C a i r t a n C h r o í .
*********************
.
C a i r t a n C h r o í…………………………………………………………Foilsithe……2000.
le
L i a m M a c U i s t i n ………………………………………..An Clóchomhar Teoranta.
.
*****************************
.
Is annamh a dhéanaim píosa a scríobh faoi dhíolaim filíochta, na laethe seo, ach ó tharla gur seoladh an díolaim seo le Liam Mac Uistin, ar an 28u lá d’Iúil 2001, in Amharclann na Mainistreach, an lá céanna, agus san ionad céanna inar seoladh mo dhíolaim filíochta fhéin, “Fataí Rómhair”, ní haon ionadh, gur chuir mé suim ann, ó thús. Sea, agus nuair a scríobh mé píosa faoi mo leabharsa, tharraingt ar bhliain ó shoin anois, gheall mé dhaoibh, go ndéanfainn píosa a scríobh faoin mbailiúchán filíochta seo, “Cairt mo Chroí”, amach anseo. Bhuel, tá mé réidh leis an ngeallúint sin a chomhlíonadh anois.
Ní call dom a rá, go bhfuil cáil bainte amach ag Liam, i ngort na Gaeilge, le fada an lá anois, nó tá drámaí agus úrscéalta, maraon le gearrscéalta agus leabhair don aos óg, curtha ar fáil aige cheana féin, ach seo a chéad gheábh isteach i ngort na filíochta, agus tá súil agam nach bhfuil ann ach tús tuile. Tá cónaí ar an bhfile seo agus a chéile, i ndúiche Uí Ghramhnaigh, i gContae na Mí.
Caithfidh mé a rá gur chuir mé suim, agus dhá shuim, sna dánta sa mbaliúchán breá spreagúil seo, nó iontu, baineann sé ceol as téada áirithe ár ndaonnachta, téada ar nós, an grá agus an ghruaim, an ceol agus an codladh, an taisteal agus an tábhairne. Ach nach bhfuil sé chomh maith agam tosú ag an tús… Sé an chéad rud a thugann an léitheoir faoi deara, i gcás an leabhair seo, nó a theideal. Cairt an Chroí a bhaist an file ar an ndíolaim seo. Thóg sé an teideal seo ó ainm an chéad dáin sa bhailiúchán. Cairt an Chroí, a bhaist sé an an ndán sin, agus déarfainn gur fiú tamall gearr a chaitheamh ag breathnú ar an bpíosa sin. Is dócha gurb é atá i gceist sa téarma, Cairt, nó cineál léarscáile, nó plean, ina léirítear bealaí agus póirsí an chroí istigh, ach tar éis dul tríd a bhfuil le léamh againn sa chairt chéanna sin, ní thugtar spléachadh dá laghad dúinn ar na mothúcháin is mó a shamhlaítear leis an gcroí daonna, sé sin, an grá, an díomá, agus an fuath. Ach, b’fhéidir nárbh olc an tseift agam anois í, deis a thabhairt duit an dán sin a léamh anseo ar do shócúlacht.
.
C a i r t a n C h r o í .
********
.
Ar chairt an Chroí
léirítear an tslí
ina ndéantar an fhuil
a thaoscadh timpeall.
.
Taispeántar go bhfuil
ceithre sheomra sa bhall,
in uachtar dhá atria
a ghlanann an fhuil.
.
.
Dhá mhéadailín thíos
a dhéanann an leacht
a thaoscadh amach
ar thuras an choirp.
.
Ar chairt an chroí
feictear gach ní
sa bhall mhatánach
a stiúraíonn an bheatha.
.
Ach níl aon léiriú ann
ar fhoinsí an ghrá
nó fás na díomá
is an fhuatha nimhe.
.
Dán deas simplí ina dtugann muid faoi deara preabadh an chroí dhaonna, an caidéal sin, a thaoscann an fhuil tríd an gcorp, ach, bíodh gur tuigeadh le sinsearacht, gurbh é an croí céanna sin lárionad na mothúchán uaisle, níl a rian siúd le tabhairt faoi deara, áit ar bith, i gCairt an Chroí.
Dán eile in ar chuir mé fhéin spéis isea “An Garraíodóir”. Sa dán seo, cuireann an file síos ar sheangharraíodóir díograiseach, a ghráigh a cheird, is a thug togha na haire dá bhláthanna, ina séasúr. Ba dhána an fhiaile a d’ardódh a cheann ina gháirdín, nó ní bheadh ag an bhfiaile sin ach saol fata i mbéal muice, mar ní bhíodh bun ribe amach nó barr ribe isteach, sna bláthcheapacha, nó i bhféar a fhaiche, mar bhíodh an fhaiche chéanna sin glanbearrtha, Domhnach agus Dálach. Ba mhinic a stadadh daoine, ag dul thar bráid dóibh, le háilleacht an pharrthais sin a ól. Ach, féach mar a chuireann an file críoch giortach leis an dán céanna sin….Ní mhaireann rith maith ag an each i gcónaí, agus ba é críoch na mbeart é, nó go bhfuair an seangharraíodóir bás, agus féach mar a chuireann an file an chríoch ghiortach sin lena dhán…
.
“Cupla mí i ndiaidh a bháis
bhí an gairdín ina fhásach.”
Nach minic a thug tú fhéin gairdín dá leithéid faoi deara, ach b’fhéidir nár smaoinigh tú go mba é bás an gharraíodóra an chúis a bhí leis. Is éasca grá an gharraíodóra dá ghairdín a léamh i véarsaí an dáin seo. Féach ar seo….
“Thugadh sé aire dóibh
ag faire ar a bhfás
le sprae is croiteoir
chuireadh sé tóir ar fheithid
ar bith a bhíodh á n-ionsaí
agus ar fhál is tor
chuireadh sé crot is eagar.
Bíodh sin mar atá, ach chomh luath is a éiríonn an garraíodóir as a shíorchúram dá ghairdín, ansin, filleann an fásach, agus na fiailí, agus i ngearrachar, bíonn an gairdín sin millte, loite, scriosta. Cuireann an scéal sin i gcuimhne dúinn an pléisiúr uilig a thugann na garraíodóirí céanna sin dúinn uilig, ó cheann ceann na bliana, nó nach minic ár súil ar gharraithe, agus muid ag siúl ar bhóithre nó ar shráideanna.
Tríd is tríd, tá an grá agus an ghruaim le fáil scaipthe, mar rísíní i gciste, tríd an ndíolain seo, ach anois is arís, tugann dán faoi leith cic sa bholg dúinn. Ceann den chineál sin isea “Ceist.” Agus bíodh nach bhfuil sa dán ar fad ach sé líne, is iontach go deo an chumhacht a dhingeann an file isteach sna sé línte sin. Breathnaigh air…..
“Ceist.”
.
Ba é an buachaill ba shoineanta
sa rang é, gasúr deas éirimiúil
a rachadh chun cinn sa saol.
.
Bhí gean ag a thuismitheoirí
is a chairde air. Tuige mar sin
ar chroch se é féin ina sheomra?
.
Déarafainn gur mhinic a chuir tuismitheoirí an cheist chéanna sin orthu fhéin, ach i gcás dá leithéid, is dócha nach bhfuil freagra ar bith ar an gceist chéanna sin, ach ag an am gcéanna, is ceist í a chránn an croí, is a mhilleann síocháin anama, an té a fhágtar leis an gcorp a bhaint anuas, agus a chur os cionn cláir.
Tá dán beag eile a thaitin liom, as a chríoch neamhghnách, agus sé sin, an dán “An Tango Deireanach i gCorca Dhuibhne. Sa dan seo d’eirigh leis an bhfile meascán den ghreann agus den ghaire a leagan os ár gcomhair amach. Breathnigh air seo….
An Tango Deireanach i gCorca Dhuibhne.
.
Ar Thrá an Fhíona a chéad-chonach í
á goradh féin ar an ngaineamh mín
rinne a scéimh cime dem chroí
i slabharaí lonracha a draíochta.
.
Shiúl mé suas is shiúl mé síos,
ag stracfhéachaint ar an bhfís,
gur chruinnigh mé go leor misnigh
chun dreas comhrá a dhéanamh lei.
.
Bhíos ar tí a shocrú lem’ spéirbhean
go mbuailfinn lei um thráthnóna.
nuair d’imigh sí laistiar de dhumhach
Is d’fhill in éadaí bhanrialta.
.
B’fhéidir nach mbuafadh an dán céanna sin curadhmhír an Oireachtais, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis ceol a bhaint as téadracha an chroí.
Ní dhéanfaidh mé tagairt ach do dhán amháin eile, agus sin, “Síoba.” Dán faoi mhadra atá i gceist anseo. Madra atá anois ag an bhfile le fada an lá, ó chéadtháinig sí chuige ina coileán di. Is iomaí lá caite acu i bhfochair a chéile, ag siúl, ag spraoi, agus ag iomaíocht, le chéile. Ní thugann an madra seo aird air i gcónaí, agus nuair a fhilleann sí, ar deireadh thiar, ní bhíonn de chroí ann, léasach teanga a thabhairt di….
.
Nuair a fhilleann tú faoi dheireadh
do bhratach ar foluain,
ní féidir liom bheith cantalach
le súile atá chomh donn.
.
Le críoch a chur lena dhán, cuireann sé an cheist doscaoilte….
Seo ceist a chuirim orm fhéin
nuair a smaoiním ar ár ngaol:
cé thabharfadh mé amach ag siúl
dá n-imeofá as mo shaol.
.
Is dócha gurb é an rud is mó a théann i gcionn ort agus an leabhar seo á léamh agat, nó an chaoi a éiríonn leis an bhfile seo dánta a ríomh timpeall ar ghnáthchúrsaí a shaoil laethúil. Caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin pléisiúr nár bheag as an ndíolaim chéanna seo, agus tá súil agam, nach fada uainn an lá, nuair a bheidh a chéad díolaim eile á leagan os ár gcomhair ag an bhfile cumasach, ildánach, seo.
.
*************
Peadar Bairéad.
*************
.