobal s’againne é? Agus nár thugamar cumhacht dóibh, an tír seo a rialú go ceann roinnt áirithe blianta? Tuige, mar sin, a raghadh muid isteach anois leis an gcumhacht sin a bhaint díobh? Nach bhfuil ár ndílseacht, ár dtacaíocht, agus ár gcúnamh, dlite dóibh, i rith a dtréimhse cumhachta? Agus nach annamh a chloisfeá duine ar bith, ar chláracha dá leithéid, ag cosaint nó ag moladh na húdaráis a thoigh muid?
Caithfidh mé a admháil freisin, go gcuireann na tuairimí a nochtar ar chláracha áirithe dá leithéid, ionadh orm, nó tuigtear dom, go bhfuil siad i gcoinne chuile shórt a bhaineann leis an bhfís náisiúnta. Ní bheinn ag súil go mbeadh an oireadh sin daoine, sa tír s’againne, sásta a náisiúntacht, a gcreideamh, agus a n-oidhreacht, a shéanadh, agus bheadh sin dona go leor, ach is é an bealach ina ndéantar é a chuireann an t-ionadh go léir orm, nó séanann siad é, faoi mar ba amadánta, amach is amuigh, lámh nó páirt a bheith ag duine ciallmhar ar bith le ‘mumbo jumbo’ -(faoi mar adeir siad)- dá leithéid.
Ár gCosmhuintir fhéin
Minic, agus mé ag éisteacht le, nó ag breathnú ar, chlár dá leithéid, a ritheann focail úd an tseanfhocail thuasluaite liom, nó nárbh fhearr go minic snaidhm a chur ar an dteanga, ná tuairimí dá leithéid a nochtadh os comhair an phobail. Annamh a smaoiníonn na ‘saineolaithe’ sin ar a n-éisteoirí, nó den chuid is mó, nach gnáthchosmhuintir na tíre seo iad na héisteoirí céanna sin, daoine a ghoilfeadh searbhas dá leitheid go smior na gcnámh orthu. Sea, Binn béal ina thost, mar nach fearr an tost, ar ócáidí dá leithéid, ná an bhéalscaoilteacht!
.
.