I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cá bhfuil ár dTriall, feasta?

(This week we take a look at our trendsetters as moulders of behaviour)

Ár seanchara, Séimí a’ Droichid, a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, nuair a casadh ar a chéile sinn, thíos sa Smugairle Róin, an lá cheana. Bhíomar istigh sa Seomra cúil, agus muid ag múchadh tarta ar ár sáimhín só, nuair a bhain Séimí ceann den scéal.

“Bhfuil a fhios agat céard dúirt Mártan a’ Tairbh liom, an lá cheana?

“Níl muis!” arsa mé fhéin, á fhreagairt.

“Bhail, ba é a dúirt sé nó gur tuigeadh dósan, go raibh an tírín bocht seo millte ag lucht na Meán”

“Agus meas tú, tuige ar dhúirt sé a leithéid, nó nach iontach a bhfuil á dhéanamh ag an dream céanna sin, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana. Nach mbeadh an tír millte gan iad?”

“Ní aontódh Mártan s’againne leat sa mhéid sin, nó dár leis, go bhfuil cláracha ar nós Tallifornia, Republic of Telly, agus tuilleadh den chineál céanna sin, ag milleadh agus ag scrios béasa agus caint ghasúr na tíre seo, sea, agus caithfidh mé a rá, go dtagaim cuid mhaith den bhóthar leis, sa mhéid sin.

“Ach, a Shéimí, níor chóir dúinn dul thar fóir ar fad leis an dearcadh diúltach sin, agus chomh maith le sin, níor chóir dúinn an milleán a leagan ar na haisteoirí bochta, nuair nach bhfuil á dhéanamh acusan ach ag saothrú pingneacha dóibh fhéin, le linn an chúlú eacnamaíochta seo?”

Ag dul thar fóir?

“Ní hé amháin nach bhfuil muid ag dul thar fóir in ár ndearcadh sna cúinsí seo, nó táid ann adéarfadh, nach raibh muid ag dul sách fada in aon chor. Gan dabht, ní féidir an milleán ar fad a leagan ar na haisteoirí, nó ní hiadsan a scríobh an script, nó ní hiad a réalaigh fís an scríbhneora ar an ardán. Ag an am gcéanna, níor chóir dúinn a cheapadh, gur áilleagáin gan chonsias iad, a bheadh sásta cibé a n-iarrfaí orthu a dhéanamh, a dhéanamh, gan cheist, gan deacracht, gan chur ina choinne. Nach bhfuil dualgas orainn uilig bheith freagrach as ár ngníomhartha.”

“Ach, a Shéimí, i ndeireadh na feide, ní bhíonn i gceist ach píosa spraoi. Ní mharaítear éinne, ní ghortaítear éinne, agus go bhfios domsa, ní chuireann éinne go láidir i gcoinne chláracha dá leithéid.”

“B’fhéidir nach gcuireann, ach ní hionann sin is a rá, go nglactar go fonnmhar leo, nó gur féidir glacadh leo mar eiseamláir do dhaoine óga na tíre seo.”

“Ach céard tá cearr le cláracha dá leithéid a chur os comhair an phobail, ar scáileáin, ar raidió, nó i gcló, fiú?”

Tá chuile shórt cearr leo, agus dá ndéarfainn é, ní bheinn ag súill le dearcdadh dá leithéid a bheith agatsa, agus nach bhfaca tú gur chuir David Norris fhéin, go tréan, i gcoinne cláracha ar nós, Tallifornia, nuair adúirt sé, go raibh siad ‘compulsive agus repulsive’ ag an am gcéanna.”

“An mbíonn tú fhéin ag breathnú orthu, a Shéimí?”

“Mh’anam nach mbíonn. Ach de thimpiste, tharla go raibh ceann de na cláracha sin ar an scáileán, ag duine de na gasúir, nuair a tháinig mé isteach ón ngarraí, an lá cheana, agus bhí sé chomh do-chreidte sin, gur fhan mé ag breathnú air, tamaillín. Thuigim do David Norris nuair adeir sé, go raibh siad compulsive and repulsive. Pé scéal é, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh éinne sásta cláracha dá leithéid a chumadh, agus díreach chomh deacair céanna a chreidint, go mbeadh na húdaráis sásta cláracha dá leithéid a láithriú.”

“Ach, nach bhfuil roinnt mhaith daoine ann atá sásta, agus fonnmhar, lena leithéid a ghlacadh, agus chuile sheans, nach bhfeiceann siadsan tada mí-cheart leis cláracha sin.”

Foclóir teoranta!

Bíonn a bhfoclóir teoranta, garbh, agus a mbíonn iontu gáirsiúil go leor, agus bí ag caint ar fheisteas, nó a mhalairt, faoi mar adúirt Mártan a’ Tairbh! Agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, nach bhfaca mé fhéin láithreoir áirithe ag urlacan gan náire, os comhair a lucht féachana, agus cheap siadsan go mba ghreannmhar an feic é sin! Sea, agus go gairid ina dhiaidh sin, chonaic muid duine eicínt ag múnadh, bhail ní fhacamar an duine, ach chonaic muid an mún, agus nuair a bhí críochnaithe aige, tugadh bualadh bos dó! An gcreidfeá a leithéid anois?

Ar éigean é, a Shéimí, ach ansin, nach iomaí sórt ceoil a bhíonns ann, faoi mar adúirt an bacach agus e ag baint ceoil as bianna a mhaide croise fhéin.”

“Bhail! chonaic mise an méid sin agus gan mé ach cupla nóiméad ag breathnú ar an gclár sin faoi Phoblacht bhuile eicínt. Ach b’fhéidir gur chóir dúinn cúrsaí a fhágáil faoi mar atá, an babhta seo, ach fillifidh muid ar an ábhar seo arís, amach anseo. Oíche mhaith agat anois, agus tabhair aire duit fhéin amuigh ansin.”

Slán abhaile! agus bí cinnte go bhfanfaidh tú ar an dtaobhchasán.”

Agus le sin, d’imigh Séimí bocht na buile os an taobhchasán faoi mar a bheadh cat scólta ann.

Go dtí an chéadh seachtain eile…………..Slán…………       

.

gaGaeilge