GRADAM TUILLTE

Peadar Bairéad

(This week we consider some heroes who became famous, even though that fame was granted rather than sought!)

Cáil a bronnadh

Nach ait mar a théann an corrdhuine fánach i bhfeidhm ar dhuine? agus nach aite fós, chomh beag duine dá leithéid a bhuaileann umat feadh do shaoil? Smaoiníonn duine ar an Mháthair Treasa, An Pápa Eoin Pól a Dó, Seán Gearaltach Ó Cinnéide, Gandhi, agus roinnt eile ar an dtéad chéanna sin. Tá roinnt bheag dá leithéid ann, gan dabht. Bhí Nelson Mandela ar cheann de na laochra a sheas amach thar chách ina aois fhéin, agus ansin tá laochra freisin, a sheas amach mar fhathaigh ina bpobal fhéin, daoine ar nós Napoleon, Dónal Ó Conaill, agus daoine dá leithéid ó cheann ceann na cruinne. Ach im thuairimse, fear eile a sheasann amach thar dhaoine eile, san aois seo ‘gainne, agus sin fear a shíolraigh ó phór Éireannach, agus fear ar ghlacamar go fonnmhar leis mar dhuine dínn fhéin, tráth raibh sé ina Uachtarán ar Stáit Aontathe Mheiriceá, fear a d’oibrigh go dúthrachtach ar son phobail a thíre, bíodh go mba Uachtarán go bhfreasúra é, agus sin an tUasal Barack Obama, fear a bhí ina Uachtarán ar na Stáit go dtí an fichiú la dEanair 2017. Tháinig an laoch seo isteach ar ardán an tsaoil mhóir, i ndáiríre, thart ar ocht mbliana ó shoin, nuair a toghadh ina Uachtarán é, tar éis bliana a chaitheamh ag toghchánaíocht ó cheann ceann Aontas ollmhór Mheiriceá. D’éirigh leis a chur ina luí ar Dhaonlathaigh Mheiriceá go mba iarrthóir intofa é, ar chóir dóibh a roghnú mar iarrthóir don phost ardchéimneach sin. I rith an fheachtais sin, léirigh sé dá Pháirtí, go mba óráidí éifeachtach, inchreidte, é agus d’éirigh leis pobail ilchineálach an Aontais chéanna sin a chur faoi gheasa, lena mhana…’Yes! We can’. Sea, agus chruthaigh ségo bhféadfaidís, bíodh go mba láidir, do-bhogtha, é an freasúra a bhí le sárú aige. Ba dhuine é, a thuig teorainneacha a phoist, airde a ghradaim, agus a fhreagracht as an gcumhacht a bronnadh air, agus d’fheidhmigh sé go dílis, taobh istigh de na teorainneacha céanna sin.

Céard fúinn fhéin?

Ach céard faoi Oileán seo na Naomh is na nOllamh? An raibh saoránach ar bith dár gcuid, ar bronnadh cáil dá leithéid air, nó uirthi? Táid ann adéarfadh nach raibh, ach nuair a shuíonn duine síos agus nuair a dhéanann sé a mharana, tuigtear dó go bhfuil roinnt áirithe den aicme céanna sin againne chomh maith le náisiúin eile an tsaoil mhóir.

Ach cé hiad na saoránaigh seo, a bhfuil cáil dá leithéid tuillte acu?

Bhuel! céard faoi na saoránaigh éagsúla a chuaigh ar deoraíocht uainn, ar mhaithe le síocháin, nó creideamh, daonnacht, a bhronnadh ar thír, nó ar phobal, nó ar chine, fiú, ar theastaigh a leithéidí sin go géar uathu? Sea, agus céard faoi na polaiteoirí díograiseacha, dáiríreacha, macánta, a chaitheann a laethe ag obair go cruaidh ar mhaithe leo siúd a thogh mar Theachtaí iad. Agus nach bhfuil cáil dá leithéid tuillte freisin ag na Státseirhisigh úd a chaitheann a ndúthtacht agus a laethe ag iarraidh gnó an Stáit s’againne a chur chun cinn.

Beirt ar chomhchéim

Cinnte tá, ach ba é an rud a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo , nó an cháil agus an clú a bronnadh le déanaí ar Ken Whittaker’, an Státseirbhíseach úd a chaith a dhúthracht, agus a laethe, ag cur gnó an Stáit seo chun cinn, ar mhaithe le saol níos fearr, agus níos compórdaí, a chur ar fáil dá shaoránaigh, agus ar deireadh thiar thall, agus é tar éis céad bliain a chaitheamh inár measc, bhronn an náisiún s’againne clú agus cáil, -nár lorg sé,- air. Dá mbeadh onóir faoi leith ag ár Stát le bronnadh ar a leithéid, bheadh sin tuillte ag Ken Whittaker’, sár-shaoránach Éireannach. Má bhreathnaíonn muid go fuarchúiseach ar chúrsaí, mar sin, feicfear dúinn go bhfuil an bheirt úd, Barack Obama, agus Ken Whittaker ar chomhchéim mar shaoránaigh a chaith a ndúthracht ar mhaithe lena bpobail. Agus sé ár nguí, mar sin, go seolfaidh Dia tuilleadh den aicme sin chugainn sna blianta atá romhainn amach, agus go gcúití Sé a saothar dóibh.  

gaGaeilge